Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 Nov 1985

Vol. 361 No. 9

Written Answers. - Deontas Tithíochta.

16. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta, dá ndiúltódh Roinn na Gaeltachta deontas tithíochta a thabhairt do dhuine sa Ghaeltacht, an mbeadh an tAire sásta an t-iarratas sin a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Comhshaoil i gcomhair deontas na Roinne sin, agus an nglacfadh an Roinn sin le hiniúchadh chigire tithíochta Roinn na Gaeltachta.

Tuigim nach foláir d'oifigeach ón Roinn Comhshaoil gach iarratas a gheibheann an Roinn sin a scrúdú. Ní ghlacfaí mar sin le modh oibre den saghas a luann an Teachta. Bheadh mo Roinnse toilteanach, áfach, foirm iarratais de chuid na Roinne Comhshaoil a sheoladh chuig iarratasóirí a mbeadh deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) á ndiúltú i scríbhinn dóibh.

Barr
Roinn