Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 1 Apr 1987

Vol. 371 No. 6

Ceisteanna—Question. Oral Answers. - Tionscal sa Spidéal (Contae na Gaillimhe).

1.

asked the Taoiseach if he is aware that Údarás na Gaeltachta have approved substantial grant aid to a company (details supplied) in Spiddal, County Galway; if he is further aware that almost the entire population of that area object to this industry; and in view of this objection if Údarás na Gaeltachta will withdraw the grant aid.

Is eol dom go bhfuil imní ar dhaoine sa cheantar maidir leis an tionscal áirithe atá i gceist agus nach mian leo go rachfaí ar aghaidh leis. Caithfear a rá, áfach, go bhfuil cead pleanála tugtha don tionscnamh ag an gComhairle Chontae tar éis di scrúdú a dhéanamh ar iarratas faoi na hAchtanna Pleanála. Ó thaobh Udarás na Gaeltachta de, tá ceangal conartha ar an eagraíocht maidir leis an gcúnamh atá ceadaithe don ghnó. B'fhiú go mbeadh comhráite idir na príomhaithe agus muintir an cheantair le súil go dtiocfar ar réiteach sa chás.

Barr
Roinn