Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Written Answers. - Scoláireachtaí Gaeltachta.

456. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais a mhíniú conas nár seoladh foirmeacha iarratais le haghaidh scoláireachtaí Gaeltachta don Ollscoil nó don Choláiste Oiliúna, go Coláiste Íosagáin, Baile Mhúirne, Contae Chorcaí; chun dóthain ama a thabhairt do na scoláirí na foirmeacha a sheoladh ar ais go dtí an Roinn.

Cuireadh foirmeacha iarratais le haghaidh na scoláireachtaí Gaeltachta atá i gceist chun an scoil a luaitear sa cheist pharlaiminte seo ag deireadh mhí na Márta, 1984 agus arís i mí na Bealtaine 1984. B'é an 29ú lá de mhí an Mheithimh 1984 an sprioc-dáta le haghaidh na foirmeacha iarratais a bheith ar ais san Roinn. Fritheadh dhá iarratas ón scoil in am ach níor fritheadh ceann eile go dtí an 5ú lá de mhí Iúil 1984. Ní féidir, de réir choinníollacha na scéime, glacadh le haon iarratas atá déanach ach i gcás gur cailleadh nó gur moillíodh sa phost an fhoirm iarratais agus gur féidir é sin a dheimhniú trí teastas cuí a fháil ó údarás na post-oifige i gceist i modh fianaise.

Barr
Roinn