Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1985

Vol. 361 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais do Scoláirí Gaeilge.

10. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige aon deontas a chur ar fáil an bhliain seo chugainn le cur ar chumas Údarás na gColáistí Samhraidh iar-chúram a sholáthar i gcaitheamh na bliana dá scoláirí idir cúrsaí.

Níl a leithéid i gceist ach bheinn ag súil go ndéanfadh údaráis na gcoláistí féin iarracht, feadh a gcumais, le hiarchúram a sholáthar do dhaltaí a bhí ar chúrsaí seo.

An n-aontódh an tAire gurb é sin an gné den chúrsa Gaeilge is daoire ar na coláistí agus nach bhfuil go leor de údaráis na gcolaístí in acmhainn an costas a sheasamh iad féin? Sin an chéad cheist agus an dara ceist: má tá sé i gceist ag an Aire le cabhair an Aire Oideachais aon chaighdeánú a dhéanamh ar na coláistí samhraidh i dtreo go mbeadh torthaí níos fearr acu siúd nach bhfuil torthaí maith acu faoi láthair, nach gceapann an tAire go bhfuil fiorphráinn ag baint le airgead nó deontaìs de shaghas éigin a chur ar fáil do údarás na gcoláistí samhraidh chun iar-chúram a chur ar fáil.

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá deontas á chur ar fáil do choláistí i leith na hoibre seo agus go deimhin faraor ní leor é don obair atá idir lámha acu, ach is ceist airgid é. Ní rud é a déantar de gnáth agus téann furmhór na bpáistí seo ar ais ar scoil ar aon nós agus tá an Ghaeilge á cleachtadh acu ar scoil. Ba rud a chuirfeadh le úsáid na Gaeilge agus a chuirfeadh feabhas ar léibhéal na Gaeilge agus caighdeán na Gaeilge ag na daltaí seo ach tá cuid mhaith á caitheamh ar na coláistí féin ón Roinn agus go deimhin ón Roinn Oideachais chomh maith. Ba mhaith an rud é dá mbeadh go leor airgid againn lena dhéanamh.

An fó-cheist deireannach.

An mbeadh an tAire sásta iarratas a bhreithniú agus deontas a chur ar fáil——

Bheinn sásta breathnú air cinnte ach ni thabharfainn aon tuairim ar céard a thiocfadh as sin?

I should like to draw your attention, a Cheann Comhairle to the echo coming across the House from the equipment; it is most unsatisfactory.

That will be attended to. Ní mór dúinn na ceisteanna maidir leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta a thógáil anois. Ceist a 21.

Níl mise sásta go bhfuil an t-am do cheisteanna do Aire na Gaeltachta gearrtha siar agus nach bhfuil an tam ar fad ar fáil chun na ceisteanna sin a fhreagairt. Níl me sásta leis an socrú sin.

Tá sin de réir an ordaithe a rinneadh anseo Dé Máirt. 28 Bealtaine, agus níl aon rud gur féidir liomsa a dhéanamh. Ceist 21.

Barr
Roinn