Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1985

Vol. 361 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Bord Údarás na Gaeltachta.

52. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé ar eolas aige gur fágadh na céardchumainn gan guth ar bhord Údarás na Gaeltachta nuair a chaith sé an tUasal Ó Néill amach as an mbord agus an inseoidh sé an é polasaí an Rialtais é gan aitheantas ar bith a thabhairt do na céardchumainn feasta sna ceapacháin a bheas á ndéanamh nuair a bhíonn baill do bhord Stáit á n-ainmniú.

Tá míthuiscint ar an Teachta faoin sceál.

Is amhlaidh go bhfuil duine d'fhoireann an Údaráis atá ina chéardchumannaí ceaptha agam mar chomhalta den bhord. Níl aon bhunús leis an líomhain sa chuid deiridh den Cheist.

An n-aontódh an tAire go raibh gnás ann go mbeadh duine ainmnithe ó na céardchumainn mar bhaill den Údarás agus nach ndearnadh sin agus nach bhfuil sé sásúil? Aontaím gur ceart go mbeadh ball den lucht oibre ar an mbord ach nach mbeadh sé i bhfad níos sásúla dá mbeadh duine ainmnithe ag na céardchumainn mar bhall de Bhord an Údaráis agus nár dearnadh é sin?

Tá oifigeach ón ASTMS ainmnithe do Bhord an Údaráis.

An bhfuil an tAire ag rá gurab shin é an gnás a bhí ann agus go bhfuil sé ag cloí leis an nós a bhí ann cheana maidir le duine a ainmniú do Bhord an Údaráis.

No, no. Uair amhaín a tharla sé. Níl aon riail ann maidir leis sin. Agus d'ainmnigh mise duine atá ansin mar chomhalta, duine go bhfuil an-bhaint aige le obair an ASTMS agus tá na céardchumainn sásta leis an scéal.

An n-aontódh an tAire gur ceart duine ó na céardchumainn a bheith mar bhall de Bhord an Údaráis, rud nach ndearna an tAire nuair a thug sé an sac don duine a bhí ann cheana agus níor chuir sé duine ar bith ina áit?

Níor thug mé deis do na céardchumainn é a ainmniú agus, chomh fada agus is eol dom, tá na céardchumainn lán sásta leis an té a d'ainmigh mise.

Cad mar gheall ar an Workers Participation Act a chur i bhfeidhm san Údarás?

Sin í an cheist atá á plé faoi láthair.

53. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuair sé an t-eolas a bhí á iarraidh aige i dtaobh láimhseáil iasachtaí áirithe airgid ag iarPhríomh-Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta nuair a chinn sé an bóthar a thabhairt dó agus do bhaill áirithe de Bhord Údarás na Gaeltachta; agus an inseoidh sé cén uair atá sé i gceist aige an t-eolas sin a chur os comhair na Dála.

Chuir mé an t-eolas a bhí agam i dtaobh na hiasachta sin ar fáil don Dáil ar 17 Samhain 1983 (col. 2631 et seq.). Níl aon eolas breise ábharthach le tabhairt agam ina leith.

An inseodh an tAire cad tá déanta aige ó 1983 chun an teolas sin a chur ar fáil don Dáil?

Ba mhaith liom a rá ag an bpointe seo go bhfuil litir dlíodóra fáite ag an Údarás i leith na faidhbe seo agus níor mhaith liom aon rud a rá a chuirfeadh isteach ar cibé a tharlódh amach anseo.

An n-aontódh an tAire go raibh eagóir déanta ar thriur a bhí ina mbaill de Bhord an Údaráis agus go raibh daoine ag ceapadh ag an am sin go raibh rud éigin bun os cionn le hobair an Údaráis agus le Bord an Údaráis nuair a thug sé an sac dóibh agus go raibh trí bhliain aige leis an scéal a mhiniú don Dáil agus nach bhfuil tada déanta aige leis an rud sin a chur i gceart agus leis na daoine seo a ghlanadh?

Tá sé anois i lámha na ndlíodóirí agus ní ceart domsa aon rud a rá a chuirfeadh isteach ar cibé a tharlódh.

Nuair a tugadh isteach an bhreith i bhfábhar an phríomhfheidhmeannaigh ar chinntigh sé sin nach raibh aon rud mícheart san Údarás nuair a d'éirigh leis slám airgid nach bhfuil a fhios againn tada faoi, nuair a fuair sé sin ina ghlac, agus de réir cosúlachta, gur dhruid sé a bhéal chomh maith. An bhfuil an tAire a rá anois de bharr an cinnidh sin nach raibh tada micheart agus nár dearnadh rud ar bith as bealach?

Tá mé ag rá go bhfuarthas litreacha ó dhlíodóiri go dlíodoírí agus nach bhfuil mise sásta mo ladhar a chur isteach ag an bpointe seo, agus bheadh an Teachta ag tabhairt amach dom dá ndéanfainn a leithéid.

(Cur isteach.)

An n-aontódh an tAire go bhfuil trí bliana caite nach raibh san rud ar fad ach polaitíocht, go raibh an tAire ag iarraidh a mheon feín a shásamh agus go ndearna sé éagóir ar dhaoine nach raibh tada mícheart déanta acu.

(Cur isteach.)

Tá mise sásta go ndearna mé an rud ceart ag an am.

Dúirt an tAire go raibh sé sásta go ndearna sé an rud ceart ag an am. An é atá i gceist aige anois nó an é atá á rá aige go raibh éagóir déanta ag na daoine seo, go raibh airgead curtha amú agus nach raibh siad ag déanamh a gcuid oibre mar bhaill den Udarás?

Tá an Teachta ag iarraidh focail a chur i mo béal. Tá mé ag rá go bhfuil mé sasta i mo intinn féin go ndearna mé an rud ceart ag an am. Dúirt mé é sin cheana agus tá mé á rá anois arís.

(Cur isteach.)

Barr
Roinn