Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Nov 1985

Vol. 361 No. 5

Written Answers. - Deontais sa Ghaeltacht.

78.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will increase the rate of grants payable by his Department for house improvements in Gaeltacht areas; and, if so, the intended increase in each category.

79. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist deontas deisiúcháin do thithe a ardú sa Ghaeltacht agus sna h-oileáin Ghaeltachta.

80. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an mbeidh ardú ar dheontais tithíochta Roinn na Gaeltachta, agus cathain a thiocfaidh an t-ardú sin i bhfeidhm.

Tógfaidh mé Ceist a 78, Ceist a 79 agus Ceist a 80 le chéile.

D'fhógair mé ar 24 Deireadh Fómhair go raibh na deontais a íocann mo Roinn chun tithe cónaithe a fheabhsú etc. le méadú. Is iad seo a leanas na méaduithe atá i gceist.

An Saghas Oibre

An Deontas Nua

£

Teach a fheabhsú

2,150

Fuinneoga agus doirse seachtracha atá fabhtach a athnuachan

800

Méadú ar theach

2,150

Seomra folctha

800

Córas uisce píobaithe

560

Córas séarachais

500

Simléar cloiche a thógáil i dteach nach bhfuil a leithéid ann

800

Seanteach (a tógadh roimh 1940) a athnuachan agus a dheisiú

5,000

Bainfidh na rátaí nua le hoibreacha arna dtosú ar 1 Nollaig 1985 nó dá éis.

Méadaítear méid aon deontais is iníoctha faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) caoga faoin gcéad ar oileán amach ón gcósta a áirítear mar Ghaeltacht faoi Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956-1982.

Beidh breis eolais faoi na deontais mhéadaithe le fáil ó mo Roinnse go luath.

81.

asked the Minister for the Gaeltacht if he will reintroduce the scheme of grants for the repair and improvement of roads, in the Gaeltacht areas; and if he will make a statement on the matter.

82. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé beartaithe ag an Roinn na deontais le haghaidh mhionbhóithre na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Aire Na Gaeltachta (Mr. O'Toole)

Tógfaidh mé Ceist a 81 agus Ceist a 82 le chéile.

Tá Scéim na mBóithre Áise sa Ghaeltacht faoina dtugann mo Roinnse cúnamh chun bóithre áise a dheisiú ann i gcónaí cé go bhfuil an soláthar airgid atá ar fáil di le cúpla bliain anuas, laghdaithe de bharr na géarchéime airgeadais.

Barr
Roinn