Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 4 Dec 1986

Vol. 370 No. 7

Supplementary Estimates, 1986. - Vóta 39—Roinn na Gaeltachta.

Tairgim:

Go ndeonófar suim fhorlíontach nach mó na £1,785,000 chun íoctha an mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1986, le haghaidh tuarastail agus costais Roinn na Gaeltachta, maille le deontais le haghaidh tithe agus ildeontais-i-gcabhair.

Is é an príomhchuspóir atá leis an Meastachán Forlíontach seo ná caipiteal vótáilte breise a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta: tá an £4,175,000 atá i Leabhar na Meastachán faoin cheannteideal sin tugtha don Údarás cheana féin. Ach an £2,205,000 atá i gceist a thabhairt dor Údarás beidh níos mó caipiteal vótáilte faighte ag an eagraíocht sin i mbliana ná mar a fuair sé ná Gaeltarra Éireann riamh cheana in aon bhliain amháin. Suim £6,380,000 in iomlán a bheidh ann. Úsáidtear an t-airgead chun deontais a íoc le lucht tionscail mar chabhair chun tionscnaimh a bhunú nó a fhorbairt sa Ghaeltacht. Anuas ar an gcaipiteal vótáilte tá soláthar £4,750,000 údaraithe don Údarás mar chaipiteal neamhvótáilte sa bhliain reatha. Táan t-airgead sin á úsáid go príomha chun monarchana a thógáil, scaireanna a ghlacadh i gcuideachtaí agus maoin a cheannach.

Bhí éileamh thar an gcoitiantacht i mbliana ar íocaíochtaí deontais ón Údarás i gcomparáid le cúpla bliain anuas agus chothaigh sé sin deacrachtaí don eagraíocht. Is chun cabhrú oiread agus is féidir leis an Údarás — tar éis don Rialtas staid airgeadais an Stát-Chiste a chur san áireamh — atá socrú á dhéanamh tríd an Meastachán Forlíontach seo chun suim bhreise £2,205,000, is é sin breis is leath den soláthar bunaidh don bhliain, a chur ar fáil.

Is cúis sásaimh dúinn uile gur éirigh leis an Údarás an fhostaíocht i dtionscail faoina scáth a mhéadú don cheathrú bliain as a chéile i 1985. Ag deireadh na bliana sin bhí méadú 254 ar líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ó Ghaeltarra Éireann/ón Údarás i gcomparáid leis an líon a bhí fostaithe i dtús na bliana. Is dul chun cinn suntasach é sin nuair a chuirtear san áireamh na deacrachtaí ar leith a bhíonn le sárú sa Ghaeltacht, mar shampla, laigeachtaí bonneagair agus easpa bunsheirbhísí i gceantair áirithe. Tréaslaím a saothar leis an Údarás.

Tá soláthar breise de £30,000 á lorg do Bhord na Leabhar Gaeilge chun a chur ar a chumas deontais a íoc i leith leabhar Gaeilge atá foilsithe cheana féin nó a bheidh foilsithe roimh dheireadh na bliana. Tá an-bhorradh tagtha ar an bhfoilsitheoireacht Ghaeilge le cúpla bliain anuas — rud a fháiltímid go léir roimhe. Nímiste, áfach, do na foilsitheoirí a thuiscint go soiléir go bhfuil teorainn leis an méid cúnaimh is féidir leis an Roinn a chur ar fáil d'aon chuspóir dá fheabhas é.

Beidh sábhála mar seo a leanas ar Vóta na Roinne i gcaoi gur suim £1,785,000 atá á lorg sa Mheastachán Forlíontach: £250,000 ar dheontais thithíochta — go príomha toisc an mhoill a cuireadh le hobair thógála de bharr na droch aimsire i rith an tsamhraidh; £200,000 ar scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht. Bhíothas ag súil leis go mbeadh tús curtha le muiroibreacha costasacha ar Inis Meáin i lár na bliana seo ach meastar anois nach gcuirfear tús leo go dtí earrach na bliana seo chugainn ar a thúisce. Freisin ní chaithfear an méid a rabhthas ag súil leis ag tús na bliana ar hallaí, ionaid phobail, etc., de bharr na moille a cuireadh ar thograí áirithe.

Molaim an Meastachán Forlíontach seo don Teach.

Ba mhaith liom fáiltiú roimh an airgead seo atá a chur ar fáil anois ag an Aire chun teacht i gcabhair ar Údarás na Gaeltachta. Ach faraor, níor tháinig sé sách luath agus ní leor é leis na fadhbanna uafásacha airgid atá ag goilliúint ar an Údarás a leigheas ná a cheartú. Níl a fhios agam céard a dúradh i mbliana a chuir ina luí ar an Aire an phráinn a bhí leis an airgead seo a chur ar fáil don Údarás. I dtrí cheisteanna Dála ón Teachta Máire Geoghegan-Quinn agus mé féin agus Teachtaí eile de bhunadh na Gaeltachta, d'iarramar ar an Aire an t-airgead seo a chur ar fáil níos luaithe mar go raibh a fhios againn céard iad na deacrachtaí a bhí ag an Údarás maidir le postanna a chur ar fáil. Gheall sé dúinn anseo go mion minic go ndéanfadh sé sin agus, faraor, níor sheas sé lena fhocal. Táimid anois anseo ag deireadh na bliana agus cé gur mór an gar anois féin é, sílim go bhfuil go leor dochair déanta don obair.

Os ag caint ar an mbord mé, bíonn cuid mhaith cainte ag baill an Rialtais faoi na mná — cearta na mban. Is cosúil nach raibh bean ar bith sa Ghealtacht a bhí sách maith don Aire le toghadh ar an mbord seo. Is ceart dóibh beart de réir a mbriathar a dhéanamh nuair atá na cúrsaí seo á bplé. Rud eile a chuir iontas orm, sílim ó bunaíodh Bord Gaeltarra agus an tÚdarás ina dhiaidh sin, nach raibh sé riamh gan duine den IDA a bheith ar an mbord, agus na ceardchumainn, bhí áit acusan ar an mbord. Ach tugadh cúl láimhe dóibh don iarraidh seo, níl áit ar bith le fáil acu.

Mar a dúirt mé i dtús báire, tá anchreidiúint ag dul don phríomhfheidhmeannach atá ann i láthair na huaire. Ón eolas atá agam féin ar chúrsaí san Údarás sílim go dtig linn ará go bhfuil treoir mhaith á thabhairt aige, go bhfuil leagan amach aige maidir leis an fhoireann. Tá oifigigh forbartha sa chuid is mó de na Gaeltachtaí agus theastaigh sé sin. Tá mé cinnte go bhfeicfear toradh maith de bharr an eagair atá á chur aige ar an Údarás. Ba mhaith liom, chomh maith, tréaslú leis na baill uilig agus na baill a thogh an tAire. Ar a laghad tá an méid seo le rá fúthu, gur daoine de bhunadh na Gaeltachta iad, agus tá mé cinnite go dtuigeann siad céard atá ag teastáil ón nGaeltacht agus go bhféachfaidh siad le cur ar a son. Maidir leis an Ghaeilge féin, sílim go bhfuil gá le cabhair airgid a thabhairt don Údarás lena n-aghaidh a dhíriú ar fhorbairt na teanga sna Gaeltachtaí ar fad, ach gur tábhachtaí uilig gur beag an mhaith a bheith ag caint faoi phostanna má fhaigheann an Ghaeilge bás. Tá sé mar cheann de phríomh-aidhmeanna an Údaráis go bhféachfaidh siad leis an teanga a chur chun cinn. Sílim go bhfuil gá feasta le go ndíreodh an tÚdarás aghaidh níos mó, b'fhéidir, ar an gecist sin. Tá brú iontach ar na Gaeltachtaí, brú teilifíse, brú raidió, agus is deacair do mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a choinneáil slán leis an mbrú atá orthu.

Ba mhaith liom ceist a chur ar an Aire faoi rud atá faoi chaibidil i láthair na huaire. B'fhéidir nach bhfuil aon bhaint go díreach ag an Aire leis, ach seans go mbeadh míniú aige ar an scéal. An Siopa Leabhar le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge anseo i mBaile Átha Cliath, a thug seirbhís an-mhaith do phobal na Gaeilge. Bhí sé gar go maith do lár na cathrach, bhí tarraingt mhaith air ó gach uile cheantar den tír. Deirtear go bhfuil sé i gceist go mbeidh an siopa seo á dhruidim faoi dheireadh na bliana. Ní shílim, a Aire, gur cheart go dtarlódh sé sin, más ceist airgid atá ann, más ceist deontais ó Roinn na Gaeltachta atá ann, nó laghdú ar dheontas ó Roinn na Gaeltachta. Níl mé ag rá gurb ea. B'fhéidir go bhfuil sé i gceist go mbeadh laghdú ar dheontas ó Roinn na Gaeltachta agus dá bhrí sin go mbeadh an chomhdháil in ann an siopa a choinneáil ar siúl. Sílim go mba mhór an éagóir é ar phobal na Gaeilge, go mórmhór anseo sa chathair agus, go deimhin, ar fud na tíre uile go léir, agus go mba cheart dúinn iarracht a dhéanamh an siopa seo a choinneáil ar siúl. De réir an eolais atá agamsa deirtear nach bhfuil siad ag cailliúint airgid, agus má tá sé sin fíor tá an scéal níos measa. Dá bhrí sin, má tá míniú ag an Aire agus má tá a fhios aige cé atá ciontach, ba mhaith liom go dtabharfadh sé míniú agus go n-inseodh sé dúinn cad chuige a bhfuil sé seo ag tarlú. Tá, sílim, le scaitheamh, fás míorúilteach i bhfoilsiú leabhar Gaeilge. Ba mhór an trua é da ligfí don siopa seo a dhruid agus nach mbeadh na seirbhísí seo ar fáil. Arís, cuirim fáilte roimh an Meastachán seo ach, mar a dúirt mé, is é an trua go mb'éigean dúinn, nó don Údarás, fanacht go dtí seo lena fháil.

Cosúil leis an Teachta Gallagher cuirim fáilte roimh an Meastachán seo agus is mór an trua nach bhfuil níos mó ná uair an chloig againn chun caint mar gheall ar an nGaeltacht agus na nithe a bhaineann leis na Gaeltachtaí. Le déanaí, nuair a bhí Lá na Gaeilge againn sa Dáil agus ar fud na tíre sa tSeirbhís Phoiblí chuir sé ionadh ar mórán daoine an méid daoine atá sa tír agus a dhein iarracht an teanga náisiúnta a labhairt an lá sin agus déanaim comhghairdeas leis na daoine a thosnaigh é. Ba cheart i bhfad níos mó laethanta a bheith ann i rith na bliana ná lá amháin agus is é sin mo ghuí. Nílim chun leanúint síos an bóthar a shiúil an Teachta Gallagher nuair a bhí sé ag caint mar gheall ar an Údarás. B'fhéidir nach bhfuil a fhios aige go bhfuil trí chás os comhair na cúirte faoi láthair i gcoinne an Údaráis. Tá ceann acu sa Daingean, tá ceann acu i gcoinne Réalt Teoranta agus tá ceann eile ag oifigigh a bhí ag obair san Údarás i gcoinne "Success" magazine. Mar sin, pé rud a déarfaidh mise, níl mé chun rud nua a rá mar sin. Ach caithfidh mé a rá leis an Teachta Gallagher, nuair a bhí an Teachta Flynn mar Aire na Gaeltachta is é a dhein an dlí go gcaithfeadh oifigigh an Údaráis teacht thar n-ais chuige féin sara bhféadfaidís airgead éigin a chaitheamh agus ba é an Teachta Flynn a dhein sin. Níorbh é an tAire O'Toole a dhein é sin.

Taim ag caint anois i dtaobh Chiarraí agus measaim féin go bhfuil croí an Údaráis i nGaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall agus muintir Chiarraí agus Chorcaí agus Phort Láirge agus Chontae na Mí níl ach sop beag ag teacht síos chucu. Níl a fhios agam cén fáth é sin, mar tá muintir na Gaeltachta sa taobh theas den tír chomh maith leis an muintir atá ag maireachtaint i nGaillimh, Maigh Eo agus Dún na nGall. Is féidir leis an Aire a rá gur cuireadh oifig ar bun sa Daingean, ach sa tslí ina bhfuil mise ag féachaint air — táim ag féachaint anois go hoscailte ar an Údarás — tá imní ar dhaoine áirithe toise gurb iad na daoine céanna atá ag fáil deontas gach uile lá. Cén fáth? An é easpa eolais atá ar an nghnáth dhuine sa Ghaeltacht sa taobh theas den tír? Ach má fhéachann tú ar an bpáipéar atá curtha amach ag an Údarás gach bliain i dtaobh a chúrsaí tá na hainmneacha céanna ag teacht aníos arís agus arís. B'fhéidir go bhfuil an scéal mar an gcéanna i gConamara agus i nDún na nGall, níl a fhios agam, ach sin é mar atá an scéal i gCiarraí.

Na comharchumainn atá sna Gaeltachtaí, tá an chuid is mó acu i gcruachás. Cén fáth — an é nach raibh an bhainistíocht i gceart nó go bhfuaireadar an treoir mhícheart agus nach raibh Aire na Gaeltachta nó Roinn na Gaeltachta nó Údarás na Gaeltachta in ann an t-eolas ceart a thabhairt dóibh. Ach is mór an trua sin mar caithfidh gach duine a admháil nuair a bhí na comharchumainn faoi lán seol gur dheineadar mórán maitheasa sa tír, go mór mhór leis na coláistí samhraidh. Agus ag caint i dtaobh choláistí samhraidh, caithfidh an tAire athbhreithniú a dhéanamh ar an méid airgid atá á fháil ag na mná tí. Tá na coláistí samhraidh an-tábhachtach ar fad ó thaobh eacnamaíocht na nGaeltachtaí. Tagann na céadta páistí ó gach aird den tír go dtí na Gaeltachtaí agus uaireanta ag deireadh na seachtaine tagann an t-athair agus an mháthair nó an deartháir nó deirfiúr ag féachaint orthu, an bhfuil gach rud ag dul i gceart, agus is fíor a rá go mbíonn siad ag cur fúthu i gcuid de na Gaeltachtaí. Mar sin, caithfidh an Rialtas, nó aon Rialtas atá i gcumhacht, i bhfad níos mó a dhéanamh faoi na coláistí samhraidh.

Istoíche bhí mé féin agus an Teachta Geoghegan-Quinn, an Teachta Haughey, an Teachta Prendergast agus an Teachta Mac Fhionnlaoich ag ócáid i dtaobh Fundúireacht na mBlascaodaí agus measaim féin go mba cheart do Roinn na Gaeltachta bheith istigh sa rud sin. Caithfidh tú cuimhneamh, muintir na n-oileán nó muintir na mBlascaodaí, ní raibh aon Bhéarla acu san. Bhí sé cosúil le hOileáin Árann. Ní riabh aon Bhéarla riamh sna Blascaodaí ach ag na strainséirí a tháinig isteach. Anois tá sé bánaithe le tríocha bliain nó mar sin. Ach tháinig Poncánach isteach agus cheannaigh sé an chuid is mó de. Anois tá fundúireacht tosnaithe agus measaim féin go mba cheart do Aire na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta nó b'fhéidir Udarás na Gaeltachta tacaíocht láidir a thabhairt don Fhundúireacht sin ionas go mbeimid ábalta páirc stairiúil a dhéanamh den Bhlascaod. Agus bí cinnte go n-aontódh gach duine san Teach seo leis an aidhm sin. Dúirt an Teachta Haughey anocht go raibh sé laistiar dó; labhair an Teachta Prendergast, Páirtí an Lucht Oibre, agus mhol sé é agus dúirt muintir Fhine Gael go rabhadar laistiar dó. Ba cheart don Aire cuimhneamh air sin agus buail leis an bhFundúireacht agus cuireadh a thabhairt dóibh teacht isteach chuige agus suí síos leis agus rud éigin a dhéanamh faoi.

Nuair a bhí an Teachta Gallagher ag caint mar gheall ar na tithe, measaim féin go raibh pointe ana-mhaith aige, i leith na coinníollacha atá ag an Roinn Comhshaoil chun deontas a fháil chun tithe a dheisiú. Chomh fada agus a bhaineann sé le muintir na Gaeltachta níl an oiread sin béim acu ar PAYE agus rudaí mar sin. Daoine macánta iad agus an chuid is mó den deisiúchán is iad féin a dheineann é agus nílid abálta a rá go bhfuil uimhir PAYE acu agus ba cheart don Aire seans a thabhairt dóibh a shean scil a thabhairt ar ais.

Táim ag caint arís i dtaobh na mbóithre sna Gaeltachtaí. Tá na bóithre go hainnis agus cuid de na bóithre níl ach duine amháin ag maireachtaint ag deireadh an bhóthair. Agus de réir na gcoinníollacha nua atá tugtha isteach sa Teach seo toisc gur deineadh rud éigin mí-cheart leis an airgead in áit éigin, tá sé ag cur isteach anois ar gach duine atá ag deireadh an bhóithrín, agus níl sé sin ceart. Ta an fear atá ag maireachtaint i ndeireadh an bhóithrín chomh tábhachtach leis na daoine atá ag maireachtaint i mbóithrín a bhfuil trí agus ceithre agus cúig tithe ann. Agus ba cheart don Aire arís athbhreithniú ar an scéal seo. Tá seans mór ag an Údarás, measaim féin, i bhfad níos mó a dhéanamh faoi. Nuair a chas muintir an Tí seo leis an bhfoireann i nGaillimh dúradar linn nach rabhadar ach ag caitheamh beagáinín den bhuiséad a bhí acu. Nílim sásta leis sin — beagáinín den bhuiséad chun leasú na teanga ar fud na tíre — cuid an-bheag ar fad, 2 faoin gcéad nó rud éigin mar sin. Bhí sé go hainnis. Agus measaim arís gur cheart don Aire a rá le hÚdarás na Gaeltachta i bhfad níos mó béime a chur ar na páistí an teanga a labhairt. Mura bhfuil an teanga ag na paistí níl aon seans aici.

Tuigim go bhfuil ganntanas airgid ann, ach caithfimid cuimhneamh go bhfuil an teanga ag imeacht. Tá na daoine ag imeacht thar sáile arís, cuid acu, b'fhéidir, go raibh job maith acu, cuid acu, agus tá siad ag dul thar lear. Is cailliúint mhór é sin. Measaim féin mura gcuireann an tÚdarás i bhfad níos mó béime ar Chiarraí agus ar Chorcaigh, ní bheidh na Gaeltachtaí ann. Bhí an Teachta Gallagher ag caint mar gheall ar na tograí feirmeoireachta bradán agus an rath atá ar chuid acu — agus deirtear liom go bhfuil cuid acu go han-mhaith ar fad, agus tuigim é sin, an ceart aige — ach tá taobh eile den scéal nuair a théann an tÚdarás isteach in áit éigin gan bualadh leis na hiascairí ar dtús agus caint leo, agus nuair atá an tÚdarás ag dul isteach cosúil le graibeirí agus ag tógaint farraige a bhí ag na hiascairí ó thosnaigh an saol seo, níl sé ceart. Tá easaontas mór anois i gCiarraí Thiar, agus ba cheart don Údarás cuimhneamh ar na focail a dúirt mé anseo anocht. Agus tá mé an-chúramach leis na focail atá á rá agam. Arís — níl ach cúpla focal eile le rá agam — deirim leis an Aire blianta eile a chur leis na coláistí samhraidh. Measaim gurb iad eacnamaíocht na Gaeltachta iad. Má tá deireadh leis na coláistí samhraidh ní bheidh punt sa phóca ag aon duine sa Ghaeltacht.

Labhair an Teachta Begley faoin ócáid dheas a bhí againn i gCeannáras Bhord Soláthair an Leictreachais, do Fhundúireacht an Bhlascaoid. Tharla rud iontach ann chomh fada is a bhain le Páirtí an Aire. Is é sin gur sheas an Teachta Begley agus gur labhair sé go poiblí thar ceann an Taoisigh. Meas tú ar chosúlacht é seo ar rudaí móra atá le tarlú sna seachtainí agus sna míonna atá amach romhainn i bPáirtí Fhine Gael? Fágaimis é sin faoin Aire. Ba mhaith liom píosa a léamh from the magazine of the Association of Scientific, Technical and Managerial Staff called "Neart" in the winter edition of this year, page 21, and I quote from an article entitled "Údarás na Gaeltachta Suffering from Success":

There was a time when one could safely assume that a new full time manufacturing job created anywhere in Ireland was a source of satisfaction to all. It appears now that there are first and second class jobs and that somehow jobs in wealth creation in the Gaeltacht are not as valuable as elsewhere in the country. There should be an end to such nonsense. The country needs every viable job it can get, wherever in Ireland they can be provided without discrimination.

Go háirithe leis an lagmhisneach atá orthu ó thús na bliana seo nuair a chinn an tAire agus an Rialtas an Údarás a fhágáil gann ar an leibhéal airgid a bhí uathu don bhliain seo. Agus dúirt an tAire linn, agus é ag labhairt linn ar an 5ú lá de Mheitheamh, 1986, in a ráiteas ar Mheastachán na Gaeltachta: "Tá súil agam go mbeidh réiteach ar an bhfadhb sin agam go han-luath", agus an fhadhb a bhí i gceist aige ná na deacrachtaí airgid a bhí ag an Údarás ag an am sin. "Go hanluath" a dúirt sé. B'shin an cúigiú lá de mhí Mheithimh na bliana seo. Anois tá sé i ndeireadh na bliana, go leor míonna ina dhiaidh sin, agus tá an tAire ag teacht ar ais ag rá, sa dara cuid dá óráid anseo, go raibh éileamh thar an gcoitiantacht i mbliana ar íocaíochtaí deontas ón Údarás i gcomparáid le cúpla bliain anuas. Agus deir sé, "Chothaigh sé sin deacrachtaí don Eagraíocht". Deirimse gurbh é cinneadh an Rialtais agus an Aire ag tús na bliana a chothaigh na deacrachtaí sin don eagraíocht, agus go bhfuil damáiste thar an gcoitinne déanta aige sin don eagraíocht í féin. Aontaím go hiomlán leis an Teachta Gallagher, cé go bhfáiltím, mar a rinne seisean, roimh an Meastachán Forlíontach seo. Aontaím go bhfuil sé ag teacht, b'fhéidir, ró-mhall don Údarás. Tá súil agam nach mar sin atá an scéal. Níl aon dabht i mo intinnse ná go bhfuil an t-uafás dochair déanta aige don chomhoibriú agus don bhá a bhí idir agus atá idir Údarás na Gaeltachta agus pobal na Gaeltachta go ginearálta. Agus sin é an chéad rud a chaithfear a chothú i gcónaí.

Creidim go bhfuil dochar déanta aige freisin do na tograí is fiúntaí a bhfuil ag éirí leo ar fud na Gaeltachta ar fad agus a bhfuil 4,000 duine fostaithe iontu nach mbeadh fostaithe murach go raibh Gaeltarra agus anois an tÚdarás ann. Ach, níos measa ná sin, tá amhras cothaithe in intinn aon tionsclóra le bliain anuas a bhí ag déileáil leis an Údarás, a bhí i mbun comhráite leo, nó atá ag plé leo faoi láthair faoi thionscail a bhunú sa Ghaeltacht agus fostaíocht a chur ar fáil atá ag teastáil go géar agus tá amhras cothaithe freisin in intinn an dreama seo i mbancanna, i bhfoinsí airgeadais eile na tíre a chuireann airgead ar fáil i bhfoirm iasachtaí do na tionsclóirí seo. Agus creidimse nuair a tháinig Bord Údarás na Gaeltachta i bhfeidhm go ndearna siad aon rud amháin agus go mba rud é a thug misneach do phobal na tíre i gcoitinne. Bhí tionscail ann ag an am sin a bhí ag cailliúint go leor airgid. Agus chinn an chéad bhord go ndúnfaidís síos na tionscail sin agus go dtosnóidís ag obair as an nua agus go gcuirfí an t-airgead sin isteach i dtionscail a raibh súil mhór go n-éireodh leo. Chothaigh sé sin go leor deacrachtaí, go mór mhór do na baill a bhí tofa go daonlathach ag pobal na Gaeltachta. Mar go minic an tionscal a dúnadh bhí sé i gceartlár a gceantair féin, i gceartlár a muintire féin. Agus in ionad tacaíocht a thabhairt don bhord agus don Údarás as ucht cinneadh den sórt sin a thógáil, céard a rinne an tAire agus an Rialtas seo ach cic a thabhairt dóibh agus a rá i mbliana nach bhfaighfidís an méid airgid a bhí ag teastáil uathu, agus a gcoinneáil ar an méar fhada ó mhí an Mheithimh seo caite ag cuartú an airgid sin. Mar a deirim, tá deacrachtaí thar an gcoitinne cothaithe acu do aon tionsclóir a bhí ag deileáil leis an Údarás.

Creidimse agus creidim go daingean é, go bhfuil tionsclóirí caillte ag Údarás na Gaeltachta nach dtiocfaidh ar ais go deo le lonnú sa Ghaeltacht. Tá cuid acu sin goidte ag an Údarás Forbartha Tionscail, agus tá eolas agam faoi cheann amháin acu, ceann mór atá gafa go dtí Tuaisceart na hÉireann. Agus ní raibh aon fáth leis sin ach amháin nach raibh an tÚdarás in ann an t-airgead mar dheontas a bhí tuillte ag an tionsclóir sin a chur ar fáil taobh istigh de achar áirithe mar a bheadh de ghnáth. Ní chreidimse gurb shin é an bealach le gnó a dhéanamh le haon eagras, ach go háirithe le heagras Stáit. Agus mar a dúirt mé, tá súil agam na tionsclóirí eile atá i mbun comhráite faoi láthair, go bhfanfaidh siad leis an Údarás agus leis an nGaeltacht.

Bhí an tAire agus mé féin i láthair roinnt seachtainí ó shin ar an gCeathrú Rua nuair a tháinig comhlacht mór idirnáisiúnta a bhfuil clú air ar fud an domhain, IBM, anuas chuig an nGaeltacht le comhghairdeas a dhéanamh le comhlacht beag Gaeltachta lonnaithe ar an gCeathrú Rua, Telemara Teo., ar shínigh siad conradh leo ag tús na bliana seo agus a raibh an comhlacht sin in ann oibrithe as ceartlár na Gaeltachta a fhostú, an conradh sin a líonadh go huile is go hiomlán ina cheart agus ina chóir agus gan aon teacht aniar air ón gcomhlacht IBM. Agus tháinig IBM chuig an nGaeltacht le duais a bhronnadh ar Thelemara Teo. Sin é an cineál scéil faoin Údarás agus faoin nGaeltacht a theastaíonn uainn a chothú agus a chreidimse gur féidir a chothú. Agus tréaslaím le foireann an chomhlachta sin, ach go háirithe le foireann agus le Príomhfheidhmeannach an Údaráis, mar creidim go bhfuil an-obair agus an-job déanta acu ar fud na Gaeltachta, go háirithe le blianta beaga anuas.

Bhí 667 bpost lánaimseartha agus 80 post páirtaimseartha ceadaithe ag an Údarás agus gan iad in ann litreacha ofrála a chur amach acu, mar, mar atá a fhios agam agus mar atá a fhios ag an Aire, bhí airgead iomlán 1986 tógtha suas ag tograí a ceadaíodh i ndeireadh na bliana 1985. Cloisimid go leor faoi chostais post amháin a chruthú in Éirinn, post amháin i gceantair an Údaráis Forbartha Tionscail, cuir i gcás. Agus tá a fhios againn anseo go gcosnaíonn sé dhá dtriain den mheánchostas sa chuid eile den tír post a chruthú sa Ghaeltacht, agus sin in ainneoin na gcineál constaicí a luaigh an Teachta Gallagher atá le sárú ag an Údarás, nach mbíonn le sárú ag an gcuid is mó eile den tír. Mar a dúirt mé ar dtús, ní chreidim féin dáiríre dá mbeadh aon údarás forbartha tionscail eile ag plé le ceantair Ghaeltachta seachas an tÚdarás, go mbeadh aon dul chun cinn i gcruthú postanna ann. Ní féidir, mar a dúirt mé ar ball beag, tion-sclóirí sclóirí a chur ar an méar fhada. Caithfidh siadsan cinneadh a thógáil inniu agus caithfidh siadsan a bheith ag dul i mbun oibre faoi cheann roinnt seachtainí nó roinnt míonna, agus tá, mar a thugann siad air, "deadline" acu ar fad. Cuireadh go leor acu sin ar an méar fhada le bliain anuas.

Anois, rinne an tAire — níl a fhios agam é an tAire féin nó an Rialtas a chuir ina luí air go gcaithfeadh sé dhá chinneadh aisteacha a thógáil i gcaitheamh na bliana seo. Áit amháin a raibh an-iarracht déanta ag an Údarás postanna a chruthú ar fud na nGaeltachtaí ná sna tionscail sheirbhíse. Agus b'fhéidir nach raibh oiread sin daoine ag obair sna tionscail sheirbhíse, go leor acu i gceantracha Gaeltachta na tíre seo iargúlta, gearrtha amach i bhfad ó thionscail sheirbhíse na gcathracha agus na mbailte móra. Rinne an tÚdarás an-éacht gur tugadh na seirbhísí ar chomhleibheál isteach i gceartlár na Gaeltachta. Agus rinneadh é sin mar go raibh an tÚdarás in ann deontais, beag suarach go maith ach a raibh an-tábhacht leo i gceantar beag Gaeltachta, a chur ar fáil do na gnáthdaoine, do mhuintir na Gaeltachta féin gan aon chur isteach ó aon duine nó aon tionsclóir mór a thabhairt isteach as taobh amuigh den Ghaeltacht. Ba éacht é sin agus ba éacht é a gcreidimse go n-aontódh fiú amháin an Teachta Begley leis, gur cheart dúinn gach uile thacaíocht a thabhairt dó.

Bhí rud eile a raibh baint acu leis, go háirithe i mo dháilcheantar féin, agus ba shin forbairt portaigh. Le blianta fada níorbh fhéidir portaigh a úsáid i réimsí móra de mo dháilcheantarsa, mar nach bhféadfaí teacht ar chomhoibriú nó ar thacaíocht ón bpobal i gcoitinne ansin, leis na portaigh sin a fhorbairt. Anois tá sé ráite ag an Aire, tuigimse, le bord an Údaráis, gan a bheith ag plé le forbairt portaigh níos mó, nár cheart dóibh é sin a dhéanamh, cé go gcreidimse gurb é ceann de na gníomhartha is mó agus is áisiúla a rinne an tÚdarás agus a raibh déileáil acu leis agus gur gníomh é mar sin gur cheart tacaíocht a thabhairt dó.

Feicim in óráid an Aire anseo ag deireadh leathanach a 2 go bhfuil sábháil airgid déanta ar Vóta na Roinne i mbliana, agus ag caint faoi na deontais tithíochta, d'iarr mise agus an Teachta Gallagher anseo ar an Aire roinnt míonna ó shin go n-éireodh leis eisceacht a dhéanamh, chomh fada agus a bhain sé le ceantracha Gaeltachta agus go háirithe le ceantracha oileáin Ghaeltachta, don chinneadh seo a thug an Rialtas go gcaithfí conraitheóirí tógála cláraithe a úsáid le do theach nua a thógáil. Tá andeacrachtaí sna ceantracha Gaeltachta, tá a fhios ag an Aire féin é, mar tá sé gar do Ghaeltacht in a cheantar féin agus is ó cheantar Gaeltachta é féin ó dhúchas. Tá an-deacrachtaí sna ceantracha Gaeltachta agus go háirithe i gceantair na noileán, de bharr easpa conraitheoirí cláraithe a bheith ar fáil. Agus creidimse fós gur cheart dó féin agus don Roinn athbhreithniú a dhéanamh agus eisceacht a dhéanamh i gcásanna den sórt sin. Agus creidim gurb é cuid den chúis leis an laghdú i ndeontais tithíochta i mbliana nach bhfuil conraitheoirí cláraithe ag tógáil na dtithe agus mar sin nach féidir le pobal na Gaeltachta cur isteach ar na deontais.

An dara sábháil atá ann ná £200,000 ar scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaeltacht agus is iontach go bhfuil an tAire ag caint ar Inis Meáin, mar chaith mise tamall ar Inis Meáin i gcaitheamh na deireadh seachtaine seo caite. Tugadh le fios dúinn é sin agus chonaiceamar féin an drochbhail atá ar an gcé ar Inis Meáin. Agus mar atá a fhios againn ar fad, níl aon bhealach amach ag formhór de phobal Inis Meáin-mura n-íocfaidh siad costas an turais ar eitleán, agus tá an turas sin an-daor-ach amháin ar bhád. Tá deacrachtaí móra acu ar an oileán sin ag teacht amach in aimsir atá gaofar agus aimsir a bhfuil farraige throm ann. Creidim dáiríre go bhfuil a fhios ag an Aire an tábhacht atá leis an gcineál sin muiroibreacha a dhéanamh ar an oileán.

Ní thuigim cén fáth go gcuirfí é sin ar athló go dtí an bhliain seo chugainn. An bhfuil an tAire ag rá linn go mbeidh an £200,000 sin ar fáil an bhliain seo chugainn nó an dtuigim as an méid atá ráite anseo go bhfuil sé á thógáil aige as an Meastachán agus nach bhfuil aon chruthúnas ann go mbeidh sé ar ais sa Mheastachán an bhliain seo chugainn? Tá an tAire Stáit ag an Roinn Iascaigh ag rith thart timpeall an dáilcheantar sin agamsa agus ag caitheamh na milliún ar mhuiroibreacha. Fiú amhain tháinig sé isteach sa Dáil ag caitheamh oiread sin milliún i Ros a'Mhíl. Fuair mé amach ón Aire Dlí agus Cirt a bhí ag labhairt thar ceann an Aire, nach raibh aon airgead ar fáil do Ros a'Mhíl i mbliana.

Tá an cineál sin rith thart timpeall agus an gealltanas airgid seo ag déanamh andamáiste, mar go gcreideann daoine go bhfuil an t-airgead ar fáil.

Tá sé all right daoibhse. Gheall Fianna Fáil——

Níor gheall Fianna Fáil tada i rith na deireadh seachtaine.

(Cur isteach.)

Dúirt sé go mbeadh ceann de na heileacaptair nua lonnaithe i nGaillimh.

Tá sé anéasca ceann díobh sin a lonnú in iarthar na tíre. Ach tá sé tábhachtach freisin go dtuigfeadh an tAire agus Roinn na Gaeltachta go bhfuil gá le costas den chineál sin le muiroibreachaí sábháilte ó thaobh slándála de a chur ar fáil ar na hoileáin. Agus ba mhaith liom a fháil amach cen fáth go díreach nach ndeachaigh an Roinn ar aghaidh leis an gcaiteachas seo i mbliana. Anois tá an tAire ag caint freisin ar hallaí agus ar ionaid phobail, agus go bhfóire Dia orainn, má théimíd ar fud na Gaeltachta — agus bhí an Teachta Begley ag caint faoi bhóithre áirithe — tá poill i gcuid acu a fheadfá feirm éisc a chur síos iontu.

De bharr na drochaimsire tá bóíthre portaigh nach féidir móin a thabhairt amach as a bportach orthu de bharr an drochbhail atá ar na bóithre sin. Creidim dáiríre, an t-airgead a chaitheadh i mbliana ar bhóithre ar fud na Gaeltachta nach fiú caint air bhí sé chomh beag sin.

Anois, ag dul ar ais chuig an Údarás tá tionscal fíorthábhachtach a bhfuilimid ar fad ag plé leis agus a dtugaimid ar fad tacaíocht dó agus sin tionscal an éiscfheirmeoireacht. Aontaímíd ar fad go bhfuil todhchaí mór in ann don tionscal sin anois. B'iad na cinnródaithe i bhforbairt an tionscail sin sa tír seo ná Údarás na Gaeltachta. Tá caiteachas mór caipitil ag baint leis an dtionscal sin. Creidimse gur cóir, agus Meastachán na bliana seo chugainn á phlé, áit speisialta a leagan amach i meastacháin an Údaráis le haghaidh forbairt an tionscail sin agus nach cóir an tionscal sin a chur i gcomórtas leis na tionscail eile nuair atá meastacháin Údarás na Gaeltachta á bplé agus an tAire ag deileáil leis an Rialtas i leith Mheastachán na Roinne an bhliain seo chugainn. Mura ndeinimid é sin agus mura gcuirimid dream amháin, eagras Stáit amháin, i bhfeidhil fhorbairt an tionscail sin, a bhfuil an eolaíocht acu agus an cumas iontu í a fhorbairt mar is cóir, creidim go dtitfidh an tóin as an tionscal. Ní theastaíonn uaimse agus tá má cinnte nach dteastaíonn ón Aire, go dtarlóidh sé sin.

Mar adúirt mé ag an tús, tá aiféala orm gur chaith an tAire dhá mhí déag sula dtug sé an t-airgead don Údarás a bhí riachtanach agus a bhí ag teastáil uathu go háirithe nuair a bhain sé le postanna a chruthú ar fud na nGaeltachtaí.

An tAire chun deireadh a chur leis an díospóireacht.

Cé mheíd ama atá fagtha agam, a Cheann Comhairle?

Seacht nóiméad.

Ba mhaith liom i dtosach mo bhuíochas a ghabháil leis na Teachtaí a ghlac páirt sa díospóireacht agus déanfaidh me iarracht go sciopa pointí a hard- aíodh a fhreagairt más féidir. Chuir an Teachta Gallagher fáilte roimh airgead agus gabhaim buíochas leis as ucht sin. Rinne sé tagairt don mhoill a bhí leis an airgead agus rinne an Teachta Geoghegan-Quinn an rud céanna. Bhí moill air toisc go raibh rudaí faoi leith le socrú idir an Roinn agus an Údarás. Ach mar gheall ar an leibhéal rótharraingt, bhí an áis sin ag an Údarás i gcónái agus ardaíodh é sin i rith na bliana le go bhfeadaidís airgead a chaitheamh. Ardaíodh é go deimhin faoi thrí. Cuireadh milliún breise ar fáil dóibh sa rótharraingt.

Tá curtha in ár leith go bhfuil an meon mícheart ag an Rialtas seo i leith an Udaráis, i leith na Gaeltachta, nár cheapamar ball dó seo agus ball dó siúd ar Bhord na Gaeilge. Ba mhaith liom dhá rud a rá. Uimhir a haon, táimid anseo anocht ag caint faoi Mheastachán an Rialtais agus is é an toradh atá ar an oíche seo go bhfuil faighte ag Údarás na Gaeltachta i mbliana níos mó airgid ná mar a fuair siad riamh cheana. Agus maidir le comhaltaí an bhoird, taobh amuigh de dhuine amháin a chuir mise ansin ón Roinn féin, fear na Roinne, tá chuile dhuine ar an mbord as an nGaeltacht. Ceapaim go bhfuil sé sin tábhachtach, go mbeadh na daoine ainmnithe ag teacht as an nGaeltacht ar aon nós. Ach ceapaim go mba chóir do chomhaltaí ainmnithe an Údaráis, a bheith de bhunadh na Gaeltachta agus go mbeadh tuiscint acu ar fhadhbanna na Gaeltachta.

Rinne an Teachta Gallagher agus an Teachta Begley tagairt don Ghaeilge mar theanga agus na coláistí samhraidh chomh maith. Tá fadhb maidir leis an nGaeilge. Tá an Ghaeilge ag dul i léig. Nil a fhios agam cén freagra atá air seo nó cén fuascailt atá ar an bhfadhb seo ach tá fadhb ann. Ag léamh na tuarascála a chuir Coiste an Oireachtais ar fáil, mhol siad go mba ceart don Údarás suim speisialta airgid a bheith acu le dul don chultúr agus don Ghaeilge agus go ndíreoidís a n-aire níos mó, mar adúirt an Teachta Begley, ar an nGaeilge. Sin rud gur féidir linn suí síos agus a phlé leo.

Maidir leis an Siopa Leabhar, siopa na Comhdhála, níl aon bhaint agamsa leis. Is mór an trua go bhfuil an raic seo ar siúl faoi láthair agus go bhfuil sé á dhúnadh, nó go gcloisim go bhfuil. Ba mhór an chailliúint é do mhuintir na Gaeilge sa chathair seo agus go deimhin ar fud na tíre. Ní ceist airgid é chomh fada agus is eol dom. Níl aon baint agamsa leis, mar a deirim, agus ní gearradh siar atá i gceist ar dheontas nó tada eile. Tá brabach á dhéanamh acu chomh fada agus is eol dom. Tá deacrachtaí eile ann, chomh fada agus a chloisim, agus tá mise ag rá — ní le mo ladar a chur isteach in eachtra den tsaghas sin, mar tá faitíos orm — go bhfuil súil agam go dtiocfaidh ciall agus go gcoinneofar an áis seo ar siúl.

Bhí an Teachta Begley ag clamhsán. Cheap sé go raibh croí an Údaráis i nGaillimh agus i Maigh Eo agus i dTír Chonaill agus gan aon chos a bheith i gCiarraí nó in aon pháirt eile den tír. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor. Níl sé sásta leis an mbealach ina ndáiltear deontais ina cheantair féin. Má tá an Teachta míshásta leis sin, tá mise sásta suí síos leis agus ceisteanna a chur air cén tslí ina ndáiltear deontais.

Na comharchumainn i ngcruachás — bhí agus go deimhin tá cuid acu fós. Ach tá cuid acu gur thugamar cúnamh dóibh, gur chuireamar comhairle orthu agus tá baill i bhfad níos fearr ar chuid acu ná mar a bhí na blianta ó shin. Chuaigh cuid acu isteach in obair agus i dtograí nár fheil dóibh agus chuaigh siad rófhada róluath, tá faitíos orm. Thosnaigh siad ag cur seirbhísí ar fáil agus thrasnaigh siad an méid a bhí an chomhairle chontae ag cur ar fáil in áiteanna. Rinne siad é sin toisc gur cheap siad gur theastaigh sé ó na daoine agus go mbeadh moill air dá mbeadh orthu fanacht do dhaoine eile agus rinne siad é mar sin agus bhí trioblóid ann.

Maidir leis na coláistí samhraidh, tá trí phunt deich in aghaidh an lae á íoc in aghaidh an dalta do na mná tí faoi láthair. Táimid ag plé cúrsaí airgid agus airgeadú faoi láthair agus beidh mé ag caint faoi sin amach anseo féachaint an féidir aon fheabhas a chur orthu - ach tá sé feabhsaithe le cúpla bliain anuas. Glacaim leis agus ba mhaith liomsa go deimhin níos mó a thabhairt dóibh.

Mhol an Teachta Begley go mba cheart dúinn anseo sa Roinn bheith páirteach i bhFundúireacht na mBlascaod. Sin rud go mba mhaith liomsa breathnú air. Tá mé mar bhall den fhundúireacht sin agus ní raibh sé d'acmhainn agam bheith ansin tráthnóna. Ach guím rath Dé ar a gcuid oibre ansin. Is áit í na Blascaodaí a bhfuil an-cháil air, an tOileán, ó thaobh litríochta dhe, a raibh Tomás Ó Criomhthain, Peig Sayers agus daoine eile ann a raibh an-cháil orthu. Maidir leis an ráitis ó STMS, ba mhaith liom a rá nach bhfuil dochar déanta don Údarás, nach ceart go mbeadh amhras cothaithe in intinn éinne faoi céard tá ar siúl ag an Údarás. Ba mhaith liom a rá go ndéanann sé i bhfad níos mó dochair go mbeadh Teachta anseo ag caint faoi amhras a chothú in intinn dhaoine mar mhuintir na mbanc a chuireann airgead ar fáil.

Tá Údarás na Gaeltachta i mbliana ag fáil níos mó ná mar a fuair siad riamh cheana. Ba mhaith liom tréaslú leo. Tá uimhir na ndaoine fostaithe ag dul i méid. Rinne an Teachta Geoghegan-Quinn tagairt do chostas poist a chur ar fáil. Sin cineál slat tomhais a gcloistear tagairt dó go minic. Fad a bhaineann liomsa níl aon chiall leis sin. Cuir i gcás nuair a bhíonn airgead ar fáil, beidh postanna, agus nach bhfuil breis postanna á gcur ar fáil? Sé an costas do phost den saghas sin ‘infinity'. Níl aon chostas air — ní féidir é a thomhais.

Ba mhaith liom arís tréaslú leis an Údarás. Siúráilte, tá mé sásta breathnú air. Níor mhaith liom a rá go mbeidh deathoradh ar an debate ach déanfaidh mé iarracht. Glacaim leis go bhfuil deacrachtaí ann ach tá na deacrachtaí céanna ar imeall na Gaeltachta, taobh amuigh den Ghaeltacht - mo cheantar féin cuir i gcás.

Cuireadh agus aontaíodh an Vóta.

Barr
Roinn