Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Comhaltas Ceoltóirí Éireann.

12. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta ó tharla nach bhfuil an Chomhairle Ealaíon sásta aitheantas a thabhairt do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann ina n-iarrachtaí le "Seisiúin" a chur ar siúl arís i mbliana, an mbeadh an tAire sásta cabhair airgid a bhfuil gá leis a chur ar fáil.

Íocann mo Roinnse deontas bliantúil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann agus méadaíodh an deontas sin ó £120,000 i 1985 go dtí £125,000 i mbliana. Níl ar mo chumas cur leis an gcabhair sin.

An n-aontódh an tAire nach bhfuil sé sásúil nár chuir Roinn an Taoisigh an t-airgead a bhí le fáil ag Comhaltas Ceoltóirí le blianta fada. Sílim ceithre bliana déag atá na "Seisiúin" ar siúl anois go mbíonn 600 fostaithe ar feadh scathaimh den bhliain agus go mbíonn siad ag 45 ionad agus go bhfuil obair mhór á dhéanamh acu ar mhaithe le turasóireacht agus go bhfuil dainséar ann anois nach mbeidh na seisiúin in ann leanúint ar aghaidh mar a bhíodh san am atá caite. An n-aontódh sé go mba mhaith an rud é dá mbeadh cuidiú le fáil agus go mbeadh an deontas speisialta seo a bhíodh ar fáil ag Comhaltas Ceoltóirí á fháil acu lena gcuid oibre a chur chun cinn?

Níl mise freagrach as Roinn an Taoisigh nó as Bhord na Comhairle Ealaíona. Ach chomh fada agus is eol dom sé atá ráite ag Bord na Comhairle Ealaíona ná nach bhfuil siad sásta deontas a chur ar fáil do na "Seisiúin" ach go mbeidís sásta deontas a chur ar fáil do thograí oideachais nó oiliúna nó rudaí mar sin. Deirtear liom nach bhfuil iarratas faighte ón gcomhaltas ar airgead do thograí den tsaghas sin. Mar adeirim, níl mise freagrach as cinnidh atá déanta ag an gComhairle Ealaíona.

Ó tharla go bhfuil diúltaithe glan ag an gComhairle Ealaíona an deontas ar leith seo a bhíodh ar fáil le haghaidh na "Seisiúin", an n-aontódh an tAire go bhfuil gá leis agus gur obair mhaith atá á dhéanamh agus gur ceart dá Roinn scrúdú a dhéanamh ar an gceist agus féachaint an dtiocfadh leo san airgead breise a chur ar fáil do Chomhaltas Ceoltóirí leis na "Seisiúin" seo a choinneáil beo.

Glacann mo Roinn go bhfuil obair mhaith á déanamh ag an gComhaltas sna "Seisiúin" atá ar siúl acu. Dúirt mé sin go poiblí cheana. Dúirt mé freisin go poiblí cheana, má tá ganntanas airgid ag cur as don Chomhaltas, go ndúradh leo sa chéad dul síos sular chaith siad suimeanna móra airgid go mbeadh an ganntanas sin ann agus nach mbeadh ar chumas na Roinne é a íoc leo agus nár cheart aon mhíthuiscint a bheith ann faoi sin. Dúirt mé féin leo é mar Aire, dúirt oifigigh na Roinne leis an gComhaltas é, mar cheap siad go mba cheart é a rá. Anois tá ganntanas mór airgid ag cur as dóibh. Chomh maith leis sin socraíodh go gcuirfí £300,000 ar fáil dóibh ó Chiste na nAgróirí. Dhá céad míle a bhí i gceist sa céad áit ach, ar mo mholadhsa, shocraigh an Rialtas ar £100,000 breise a chur ar fáil dóibh. Tá an-iarracht déanta agamsa cuidiú leo ar aon bhealach gur féidir liom. Ach, mar adúirt mé, níl sé ar mo chumas breis airgid a chur ar fáil dóibh faoin ghnáth scéim deontais atá ann do airgead a íoc.

Luaigh an tAire an £300,000. B'shin deontas caipitil, deontas ar leith a tugadh don Chomhaltas. Ach seo deontas speisialta a bhí le fáil acu in aghaidh na bliana ar feadh ceithre bliana déag. An n-aontódh sé go mba mhór an tubaist é don Chomhaltas anois nach féidir leo na "Seisiúin" seo a chur ar bun mar ba mhaith leo agus go mba cheart do Roinn na Gaeltachta an cheist a scrúdú i gcaoi go dtiocfadh leo deontas eigin a thabhairt dóibh lena gcuid oibre a dhéanamh?

Caithfimid dul go dtí ceist Uimh. 13.

Barr
Roinn