Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 5 Nov 1986

Vol. 369 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scolaíocht i Ráth Cairn.

1. D'fhiafraigh

d'Aire na Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag Roinn na Gaeltachta aon deontais a chur ar fáil chun cuidiú le Coiste Ghairmoideachais Chontae na Mí ina n-iarrachtaí le scolaíocht dara leibhéal i nGaeilge a chur ar fáil i nGaeltacht Ráth Cairn.

Tuigim go bhfuil an scoil iarbhunoideachais ag baint úsáide faoi láthair as cuid d'fhoirgneamh a tógadh mar ionad pobail don cheantar le cúnamh ó mo Roinn. Ní hí Roinn na Gaeltachta, áfach, a thabharfadh deontas don choiste gairmoideachais maidir leis an togra seo.

Is féidir a rá gur chuidigh Roinn na Gaeltachta san am atá caite le foirgnimh a thógáil agus mar sin de sna Gaeltachtaí. An bhfuil aon eolas ag an Aire i láthair na huaire go bhfuil sé i gceist foirgneamh ar bith den chineál sin a thabhairt do Ghaeltacht Ráth Cairn.

Tá iarratas á phlé againn faoi láthair maidir le breis áiseanna a chur ar fáil sa halla pobail agus tá aontaithe i bprionsabal go gcabhróimis leis sin. Anois, is dócha go mbainfear úsáid as an áis sin mar chuid de iarracht oideachais ansin.

Tá moladh mór tuillte ag pobal Ráth Cairn as ucht an Ghaeilge a choinneáil beo i gContae na Mí agus nach n-aontódh an tAire go mba cheart cuidiú ar leith a thabhairt do mhuintir Ráith Cairn sa chás seo?

Mar atá a fhios ag an Teachta, taobh amuigh den ghnáthdheontas reachtála, deontas le haghaidh áras pobail a thógáil agus áiseanna eile a chur ar fáil ansin, cuireadh deontas speisialta £50,000 ar fáil i mbliana do phobal Ráth Cairn, taobh amuigh de na deontais ar fad eile a bhíonn ag dul dóibh in aghaidh na bliana.

An aontódh an tAire go mba cheart go mbeadh scolaíocht iarmheánoideachais agus scolaíocht mheánoideachais ar fáil sa Ghaeltacht i dtreo is nach mbeadh daltaí as an cheantar sin ag dul chuig scoileanna a dhéannann na hábhair trí Bhéarla?

Aontaím go mba cheart go mbeadh siad ar fáil, ach tá a fhios ag an Teachta nach ormsa atá an fhreagracht. Tá an Roinn Oideachais sásta cabhair a thabhairt agus tá sé sin cruthaithe: tá sé á tabhairt i gceantar Ráth Cairn agus tá sí á tabhairt in Inis Oírr, áit a bhfuil, den chéad uair, meánscoil bunaithe.

An aontódh an tAire go bhfuil áit faoi leith bainte amach ag Gaeltacht Ráth Cairn, agus ó tharla go bhfuil sí chomh gar do Bhaile Átha Cliath, go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis an obair atá ar siúl i Ráth Cairn, agus go bhfuil gá le cibé cabhair a theastaíonn uathu chun an Ghaeilge a choinneáil slán.

Thiocfainn leis sin, agus cheapfainn go mbeadh baill den chomharchumann ansin ábalta a rá leis an Teachta go bhfuilimid an-réasúnach faoi aon iarratas a chuirtear chugainn. Tuigimid na deacrachtaí faoi leith atá acu i lár na Galltachta, faoi thionchar Bhaile Átha Cliath agus áiteanna mar é, agus déantar gach uile iarracht cabhair a thabhairt dóibh.

Barr
Roinn