Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 1 Jul 1986

Vol. 368 No. 8

Written Answers. - Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir.

20. D'fhiafraigh

den Aire Dlí agus Cirt cad is cúis leis an moill maidir leis an Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a leasú.

Ó thaobh chrannchuir de, tá bille — An Bille um Chrannchur Náisiúnta, 1986 — faoi bhráid an Tí seo i láthair na huaire. Leasaíonn an Bille forálacha áirithe den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956.

Ó thaobh chearrbhachais de, tíolacadh Bille — An Bille um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1985 — don Teach i Mí na Nollag seo caite ach, mar is eol don Teachta, níor deineadh aon dul chun cinn leis mar gheall ar easpa aontais i dtaobh forálacha an Bhille.

Faoí mar a dúirt An Taoiseach sa Teach ar an 23ú Eanáir agus mar a dúirt me féin ag freagairt ceisteanna Dála ar an 18ú Feabhra agus 11ú Márta, tá athbhreithniú cuimsitheach á dhéanamh faoi láthair ar an dlí a bhaineann le cearrbhachas agus crannchuir. Chomh maith leis sin tá ceist na scán-inneal chearrbhacais á iniúchadh ag an Roghchoiste um Choireacht, Aindlí agus Loitiméireacht.

Níl sé ar intinn agam aon mholtaí maidir le reachtaíocht san réimse seo a chur faoi bhráid an Rialtais go dtí go mbeidh toradh an dá iniúchadh sin agam. Ní ghlacaim leis go bhfuil aon mhoill dosheachanta i gceist.

Barr
Roinn