Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 1985

Vol. 362 No. 13

Ceisteanna—Questions Oral Answers. - Labhairt na Gaeilge.

28. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an aontódh sé, cé go bhfuil tromlach phobal na tíre báúil le labhairt na Gaeilge, go bhfuil an chosúlacht ann gur ag dul in olcas atá cúrsaí maidir le labhairt na teanga agus an mbeadh sé sásta a mholadh don Rialtas treoir a thabhairt le misneach an phobail a mhúscailt lena chur ina luí orthu go bhfuil gá le hiarracht speisialta leis an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht a thabhairt slán agus an dtabharfaidh sé ráiteas sa chás.

Glacaim leis go bhfuil tromlach phobal na tíre báúil leis an nGaeilge agus glacfaidh an Teachta leis, ceapaim, ní foláir, go gcaithfear an bhá sin a shaothrú i gcaoi go mbeidh fonn ar an bpobal iarracht leanúnach a dhéanamh chun úsáid na Gaeilge mar theanga labhartha a leathadh. Ní dóigh liom, áfach, gur ag dul in olcas atá cúrsaí — tá comharthaí dóchais ann freisin.

Faoi mar is eol don Teachta, dhearbhaigh an Rialtas nuair a bhí an Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge 1983-86 á chur i láthair an phobail go bhfuil de chúram orthu timpeallacht a chruthú a thacóidh dáiríre leosan a roghnaíonn an Ghaeilge mar phríomhtheanga nó mar theanga bhunúsach ina saol laethúil. Beifear sásta aon deis réasúnta a thapú chun an pobal a spreagadh le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn.

Nuair a cuireadh cláir phoiblíochta ar bun ar an teilifís, "Part of what we are"— chuidigh siad go mór le labhairt na Gaeilge. Ach ní raibh aon leanúnachas leis agus níl an t-airgead nó an cuidiú ata ag teastáil ó Bhord na Gaeilge chun an leanunachas sin a chothú agus suim na ndaoine a mhúscailt i gceart.

Tá airgead le fáil ag Bord na Gaeilge ón Rialtas chomh fada agus is féidir é sin a fháil laistigh de na teorainneacha atá ann faoi láthair. Aontóinn leis an Teachta, agus ceapaim go n-aontódh Aire na Gaeltachta liom freisin go raibh tionchar an-mhór ag an chlár a luaigh an Teachta ar mheon munitir na tíre agus is ábhar díomá dom agus don Aire nach mbaintear níos mó usáide as an ghléas teilifise chun an meon seo a spreagadh níos mó ná mar atá.

An n-aontodh an tAire go bhfuil gá le teilifís Gaeltachta agus i bhfad níos mó cláracha trí Ghaeilge at RTE chun an teanga a chur chun cinn.

Ba mhaith liomsa i bhfad níos mó cláracha as Gaeilge a fheiceáil. Mar gheall ar chúrsaí theilifís Gaeltachta, sin ábhar go bhféadfaimís a phlé sa Teach ar ocáid eile.

Ó tharla go bhfuil suim ag an Aire i ndul chun cinn na Gaeilge, an bhfuil sé sásta go mba cheart don Rialtas brú a chur ar RTE na cláracha a chur chun cinn ar mhaithe le pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ag breathnú ar na Teachtaí trasna, bheadh faitíos orm aontú leis an Teachta gur chóir domsa nó aon Aire eile brú a chur ar RTE.

Barr
Roinn