Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Apr 1985

Vol. 357 No. 7

Written Answers. - Údarás na Gaeltachta.

620.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will state (1) the number of vacant factories owned by either Údarás na Gaeltachta or their subsidiary companies as at 31 March 1985; (2) the total capital cost of such vacant factories as well as the total square feet of vacant space as at 31 March 1985; (3) the number of new factories built and the cost, for the two years ended 31 March 1985, and the number of factories in the course of erection as at this date; (4) the number of Údarás employees who act as directors of subsidiary companies and the annual fees and travelling expenses paid to them; and (5) the names of all employees of Údarás na Gaeltachta in receipt of directors' fees and expenses for acting as directors in subsidiary companies.

Tá an t-eolas á chur le chéile ag an Údarás agus cuirfear chuig an Teachta é chomh luath agus is féidir.

621.

asked the Minister for the Gaeltacht (1) the total by way of shares and grants invested in all Údarás na Gaeltachta hotel projects since the start to 31 March 1985; (2) if it is the policy of Údarás na Gaeltachta to make further investment in the hotel industry in the Gaeltacht; and (3) the total accumulated loss of state funds in Gaeltacht hotels since the start to 31 March 1985.

(1) Tá an t-eolas is déanaí atá foilsithe faoi infheistíocht Údarás na Gaeltachta in óstáin ina bhfuil scaireanna aige faoi láthair le fáil i Sceideal 1 a ghabhann le Tuarascáil agus Cuntais an Údaráis do 1983. Suim £2,116,130 a bhí infheistithe i scaireanna ag 31 Nollaig 1983 agus tuigim ón Údarás nach raibh aon athrú ar an bhfigiúr sin ag 31 Nollaig 1984. D'íoc mo Roinnse suim £152,500 mar dheontais fhorlíontacha anuas ar dheontais ó Bhord Fáilte Éireann i leith na n-óstán sin; (2) Tuigim ón Údarás nach bhfuil sé beartaithe aige tuilleadh infheistíochta a dhéanamh faoi láthair sna hóstáin ina bhfuil scaireanna aige nó in aon óstán eile; (3) Is cuideachtaí príobháideacha iad na hóstáin ina bhfuil scaireanna ag an Údarás agus ní gnách a dtorthaí trádála a fhoilsiú.

622.

asked the Minister for the Gaeltacht (1) the total amount of State funds invested in Gaeltacht cooperatives since the start to 31 March 1985; (2) the total number of Gaeltacht co-operatives now operating in the Gaeltacht who have received money from Údarás na Gaeltachta or Roinn na Gaeltachta; and (3) the reason Gaeltacht cooperatives who run into serious financial difficulties do not get the same financial aid from Údarás na Gaeltachta as given to the large number of Údarás subsidiary private companies whose losses continue to be funded by the Exchequer.

Tá cúnamh £4,641,090 (deontais, iasachtaí etc.) tugtha ag mo Roinnse do chomhar-chumainn Ghaeltachta suas go 31 Márta 1985 agus tuigim go bhfuil cúnamh thart ar £3.4 milliún (de chineálacha éagsúla) tugtha ag Údarás na Gaeltachta/ Gaeltarra Eireann sa tréimhse céanna do chomharchumainn Ghaeltachta agus a bhfochuideachtaí. Tá 30 comharchumann ag feidhmiú i láthair na huaire a fuair cúnamh ón Roinn nó ón Údarás/ Gaeltarra. Tá cúnamh tarrthála nach beag curtha ar fáil ag mo Roinnse do chomharchumainn áirithe Ghaeltachta le roinnt blianta anuas; tá cúnamh tugtha freisin ag an Udarás go háirithe i gcás roinnt fochuideachtaí atá bunaithe ag comharchumainn.

623. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeadh Údarás na Gaeltachta nó Roinn na Gaeltachta sásta deontas a chur ar fáil do thogra chun teach ósta agus tithe saoire a thógáil sa Rinn, i nGaeltacht Phort Láirge, os rud é nach bhfuil teach ósta san áit agus go bhfuil éileamh ar a leithéid sa cheantar tábhachtach turasóireachta seo.

Níl scéim deontais ag Údarás na Gaeltachta chun cabhair a thabhairt le haghaidh ostáin nó aonaid thithe saoire a thógáil.

Tá scéim ag mo Roinnse faoina n-íoctar deontais fhorlíontacha anuas ar dheontais ó Bhord Fáilte Éireann i leith saoráidí turasóireachta. Níl iarratas do cheantar na Rinne á mheas faoi láthair.

624. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil aon scéim ag Udarás na Gaeltachta chun ionaid cheardaíochta, nó ceardlanna, a thógáil sa Rinn agus sa Seana-Phobal, i nGaeltacht Phort Láirge, mar atá á dhéanamh i nGaeltachtaí eile.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta nach bhfuil aon iarratas ar chúnamh chun aonaid cheardaíochta nó ceardlanna a thógáil sna ceantair i gceist á mheas acu faoi láthair. Bheadh an tÚdarás sásta, áfach, breithniú a dhéanamh ar iarratas mar sin.

Barr
Roinn