Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord Údarás na Gaeltachta.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén uair a bhfuil sé i gceist aige an Cathaoirleach agus na baill eile a ainmniú ar Bhord Udarás na Gaeltachta.

14. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh sé sásta ionadaí ó Comhdháil na nOileán a ainmniú mar bhall d'Údarás na Gaeltachta nuair a bhéas baill úra dhá dtoghadh ag an Aire.

Tógfaidh mé Ceist a 32 agus Ceist a 33 le chéile. Beidh Cathaoirleach agus comhaltaí le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta amhail ó thús na míosa seo chugainn agus beidh breithniú á dhéanamh agam ar gach uile ghné den scéal sula ndéanfar na ceapacháin.

An bhfuil a fhios ag an Aire go bhfuil muintir na n-oileán ar a son féin faoi láthair agus go mbíonn cruinnithe acu ag tabhairt ball na n-oileán le chéile le lán-tacaíocht a fháil faoi fhorbairt na n-oileán, leis na daoine a choinneáil slán sna h-oileáin? Ó tharla gur pobal beag iad an ndéanfadh an tAire fábhar mór dóibh? An mbeadh ar a chumas duine amháin a ainmniú ó na h-oileáin chun a thoghtha ar an Údarás?

Bhuail mé le muintir na n-oileán athrú inné agus pléadh a lán fadhbanna atá acu, agus ina measc pléadh an fhadbh sin chomh maith. Dúirt mé leo nuair a bheadh ceapacháin á ndéanamh agam go gcoinneoinn a n-iarratais oifigiúla ar intinn agus go mbreathnóinn é ag an am.

An mbeidh na baill seo atá le h-ainmniú ag an Aire go léir ón nGaeltacht, os rud é gur Údarás le haghaidh na Gaeltachta é?

Tá faitíos orm go gcaithfidh an Teachta fanacht go dtí go gceapfar iad.

Barr
Roinn