Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Friday, 3 May 1985

Vol. 357 No. 13

Meastacháin, 1985. - Vóta 37: Roinn na Gaeltachta (Meastachán Athbhreithnithe).

Tairgim:

Go ndeonófar suim nach mó ná £13,961,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1985, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Tá beagnach £19 milliún á chur ar fáil i mbliana do Roinn na Gaeltachta agus d'Údarás na Gaeltachta lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Anuas ar an tsuim £13,961,000 atá i Leabhar na Meastachán tá soláthar £4,840,000 á chur ar fáil ó fhoinsí eile: airleacan a íoctar díreach as an Státchiste leis an Údarás; £4,750,000 atá i gceist i mbliana; agus iasachtaí as Ciste na nIasachtaí Áitiúla a cheadaíonn mo Roinnse do thithe sa Ghaeltacht; £90,000 atá údaraithe don bhliain reatha.

Is iad na príomhshuimeanna a bhfuil cur síos orthu i Leabhar na Meastachán ná: £900,000 do dheontais tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht); £1,615,000 do Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht: áirítear £825,000 den tsuim sin mar chaiteachas caipitil d'fhonn bunstruchtúr na Gaeltachta a fhorbairt; £1,472,000 do Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialacha ar a n-áirítear Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, nuachtán agus irisí Gaeilge; £2,014,000 do Chiste na Gaeilge as a dtugtar deontais do Bhord na Gaeilge agus d'eagrais dheonacha Ghaeilge; £7,017,000 d'Udarás na Gaeltachta idir caiteachas reatha agus caiteachas caipitil ar dheontais: chomh maith leis an airleacan a luaigh mé tugann sé sin iomlán an chúnaimh ón Stát don Údarás go £11,767,000.

Tá áthas orm a rá go bhfuil méadú, cé gur méadú beag é, sa soláthar i mbliana i gcomparáid le Meastachán agus caiteachas na bliana anuraidh. Ní gá dom a rá go mb'fhearr liomsa dá mbeadh ar chumas an Rialtais cuid mhaith airgid níos mó a chur ar fáil don obair, a bhfuil tábhacht náisiúnta léi, atá ar siúl ag mo Roinnse agus ag an dá chomhlacht reachtúla atá faoina cúram. Is deimhin liom, áfach, go bhféadfar dul chun cinn sásúil a dhéanamh ach an t-airgead a chaitheamh ar bhonn cúramach, tuisceanach, stuama.

Is maith liom bheith in ann a rá go bhfuil méadú tagtha in aghaidh na bliana, le cúpla bliain anuas, ar an líon daoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Údarás na Gaeltachta/Gaeltarra Éireann. Admhaím gur méaduithe beaga a bhí i gceist, i.e., 133 phost bhreise ag deireadh 1982, 117 bpost breise ag deireadh 1983 agus timpeall 140 post breise ag deireadh 1984 ach, mar sin féin, is dul chun cinn sásúil é sin ag féachaint do na constaicí móra a bhíonn le sárú ag an Údarás d'fhonn tionscnaimh fhiúntacha a mhealladh go dtí an Ghaeltacht. Bhí suas le 4,400 duine fostaithe go lánaimseartha an 31 Nollaig 1984 i dtionscail faoi scáth an Údaráis i gcomparáid le 4,261 dhuine ag deireadh na bliana 1983.

Tá a fhios againn go léir go mbíonn na ceantair Ghaeltachta faoi mhí-bhuntáiste san iomaíocht le heagraíochtaí eile Stáit chun tionscail oiriúnacha a aimsiú a chuirfeadh fostaíocht bhreise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Ní chuidíonn iargúltacht na gceantar sin leis an Údarás ina gcuid iarrachtaí agus ina theannta sin tagann drochthionchar nach beag as easpa áiseanna sa Ghaeltacht ó thaobh an bhunstruchtúir de.

Ar ndóigh níl feidhmeanna an Údaráis teoranta d'fhorbairt thionsclaíochta agus eacnamaíochta amháin. Bíonn baint thábhachtach aige le saol sóisialta agus cultúrtha mhuintir na Gaeltachta chomh maith. Tráthnóna beidh na duaiseanna á mbronnadh agam ar bhuaiteorí na bliana 1984 sa scéim forbartha pobal. Is é príomhaidhm na scéime sin ná pobail Ghaeltachta a spreagadh, trí féinmheas agus féinmhuinín a chothú iontu, chun tabhairt faoi fhorbairt a gceantar dúchais féin agus chun struchtúir áitiúla a bhunú faoina bhféadfar aidhmeanna pobail a chur chun cinn. Is cinnte go bhfuil ag éirí go maith leis an gcomórtas sin. Chomh maith leis sin bíonn cúnamh ar fáil ón Údarás do naíscoileanna lán-Ghaeilge, d'ógchlubanna, agus le cainteoirí dúchais Gaeilge a oiliúint le go mbeidh siad ar fáil ar mhaithe le forbairt na Gaeltachta.

Is é an aidhm atá agam mar Aire na Gaeltachta ná go mbeidh an tÚdarás ag gníomhú ar an mbealach is éifeachtaí agus is eacnamúla is féidir chun a chuid dualgas a chomhlíonadh agus a chuid gníomhaíochtaí a chur i gcrích. Faoi mar is eol don Teach tá scrúdú á dhéanamh ag Comhchoiste den Oireachtas ar obair an Údaráis agus beidh mé ag súil le moltaí fiúntacha ón gComhchoiste sin a luaithe is féidir. Nuair a cheap mé seisear comhalta don Údarás le déanaí go dtí 31 Nollaig 1985 luaigh mé go raibh scrúdú á dhéanamh agam féin freisin ar fheidhmeanna agus ar obair an Údaráis. Tá súil agam go gcabhróidh tuarascáil an Chomhchoiste liom san obair sin.

Mar is léir ó dhíospóireachtaí sa Teach seo le blianta anuas, ní gach duine a ghlacann leis go bhfuil struchtúir agus modhanna oibre an Udaráis gan locht. Is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi aon eagras eile. Ag an am céanna ní ceart an chluas bhodhar a thabhairt do na tuairimí sin. Tá an tÚdarás i mbun oibre ón mbliain 1980. Ba choincheap nua é ag an am sa mhéid go raibh idir chomhaltaí tofa agus chomhaltaí ainmnithe ar an mbord. Mar sin, tá sé in am breathnú siar ar thorthaí a chuid oibre agus breathnú ar aghaidh féachaint an féidir éifeachtúlacht an eagrais a fheabhsú ar bhealach a rachaidh chun leasa mhuintir na Gaeltachta agus na Gaeltachta féin. Tógfaidh sé tamall an scrúdú seo a dhéanamh agus san idirlinn tá an tÚdárás féin ag déanamh staidéir ar na spriocanna éagsúla atá le baint amach aige agus ar a mhodhanna oibre chun deimhin a dhéanamh de go mbainfear an leas is fearr as an airgead atá ar fáil.

Leis an £11,767,000 atá curtha ar fáil ag an Rialtas don eagraíocht lena chaitheamh ar mhaithe leis an nGaeltacht agus leis an teacht isteach a bhíonn aige ó fhoinsí eile, mar shampla ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó FEOGA is deimhin liom go mbeidh ar chumas an Údaráis dul chun cinn maith a dhéanamh i mbliana.

Le déanaí d'fhógair mé méadú sa deontas do thithe nua sa Ghaeltacht. Ó 1 Bealtaine 1985 amach is uasdeontas £3,000 atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun teach nua a thógáil — £4,500 ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta — ar choinníollacha áirithe faoi mar a léiríodh i bhfógraí sna nuachtáin coicís ó shin.

Tá sárobair déanta faoi na hAchtanna sin ón uair a tugadh Acht na dTithe (Gaeltacht) isteach ar dtús sa bhliain 1929 agus dá chomhartha sin tá slacht thar an gcoiteann ar thithe na Gaeltachta. Críochnaíodh 271 theach nua anuraidh le cabhair deontais ó mo Roinnse, mar aon le 1,091 chás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí folctha, saoráidí sláintíochta agus mar sin de. Tá dóchas láidir agam go gcuirfidh an méadú seo sna deontais tógála borradh nua faoin tionscal tógála sa Ghaeltacht agus go mbeidh a thairbhe le feiceáil i dtionscal na turasóireachta sa cheantar agus i saol eacnamaíoch na Gaeltachta i gcoitinne.

Tá tionchar tábhachtach ar fhorbairt na Gaeltachta ag na scéimeanna feabhsúcháin mar go gcabhraíonn siad le feabhas a chur ar bhunstruchtúr na Gaeltachta trí scéimeanna uisce agus séarachais a chur i gcrích, saoráidí calaíochta a fheabhsú agus mar sin de. Tugtar cúnamh freisin chun hallaí pobail a thóg áil agus a chóiriú agus áiseanna chaitheamh aimsire ar nós páirceanna peile, pinniúir liathróid láimhe, cúirteanna leadóige agus cispheile a sholáthar rud a chuireann, ar ndóigh, leis na saoráidí sóisialacha sa Ghaeltacht.

Tá áthas orm go bhfuil soláthar na bliana seo £1,615,000 níos mó ná an soláthar le dhá bhliain anuas agus tá súil agam go mbeidh tairbhe dá réir le gnóthú ag an nGaeltacht as.

Creidim féin gur cóir go mbeadh tionchar an-mhór ag comharchumann áitiúil i bhforbairt iomlán a cheantair feidhme —forbairt eacnamaíoch agus shóisialach chomh maith le cur chun cinn na Gaeilge agus an chultúir dúchais. Ní mór, áfach, do chomharchumann i gceantar ar bith bheith ag feidhmiú go héifeachtach. Ba léir ó thuarascáil a fuair mé ó Choiste Idir-Rannúil ag druidim le deireadh na bliana 1983 go raibh roinnt de na comharchumainn Ghaeltachta nach raibh á reachtáil go lánéifeachtach agus go raibh, dá bharr sin, deacrachtaí móra airgeadais acu. D'éirigh liom airgead speisialta a chur ar fáil deireadh na bliana 1983 agus i rith na bliana 1984 mar chuid de phacáiste tarrthála do roinnt comharchumann d'fhonn an iarracht dheiridh a dhéanamh lena gcur ar a gcosa agus tá áthas orm gur cosúil gur éirigh le cuid acu dul chun cinn nach beag a dhéanamh leis an gcúnamh speisialta sin. Ba ghné thábhachtach de na pacáistí tarrthála sin an bhéim a leagadh ar an gcionúireacht den chúnamh a bheadh le bailiú mar scaireanna breise ag gach comharchumann a fuair cúnamh. Tá moladh nach beag ag dul do choistí ar éirigh leo an scairchaipiteal a mhéadú ar an mbealach sin. Léiríonn sé sin go mbíonn fonn ar mhuintir na Gaeltachta tacú lena gcomharchumainn ar mhaithe lena gceantair dhúchais féin agus is cúis sásaimh ar leith é sin domsa agus do mo Roinn.

Is maith liom go raibh ar mo chumas an deontas reachtála do na comharchumainn a mhéadú i mbliana d'ainneoin na géarchéime airgeadais. Is maith mar a aithním cé chomh tábhachtach is atá an deontas sin do na comharchumainn. Aithním freisin, ar ndóigh, nach mbeidh rith an ráis le haon chomharchumann mura mbeidh lántacaíocht le fáil aige ó mhuintir a cheantair fheidhme agus dá bharr sin tá dualgas leagtha agam ar na comharchumainn suim áirithe mar scaireanna breise a bhailiú d'fhonn an méadú sa deontas reachtála a thuilleamh. Is le tacaíocht leanúnach sa bhealach sin ó mhuintir an cheantair i gceist is fearr a bheifear in ann dul chun cinn a dhéanamh.

Íoctar deontas díreach le mná tí sa Ghaeltacht, faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge, mar chabhair dóibh chun foghlaimeoirí aitheanta Gaeilge a choimeád ar iostas ina dtithe. Tugtar deis do na daltaí teacht isteach ar bhlas agus líofacht nádúrtha na Gaeilge trína gcaidreamh le muintir na Gaeltachta. D'fhreastail suas le 14,500 dalta ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht anuraidh.

D'fhógair mé roimh Nollaig go bhfuil an deontas faoin scéim méadaithe ó £2.50 go dtí £3 in aghaidh an lae i mbliana agus is eol dom gur chuir, ní amháin mná tí na Gaeltachta, ach tuismitheoirí na ndaltaí freisin, fáilte roimh an méadú sin. Ar ndóigh níl sa deontas a íocann mo Roinnse ach cuid den teacht isteach a bhíonn ag na mná tí as na daltaí; bíonn an chuid eile le fáil ó lucht na gcoláistí Gaeilge a ghearrann táillí cuí ar na tuismitheoirí. Is mian liomsa go mbeadh luach saothair maith ag na mná tí agus tá súil agam go bhféachfaidh lucht na gcoláistí chuige sin. Is maith liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil leis na mná tí sa Ghaeltacht a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge. Tá sár-obair á déanamh acu ar mhaithe leis an nGaeilge agus muid go mór faoi chomaoin acu.

D'iarrfainn ar údaráis na gcoláistí Gaeilge féachaint chuige — sa mhéid nach ndéantar é sin anois — gurb í an Ghaeilge amháin a bheidh á cleachtadh ag na daltaí fad a bheidh siad sa Ghaeltacht.

Dealraíonn sé go bhfuil ag éirí go maith le Anois atá á fhoilsiú ó thús Mheán Fómhair seo caite. Is rud fíorthábhachtach é go mbeadh nuachtán tarraingteach Gaeilge ar fáil agus éileamh maith air ón bpobal. Tá airgead nach beag á chur ar fáil ag mo Roinnse don nuachtán sin agus tá súil agam go ndéanfar gach dícheall lena dheimhniú go mbeidh réimse leathan léitheoirí aige laistigh agus lasmuigh den Ghaeltacht.

Tugann mo Roinnse cúnamh freisin do thréimhseacháin áirithe Ghaeilge —Comhar, Feasta, Deirdre, An tUltach, Agus, An Sagart, Mahogany Gaspipe, An Gael Óg, Tír na nÓg agus An Timire.

Tá dhá bhliain imithe anois ó cuireadh an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-1986 a d'ullmhaigh Bord na Gaeilge i láthair an phobail. Léiríonn an tuarascáil a d'ullmhaigh an bord faoin dul chun cinn a rinneadh sa chéad bhliain den phlean, agus a leagadh faoi bhráid na Dála i mí na Samhna seo caite, gur baineadh amach cuid mhaith de na spriocanna a sonraíodh don bhliain sin. Ba léir, áfach, nár éirigh le Ranna agus comhlachtaí áirithe Stáit a gcion féin a dhéanamh i ndáil leis na spriocanna teoranta a sonraíodh dóibh. Tá sé tábhachtach go mbeadh socruithe sásúla i bhfeidhm san earnáil phoiblí, ar a n-áirítear Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit, údaráis áitiúla agus a leithéidí, chun seirbhísí de chineálacha éagsúla a sholáthar i nGaeilge dóibh siúd a bheadh á n-iarraidh agus go mbeadh sé soiléir dóibh go bhféadfaí na seirbhísí sin a lorg gan scáth gan eagla agus gur le fonn agus le fáilte a chuirfí ar fáil iad. Tá imní orm nach bhfuil freastal trí Ghaeilge chomh sásúil anois agus ba chóir dó a bheith. Tá an scéal níos measa fós i gcás na Gaeltachta. Mura bhfeictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil oifigigh de chuid an Stáit dáiríre faoin nGaeilge agus go bhfuil meas acu uirthi is beag fonn a bheidh orthu a dteanga dhúchais a úsáid agus a chaomhnú. Is den riachtanas é mar sin gur daoine le Gaeilge agus daoine a mbíonn fonn orthu an teanga a úsáid a bheidh fostaithe ag Ranna Rialtais, comhlachtaí Stáit agus údaráis áitiúla i bpoist a bhaineann go díreach leis an nGaeltacht.

Léirigh daonáireamh na bliana 1981 go raibh sé le maíomh ag 31.6 faoin gcéad den daonra go raibh labhairt na Gaeilge acu i gcomparáid le 28.3 faoin gcéad sa bhliain 1971. Cé nach bhféadfaí glacadh leis gur cainteoirí líofa iad sin uile is mór an rud é gur chúis mórtais dóibh a gcumas sa teanga: is mithid teacht i dtír ar an gcumas sin. Tá béim ar leith curtha sa Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge ar thábhacht na teilifíse i gcur chun cinn na teanga. Ní gá domsa mórán a rá faoi thionchar na teilifíse ar shaol an phobail i gcoitinne agus tá súil agam go ndéanfar gach iarracht chun freastal níos sásúla á dhéanamh ar Ghaeilgeoirí tríd an meán sin.

Cúis áthais dom, ar ndóigh, an leathnú a rinneadh le déanaí ar uaireanta craolta Raidió na Gaeltachta. Tá sárobair déanta ag Raidió na Gaeltachta ó bunaíodh é sa bhliain 1972 ar mhaithe le leathadh na Gaeilge — ní amháin sa Ghaeltacht féin ach ar fud na tíre ar fad. Tá dóchas láidir agam gur mó fós a dhéanfar leis na huaireanta craolta breise atá ceadaithe anois.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin gComhchoiste Oireachtais don Ghaeilge. Bhí plé fada againn anseo sa Dáil i mí na Samhna seo caite nuair a mhol mé tairiscint chun Comhchoiste Oireachtais don Ghaeilge a bhunú agus glacadh leis an tairiscint sin d'aonghuth. Mí roimhe sin ghlac an Seanad le tairiscint a bhí ar aon dul léi d'aonghuth. Is é an gnó atá ceaptha don Chomhchoiste ná athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh:

(a) úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus

(b) cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne.

Is ar éigean gur ghá a mhíniú don Teach an tionchar is féidir a bheith ag ionadaithe poiblí ar shaol na tíre agus ar mheon na ndaoine. Is eol do Theachtaí freisin an tábhacht thar cuimse a bhaineann leis an dea-shampla agus an treoir cheart nuair a bhíonn gá leo. Is cinnte go bhféadfadh Teachtaí Dála agus Seanadóirí cur go mór leis na hiarrachtaí atá a ndéanamh ar mhaithe leis an teanga tríd an dea-shampla a thabharfaí dá mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid in imeachtaí agus in obair na Dála agus an tSeanaid. Is cuid bhunúsach é d'aon bheartas Stáit i leith na teanga an chinnireacht a thabharfadh daoine sa saol poiblí agus an tslí ina mbeidís chun tosaigh go follasach sna hiarrachtaí a bhíonn ar siúl. An sampla a thabharfadh ionadaithe Thithe an Oireachtais go speisialta bheadh an-éifeacht aige le daoine a mhealladh ar thaobh na teanga. Is dá bharr sin atá sé leagtha síos i dtéarmaí tagartha an Chomhchoiste go ndíreofaí ar shlite a aimsiú chun úsáid na Gaeilge a leathadh ní amháin in imeachtaí foirmiúla an Tí seo agus an tSeanaid ach i dtimpeallacht an dá Theach freisin.

Le fíordhéanaí ainmníodh seachtar Teachta Dála agus ceathrar Seanadóir mar chomhaltaí den Chomhchoiste agus tá muid réidh mar sin chun dul i mbun oibre. Táim cinnte go rachaidh gach comhalta den Chomhchoiste i mbun oibre le fonn agus le dúthracht agus go dtiocfaidh moltaí praiticiúla, rí-fhiúntach uathu gan aon ró-mhoill.

Cuirtear cúnamh Stáit ar fáil do Bhord na Gaeilge trí Chiste na Gaeilge agus is as an gciste sin freisin a íoctar deontais leis na heagrais dheonacha Ghaeilge — Bord na Leabhar Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Gael-Linn, Conradh na Gaeilge, an tOireachtas, Cumann na bhFiann, An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, Taibhdhearc na Gaillimhe, Amharchlann Ghaoth Dobhair agus an Gael-Acadamh. Ceapaim gur féidir obair fhiúntach a dhéanamh leis an airgead atá ar fáil trí thógáil go stuama ar an mbá atá chomh follasach sin ag pobal na tíre le teanga a sinsear.

Is le muintir na hÉireann uile an Ghaeilge agus is fíor a rá go bhfuil formhór acu báúil léi. Tá obair mhór le déanamh fós, áfach, má táthar le húsáid na Gaeilge mar theanga bheo a leathadh go forleathan ar fud na tíre. Ba cheart go ndéanfadh gach duine an iarracht phearsanta leanunach chun an Ghaeilge a labhairt gach uair a mbíonn an deis sin ann. Tá sé mar nós sa tír seo, faraor, an milleán a chur ar an Rialtas, ar an gcóras oideachais nó ar institiúid éigin eile má bhíonn ag teip orainn an dul chun cinn a raibh súil leis a dhéanamh. Is eol dom, ar ndóigh, go bhfuil tacaíocht na ndreamanna sin uile agus tuilleadh nach iad de dhíth ach is é fírinne an scéil go bhféadfadh go leor daoine níos mó a dhéanamh ar bhonn pearsanta ach cur chuige.

Tá súil agam gur féidir brath orainne sa Teach seo chun an dea-shampla i ndáil le húsáid na Gaeilge a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus iarraim ar an Teach glacadh leis an Meastachán seo mar chabhair chun leas na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur chun cinn.

Roimh dhul chun cinn leis na rudaí ar mhaith liom a rá faoi na Meastacháin, sílim go mbeadh sé ceart is cóir rud amháin a rá anseo faoin iarRúnaí a bhí ar Roinn na Gaeltachta, An tUasal Liam Tó ín. Is é seo an chéad uair le cuid mhaith blianta nach raibh sé anseo le tacaíocht a thabhairt dá Aire agus na Meastacháin seo a chur os comhair an Tí. Ta ár mbuíochas uilig tuilte aige de bharr na hoibre a rinne sé mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta ar feadh na tréimhse fada a chaith sé sa phost sin. A fhad is a bhí sé mar Rúnaí ar Roinn na Gaeltachta thug sé seirbhís iontach don Stáit. Thabhaigh sé meas don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do neartú na Gaeltachta. Bhí páirt aige i réiteach na dtairiscintí agus na moltaí éagsúla a tháinig chun tosaigh ar mhaithe leis an nGaeltacht a fhad is a bhí sé ina Rúnaí. Le linn a rúnaíochta tháinig feabhas iontach ar an nGaeltacht. Tá súil agam go mbeidh saol fada aige féin agus ag a bhean agus go gcoinneoidh sé suim san obair atá ar siúl aige, dul chun cinn na Gaeilge.

Ba mhaith liom freisin fáiltiú roimh an Rúnaí úr. Ní raibh sé de dheis agam bualadh leis go pearsanta ná labhairt leis ach tá súil le Dia agam go mbeidh toradh iontach ar a chuid oibre agus go n-éireoidh go geal leis a fhad is a bheidh sé ina Rúnaí. Ón eolas atá agam ar Roinn na Gaeltachta, tá a fhios agam go bhfuil foireann mhaith, dhíograsach a thuigeann fadhbanna na Gaeltachta ansin ag cuidiú leis. Tá mé cinnte go n-éireoidh leis leanúint ar aghaidh leis an tsár-obair a rinne Liam Tó ín.

Ní thig linn a bheith sásta go bhfuil cúrsaí chomh maith agus ba mhaith linn sna Gaeltachtaí i láthair na huaire. Caithfimid a rá go fírinneach gur beag cúis dóchais ó thaobh forbartha feabhsú na Gaeltachta atá sa Mheastachán atá curtha os ár gcomhair anseo. Tá faillí dá dhéanamh do na Gaeltachtaí agus do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé sin ag tarlú le cúpla bliain agus tá sé le feiceáil ar fud na nGaeltachtaí go léir go bhfuil muintir na Gaeltachta mí-shásta le cúrsaí go ginearálta. Ní fheiceann siad tada in ndán dóibh anois leis an Rialtas seo. Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht tá deacrachtaí móra le sarú. Ní hé amháin go bhfuil gearradh siar ar na buntáistí agus na seirbhísí a bhí le fáil ó Roinn na Gaeltachta, ach tá sé fíor i go leor rannóg Stáit eile. Tá sé fíor sa Roinn Leasa Shóisialaigh. Tá sé fíor sa Roinn Sláinte. Tá sé fíor sa Roinn Oideachais. Agus, nuair a chuireann tú iad sin uilig le chéile, is furasta a dhéanamh amach cé chomh deacair is atá cúrsaí ag muintir na nGaeltachtaí i láthair na huaire.

Níl aon mhuinín ag muintir na Gaeltachta san Aire seo ná sa Rialtas agus ní hiad muintir an taoibh seo den Tí atá á rá sin. Tá sé dá rá ag daoine ó pháirtí an Aire ar fud na tíre go léir. Ní gá dúinn dul thar an méid a bhí sa pháipéar an Western People ó dhuine go bhfuil a shaol caite sa Ghaeltacht aige, i dtíocht le muintir na Gaeltachta a chur chun chinn, a bhí ina bhainisteor ar chomharcumann agus a bhí ag saothrú agus ag obair go tréan ar feadh tréimhse fada ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Tá an tAire cáiníthe aige; tá an Taoiseach cáiníthe aige; agus sílim gur sampla é den chaoi a bhfuil cúrsaí sna Gaeltachtaí ar fad i láthair na huaire. Nílim ag tagairt faoin cháineadh atá déanta ag an Aire, mar ní maith liom bheith ag tabhairt cúrsaí pearsanta isteach anseo. Ach léifidh mé píosa ón Western People den chéad lá den mhí seo:

Mr. Ó Foighil describes Garret FitzGerald as a disaster for the Gaeltacht and the West, a man who didn't even acknowledge the existence of the Gaeltacht or the Irish language at the party's Sligo conference ... "some behaviour for a Taoiseach who has designs on winning the West".

Nuair a chloiseann tú an chaint seo ó dhuine atá, mar a dúirt mé, ag obair ar feadh a shaoil ar mhaithe leis an Ghaeltacht sílim nach gá dom mórán a rá faoin chaoi ina bhfuil cúrsaí sna Gaeltachtaí i láthair na huaire.

Is é atá ag teastáil i gcónaí maidir le muintir na Gaeltachta go dteastaíonn ceannaireacht nó gníomh chun spiorad na ndaoine a mhúscailt agus a chur chun cinn. Rialtas ar bith nach bhfuil sásta spiorad na ndaoine a mhúscailt le gníomh agus dea-shampla ní féidir linn bheith ag dúil go bhfeicfimid aon dul chun cinn. Mar atá ráite ag an tUasal Ó Foighil, níl an gníomh ann agus níl an treoir ann agus níl an dul chun tosaigh ar mhaith linn a fheiceáil i láthair na huaire.

Ní hé an tUasal Ó Foighil amháin atá ag cáineadh an Rialtais seo maidir le cúrsaí do iarthar na tíre agus nuair atáimid ag caint faoin iarthar táimid ag caint faoi na Gaeltachtaí. Tá sé ag tarlú i mo chontae féin, daoine a bhfuil páirt mhór acu nó a raibh páirt mhór acu ag tabhairt tacaíochta don Rialtas seo, tá siad á gcáineadh in aghaidh an lae agus daoine a thuigeann an saol atá in iarthar na tíre agus atá ag bualadh le muintir na Gaeltachta gach lá tá an cáineadh á dhéanamh acu.

Chuir an tAire agus an Rialtas seo an dallamullóg ar dhaoine nuair a tháinig siad i gcumhacht go ndéanfadh siad feabhas mór. Ar ndóigh níor tharla sé agus sé an chaoi a bhfuil cúrsaí ag dul chun donacht in áit a bheith ag feabhsú. Luaigh mé cheana cuid de na Ranna Stáit atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht. Má thógaimid an Roinn Leasa Shóisialaigh, tá na feirmeoirí beaga, na daoine a bhí ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh, na daoine a bhí ag feabhsú na gcodár talaimh a bhí acu le na deontaisí fiala a bhí le fáil acu fhad is a bhí Fianna Fáil i gcumhacht, a bhí ag iarraidh cur leis an teacht isteach a bhí acu, a bhí ag iarraidh tuilleadh stoic a thógáil, seo iad na daoine anois atá á gcéasú ag an Roinn Leasa Shóisialaigh agus tá sórt coisc á chur ar dhaoine a bhí ag teacht chun cinn agus a bhí ag iarraidh feabhas a chur orthu féin, a bhí ag iarraidh saol níos fearr a chur ar fáil dá muintir féin, dá gclann, agus a bhí ag tabhairt dea-shampla don Ghaeltacht uilig. Duine ar bith a raibh cúpla bó sa bhreis aige, duine ar bith a raibh níos mó caoirigh aige, duine ar bith a bhí ag déanamh dul chun cinn ar bith, seo iad anois atá á gcéasú ag an Roinn Leasa Shóisialaigh. Tá dhá rud ann: beidh siad ag díol amach a gcuid stoic agus ag brath go hiomlán ar an Stát mar feicfidh siad go bhfuil sé i bhfad níos sábháilte dóibh bheith ag brath ar an teacht isteach a bheas le fáil acu ón Stát ná a bheith ag iarraidh iad féin a mharú ag obair go dian, ar a gcuid gabháltaisí agus nuair a fheicfidh siad na comharsana nach bhfuil ag déanamh tada ag fáil iomlán an airgid ón Roinn Leasa Shóisialaigh déarfaidh siad an rud céanna: díolfaidh siad amach an stoc agus déanfaidh siad an rud atá á dhéanamh ag na comharsana fallsa. Ní bheidh siad ag tabhairt dea-shampla ar bith dá bpáistí nó do mhuintir na Gaeltachta i gcoitinne agus ag dul i léig a bheas cúrsaí.

Sin mar atá ag tarlú ó tháinig an Rialtas seo isteach. Cuireadh deireadh leis na scéimeanna a bhí ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Cuireadh deireadh leis na scéimeanna faoin Roinn Talmhaíochta, scéimeanna ar thug breis talaimh agus breis áit do dhaoine le stoc a thógáil. Anois céard atá ag tarlú? Aon duine a bhain tairbhe as na deontais sin tá sé á chéasú. Tá sé sin go soiléir.

Ná bíodh an Rialtas ag iarraidh teacht isteach anseo ag iarraidh dallamullóg a chur ar an Dáil go bhfuil rud ar bith ar siúl acu ar mhaithe le muintir na Gaeltachta. Is mór an trua é gurb iad na daoine seo a bhí ag déanamh dul chun cinn atá á gcur faoi chois ag an Rialtas seo. Nuair atáimid ag caint ar dhul chun cinn na Gaeltachta caithfimid labhairt faoi bhóithre, faoi sheirbhísí i gcoitinne. Céard a tharla ó tháinig an Rialtas seo? Tá gearradh siar go hiomlán ar na seirbhísí — bóithre áise, bóithre a tógadh leis na blianta, bóithre a bhí ag dul isteach chuig tithe mhuintir na Gaeltachta. Bhí bóithre maithe acu sna Gaeltachtaí nuair nach raibh siad ag mórán daoine eile ar fud na tíre. Céard atá ann anois? Tá deireadh á chur leis na scéimeanna sin agus níl na seirbhísí sin le fáil feasta ag muintir na Gaeltachta. Níl pingin ar bith á thabhairt i mbliana ach le feabhas a chur ar scéimeanna a bhí ann le fada.

Nuair atá tú ag caint faoi ghearradh siar ar na seirbhísí tá tú ag caint ar ghearradh siar oibre. Bhí obair le fáil ag muintir na Ghaeltachta ar na bóithre sin ach ní thig leis na comhairlí contae an obair sin a chur ar siúl anois mar nach bhfuil an t-airgead ar fáil acu feasta leis an obair a dhéanamh.

Ní thig leis na comhairlí contae an obair sin a chur ar siúl anois mar nach bhfuil an t-airgead le fáil acu feasta leis an obair a dhéanamh. Is fíor go bhfuil ardú beag á thabhairt ag an Aire agus fáiltím roimhe sin ach an leor é — an leor é nuair a chuirimid san áireamh an t-ardú a chuireadh ar phraghas an bhia nuair a gearradh amach na deontaisí a bhí ann le cuidiú leis na daoine bochta bia a cheannach nó an t-airgead a bhí le fáil ag daoine bochta le bia a cheannach? Tá sé sin gearrtha amach agus an bhfuilimid sásta go bhfuil cúiteamh á dhéanamh leis na mná tí san ardú atá tugtha ag an Aire? Má thógann tú an Roinn Sláinte, cuir i gcás, tá seirbhísí á ngearradh siar. Tá go leor leor de mhuintir na Gaeltachta go bhfuil a gcuid cártaí sláinte caillte. Caithfidh siad íoc as an dochtúir, caithfidh siad íoc as comhair leighis ar bith a bheadh uathu. Nuair a thógann tú na ceantair Ghaeltachta, na ceantair is boichte sa tír agus nuair a thuigeann tú an slad atá á dhéanamh ar ghearradh siar na ndeontas seo ar fad, níl ach rud amháin in ann don Ghaeltacht — tá sé ag tarlú cheana féin go gcaithfidh na daoine an bád a thógaint arís agus i láthair na huaire, faraor géar, tá Gaeilge Chonamara, Gaeilge Mhaigh Eo, Gaeilge Chiarraí, Gaeilge Chorcaí agus Gaeilge Thír Conaill le cloisteáil i gCamden Town, rud nach raibh ann le fiche bliain anuas acht tá siad ag imeacht agus tá siad ag tógáil an bháid arís agus shíleamar go rabhamar réidh leis. Bhí bród orainn agus bhí bród ar mhuintir na Gaeltachta nuair a bhí obair le fáil acu sa bhaile i measc a muintire féin. Is fíor nach raibh sé le fáil, b'fhéidir, sna Gaeltachtaí acu, ach san córas saoroideachais a cuireadh ar siúl tugadh deis do mhuintir na Gaeltachta oideachas a fháil nach bhfuair siad roimhe seo agus bhí siad in ann postanna a fháil — níos mó postanna a fháil — sa Státseirbhís, sa Gharda, mar mhúinteoirí scoile agus postanna eile nach iad agus fuair siad ina dtír féin iad. Ní raibh call acu an bád a thogáil ach, faraor, caithfidh siad na málaí a tharraingt anuas arís agus dul ansiúd. Agus is bocht an cás é sin.

Is cuimhin liom féin nuair a tháinig mé ar ais chun mo pharóiste féin mar mhúinteoir sa bhliain 1948 nuair a chonaic mé, trí nó ceithre bhusanna ag imeacht lom lán de pháistí nó de dhaoine óga ag dul go hAlban agus do bé an rud ba bhrónaí é le dearcadh air, na daoine breátha sin ag imeacht. Agus tharla sé sna caogaidí suas go dtí na seascaidí. Cuireadh deireadh leis agus bhí na daoine ag obair. Ach, faraor, táimid arais arís go dtí an scéal sin agus caillfimid bláth na tíre, an t-aos óg a caithfidh imeacht agus atá ag imeacht i láthair na huaire.

Tá an tÚdarás againn le postanna agus forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn. Is dócha go gcaithfimid a rá le bheith fírinneach tá siad ag déanamh a ndíchill. Tuigimid uilig faoi mar atá cúrsaí i láthair na huaire nach bhfuil sé furasta lucht tionscail a mhealladh isteach sna Gaeltachtaí. Tá a fhios againn chomh maith go bhfuil béim ar leith á cur ag an IDA ar thionscail bheaga a chur chun tosaigh agus sin í an obair a bhíodh ar siúl ag an Údarás. Bhí siad sin ag brath ar thionscal, b'fhéidir, nach raibh monarchana móra á mbunú acu. Bhí siad ag brath ar a leithéidí sin le postanna a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Ach tá bac orthu ar dhá bhealach — sa chéad áit, nach bhfuil oiread daoine sásta airgead a chur ar fáil le postanna a chur chun tosaigh agus sa dara háit go bhfuil siad in iomaíocht leis an IDA maidir le postanna a chur ar fáil, agus ní chuidíonn sé sin leo ins an obair atá ar siúl acu.

Cuireann sin fearg agus náire orm go minic faoin chaoi a caitheadh leis an Údarás ó tháinig an Rialtas seo agus an tAire seo i gcumhacht. Tá sé faoi chaibidil go síoraí. Ní raibh an tAire i bfad anseo gur caitheadh amach cathaoirleach agus beirt bhall eile den Údarás agus bhí sórt comhartha ceiste ag an am faoi rudaí mí-cheart a bheith san Údarás. Bhí ceisteanna á gcur agus bhí na scéalta á gcur amach i gcaoi gur gcaithfí ceisteanna a chur agus bhí amhras ar dhaoine nach raibh cúrsaí mar ba cheart iad a bheith san Údarás. Caitheadh amach an príomhfheidhmeannach, duine a bhí faoi chaibidil, mar a dúirt mé anseo, sa Dáil, ach ní bhfuaireamar aon scéal ó shin ar céard atá ag tarlú. Chualamar gur éirigh leis an bpríomhfheidhmeannach suim áirthe airgid a fháil ón Údarás i ngeall ar gur caitheadh amach go mí-cheart é. Tá scéal ann faoi sin. Tá scéal ann gurb é Cathaoirleach an Údaráis a shocraigh na téarmaí, tá scéal go ndearna sé é ar a chonlán féin gan aon údarás ó bhaill eile an Údaráis. Níl aon eolas againn faoi na téarmaí a bhain leis an socrú sin. Ní dúirt an tiarphríomhfheidhmeannach é féin tada. Tá an cheist á chur an raibh sé mar chuid den socrú go gcoinneodh sé a bhéal druidte agus nach n-abródh sé céard a bhí i gceist. Níl a fhios againn go fóill sa Teach seo an raibh tada mí-cheart, agus sílim go bhfuil sé de dhualgas ar an Aire a insint dúinn agus go bhfuil sé de dhualgas air chomh maith lán-iomlán eolais a thabhairt dúinn anseo faoi na socruithe sin. I ndeireadh an lae is é airgead an Stáit atá i gceist, an t-airgead a íoc ná híocadh leis an iar-phríomhfheidhmeannach. Má chuirtear ceist ormsa faoin rud níl mé in ann an cheist a fhreagairt agus ba cheart na freagraí sin a bheith agam. Ba cheart an t-eolas iomlán sin a bheith agam anseo sa Dáil.

Tá sé de dhualgas ar an Aire a insint dúinn céard a tharla ansin agus cad iad na socruithe atá déanta. Más rud é nach raibh tada mí-cheart tá sé de dhualgas air é sin a rá go poiblí agus leithscéal a ghabháil leis na daoine cneasta, córa a caitheadh amach ón mbord ag an am.

Is é a tharla ná go raibh an tAire ag iarraidh daoine a shásamh agus níor éirigh leis. B'fhearrde ag an am dá ndéanfadh sé an rud cóir i leith an mhasla a thug sé do na daoine seo os comhair an phobail. Caithfidh siadsan maireachtáil leis na comharsana i nGaoth Dobhair, i gContae Mhaigh Eo nó cibé áit eile ina bhfuil siad. Tá an comhartha ceiste sin os a gcionn an t-am uilig. An raibh aon rud mí-cheart? An raibh airgead an Stáit curtha amú? B'sin an scéal a chualamar agus b'sin an scéal a bhí sna páipéir. Níor glanadh suas an cheist agus caithfear í a ghlanadh suas anseo sa Dáil. Caithfear an fhírinne a insint faoi chuile phingin atá íoctha leis an iar-phríomhfeidhmeannach, na coinníollacha a bhaineann leis agus mar sin de. Chomh fada agus a bhaineann liomsa ní ligfidh mé don cheist seo. Beidh mé á ardú anseo sa Dáil agus beidh mé ag cur ceisteanna ar an Aire go bhfaighidh mé na freagraí a theastíonn uaimse agus ó mhuintir na tíre go léir.

Má thógaimid na rudaí a tharla ó bhí toghchán an Údaráis ann, ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire, cad chuige nár thogh sé na baill a bhí ansin go lánaimseartha le suí isteach leis na baill thofa agus le dul i mbun obair an Údaráis ar mhaithe le muintir na Gaeltachta? Cad chuige a bhfuil an t-amhras ansin an t-am ar fad go bhfuil rudaí bun os cionn san Údarás. Fiú amháin in óráid an Aire inniu, tá an sórt béime céanna á cur ar chúrsaí: "... ní gach duine a ghlacann leis go bhfuil struchtúir agus modhanna oibre an Údaráis gan locht". Abairt mar sin, sílim go bhfuil sé ag cur leis an méid atá ráite agam, go bhfuil sé ag cur leis an sórt amhrais atá ann. Tá caint faoi scrúdú a dhéanamh ar obair an Údaráis. Arís tá sé sin ag caitheamh amhrais air. Tá caint go bhfuil gnóthaí an Údaráis faoi scrúdú coiste na Dála. Tá sé sin ceart go leor; tá gach bord Stáit ar an gcuma chéanna ach nuair atáimid ag caint faoin Údarás tá an sórt amhrais ansin go bhfuil cúrsaí mí-cheart in áit éigin ann.

Tá sé in am dúinn é sin a ghlanadh suas agus a thabhairt chun tuiscint don saol mór go bhfuil chuile shórt ceart san Údarás, má tá, agus go mbeidh deis ag an Údarás dul chun cinn le forbairt na Gaeltachta agus le obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Sin an fáth ar cuireadh ar bun ar dtús é, agus fad is atá cúrsaí mar atá siad ní fheicfimid an dul chun cinn sin.

Rud eile, nuair a bhí daoine le ceapadh ar bhord an Údaráis, arís tugadh masla do mhuintir na Gaeltachta. Tá sé ráite anseo cheana agam agus ní le drochmheas a chaitheamh ar an chathaoirleach atá tofa ag an Aire atá mé á rá seo ach tá prionsabal ann: sílim nuair a bhíonn daoine á dtoghadh go mbeadh sé ar chumas an Aire beirt nó triúr a fháil sna Gaeltachtaí leis an obair sin a dhéanamh. Ní dhearna sé é sin agus tá mí-shásamh arís mar gheall air sin.

Chomh maith leis an mbrú atá ar mhuintir na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí de, ó thaobh an ghearrtha siar ar na buntáistí a bhí acu agus a leithéid sin, tá brú eile orthu, agus luaigh an tAire é féin é, is é sin an brú atá orthu ós rud é nach bhfuil a gcearta á bhfáil ag muintir na Gaeltachta maidir leis an tseirbhís RTE. Bhí áthas orainn uilig a chloisteáil go raibh sé i gceist ag an Rialtas teilifís Ghaeltachta a bhunú. Níl mé sásta nár luaigh an tAire é sin ina óráid. Luaigh an tAire Cumarsáide cúpla mí ó shin go raibh an rud á scrúdú agus ba mhaith linn a fháil amach inniu go bhfuil sé fíor, go bhfuil sé i gceist ag an Rialtas teilifís Ghaeltachta a bhunú, céard atá leagtha amach di, an bhfuil airgead le cur ar fáil di, cén áit a mbeidh an ceannáras agus rudaí mar sin. Cén dul chun cinn atá déanta leis an stáisiún sin a chur ar bun? Ba mhór an tacaíocht a leithéid a bheith ann don obair iontach atá déanta ag Raidió na Gaeltachta. B'fhéidir níos mó ná rud ar bith eile a tharla le blianta beaga anuas gur thug an raidió misneach agus aitheantas do mhuintir na Gaeltachta agus gur chuidigh sé go mór le cúrsaí na Gaeilge a leathnú amach le cuid den chultúr a chur os comhair an phobail. Sílim go nglacann chuile dhuine sna Gaeltachtaí agus fiú amháin pobal na Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht go bhfuil obair iontach déanta ag Raidió na Gaeltachta. Tá siad á dhéanamh gan morán fearaistí nó costas mar atá ag an bpríomhstáisiún. Go minic caithfidh an duine atá ag obair le Raidió na Gaeltachta cuid mhaith a dhéanamh leis féin agus dá mbeadh an clár céanna á dhéanamh ag daoine anseo i mBaile Átha Cliath in RTE bheadh beirt nó triúr i mbun an chláir. Tá foireann Raidió na Gaeltachta díograiseach agus ag obair go dian ar a gconlán féin agus go minic gan an t-aitheantas ceart á fháil acu.

Tá rud amháin atá ag déanamh buartha dom faoi Raidió na Gaeltachta agus sin céard a tharlóidh nuair a chuirfear na staisiúin raidió áitiúil ar bun. Níl mé ag iarraidh aon rud a tharraingt isteach a chuirfeadh eagla nó faitíos ar na daoine atá i Raidió na Gaeltachta, ach chuir mé ceist anseo sa Dáil ar an Aire Cumarsáide faoi céard a tharlóidh nuair a thiocfaidh na stáisiúin seo isteach agus d'iarr mé air a dhearbhú nó a shocrú nach gcuirfear isteach ar an neamhspleáchas atá ag Raidió na Gaeltachta anois, agus ní bhfuair mé ag an am freagra sásúil ón Aire. B'fhéidir nár thuig sé mo cheist i gceart agus níl mé ag caitheamh anuas air nuair atá mé á rá seo ach sílim go bhfuil sé tábhachtach nuair a thiocfaidh na stáisiúin eile isteach nach gcuirfidh sé isteach ar bhealach ar bith ar an neamhspleáchas atá ag Raidió na Gaeltachta i láthair na huaire. Tig liom an méid seo a rá faoi, go bhfuil sé mar bhunchloch faoi céard is féidir a dhéanamh le raidió áitiúil, agus an gníomh atá ar siúl acu gur féidir leis sin a ghlacadh mar bhunchloch do na stáisiúin eile a chuirfear ar bun ar fud na tíre. Ach, mar a dúirt mé, níor mhaith liom a fheiceáil go gcuirfí isteach ar bhealach ar bith ar an neamhspleáchas sin agus beidh mé ag iarraidh ar an Aire go n-inseoidh sé sin dá chairde san Rialtas nuair a thiocfaidh an t-am leis na stáisiúin sin a bhunú.

Tá go leor rudaí nár luaigh an tAire sa Mheastachán agus dream amháin gur ceart aitheantas ar leith a thabhairt dóibh, sin muintir na n-oileán Gaeltachta. Tá a fhios againn go léir na deacrachtaí atá ag muintir na n-oileán agus i láthair na huaire tá an saol crua go leor dóibh ar a lán bhealach. Thuig Roinn na Gaeltachta an tábhachtacht a bhí le cuidiú le muintir na n-oileán san am atá caite. Thug siad go leor cuidithe dóibh. Chuir siad solas aibhléise ar fáil dóibh; chuidigh siad le bóithre; tugadh deontais ar leith le haghaidh tithe do mhuintir na n-oileán agus cuireadh go leor leor seirbhísí ar fáil dóibh. Ach sílim an deacracht is mó atá ag chuile oileán ná nach bhfuil ceangal ceart acu leis an mhór-thír agus nach bhfuil céanna cearta acu le teacht i dtír agus mar sin de. Tá sé in am go ndéanfaí socrú éigin i gcaoi nach mbeadh Aire na Gaeltachta, i gcás na n-oileán Gaeltachta, faoi riar na Roinne Iascaigh agus na Roinne Airgeadais chomh mór agus atá sé nuair atá deontais le caitheamh ar chéanna a chur ar fáil do na hoileáin. I láthair na huaire is é an chaoi a gcaitear an rud a réiteach ná go ndéantar scrúdú ar an méid éisc atá ag teacht i dtír agus má tá milliún punt le caitheamh ar ché, más rud é nach bhfuil na héisc á dtabhairt i dtír ní bheidh cead ag an Aire an t-airgead a chaitheamh. Ach i gcás muintir na n-oileán caithfid céanna a bheith acu chun a gcuid bád a thabhairt i dtír, agus tá sé in am deireadh a chur leis an srian a chuirtear ar Aire na Gaeltachta, nuair atá sé ag iarraidh, agus nuair atá sé sásta, airgead a chaitheamh ar chéanna agus ar bhuntáistí den chineál sin do mhuintir na n-oileán.

Tá srian orthu chomh maith maidir le cúrsaí oideachais agus arís sílim go gcaithfidh an Roinn Oideachais, Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta féachaint chuige nach mbeifear chomh dian leis na rialacha atá ann i gcás oideachas a chur ar fáil ar na hoileáin. Tá siad ag iarraidh oideachas den dara leibhéal a chur ar fáil ar chuid de na hoileáin agus sílim gur gá níos mó aimsire a chaitheamh leis na cúrsaí sin a scrúdú i gcaoi go mbeidh na seirbhísí sin ar fáil ar na hoileáin. Arís is dócha go mbeidh breis airgid i gceist ach nuair atáimid ag caint ar phobal den chineál sin, go mór mhór pobal atá ag iarraidh an Ghaeilge a choineáil slán, ní ceart a bheith ró-dhian faoi cheist an airgid.

Luaigh an tAire na comharchumainn agus an obair a bhí á déanamh acu. Is féidir linn a rá go fírinneach go ndearna na comharchumainn cuid mhaith chun spiorad mhuintir na Gaeltachta a spreagadh agus a chur ina luí orthu go mba cheart dóibh obair ar a son féin agus dá ndéanfadh siad é sin go mbeadh buntáistí agus deontais níos mó le fáil acu ó na Ranna Stáit eile. Is é an deacracht is mó a bhí ag cuid de na comharchumainn ná nach raibh an t-airgead acu iad féin le tús a chur le go leor de na rudaí a bhí i gceist acu a chur chun tosaigh. Nuair nach raibh siad in ann an t-airgead a bhailiú go háitiúil bhí deacrachtaí acu i gcónaí. Ní raibh na scaireanna a bhí le fáil sách mór agus dá bhrí sin chaill siad deontais. Tá cuid de na comharchumainn imithe i léig i ngeall ar nach raibh siad in ann coinneáil ar siúl dá bharr sinn. Ach is maith liom a chloisteáil go bhfuil na comharchumainn a bhí in ann an fód a sheasamh ag dul ar aghaidh go maith agus go bhfuil cabhair le fáil acu i gcónaí ó Roinn na Gaeltachta. Tá páirt thábhachtach acu i saol na Gaeltachta agus ba mhór an trua é dá dtitfeadh siad i léig ar fad de bharr cuidiú airgid agus cuidiú ón Aire.

Sílim, ag caint ar an Mheastachán anseo, nach mbeadh sé ceart dearmad a dhéanamh ar Ghaeltacht amháin, sin Gaeltacht Ráth Cairn. Obair iontach atá á déanamh acu ansin. Tá buntáiste acu nach bhfuil ag Gaeltacht eile i ngeall ar an suíomh atá acu ansin. Tá siad gar do Bhaile Átha Cliath. Tá siad i lár na tíre, mar a déarfá, agus ag an am chéanna ó tháinig muintir na Gaeltachta ansin leathchéad bliain ó shin sheas siad leis an Ghaeilge agus tá súil le Dia agam gur ag dul i láidreacht a bheidh siad. Ón eolas atá agam ar an nGaeltacht sin, is é mo bharúil go mbeidh siad ansin nuair a bheidh Gaeltachtaí eile i dtalamh agus sílim go bhfuil go leor creidiúna tuillte ag na daoine a tháinig ansin agus ag a gclann. Clanna a gclainne atá ansin i láthair na huaire. Tá siad ag cloí leis an nGaeilge chomh tréan láidir agus a bhí siad nuair a d'fhág siad Conamara.

Tá dul chun cinn déanta ag Bord na Gaeilge. Táimid uilig bródúil as an obair atá déanta acu ach caithfimid a bheith sásta i gcónaí lán-tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcuid oibre a chur chun tosaigh. Is beag a bheith ag caint ar phleannaí agus leagan amach mura bhfuil an tacaíocht airgid le fáil acu leis an ngníomh a chur chun chinn. San gcéad chéim dá gcuid oibre, ar chuma ar bith, tá an job déanta acu le tuiscint a thabhairt do phobal na tíre uilig cén tábhacht atá ag baint le Gaeilge agus cén fáth gur ceart dúinn í a chosaint agus a chaomhnú. Tugann sé sin i gcuimhne dom an díospóireacht a bhí anseo eadrainn féin agus, le bheith fírinneach, cé gur labhair muid anseo ar feadh lá amhain ag caint agus go raibh muid uilig ag déanamh obair mhór leis an nGaeilge a chur chun cinn anseo sa Dáil, is oth liom a rá gur beag a fheicimid ag teacht dá bharr sin. B'fhéidir go tiocfadh linn arís obair mar sin a dhéanamh agus féachaint chuige, mar a dúirt an tAire féin, go mbeidh an dea-shampla á thabhairt anseo sa Dáil agus i mórthimpeall na Dála leis an Ghaeilge a labhairt agus a chur chun tosaigh.

Maidir leis na nuachtáin ní maith liom bheith á gcáineadh agus ní sin atá i gceist agam anois, ach nuair a tháinig na heagráin amach i dtús ama bhí dáileadh réasúnta maith ar na páipéir agus bhí siad le fáil i mo áit féin, ins na siopaí, ach ní fheicimid iad anois i láthair na huaire. Níl a fhios agam céard tá tarlaithe. B'fhéidir nach raibh díol orthu. Mura mbíonn dáileadh ceart ar pháipéar nó muna mbíonn sé ar fáil thart ar fud na tíre uilig go léir, is beag dul chun cinn a dhéanfaidh sé mar pháipéar nó is beag maith atá ann. Nuair a bhí an páipéar á thabhairt amach mar ghnáth-nuachtáin bhí sórt amhrais orm féin faoi go mbeidh an fiúntas céanna ag bhaint leis. Má thógann tú páipéar Domhnaigh i láthair na huaire, tá ceithre cinn i mBéarla agus tá tú ag caint ar airgead a thabhairt amach arís ar pháipéar eile. Is ar an ngnáth-phobal a bhfuilimid ag brath leis an bpáipéar seo a cheannach agus níl a fhios agam gurb é an Domhnach an lá is fearr lena chur amach. Baineadh triail as. Ach b'fhéidir go mb'fiú dearcadh ar an dtaobh sin den scéal: go mbeadh díol níos fearr air nó ceannach níos fearr air dá gcuirfí amach é lá éigin eile ná an Domhnach.

Ó thaobh an páipéar féin de, bhí go leor ábhar liteartha sa pháipéar Inniu, agus bhí sé sin buntáiste ann don aos óg. Ní shílim go bhfuil an rud céanna le rá faoin bpáipéar seo. Nuachtán atá ann atá ag iarraidh, le pictiúirí agus a leithéid sin a chur os comhair an phobail, rudaí a fheicfidh siad agus a aithneoidh siad agus a thabharfaidh siad abhaile leo. Ach níl aon buntáiste acu ann. Ceannóidh an léitheoir cupla uair é agus sin é an méid a bheas ann. Ní shílim go bhfuil an t-ábhar liteartha céanna ann agus a bhí in Inniu. Sílim go mba chóir go ndearcfaimis air sin,. ar dháileadh an pháipéir agus ar an ábhar atá sa pháipéar féin.

Bhí na deontaisí do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann faoi chaibidil cúpla uair anseo sa Dáil. Sílim go mba chóir dúinn uilig anseo aitheantas ceart a thabhairt don obair iontach atá á dhéanamh ag an gComhaltas le cúpla bliain agus go mba cheart dúinn freastal orthu chomh fial agus is féidir linn le deontaisí le cuidiú leo leanúint ar aghaidh leis an dea-obair sin. Tá ceol Gaelach le fáil agus le cloisteáil anois ar fud na tíre uilig go léir, buíonta beaga ceol nach raibh ann, agus is de bharr an chuid oibre atá déanta ag an gComhaltas. Tuigim na deacrachtaí airgid atá ag an Aire ach d'iarrfainn air a bheith chomh fial agus is féidir leis i gcónaí leis an gComhaltas sna deontaisí a bheas dá thabhairt aige dóibh leis an job a choinneáil ar siúl.

Beidh daoine eile anseo ag caint faoi cheisteanna na Gaeilge féin agus an chaoi ar cheart dúinn í a fheabhsú agus an staid ina bhfuil sí i láthair na huaire agus níl sé i gceist agamsa mórán ama a chaitheamh faoi sin.

Bhí cúpla rud in óráid an Aire ba mhaith liom a lua. Luaigh sé na deontaisí breise do thithe sa Ghaeltacht. Is fíor le rá go bhfuil tithe breátha sa Ghaeltacht agus gur bhain muintir na Gaeltachta a lán tairbhe i gcónaí as na deontaisí uilig atá ar fáil agus go dtig linn a rá go fírinneach gur fearr na tithe atá ar fud na Gaeltachta ná in aon áit ar bith eile ar fud na tíre. Is maith liom a fheiceáil gur tugadh an t-ardú céanna do na tithe sa Ghaeltacht agus a tugadh sa chuid eile den tír. Tá daoine ann a déarfas gur beag maith atá sna deontaisí breise mar go bhfuil cáin á cur ar chuid de na hearraí a chaithfeas daoine a cheannach ag tógáil tithe agus dá bhrí sin nach bhfuil mórán fiúntais ag baint leis an ardú. Ach, mar sin féin, tá mé sásta go bhfuil sé ann agus tá mé cinnte go mbainfear a lán tairbhe as le tuilleadh tithe a thógáil sna Gaeltachtaí.

Níor tugadh breis airgid ar bith le haghaidh deontaisí feabhsúcháin leis na blianta fada. Ní thuigim féin cén fáth nach bhfuil deontaisí breise á thabhairt le haghaidh feabhsúcháin. Tá an rud céanna fíor sa Roinn Comhshaoil. Sílim go mba polasaí maith é dá mbeadh deontaisí breise le fáil le haghaidh tithe a fheabhsú. Nuair atá teach maith ag duine ba mhaith an rud é dá mbeadh deontas maith le fáil ag an té sin leis an teach sin a fheabhsú in áit a bheith ag iarraidh ar an gcomhairle contae teach a thógáil dó. D'iarrfainn ar an Aire an scéal sin a scrúdú agus féachaint chuige, b'fhéidir sa bhliain atá romhainn, breis deontais a chur ar fáil le haghaidh feabhsúcháin.

Sílim san am atá i láthair gurb é atá ag teastáil ná polasaí ceart a chur os comhair an phobail le muintir na Gaeltachta a spreagadh. Níl an spiorad sin á fháil. Mar atá ráite agam cheana, tá siad faoi smúid agus níl misneach ar bith acu ina saol féin ná i saol a gcuid páistí, mar céard atá in ndán dá gcuid pháistí? Ba cheart dúinn, dá bhrí sin, an spiorad sin a mhúscailt agus misneach agus croí a chur sa Ghaeltacht arís. Sílim gurb é an chaoi a b'fhearr chun é sin a dhéanamh ná a n-aighthe a iarraidh ar fhorbairt na n-acmainní nádurtha leis an misneach sin a mhúscailt.

Tá gá le iascaireacht a chur chun tosaigh, turasóireacht a chur chun tosaigh agus talmhaíocht a fheabhsú. Má chloímid le forbairt na n-acmhainní nádurtha tiocfaidh feabhas ar an scéal. An dul chun cinn a bhí ar siúl, níl sé ann feasta. Tá lag-mhuinín orthu agus teastaíonn uainn an muinín sin a thabhairt ar ais, ionas go gcuirfimid an Ghaeilge agus an Ghaeltacht ar a mbun ceart arís. Muna dtarlaíonn sé sin, mura mbíonn an spiorad sa Ghaeltacht, déanfaimid faillí don Gaeilge féin, caillfimid an Ghaeilge, ní bheidh Gaeilge ná Gaeltacht ann, agus táimid ag druidim ar an lá sin de réir mar atá cúrsaí faoi láthair. Dá bhrí sin d'iarrfainn ar an Aire smaoineamh ar na rudaí seo agus féachaint chuige go bhfaighidh an Ghaeltacht a chearta féin feasta agus go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht slán.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.

Barr
Roinn