d'Aire na Gaeltachta an bhfuil meastacháin déanta ag a Roinn ar an chostas a bhaineann le céim a trí den obair dheisiúcháin ar ché an Bhun Bhig i nDún na nGall; cén costas atá i gceist; agus an bhfuil sé ar intinn aige aon obair a dhéanamh ansin i mbliana.
Written Answers. - Céanna i nDún na nGall.
479. D'fhiafraigh
D'íoc mo Roinnse beagnach £280,000 sna blianta 1977 go 1982 chun na saoráidí calaíochta ar an mBun Beag a fheabhsú agus tuigim go gcosnódh sé £150,000 chun síneadh 250 troigh a chur leis an gcé sin. Agus cúrsaí airgeadais mar atá níl ar chumas mo Roinne caiteachas den mhéid sin a cheadú.
480. D'fhiafraigh
d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar intinn aige deontas a cheadú le hobair fheabhsucháin a dhéanamh ar Ché Bhun an Inbhir i nDún na nGall.
Tá an dá Roinn atá faoi mo chúram i gcomhairle le chéile faoi láthair maidir leis na saoráidí calaíochta ag an áit sin.