Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Iarratais ar Dheontais.

13. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon iarratas ar dheontais atá idir lámha ag Údarás na Gaeltachta ó mhí Eanáir 1986; cén líon acu siúd a bhfuil litir ofrála seolta ag an Údarás chucu; agus cén líon nach bhfuil sin déanta go fóill.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur cuireadh comhaontuithe deontais amach chuig príomhaithe i gcás 22 den 122 thogra a ghlan an tÚdarás ó 1 Eanáir 1986 i leith.

Os rud é nach féidir le go leor de na tionsclaíthe tosnú os rud é nach bhfuil airgead acu, an bhféadfadh an tAire a chur in iúl don Teach cén uair a mbeidh airgead curtha ar fáil do Údarás na Gaeltachta?

Beidh an cheist sin á plé leis an Údarás go han-luath.

An gceapann tú roimh an phreas agallamh anseo amárach?

(Cur isteach.)

Barr
Roinn