Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1984

Vol. 354 No. 12

Written Answers. - Saoráidí Calaíochta.

132. D'fhiafraigh

den Aire Airgeadais a mbeadh sé sásta scéim deontas do shaoráidí calta a scrúdú do mhuintir na n-oileán i gcaoi go gcuirfí feabhas mór ar na háiseanna atá ann i láthair na huaire.

Beidh a fhios ag an Teachta go bhfuil mé, mar Aire Airgeadais, freagrach as na h-oileáin neamh-Ghaeltachta amháin san iarthar. Tá sé mar dhualgas ar an Lár-Choiste Forbartha, atá faoi scáth mo Roinne, moltaí a dhéanamh faoi riachtanaisí agus polasaí i gcóir na n-oileán neamh-Ghaeltachta agus cur i bhfeidhm an pholasaí seo a chomhordú.

Tá muiroibreacha ceadaithe agus obair ar siúl in Oileán Chléire, Contae Mhuigheo, agus ag Ru an Átha an áit tuirlingt ar an mhórthír. Tá muiroibreacha ceadaithe freisin i nInisbófinne, Contae na Gaillimhe, agus tá Oifig na nOibreacha Poiblí ag déanamh réidh le tairiscintí a fháil. Ní mór a chur san áireamh go bhfuil Aire na Gaeltachta freagrach as muiroibreacha ar na hoileáin Ghaeltachta.

Is iad an Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta agus an Roinn Chumarsáide is mó a bhíonn páirteach i muiroibreacha ar na h-oileáin neamh-Ghaeltachta. Déanann an Lár-Choiste Forbartha gach iarracht a ngníomhaíochtaí siúd a chomhordú ionas go mbeadh comhoibriú éifeachtach eatartha. Táim sásta go bhfuil na Ranna agus na h-eagrais atá páirteach i bhforbairt saoráidí calaíochta ag déanamh a ndícheall ar son na h-oileánaigh. Má mholann aon Roinn nó eagras scéim nua i leith saoráidí calaíochta do na hoileáin neamh-Ghaeltachta beidh mé sásta é a mheas le cuidiú ón Lár-Choiste Forbartha ach caithfear staid an airgeadais phoiblí a chur san áireamh.

Barr
Roinn