asked the Minister for the Gaeltacht the reasons the 1984 Údarás na Gaeltachta audited accounts were not cleared by his Department; if audited accounts of all the subsidiary companies have been completed and signed as at 31 December 1984; and the number of any subsidiary companies which still have to be audited and certified up to year ended 31 December 1984.
Written Answers. - Údarás na Gaeltachta Accounts.
Ní bhíonn ar mo Roinnse Tuarascáil Bhliantúil agus Cuntais Údarás na Gaeltachta a ghlanadh. Bíonn ar an Údarás an Tuarascáil agus na Cuntais a thíolacadh dom agus is gnó dom cur faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Tá sé sin déanta anois i gcás Tuarascála agus Cuntais na bliana 1984.
Maidir le cuntais fhochuideachtaí an Údaráis léirítear i Sceideal 1 (leathanach 54) de Thuarascáil 1984 na dátaí is déanaí a bhfuil cuntais iniúchta faighte do na fochuideachtaí sin. Tuigtear ón Údarás go bhfuarthas na cuntais chuideachta seo a leanas ó cuireadh cuntais an Údaráis féin i gcló:
Cuntas don tréimhse go |
|
Snáth Kilcarra Teo. |
31.12.84 |
Seirbhísí Innealtóireachta Mhaigh Eo Teo. |
31.3.85 |
29.
asked the Minister for the Gaeltacht arising out of his reply to Parliamentary Question No. 64 of 6 November 1985 the reasons for the delay in not having the audit accounts for 1983 signed prior to 5 February 1985; and when the accounts for 1984 for Bord na Gaeilge will be placed on the table of the Dáil.
Tuigim ó Bhord na Gaeilge gur brú oibre mar aon le haistriú go córas cuntasaíochta ríomhaire a chuir moill le críochnú na gcuntas don bhliain 1983 rud a chuir moill dá réir le foilsiú na tuarascála don bhliain sin.
Tá iarrtha agam ar Bhord na Gaeilge brostú oiread is féidir le tuarascáil na bliana 1984.