Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 12 Jun 1986

Vol. 367 No. 10

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Deontais Seirbhíse.

1. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon tograí i nGaeltacht Chonamara a fuair deontais seirbhíse ó Údarás na Gaeltachta ó 1980; cén t-airgead iomlán a bhí san áireamh; agus cén líon post a cruthaíodh dá bharr seo.

2. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cé mhéad airgid a soláthraíodh i ndeontais seirbhíse i nGaeltacht Thír Chonaill gach bliain ó 1980 i leith; cé mhéad post a cruthaíodh dá bharr; cé mhéad iarratas atá idir lámha i láthair na huaire; agus cé mhéad iarratas ar dheontais seirbhíse atá diúltaithe ag an Údarás ó thús 1986.

6. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta cén líon tograí i nGaeltacht na Mumhan a fuair deontais seirbhíse ó Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith; cén t-iomlán airgid a íocadh; agus cén líon postanna a cruthaíodh.

11. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil deireadh le deontais seirbhíse ó Údarás na Gaeltachta; cén dáta ar cuireadh an cinneadh seo in iúl don Údarás; agus cén fáth atá leis an athrú polasaí seo.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 1, 2, 6 agus 11 le chéile.

Toisc imní éigin a bheith ann faoi chúnamh a ceadaíodh do chineálacha áirithe de thionscnaimh sheirbhíse tugadh treoir mar seo a leanas d'Údarás na Gaeltachta ar 15 Eanáir 1986:

Tá teorainn £100,000 á cur leis an tsuim is féidir a údarú i 1986 i leith tionscal seirbhíse as an deontas-igcabhair do chaiteachas caipitil agus is i leith tograí a bhfuil fíor-riachtanas agus tábhacht ar leith leo, a chuirfidh fostaíocht bhreise ar fáil agus nach mbunófaí cheal cúnaimh ón Údarás a bheidh cabhair le ceadú.

Fuarthas achainí ón Údarás maidir leis an treoir sin le fíordhéanaí agus tá breithniú á dhéanamh air.

Seo a leanas sonraí a fuarthas ón Údarás maidir leis an eolas atá á lorg faoi thionscail sheirbhíse i gcás Gaeltachtaí ar leith:

Gaillimh: Sa thréimshe ó 1 Eanáir 1980 go 31 Nollaig 1985, íocadh deontais dar luach £77,020 i gcás 79 dtogra agus bhí 117 nduine fostaithe go lánaimseartha iontu ag deireadh 1985.

Cúige Mumhan: Sa thréimhse ó 1 Eanáir 1980 go 31 Nollaig 1985, íocadh deontais dar luach £640,345 i gcás 90 thogra agus bhí 156 dhuine fostaithe go lánaimseartha iontu ag deireadh 1985.

Dún na nGall: Sa thréimhse ó 1 Eanáir 1980 go 31 Nollaig 1985, íocadh deontais dar luach £379,152 i gcás 48 dtogra agus bhí 69 nduine fostaithe go lánaimseartha iontu ag deireadh 1985. Tá tuairim is 40 iarratas ar lámha nach bhfuil cinneadh déanta ina leith go fóill. Níl diúltiú tugtha d'aon chás ó thús 1986.

An n-aontódh an tAire go bhfuil díomá orainn nach bhfuil cúrsaí níos fearr ó thaobh deontasaí á gcur ar fáil don Údarás agus an bhféadfadh séa chinntiú nach mbeidh an scéal amhlaidh agus a rá cén uair a thiocfaidh an t-airgead atá ag teastáil uathu i láthair na huaire le na gcuid oibre a dhéanamh?

Sin ceist eile ach tá mé sásta a rá leis an Teachta go bhfuil an rud seo á phlé na laethanta seo, agus go mbeidh cinneadh déanta agus go mbeidh an Roinn ag caint leis an Údarás faoi seo go han luath.

Barr
Roinn