d'Aire na Gaeltachta céard iad na hoileáin Ghaeltachta a bhfuil seirbhísí farantóireachta curtha ar fáil dóibh, céard é costas na seirbhísí sin agus céard atá leagtha amach ag an Aire le teacht i gcabhair ar na hoileáin nach bhfuil aon seirbhísí farantóireachta acu.
Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Seirbhísí Farantóireachta sna n-Oileáin.
Cuirtear seirbhís farantóireachta báid ar fáil le cabhair Stáit sna cásanna seo a leanas:
(1) Cléire — á reachtáil ag Coiste le cabhair airgid ó Roinn na Gaeltachta (deontas suas le £20,000 ceadaithe don bhliain seo móide iasacht speisialta £10,000).
(2) Árainn Mhór — á reachtáil ag Comharchumann Árainn Mhór Teo le cabhair airgid ó Údarás na Gaeltachta (timpeall £20,000 sa bhliain)
(3) Oileáin Árann — á reachtáil ag Córas Iompair Éireann
Sheas Roinn na Gaeltachta costas iomlán (£320,000) an bháid i gCléire agus sheas Udarás na Gaeltachta costas iomlán (£214,000) an bháid in Árainn Mhór. Cuireann Aer Árann Teo seirbhís rialta eitleáin go hOileáin Árann ar fáil le cabhair ó Údarás na Gaeltachta (£122,633 i 1984) agus cuireadh seirbhís thrialach héileacaptair chuig Toraigh ar fáil Feabhra-Márta i mbliana le cabhair ó Údarás na Gaeltachta (£4,755). Bíonn socruithe ar leith i bhfeidhm ar ndóigh ag An Post i ndáil le seachadadh litreacha etc chuig oileáin.
Comhairlítear dom go mbainfeadh costas de bhreis ar £1.5m le saoráidí calaíochta sásúla a fhorbairt i dToraigh a d'fhreastalódh ar sheirbhís farantóireachta don oileán sin agus nil caiteachas mar sin beartaithe faoi láthair.
An raibh aon teagmháil ag an Aire le Comhdháil na nOileán atá ag iarraidh cúrsaí a fheabhsú do mhuintir na n-oileán le áiseanna farantóireachta i gcoitinne a chur ar fáil?
Bhuail mé le muintir Chomhairle na n-Oileán ar ocáid amháin agus d'éist mé leo. Bhí a lán le plé acu agus chuir siad a lán ceisteanna orm. Glacaim leis nach bhfuil áis farantóireachta sásúil ar fud na n-oileán ar fad. B'fhearr liomsa go mór dá bhféadfáí feabhas a chur ar an scéal ach tá dul chun cinn mór déanta idir báid, eitleáin agus héileacaptair agus dé réir mar a thagann airgead breise chugainn béimid ábalta tuilleadh feabhais a chur ar na saoráidí sin.
An bhfuil aon phlean leagtha amach i gcóir gach oileán i gcaoi go mbeadh a fhios ag daoine i gceann trí bliana, cúig bliana nó deich mbliana céard tá in ann dóibh ó thaobh cúrsaí farantóireachta de — is é sin na hoileáin nach bhfuil — an áis seo curtha ar fáil dóibh go fóill?
Mar atá a fhios ag an Teachta, tá an Roinn i gcónaí ag breathnú ar céard tá ag tarlú agus céard iad na háiseanna a bheadh ag teastáil amach anseo; ach níl aon phlean sonnrach maidir le chuile oileán.
Deputy Molloy rose.
Níl ach 10 nóiméad nó mar sin fágtha againn.
Nach bhfuilimid sásta dul ar aghaidh leis na ceisteanna i dtaobh an Ghaeltacht, má aontaíonn na Teachtaí leis?
Ní féidir linn é sin a dhéanamh do réir oird.
An bhfuil sé ar intinn ag an Aire córas farantóireachta nua a chur ar fáil do Oileán Árainn? Tá sé seo á phlé ag an Rialtas le trí bliana anuas.
Is ceist í do CIE. Tá siad ag plé na ceiste seo agus is iad atá freagarthach as farantóireacht agus áis a chur ar fáil.
Cen fáth an mhoill?
Dúramar leo go gcaithfeadh siad feabhas a chur ar na háiseanna, agus tá siad ag breathnú air faoi láthair.
Tá sé á phlé ag an Rialtas ar feadh trí bliana anois.
Is iad CIE atá freagarthach as.
An nglacfaidh an tAire i leith seirbhís farantóireachta d'Arann Mhór go bhfuil gá go gcuirfí leis an falla atá ansin? Tá cupla míle punt ag teastáil uainn chun an falla ansin a leathnú.
Táimid ag breathnú air faoi láthair. Níl mé cinnte go baileach céard atá ag teastáil ansin le go bhféadfaí feabhas a chur ar an áis. Má chuireann an Teachta ceist orm faoi amach anseo beidh mé in ann níos mó eolais a thabhairt dó faoi.