Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Feb 1985

Vol. 355 No. 11

Miniú Pearsanta ó Aire na Gaeltachta.

Tá cead tugtha agam d'Aire na Gaeltachta míniú pearsanta a thabhairt.

Nuair a bhí Ceisteanna Dála uimreacha 17 go 19 á bhfreagairt agam inné dúirt mé go raibh deontas reachtála iníoctha le 13 chomharchumainn. Agus eolas forlíontach á thabhairt agam ina dhiaidh sin don Teachta Geoghegan-Quinn thug mé le fios di go raibh deontas reachtála á íoc le Comharchumann Arann (Contae na Gaillimhe). Ní raibh an t-eolas sin iomlán cruinn sa mhéid gur chóir a rá go mbeadh an deontas iníoctha leo ar choinníollacha áirithe faoi mar a míníodh i litir a cuireadh chucu ar 31 Nollaig 1984.

Is amhlaidh a d'íoc mo Roinnse deontas speisialta £36,000 le Comharchumann Arann Teo. (chomh maith le deontas a dhéanamh d'iasacht £45,000 a bhí faighte acu roimhe sin) ar 30 Nollaig 1983 ar choinníoll go mbaileodh siad scaireanna breise £18,000 i rith na bliana 1984, go gcuirfidís eagar lánéifeachtach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus go gcuirfidís deireadh láithreach le gníomhaíochtaí nach raibh an rath i ndán dóibh. Míníodh don chomharchumann nach níocfaí aon chuid den deontas reachtála don bhliain 1984 go dtí go mbeadh dul chun cinn sásúil á dhéanamh acu i gcomhlíonadh na gcoinníollacha a bhain leis an gcúnamh speisialta. Ó tharla nár éirigh leo dul chun cinn sásúil a dhéanamh níor íocadh deontas reachtála leo don bhliain 1984 agus dúradh leo nach mbeifí in ann iarratas uathu ar dheontas reachtála don bhliain 1985 a bhreithniú go dtí go mbeadh dul chun cinn sásúil déanta i ndáil le bailiú scaireanna, eagar lánéifeachtach curtha ar a gcuid gníomhaíochtaí etc.

Ba mhaith liom anois leithscéal a ghabháil leis an Teach agus go háirithe leis an Teachta Geoghegan-Quinn faoinar tharla.

A Cheann Comhairle, on a point of order——

A point of order.

Glacaim——

There cannot be a point of order here.

Of order of the House, courtesy to the House.

A personal explanation does not give rise to a question or a point of order. The Deputy may find another way of doing this, I am sorry.

I merely wanted to make the point, as Béarla, so that you can understand it.

Go raibh maith agat.

Both Deputy Geoghegan-Quinn and I should have got a copy of the Minister's statement, or he should have told us that he was going to introduce this matter in the House, as a matter of courtesy.

Deputy Geoghegan-Quinn was given notice.

There are copies now available for the Deputy.

Deputy Geoghegan-Quinn was given notice by my office early this morning——

——quite early this morning and she was aware of the time. There is no doubt about that.

The spokesman should have got a copy.

Tá mé cinnte. Deputy Geoghegan-Quinn was involved.

It was my question, originally.

I am sure that Deputy Geoghegan-Quinn was given notice. I call Item No. 6.

Barr
Roinn