d'Aire na Gaeltachta cén líon daltaí (a) ar ceadaíodh an deontas £10 dóibh sa scoilbhliain 1984-1985; (b) ar diúltaíodh an deontas dóibh.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - An Deontas £10.
Thuill 6,173 dhalta an deontas £10 agus 125 dhalta an deontas £20 don scoilbhliain 1984-85 agus diúltaíodh é i gcás 2,312 dhalta. Tá roinnt cásanna le glanadh fós.
An bhfuil laghdú ar an líon páistí a thuilleann an deontas le blianta anuas nó an bhfuil ardú ag teacht orthu?
Nil an t-eolas sin agam ach dá gcuirfeadh an Teachta ceist orm i leith na blianta a chuaigh thart bheinn in ann an t-eolas sin a thabhairt dí.
Nach ceart anois an deontas seo a ardú suas le £100 mar nár ardaíodh é suas le 20 bliain.
Ceist eile e sin. Cuireadh ceist orm faoin líon daoine.
Nach bhfuil aon tuairimí ag an Aire faoin gceist a chuir mé air?
Ní aontóinn leis an Teachta gan scrúdú a dhéanamh ar an loighic a bhaineann le íocaíocht a leithéid de dheontas. Mar atá a fhios ag an Teachta tá sé fite fuaite le deontais eile agus ní féidir an deontas sin a thógáil leis féin.
An bhfuil sé i gceist ag an Aire anois é sin a chríochnú chomh maith le deontais eile atá stopaithe aige?
Ní dúirt mé é sin agus ní ceart go dtuigfí go ndúirt mé é sin.