Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 12 May 1987

Vol. 372 No. 7

An Bille um Údaras na Gaeltachta (Leasú), 1987: An Dara Céim.

"Tairgim go leífear an Bille an Dara hUair."

Is é cuspóir an Bhille seo ná an uasteorainn £50 milliún atá leagtha síos in alt a 23 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, do na hairleacain as an bPríomh-Chiste chuig Údarás na Gaeltachta a mhéadú go dtí £60 milliún. Sroiseadh an uasteorainn £50 milliún i mí na Nollag seo caite agus tá sé riachtanach í a ardú anois le go bhféadfar tuilleadh airleacan a chur ar fáil don Údarás. Is cruthú é an Bhille seo — má bhí gá lena leithéid — go bhfuil an Rialtas i ndáiríre maidir le forbairt na Gaeltachta agus maidir le soláthar airgid a chur ar fáil don Údarás chun brú ar aghaidh leis an obair thábhachtach atá ar siúl acu chun na críche sin.

Cuirtear soláthar caipitil ar fáil don Údarás ar dhá bhealach: deontas-i-gcabhair trí Vóta Roinn na Gaeltachta: caipiteal vótáilte a ghlaotar ar sin; agus airleacain inaisíoctha ón bPríomh-Chiste: caipiteal neamhvótáilte a ghlaotar air sin. Úsáidtear caipiteal vótáilte chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht. Caitear airleacain ar mhonarchana a thógáil, scaireanna a cheannach i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach. Sa bhliain reatha tá suimeanna caipitil mar seo a leanas údaraithe ag an Rialtas don Údarás: caipiteal vótailte £8.52 mhilliún agus airleacain £5 mhilliún.

Faoi mar is eol don Teach foilsíodh tuarascáil thábhachtach Chomhchoiste an Oireachtais um Chomhlachtaí Stát-tionscanta Tráchtála ar an Údarás anuraidh. Tá na moltaí sa tuarascáil chuimsitheach sin á scrúdu go fóill.

Is den riachtanas é ar aon nós go mbeadh sochar maith le fáil as an airgead Stáit a chuirtear ar fáil don Údarás mar airleacain — agus go deimhin mar dheon-tais-i-gcabhair freisin — agus chuige sin tá iarrtha ar an Údarás scrúdú iomlán a dhéanamh ar a chuid sócmhainní le cinn-tiú go mbeidh an sochar is fearr is féidir le gnóthú astu agus trí chritéir dhaingne a leagan síos go mbeidh luach a chuid airgid le fáil ag an Stát as caiteachas as airleacain.

Is d'fhonn fostaíocht a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta a théann an tÚdarás faoi chaiteachas caipitil — idir airleacain agus deontais. Léirítear i dTuarascáil agus Cuntais na heagraíochta don bhliain 1985 atá leagtha faoi bhráid na Dála go raibh 4,659 nduine ag obair go lánaimseartha ar 31 Nollaig 1985 sna tionscail uile a fuair cúnamh ó Ghaeltarra/ón Údarás. Is cúis sásaimh é gur éirigh leis an Údarás an fhostaíocht i dtionscail faoina scáth a mhéadú don cheathrú bliain as a chéile i 1985 agus, lena chois sin, infheistíocht thábhachtach bhreise a thabhairt isteach sa Ghaeltacht trí fhiontair nua. Ag deireadh na bliana 1985 bhí méadú 254 ar líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail faoi choimirce an Údaráis i gcomparáid leis an líon a bhí fostaithe i dtús na bliana sin. Is ionann é sin agus méadú 5.7 faoin gcéad ar an bhfostaíocht lánaimseartha. Ní beag an dul chun cinn é sin ag féachaint don tionchar atá ag an gcúlú eacnam-aíochta ar fhostaíocht a chruthú agus a chaomhnú sa tír. Níl figiúirí cruinne ar fáil go fóill faoin bhfostaíocht ag deireadh 1986 ach tuigim ón Údarás go meastar go raibh líon beag daoine sa bhreis ag obair go lánaimseartha sna tionscail faoina scáth ar 31 Nollaig 1986 i gcomparáid leis an dáta céanna sa bhliain roimhe sin.

Táim sásta mar sin go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh ag an Údarás d'fhonn fostaíocht shocrach a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. I dtaca leis sin tá béim ar leith á cur ar fhorbairt acmhainní nádúrtha sna ceantair Ghaeltachta. Maidir le feirmeoireacht éisc, tá an tÚdarás sásta go bhfuil fás mór i ndán don tionscal sin sa Ghaeltacht, áit a bhfuil suíomhanna oiriúnacha ar fáil, go háirithe ar chósta an iarthair. Faoi láthair tá breis is 100 duine fostaithe go lánaimseartha agus timpeall 40 duine go páirt-aimseartha ar fud na Gaeltachta sa tionscal fheirmeoireacht éisc agus meastar go bhféadfar suas le 500 post lánaimseartha a chruthú sa tionscal sin sa Ghaeltacht thar tréimhse 10-15 bliana.

Bhí an tÚdarás mar cheannródaí sa tír seo i bhforbairt fheirmeoireacht éisc le deich mbliana anuas. Mar léiriú ar an dul chun cinn atá déanta is i gcomhlachtaí a fuair cúnamh ón Údarás a tháirgítear suas le 70 faoin gcéad de na bradáin a thagann ó fheirmeacha éisc sa tír seo faoi láthair. Tá mé dóchasach go mbeifear in ann cur leis an bhforbairt sin le deiseanna fostaíochta breise a sholáthar do mhuintir na Gaeltachta. Is mar chabhair chun poist bhreise a chruthú sa Ghaeltacht atáim ag iarraidh ar an Dáil glacadh leis an mBille gairid seo.

Seo é an chéad uair a raibh seans agam labhairt ar chúrsaí Gaeltachta anseo sa Dáil agus ba mhaith liom ar dtús comhgháirdeas a ghlacadh leis an Aire Stáit as mo chontae féin a bhí ina iar-Aire Ghaeltachta, agus gabhaim mo chomh-gháirdeas leis as ucht an cheapacháin atá aige. Tá súil agam go ndéanfaidh sé a dhícheall ar son na Gaeilge agus an chultúir agus na Gaeltachtaí ar fud na tíre fad is atá an ceapachán aige.

Tugann an Bille seo seans dúinn labhairt, ní amháin faoin Údarás ach go deimhin freisin faoi na Gaeltachtaí, faoi staid na Gaeilge agus nithe mar sin, go coitianta, a bhfuil baint acu leis an Údarás agus cumhachtaí an Údaráis. Bhí brón orm toisc nár cheap an Taoiseach Aire iomlán mar Aire don Ghaeltacht, agus cé go bhfuil an tAire Stáit as mo chontae féin, tá sé faoi bhráid Roinn an Taoisigh, agus seo athrú mar le blianta anuas bhí Aire Gaeltachta go hiomlán ann do na Gaeltachtaí. Ní dóigh liom go dtais-peánann sé seo go bhfuil athrú meoin tagtha ar an Rialtas ó thaobh suim sa teanga nó sna Gaeltachtaí. Mar sin, bhí díomá orm toisc nár ghlac sé leis an gceapachán a bheith mar Aire iomlán.

Ag an am céanna is dócha leis an ngearradh siar atá ar siul taobh istigh de gach uile Roinn faoi láthair gur chóir go mbeadh beagáinín sástachta orainn gurb é an t-aon Mheastachán amháin nár lagh-daíodh nuair a tháinig an Rialtas i gcumhacht. Is dócha gur meon é sin ón Rialtas go bhfuil siad sásta go bhfuil dóthain airgid ann chun rudaí a chur chun cinn i mbliana. Is féidir dhá thaobh a bheith leis an scéal sin, ach ar chor ar bith gur seo an t-aon Mheastachán amháin nár laghd-aíodh ó tháinig an Rialtas i gcumhacht. Tá súil agam freisin go nglacfaidh an tAire Stáit leis an obair a bhí á déanamh ag iar-Aire na Gaeltachta, is é sin Pádraig Ó Tuathail, nach bhfuil, faraor, linn faoi láthair, duine as mo chontae féin a rinne an-obair leis an Údarás le cúpla bliain anuas ó thaobh tacaíocht agus airgead a thabhairt dó chun go mbeadh an tÚdarás in ann jobanna agus postanna a chur ar fáil sna Gaeltachtaí.

Is dócha gur rud sásúil a fheiceáil sa tuarascáil go bhfuil an líon daoine atá fostaithe go hiomlán sna Gaeltachtaí ag dul i méid le cúpla bliain anuas. Agus tá súil agam go gcuirfidh an tAire Stáit brú ar an Taoiseach, nuair ba chóir, chun an tacaíocht sin a bheith ann an t-am ar fad i dtreo is go mbeimis in ann tuilleadh fostaíocht agus tuilleadh postanna a chur ar fáil taobh istigh de na Gaeltachtaí, go mór mhór do mhuintir na Gaeltachta féin.

Aontaím le cuspóir an Bhille an uasteorainn a ardú go £60 milliún, ach níl mé cinnte an mbeidh dóthain airgid anseo: is dócha go gcaithfidh an tAire Stáit teacht ar ais chuig an Teach chun an uasteorainn a ardú arís as seo amach nuair a bheidh an t-ardú seo caite ag an Údarás.

Ba mhaith liom cúpla pointí go ginearálta a lua. Ba mhaith liom go mbeadh athbhreithniú á dhéanamh ag an Aire Stáit faoi na deontais i leith seirbhísí a chur ar fáil a bhíodh ann cúpla bliain ó sin ó thaobh turasóireachta de agus ó thaobh ghnáthshaol na ndaoine taobh istigh de na Gaeltachtaí. Bhí sé seo an-thábhachtach. Sa Teach seo leis na blianta anuas bhíodh raic ar siúl faoi na deontais chéanna, agus tá a fhios agam go maith gurb é mo pháirtí féin i Rialtas a chuir stop leis na deontais a bhí ann ag an uair sin. Dá mbeadh post amháin nó níos mó curtha ar bun ó thaobh na seirbh-íse de, agus dá dtabharfadh an tÚdarás cabhair do chomharchumann nó pé duine a chuirfeadh seirbhís éigin agus post nó dhó nó níos mó ar fáil a thógfadh duine nó beirt ón "dole", sílim go mbeadh sé sin tábhachtach. Dá bhrí sin, ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim sin.

Ó thaobh turasóireachta de, deirtear linn go bhfuil sé seo ar an tionscal is mó atá ag fás ar fud an domhain. Agus go deimhin, os rud é go bhfuil an chuid is mó de na Gaeltachtaí ar chósta na hÉireann sílim go bhfuil an-scóip ansin fás níos mó a chur ar bun, agus sílim ó thaobh tacaíocht deontais le seirbhísí a chur ar fáil go bhfuil an-spéis sa turasóireacht, agus ba mhaith liom go mbeadh sé sin faoi bhráid an Aire. Freisin, aont-aím leis an méid atá i ráiteas an Aire faoi chúrsaí iascaireachta agus fheirmeoireacht éisc. Bhí mé ag féachaint le déanaí ar chlár teilifíse faoi seo. Níor baineadh an úsáid cheart riamh as an fharraige atá thart timpeall orainn. Is le cúpla bliain anuas atá an tsuim á hardú agus an t-airgead á chaitheamh isteach ann. Sílim go bhfuil neart fostaíochta agus neart jabanna le fáil ag an bpróiseáil éisc. Tá a fhios ag an Aire féin é seo go maith. Agus aontaím leis sa mhéid atá ráite aige anseo faoin treoir, mar a déarfá, atá tugtha ag an Údarás le cúpla bliain anuas óna thaobh sin de. Os rud é go bhfuil Roinn na Mara curtha ar bun anois níor mhaith liomsa go mbeadh an Roinn sin ag maíomh as an obair atá déanta le cúpla bliain anuas, ach go mbeadh comhoibriú agus tacaíocht á dtabhairt idir an dá Roinn, idir an Údarás agus Roinn na Mara, leis an phróiseáil éisc agus an fheirmeoireacht éisc a chur ar bun. Ón taobh sin de freisin, ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire Stáit an brú ó thaobh chúrsaí dlí de. Sílm, ón gclár teilifíse sin a chonaic mé, go bhfuil deacrachtaí go fóill leis na ceadúnais a thabhairt do na daoine ar mhian leo dul isteach i gcúrsaí iascaireachta, agus níl rud ar bith a chuireann as do dhuine níos mó ná a bheith ag fanacht gan rud ar bith ag tarlú. Más féidir rud a dhéanamh ansin go luath ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire Stáit cibé brú is féidir leis a dhéanamh ó thaobh iascaireachta de.

Ba mhaith liom freisin go mbeadh níos mó béime ar chúrsaí tionscail a mhealladh isteach ná mar atá á dhéanamh faoi láthair ach go mbeadh díospóireachtaí roimhré idir na comharchumainn agus muintir na háite, an chomhairle chontae, ó thaobh pleanála de, agus go mbeadh gach eolas ag gach uile dhuine sula rachadh tionscal mar sin isteach in áit ar bith. Mar tá a fhios againn go léir, bíonn raic á hardú agus trioblóid ar siúl nuair a thagann tionscal isteach in áit ar bith agus ní bhíonn an t-eolas ar fad faoi ag muintir na háite. Agus má dhéantar sin go luath is féidir linn a rá go mbeidh fostaíocht agus níos mó jabanna ar fáil do mhuintir na Gaeltachta go mór mhór. Agus, mar a dúirt an tAire Stáit ar an raidió ar maidin beidh níos mó jabanna curtha ar fáil do fhir na nGaeltachtaí. Tá an iascaireacht an-oiriúnach do na Gaeltachtaí os rud é go bhfuil an chuid is mó díobh ar chósta na hÉireann, agus tá sé an-oiriúnach an sórt tionscail seo a chur ar bun. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire Stáit a dhícheall é sin a dhéanamh lena Roinn féin agus leis an Údarás.

Sílim freisin go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh oifigigh an Údaráis amuigh i measc na ndaoine níos mó. Sílim go bhfuil sórt meoin ag daoine go bhfuil na hoifigigh seo an t-am ar fad thuas i gContae na Gaillimhe. Ba cheart dóibh dul amach i measc mhuintir na Gaeltach-taí níos minice agus an t-eolas faoi céard go díreach atá le fáil ón Údarás agus ó na Ranna Stáit eile a chur ar fáil dóibh. Tá scileanna áirithe ar fud na nGaeltachtaí — is féidir le duine ar bith sin a rá — ach ba mhaith liom go mbeadh cúrsaí curtha ar bun chun ní amháin eolas a thabhairt do mhuintir na háite faoi cibé atá ar fáil dóibh ach freisin na scileanna seo a fhorbairt ionas go mbeidh siad in ann fostaíocht a bhaint amach dóibh féin nuair a chuirfear na tionscail ar bun sna Gaeltachtaí áirithe.

Ón taobh sin de, tá a fhios ag an Aire Stáit go maith go bhfuil oifigí ar fud na tíre ag an Údarás. Tá ceann, mar is eol dó, i mBéal an Mhuirthead inár nDáil-cheantar féin, fiú amháin, agus níl sé seo ar oscailt ach dhá lá sa tseachtain. Sílim freisin nach bhfuil oifigeach ag freastal uirthi, mar nár líon an tÚdarás an áit nuair ba chóir dóibh. Toisc an choisc — embargo — atá curtha ar bun ag an Rialtas faoi láthair ní féidir é a líonadh ach i gcásanna speisialta. Ba mhaith liom go ndéarfadh an tAire Stáit leis an Taoiseach go mba chóir an post a líonadh go luath ionas go mbeidh oifigeach ó Chontae na Gaillimhe ag freastal ar Bhéal an Mhuirthead agus na trí Gaeltachtaí atá againne, is iad sin Tuar Mhic Éadaigh, Acaill agus Béal an Mhuirthead, agus an jab a dhéanamh i gceart. An bhfuil an tAire Stáit sásta go bhfuil siad siúd atá ag fáil deontas agus tacaíocht agus cabhair ón Údarás, ag déanamh a ndóthain don teanga agus don chultúr Gaelach go ginearálta? Sílim go bhfuil caighdeán sách ard Gaeilge taobh istigh den Údarás féin ach go bhfuil dearcadh taobh amuigh de na Gaeltachtaí nach mbíonn seans mar ba chóir ag muintir na nGaeltachtaí na postanna a bhaint amach a thagann ar bord taobh istigh den Údarás. Níl a fhios agam an bhfuil sé seo fíor nó nach bhfuil, ach de réir dealraimh tá an dearcadh sin ann ar fud na tíre agus b'fhéidir go ndéarfaidh an tAire rud éigin faoi.

Níl a fhios agam an bhfuil rud ar bith le rá ag an Aire Stáit faoi staid na Gaeilge i gcoitinne. Sílim go bhfuil sí beo bríomhar i gcuid de na Gaeltachtaí. Bhí mé ag féachaint le déanaí ar an méid faoin gcéad de na deontais £10 atá siad á bhfáil i nGaeltachtaí áirithe agus téann sé ó cúig faoin gcéad suas go dtí 60 nó 65 faoin gcéad i nGaeltachtaí áirithe. Ón taobh sin de agus ón tamall beag a chaith mé féin san Roinn Oideachais tá a fhios agam go maith go bhfuil sé fíorthábhachtach go mbeadh meon ceart faoin teanga Ghaeilge ag muinteoirí ar fud na nGaeltachtaí. Tá sé sin fíorthábhachtach, freisin, ó thaobh cúrsaí samhraidh, sna bunscoileanna go háirithe Tá a fhios ag an Aire Stáit go maith go bhfuil cuid acu ar siúl i bhfoirgintí fíordhona. Tá ceann acu thíos i gCeathrú Thaidhg i gContae Mhaigh Eo agus níl a fhios agam an bhfuil cead ag an Údarás nó ag an Roinn féin iad seo a dheisiú ionas go mbeadh sé i bhfad níos éasca ag na múinteoirí agus fiú ag na daltaí a gcuid oibre a dhéanamh in áiteacha níos deise ná mar atá acu faoi láthair.

Bhí mé ag eisteacht freisin leis an gCairdinéal Ó Fiaich le déanaí agus dúirt seisean gurb é Tuaisceart na hÉireann an ceannaire, mar a déarfá, ó thaobh cultúir de agus ó thaobh fhorbairt na teanga faoi láthair. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor — cuireann sé an brú orainn thíos anseo — agus ba chóir go mbeadh freagra ar tuairim an Chairdinéil agus a bhfuil thús ó mhuintir na Gaeltachta agus uathu siúd a bhfuil spéis acu sa Ghaeltacht agus sa Ghaeilge thíos anseo.

Is dócha go bhfuil amhras ar chuid de na daoine faoi chursaí tógála taobh istigh de na Gaeltachtaí agus sílim go bhfuil sé tagtha chun barr go mbíonn i bhfad níos mó caiteachais ag dul amach ar fhoirgnimh agus ar na monarchana ná mar a theastaigh ar dtús. Níl a fhios agam an bhfuil an tAire Stáit sásta leis na torthaí a thagann as an méid airgid a chaitear as tógáil na monarchana seo. Ba mhaith liom go mbeadh iniúchadh an-ghéar aige ar an bpointe sin i dtreo is go mbeidh sé sásta is go mbeimid go léir sásta go bhfuil toradh maith á fháil againn ar an méid airgid atá á chaitheamh ar thógáil monarchana agus mar sin agus go mbeidh sé in ann a chruthú go cinnte dearfa go bhfuil an t-airgead seo á chaitheamh go maith.

Rud eile, faoin gcabhair agus tacaíocht airgid a thugann an tÚdarás do na féilte agus na comórtais ar fud na tíre, sílim go bhfuil cuid mhaith acu seo i gContae na Gaillimhe arís. Comórtas Peile na Gaeltachta, sin comortas an-mhór, rud tábhachtach go sóisialta agus do chúrsaí eacnamaíochta i rith an tsamraidh do na Gaeltachtaí. Níl ach £300 a thabhairt don chomórtas sin agus sílim go bhfuil níos mó ná míle go leith á thabhairt do Fhéile na gCurachaí. Ba mhaith liom dá mbeadh liosta tugtha dúinn faoi na suimeanna áirithe atá an tÚdarás ag tabhairt do na féilte atá thart ar fud na tíre. Agus ón taobh sin de, sílim go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh oifigigh an Údaráis i measc mhuintir na nGaeltachtaí níos minice ionas go mbeadh siad in ann an t-eolas seo a thabhairt doibh agus do na foirne atá ag iarraidh cabhrach agus tac-aíochta.

Bhí an tAire Stáit ag caint ar maidin, faoi theilifís don Ghaeltacht, agus tá a fhios agam go bhfuil sé ag feitheamh ar thuarascáil a bheidh ag teacht amach faoi seo go luath, agus mar a dúirt sé tá ansuim ag an Taoiseach féin i gcúrsaí teilifíse don Ghaeltacht. Níl a fhios agam an bhfuil costas curtha ar bun faoi cé mhéad ba chóir a chaitheamh air seo. Bheadh sé an-tábhachtach ceart go leor, ach fanfaidh mé tamall beag go bhfeicfidh mé céard a thiocfas as suim an Taoisigh i leith theilifís don Ghaeltacht. Tá a fhios agam freisin go mbeidh airgead ag teacht ón National Lottery don teanga Ghaeilge agus níl a fhios agam an bhfuil a fhios ag an Aire Stáit féin go fóill cé mhéad airgid a thiocfas as sin nó an bhfuil plean leagtha amach aige leis an airgead a chaitheamh, an teanga a fhorbairt agus an cultúr a chaomhnú agus tacaíocht a thabhairt dóibh. B'fhéidir go ndearfadh sé rud éigin faoi.

Freisin bhí mé ag léamh ar an pháipéar le déanaí faoin aighneas seo a bhí ar siúl cúpla bliain ó shin faoi Chairpéadaí G.T. Teo. Is dócha gur léigh an tAire Stáit féin é seo. Ní mian liomsa raic a chur ar bun arís sa Teach ach b'fhéidir, má tá freagra aige faoi adúirt an breitheamh agus faoin bhfadhb seo, go ndéarfaidh sé rud éigin faoi freisin. Tá plean leagtha amach ag an Údarás sa chlár a théann ó 1984 go 1988 agus déarfaidh mé leis anois go mbeidh mé ag cur ceisteanna air faoin bplean seo agus cúrsaí go ginearálta taobh istigh den Ghaeltacht as seo amach. Ach ar an ráiteas atá tugtha isteach ar an Aire Stáit sa Teach seo aon-taímid leis agus níl mé cinnte ag an bpointe seo an bhfuil a dhóthain airgid curtha isteach aige ag an uasteorainn sin agus sílim má dhéanann sé a chuid oibre go maith — agus tabharfaidh mise chuile thacaíocht dó sin a dhéanamh — go gcaithfear teacht ar ais arís anseo agus breis airgead a lorg ón Stát roimh dheireadh na bliana.

A Cheann Chomhairle, ar son an Pháirtí Dhaonlathaigh ba mhaith liomsa fáilte a chur roimh an mBille seo. Níl aon dabht ach go bhfuil gá leis. Sé an t-aon mholadh atá ann an uasteorainn £50 million atá leagtha síos san Acht ar ar bunaíodh Údarás na Gaeltachta a mhéadú go dtí £60 milliún, agus ar ndóigh, mura ndéanfaimís sin anois b'ionann sin agus stop a chor le hobair Údarás na Gaeltachta, agus tá mo Pháirtí ag tabhairt tacaíocht do phríomhaidhm an Údaráis. Beidh sé i gceist againn gach cabhair mar pháirtí polaitiúil sa Teach seo a thabhairt don Aire chun a chinntiú go gcuirfear a dhóthain airgid ar fáil agus go mbeidh an tÚdarás in ann leanúint ar aghaidh leis an obair dheacair atá aige, sé sin mar phríomhaidhm tionscail a mhealladh isteach sna ceantracha Gaeltachta ionas go mbeidh obair ar fáil sna ceantracha sin ina bhfuil an Ghaeilge bheo á labhairt ag na daoine fós. Ba mhaith liom, ós é seo an chéad uair gur labhair mé anseo sa Dáil nua seo, comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire, an Teachta Gallagher, atá air ais arís i gceannas ar Roinn na Gaeltachta mar Aire Stáit. Tá mé cinnte go mbeidh ré chiúin fáis agus forbartha arís ag an Údarás faoi stiúir an Aire seo. Tá súil agam, agus táim cinnte nach dtar-lóidh sé go rachaimid ar ais chuig ré na conspóide agus na raice a bhí ann le roinnt blianta anuas faoin iar-Aire. Cé go ngoilleann sé ormsa go gcaillfeadh éinne a shuíochán sa Teach seo, mar sin féin, caithfidh mé a admháil nach raibh mé róshásta le linn na mblianta sin, an chaoi a raibh an t-iar-Aire ag feidhmiú ó thaobh an Údaráis agus rudaí eile a bhain leis an nGaeltacht.

Ba mhaith liom chomh maith comhghairdeas a dhéanamh leis an Aire as ucht an méid airgid a d'éirigh leis a fháil ón Rialtas le haghaidh a Roinne agus go háirithe an méid airgid atá curtha ar fáil aige don Mheastachán don bhliain 1987 do Údarás na Gaeltachta. Tá sé tábhachtach go gcuirfimís in iúl don Dáil cad iad na figiúirí. Má chaithimid súil siar chuig an mbliain 1986, níor cuireadh ar fáil ach £4.1 mhilliún do chaiteachas caipitil Údarás na Gaeltachta. Tá an tAire ag cur £8.5 mhilliún ar fáil i mbliana. Glacaim gur méadaíodh an figiúr sin le linn na bliana sin, ach b'shin an méid a cuireadh ar fáil — bhí méadú beag suas go £5.1 mhilliún ach bhí an-deacracht ag Údarás na Gaeltachta de bharr an ghearradh siar a rinneadh ar airgead chaipitil don Údarás ag an gComhrialtas a bhí ann roimhe seo. Cé go seasann mó Pháirtí go laidir i gcoinne aon mhéadú ar chaiteachas Stáit go ginearálta glacaimid leis ó thaobh an Údaráis go bhfuil siad ag deileáil le ceantracha iargúlta, an t-aon áit ina bhfuil an teanga beo fós, nach raibh ann ach feirmeacha beaga, portaigh agus, in áiteanna, tionscail bheaga iascaireachta agus gan chabhair ó Ranna Stáit speisialta. Ní bheadh an 4,500 post ann faoi láthair atá ann agus monarchana nua aimseartha bunaithe ann ach amháin de bharr go raibh údarás faoi leith ar fáil go raibh cúram na gceantracha sin orthu chun monarchana agus chun forbairt a mhealladh isteach iontu. Tá, obair fhíor-thábhachtach don Stát ar bun ag Údarás na Gaeltachta. An drochrud, nach raibh meas ag an sean-Rialtas ar an nGaeilge agus ar na ceantracha sin, mar dá mbeadh an meas sin acu bheadh sé cinnte go gcuirfeadh siad i bhfad níos mó airgid ar fáil ná mar a cuireadh.

Ba mhaith liom a chur in iúl agus na meastacháin seo——

Beidh seans ag an Teachta seo. Tá mise ag breathnú ar na figiúirí atá foilsithe agus tá an tAire é féin tar éis iad a lua sa mhéid adúirt sé. Thar aon ní eile tá caomhnú na Gaeilge ag brath go mór ar shlánú agus ar fhorbairt na nGaeltachtaí agus ar chaomhnú agus forbairt na Gaeilge laistigh de na Gaeltachtaí féin. Dá gcaillfí an Ghaeilge bheo mar a labhartar sa Ghaeltacht í bheadh sé thar a bheith deacair an Ghaeilge a athbheochan toisc nach mbeadh aon deis ag aon foghlama na teanga í a chleachtadh go nádúrtha i measc chainteoirí dúchais. Ní hí an Ghaeilge amháin atá an Páirtí seo agamsa ag iarraidh a chaomhnú, áfach, ach na pobail Ghaeltachta féin agus go dtarlaíonn sé gurb í an Ghaeilge a ngnáth-theanga chomh maith le chuile ghné dá gcultúr agus dá bhféin-iúlácht. Creideann an Páirtí Daonlathach gurb é an bealach is fearr le leas na Gaeltachta a dhéanamh ná deiseanna a chur ar fáil le spiorad na fiontraíochta agus na forbartha a chur chun cinn i measc mhuintir na Gaeltachta féin.

Tacaíonn an Páirtí seo leis an obair ríthábhachtach atá Udarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ag déanamh ar mhaithe leis an bhforbairt sin. Ach creidimid go gcaithfear cur le ról an Údaráis le cúram a dhéanamh freisin de fhorbairt shóisialta agus chultúrtha agus go mba chóir na sóirt cumhachtaí atá ag an Údarás faoi láthair a leathnú amach. Déanfaidh mé trácht beag air sin amach anseo. Creidimise gur cheart gach deis a thapú le tionscal nua, idir thionscail bhaile agus thionscail idirnáisiúnta a mhealladh chuig na Gaeltachtaí agus a bhunú ann. Braithimid nach bhfuil ag éirí leis an Údarás an oiread tionsclaíochta agus a d'fhéadfaí a mhealladh chun na nGaeltachtaí, agus go dtí seo ar aon nós go raibh tionscail áirithe á gcailliúint de bharr cheal airgid. Tá súil agam anois de bharr an mhéadú ar an deontas caipitil agus ar an deontas reatha don Údarás i mbliana nach mbeidh na sóirt deacrachtaí sin acu — deacrachtaí a bhí acu go holc an bhliain seo caite.

Luann an tAire go raibh fás mór ag teacht ar thionscal fheirmeoireacht éisc, agus creidim go bhfuil a lán oibre déanta ag an Údarás ó thaobh taighde de a chruthaigh ar dtús go bhféadfaí feirmeoireacht éisc a bhunú sa tír seo a bheadh in ann brabach maith a dhéanamh. Le roinnt blianta anuas bhí deacrachtaí ann agus ní raibh mórán brabaigh á dhéanamh, ach anois tá sórt briseadh tríd tar éis a tharlú de bharr an taighde agus an obair a rinneadh faoi chúram Údarás na Gaeltachta. Rinne siad seo cé nach raibh aon airgead speisialta á fháil acu ó Roinn na Gaeltachta, ach d'éirigh leo mar sin féin an taighde sin a chur chun cinn agus tháinig tairbhe ón obair sin agus tá fás mór ag teacht anois ar fheirmeoireacht éisc, go háirithe na bradáin. An cruthúnas go bhfuil an briseadh tríd sin déanta, go bhfuil comhlachtaí príobháideacha anois sásta teacht agus airgead a chur isteach sna tógraí nua seo a bhfuil cloiste againn fúthu agus cuid acu tosaithe cheana féin. Tá súil agam go gcoinneoidh an Rialtas súil ghéar ar an dul chun cinn a bheas ag teacht ar an tionscal seo amach anseo ionas go gcinnteófar go mbeidh áit ann i gcónaí do ghnáth-mhuintir na háite — gurb iad siúd a bheas fostaithe sa tionscal seo agus nach ligfidh an Rialtas do thionscal mór teacht isteach agus an brabach a bhaint amach gan aon airgead a thabhairt chun fostaíocht a choinneáil san cheantar.

Molaim don Aire an rud a thárla san Noruaidh: cuireadh srian ar an méid tonnaí bradáin a bhfeadfar a thairgeadh i bhfeirmeoireacht éisc annsin ionnas go gcoinneofar éisc ann agus go mbeadh baint mhór ag muintir na háite leis an obair. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh ar an rud a tharla san tír sin agus, más féidir, an rud céanna a dhéanamh anseo. Dhéanfadh sé an-mhaitheas do na daoine in áiteanna iargúlta. Bímid i gcónaí ag moladh infheistíocht a dhéanamh sna hacmhainí nádúrtha, agus ó tharla an seans go mbeadh méadú mór ar an tionscal seo tá sé tábhachtach gurb iad muintir na háite a bhainfeadh an tairbhe is mó as.

Is é an trua nach bhfuil aon airgead leagtha amach go speisialta ón méid deontas atá an tÚdarás ag fáil ón Roinn le haghaidh mariculture. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh ar an rud seo ionnas nach gcuirfidh sé constaic sa bhealach ar fhorbairt an tionscail nua seo. Deir an tAire go gceapann sé go bhféadfaidh 500 postanna a chur ar fáil san tionscal seo gach bliain ar feadh deich mbliana. Níl fhios agam cén fáth nach féidir i bhfad níos mó ná sin a dhéanamh san treimhse sin. Creidim go bhféadfaí 1,000 postanna breise a chur ar fáil gach bliain sna Gaeltachtaí san tionscal éisc. Tá a lán oibre os comhair an Aire. Molaim an méid atá déanta ag an Aire cheana féin agus tá súil agam go dtiocfaidh tairbhe ón obair atá le déanamh aige.

Tá stáisiún i gCarna i gContae na Gaillimhe a bhíonn ag plé le héisc agus le stoicéisc. Baineann sé le hOllscoil na Gaillimhe, ach gan chabhair ón Stát, seans nach mbeidh an ollscoil in ann é a choinneáil ar siúl. Tá tairbhe maith ón méid oibre atá déanta ag an stáisiún sin go dtí seo. Molaim don Aire staidéar a dhéanamh air sin chomh maith.

Dar ndóigh, tá tionscal na hiascaireachta sean-bhunaithe sna Gaeltachtaí os rud é go bhfuil siad ar fad suite ar an gcósta, ach níor tháinig an dul chun cinn ceart ar an tionscal sin nuair a thugaimid áireamh ar an domhain-iascaireacht a dhéanann náisiúin eile amach ón gcósta agus an brabach mór a bhaineann siad as. Caithimid, mar sin, an tionscal seo a fhorbairt de réir a chéile. Tá na céadta fear agus mná óga ar fud na nGaeltachtaí fostaithe sa tionscal seo. Sa ghearr-thré-imhse, feicim gurb é an tionscal phróiseáil éisc atá níos mó aitheantais ann ó thaobh forbartha. Tá 7,800 fostaithe ann faoí láthair, ach creidim gur féidir 1,000 postanna breise a chothú ann i gceann deich mbliana nó mar sin. Chun tús a chur leis an fhorbairt sin, molaim gur ceart ionad speisialta bainistíochta a bhunú laistigh de Údarás na Gaeltachta chun chuile bhrainse de thionscal na hiascaireachta a chomhordú. Creidim chomh maith gur cóir go mbéadh cúram ag Údarás na Gaeltachta an tionscal turasóirerachta a fhorbairt sna Gaeltachtaí. Faoi láthair níl aon chead acu cabhair airgid a chur ar fáil chun turasóireacht a mhealladh agus a mhéadú. Creidim, agus creideann baill Bhord an Údaráis nach bhfuil an cead sin fáighte acu go speisialta ón Aire. Níl a fhios agam an bhfuil aon athrú á dhéanamh, nó ag teastáil chun é sin a dhéanamh; ní dóigh liom go bhfuil, ach amháin treoir a fháil ón Aire gur cóir dóibh pola-saí turasóireachta don cheantar sin a leagan amach. Tá roint staidéir déanta ag an Údarás cheana féin ar an tionscal seo, ceann de na príomh fhoinsí ioncaim do phobal na nGaeltachtaí. Chuideodh sé go mór dáa mbeadh ionad speisialta turasóireachta bunaithe laistigh de na Gaeltachtaí. Ba cheart an fhreagracht faoi ollfhorbairt agus chomhordú na turasóireachta laistigh de na Gaeltachtaí a fhágáil faoi stiúir an ionaid seo.

Is féidir a rá go bhfuil dhá chineál turasóireachta cheana féin ó thaobh na nGaeltachtaí de: (1) an gnáth mhargadh don turasóireacht — turasóirí, each-trannaí, a thagann go dtí cósta iarthar na hÉireann mar gheall ar áilneacht na dúiche. Ar an dtaobh eile, tá gnáth mhuintir na hÉireann idir daoine fásta agus gasúir a thagann go dtí na Gaeltachtaí, chun an Ghaeilge a fhóghlaim nó a n-eolas a fheabhsú. D'fhéadfaí na daoine breise seo a mhealladh trína chinntiú go mbíonn caighdeán na cóiríochta agus na háiseanna saoire inchurtha lena mbíonn ar fáil in áiteanna eile, is é sin, sa bhaile agus i gcéin, agus níos fearr ná iad. Aithním gur mór an tairbhe agus an tábhacht iad na coláistí samhraidh Gaeilge mar leas na ndaltaí a bhíonn ag freastal agus mar fhoinse ioncaim i ngeilleagar na nGaeltachtaí. Tacaíonn muid go fonnmhar le forbairt leanúnach na gcoláistí seo sna blianta atá romhainn. Mar a dúirt mé ag an tús, tá stair chasta ag an Údarás, agus go deimhin bhí stair chasta ag Gaeltarra Eireann sular bunaí-odh an tÚdarás. Cuireadh a lán constaicí i mbealach Údarás na Gaeltachta le linn tréimhse an iar-Aire Pádraig Ó Tuathail. Tharraing sé sin a lán droch-phoiblíochta don Údarás agus thug sé drochmhisneach do fhoireann an Údaráis. Is dócha, leis an fhíreann a rá, gur thosaigh an sórt deacrachtaí ag brú anuas ar an Údarás le linn tréimhse an Teachta O'Donnell.

Is cuimhin liom go maith, le linn na tréimhse sin go raibh sé mar shórt príomh-aidhme ag Aire na Gaeltachta ag an am, an Teachta O'Donnell, poiblíocht phearsanta a bhaint amach dó féin. Is cuimhin liom gur chuir sé an-bhrú ar Ghaeltarra, a bhí ann ag an am, glacadh le tograí — agus tá sé éasca nuair a bhíonn tú ag breathnú siar ach ag an am labhair mé go minic sa Teach go raibh an-imní orm faoin rud a bhí á dhéanamh aige. Tá an cruthúnas ann anois agus muid ag breathnú siar, an rud a tharla, gur bunaíodh a lán lán monarchana agus gur glacach le tograí agus nach raibh mórán stuaime ag baint leis an sórt polasaí a bhí i gceist aige. Mar ní raibh siad seasmhach, níor lean siad, dúnadh síos iad, agus cailleadh na milliúin punt airgid dá bharr. Tharraing an rud ar fad an drochmheas anuas ar obair an Údaráis agus dá bharr sin anuas ar na Gaeltachtaí agus ar na daoine a bhí ina gcónaí iontu. Sa tuarascáil a chuir an Comhchoiste ar Chomhlach-taí Stáit Tionscanta amach — bhí mé féin i mo bhall den chomchoiste Stáit seo — tá ráiteas ansin ar leathanach 8 ag tacú leis an méid atá á rá agam, agus b'fhéidir nach ndéanfadh sé dochar, a Cheann Comhairle, rudaí mar seo a chur ar an "record" mar a deir siad i mBéarla. Mar amach anseo, na daoine a léann na díos-póireachtaí seo tá sé tábhachtach má tá an t-eolas againn go gcuirfimís in iúl don Dáil é. Rinne an comhchoiste seo anstaidéar ar obair Údarás na Gaeltachta, agus seo ceann do na rudaí a shocraigh an coiste sin a chur isteach sa Tuarascáil, agus bhí daoine as gach páirtí ar an gComhchoiste:

... Gaeltarra assumed a majority or sole shareholding in twelve associate companies in the period 1975-1977.

Sin é an tréimhse ina raibh an Teachta Ó Domhnaill mar Aire.

During this period it was also involved in the establishment of eleven new subsidiary companies and a further four companies became subsidiaries by way of rescue/restructuring operations. This was a period of very rapid expansion of Gaeltarra's equity investment in both subsidiary and associate companies. Ultimately, it created considerable problems for Gaeltarra as evidenced by the fact that between 1976 and 1979 ten subsidiary companies and seven associate companies were closed.

Sin an méid a bhí le rá ag an gcomhchoiste. Ar leathanach a 167 luaitear "investment write-offs" agus ainmnítear 29 gcomhlachtaí, agus ina measc bhí a lán lán de na comhlachthaí a raibh an tAire ag an am ag fáil a lán poiblíochta dó féin uathu ag oscailt na monarchana. Ach, ar ndóigh, ní raibh aon phoiblíocht nuair a bhí siad á ndúnadh síos. Tá sé curtha in iúl anseo, na hainmneacha go léir de na monarchana sin. Bhí a lán poiblíochta, a lán le rá sna páipéir, ar an teilifís agus fiú amháin sna ráitis a chuir an tAire os comhair na Dála ag an am. Ach mo thrua, níor éirigh lena lán lán acu agus dúnadh síos iad tar éis chúpla bliain. Mar sin, tharraing sé sin a lán trioblóide don Údarás, go raibh an brú orthu glacadh le na tograí nua seo agus go raibh fás ro-thapa gan an iomarca staidéir agus gan na margaí a bheith socraithe acu agus gur theip ar na monarchana sin. Is stair anois é, ach tá sé tabhachtach go mbainfimís tairbhe ón stair agus nach dtarlódh an sórt deacrachtaí sin arís.

Dá bhrí sin, ba mhaith liomsa anocht comhghairdeas a dhéanamh le bord Údarás na Gaeltachta de bharr seasamh leis an obair thábhachtach a bhí á déanamh acu cé go raibh an-drochmheas á chaitheamh anuas ag a lán daoine orthu, agus gur éirigh leo sa deireadh thiar thall brabach a bhaint amach, agus tá sé sin le feiceáil anois le dhá bhliain anuas. Níl na figiúirí don bhliain seo caite agam, ach sa bhliain 1985 creidim gur éirigh le Gaeltarra agus na comhlachtaí a bhí faoina gcúram brabach a bheith ann. B'shin athrú mór ó na cailliúintí uafásacha, na milliúin punt airgid, a cailleadh sna blianta roimhe sin de bharr drochpholasaí, polasaí gan aon stuaim. Mar sin, tá mé cinnte nach dtarlóidh na deacrachtaí céanna, nach ndéanfaidh an tAire Stáit, an Teachta Gallagher, na botúin chéanna a rinne na hAirí sin, agus go n-oibreoidh sé go ciúin is go ciallmhar is go stuama, agus go ligfidh sé don bhord agus don fhoireann dul ar aghaidh leis an obair agus nach mbeidh sé féin ag cur a ladair isteach gach seachtain agus ráitis ag dul amach ar an raidió agus ar an teilifís agus ag cur isteach ar an obair a bhíonn an tÚdarás ag iarraidh a dhéanamh. Ach coinneoidh sé súil ghéar ar chaiteachas airgid ar son na Dála. Agus tá muinín agam as go ndéanfaidh sé sin.

Mar sin sa tuarascáil seo, chuireamar a lán moltaí os comhair na Dála agus, cosúil lena lán de na tuarascálacha seo, cé gur chaith an coiste seo bliain nó b'fhéidir beagáinín níos mó, ó thosaigh siad go chríochnaigh siad, cé nach raibh siad ag plé leis an rud an t-am ar fad — bhí siad ag plé le rudaí eile; ní raibh cruinnithe ann ach abair gach seachtain nó gach dara seachtain — chaith an coiste cuid mhaith ama ag plé le hobair Údarás na Gaeltachta agus cuireadh moltaí faoi bhráid na Dála. Níor shocraigh an Rialtas fós díospóireacht faoin tuarascáil seo. Mar sin, ní raibh aon díospóireacht sa Dáil faoi na moltaí seo. Ba mhaith liomsa, mar sin, ar an ócáid seo, iarraidh ar an Aire cad é a thuairim faoi na sóirt mholtaí a rinneadh agus a cuireadh amach sa tuarascáil. Tá siad liostaithe ar leathanach 7. Níor mhaith liom mórán ama de chuid an Tí a thógáil suas faoi, ach mar sin féin b'shin é toradh na dTeachtaí ó gach taobh den Teach seo ar na moltaí a bhí acu ó thaobh an Údaráis. Tá an tuarascáil seo ag an Aire agus beidh seans aige freagra a thabhairt dúinn nuair a bheas an díospóireacht seo thart.

Déanaimse comhghairdeas leis an Aire, go dtí seo ar aon nós, as ucht gur éirigh leis a thaispeáint go bhfuil an Rialtas dáiríre ar a laghad ó thaobh na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta de. Tá súil agam nach mbeidh aon athrú air sin. Tá a fhios agam go bhfuil ganntanas airgid ann. Tá a fhios agam go raibh deacrachtaí ag na hAirí agus ag an Rialtas nuair a bhí siad ag socrú na Meastachán. Bheadh sé éasca an rud a dhéanamh a rinne an Comhrialtas a bhí ann roimhe seo, is é sin, gan dóthain airgid a thabhairt don Údarás. Ach ní dhearna Fianna Fáil é sin. Tá buíochas ag dul dóibh as ucht sin. Tá sé tábhachtach go gcoinneoimís na ceantracha Gaeltachta láidir. Níl aon bhealach leis sin a dhéanamh mura mhíonn obair ar fáil sna ceantracha sin do na daoine. Ní theast-aíonn uainn go mbeadh iachall orthu imeacht go Meiriceá, Sasana nó an Astráil agus na tíortha eile.

Is é an trua go bhfuil an méid sin daoine ag imeacht an t-am ar fad. Is dócha nár stop sé riamh agus go bhfuil sé go dona arís le roinnt blianta anuas. Níl mé á rá de bharr chúpla milliún punt airgid breise atá curtha ar fáil i Meastacháin na bliana go gcuirfear stop air sin. Ach ar a laghad, má tá seans ag Údarás na Gaeltachta tograí cearta láidre a mhealladh isteach sna Gaeltachtaí nó cabhrú le fear sa Ghaeltacht tionscal nua a bhunú níor chóir go gcuirfí aon chonstaic sa bhealach ó thaobh airgid de. Tá rudaí eile atá an-tábhachtach ó thaobh postanna a chruthú, is é sin an córas cánach, agus tá sé sin ag cur isteach ar fhostaíocht sa tír seo agus tá sé ag cur isteach ar fhás eacnam-aíoch na tíre de bharr an mhéid cánach pearsanta agus cáin ar chomhlachtaí atá i bhfeidhm faoi láthair. Chomh maith leis sin tá an chabhair ó dheontais tábhachtach agus beidh le haghaidh tréimhse fada eile. Tá sí fíorthábhachtach sna ceantracha seo a bhfuil a gcúram ar Údarás na Gaeltachta, is é sin na ceantracha iar-gúlta. Tá monarchana nua-aimseartha bunaithe ag an Udarás. Tá an chreidiúin ag dul dóibh agus is deas an rud a fheic-eáil, go mórmhór i gcásanna na monarchana, gurb iad muintir na Gaeltachta féin atá ag obair iontu agus atá i gceannas iontu, is é sin atá sa bhainistíocht agus nach bhfuil siad ag brath ar dhaoine ón taobh amuigh ach amháin i gcorrchás.

Arís, fáiltím roimh an mBille seo agus tá súil agam go dtiocfaidh fás agus forbairt ar an obair atá Údarás na Gaeltachta á déanamh.

Cuireadh an díospóireacht ar ath-ló.

Barr
Roinn