d'Aire na Gaeltachta an gcuirfidh sé eolas ar fáil faoi gach deontas atá ceadaithe aige ó 1 Eanáir 1985.
Written Answers. - Deontais Ceadaithe.
Bheadh mórchuid oibre ag gabháil le sonraí a bhaint amach do gach deontas atá ceadaithe ó 1 Eanáir 1985 i leith agus ba leasc liom obair mar sin a chur á déanamh gan léargas a fháil ar an tábhacht speisialta a bhainfeadh leis an mioneolas.
Is féidir liom a rá, áfach, go bhfuil deontais mar seo a leanas íoctha ag mo Roinnse sa tréimhse sin:
£ |
|
Tithíocht |
210,000 |
Uisce agus Séarachas |
23,280 |
Muiroibreacha |
76,626 |
Forbairt chomharchumann |
47,325 |
Hallaí agus Coláistí Gaeilge |
12,250 |
Saoráidí ilghnéitheacha |
828 |
Tuismitheoirí nó caomhnóirí daltaí áirithe arb í an Ghaeilge gnáth-theanga an teaghlaigh acu |
910 |
Daltaí Gaeltachta ar chúrsaí oiliúna áirithe |
6,027 |
Lucht iostais a choinníonn foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge |
12,402 |
Nuachtán agus tréimhseacháin Ghaeilge agus nuachtáin le nuacht reatha i nGaeilge |
49,450 |
Comhaltas Ceoltóirí Éireann |
60,000 |
Seirbhísí ilghnéitheacha |
22,275 |
Ciste na Gaeilge (as a dtugtar cúnamh do Bhord na Gaeilge agus do na heagrais dheonacha Ghaeilge) |
1,000,000 |
Údarás na Gaeltachta — costais reatha, costais chaipitil agus costais toghcháin |
2,399,841 |
Biúró Eorpach do Theangacha Neamhfhorleathana |
6,500 |
An tIomlán |
3,927,714 |