Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 13 May 1987

Vol. 372 No. 8

An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987: An Dara Ceim (Atógáil) agus na Céimeanna Eile.

Atairgeadh an cheist: "Go léifear an Bille an Dara hUair."

Tá áthas orm, ó tharla gurb í seo mo chéad uair labhairt sa Dáil, gur ag labhairt ar an ábhar seo atá mé. Is Gaeltacht páirt mhór de mo cheanntar agus tá suim agus grá agam don Ghaeilge, an Ghaeltacht agus muintir na Gaeltachta ó chaith mé seal i nGaoth Dobhair roinnt blianta ó shin. Sna caogaidí agus i dtús na seasgaidí bhí an imirce go láidir as na ceanntair Ghealtachta. Phós a lán acu sa Bhreatain agus cuid sa Mheiriceá.

Timpeall fiche bliain ó shin cuireadh tús le tionscail sa Ghealtacht le súil go stopfadh an imirce agus go bhfillfeadh na deoraithe. Tharla sin: d'fhill a lán abhaile agus fuair siad fostaíocht i monarchana agus in oibreacha eile a bhí bunaithe ag Gaeltarra Éireann. Rud maith a bhí ann, cinnte, ach níor chuir sé an feabhas ar staid na Gaeilge a rabhthas ag súil leis. A lán de na daoine a tháinig ar ais bhí siad pósta, agus na páistí a bhí acu ag caint Béarla. Chuaigh siad chun scoile sa Ghaeltacht, ach in áit iadsan Gaeilge a fhóghlaim, is amhlaidh a d'fhóghlaim páistí na háite Béarla uathu san. Ba cheart dúinn a dhéanamh cinnte nach dtárlóidh sé arís. Mar adúirt an tAire, tá sé le feiceáil gur éirigh leis an Údarás ní amháin líon na ndaoine fostaithe a choinneáil cothrom, ó thaobh méadú, le ceithre bliana anuas, am ina raibh líon na ndaoine fostaithe ar fud na tíre ag titim. Is mór an dul chun cinn é sin agus tá moladh mór ag dul chuig an Údarás agus gach duine a raibh páirt aige ann.

Caithfimid a bheith rédh le níos mó a dhéanamh má táimid i ndairíre faoin Ghaeilge. Ní leor airgead amháin. Caithfear féachaint chuige go gcuirfear oibreacha agus seirbhísí ar fáil atá oiriúnach do mhuintir na Gaeltachta, in áit a bheith oiriúnach do na tionsclóirí, is é sin le rá, caithfimid smaoineamh ar chumas agus dearcadh mhuintir na Gaeltachta. Mar shampla, tá ag eirí go maith le feirmeoireacht éisc mar gur páirt de shaol traidisiúnta na Gaeltachta an iascaireacht. Mar sin, tuigeann na hoibrithe atá ag obair ar na feirmeacha seo a gcuid oibre. Ba cheart dúinn féachaint le scéimeanna eile mar sin a thabhairt isteach, scéimeanna a mbeidh baint acu le turasóireacht agus na hacmhainí eile atá le fáil sa Ghaeltacht in ionad monarchana ard-theicniciúla ina bhfuil an bhainistíocht uilig ón iasacht, agus gan fostaíocht do mhuintir na háite ach na hoibrithe agus gan a fhios acu cad atá ar siúl nó cad é toradh a saothair.

Tá na Gaeltachtaí scartha ar imeall na tíre gan mórán infrastructure, agus tá sé le tuigbheáil go dtófaidh sé a lán iarrachta agus airgid chun iad a chur ar chothromaíocht leis an gcuid eile den tír. Níl an tÚdarás ar bun ach le seacht mbliana. Rinne siad forbairt mhór sna seacht mbliana sin. Ach ag forbairt atá siad go fóill, agus ag forbairt a bhéas siad go ceann tamaill eile. Mar sin tá géarghá len a lán tacaíochta a thabhairt dóibh sna blianta sin má táimid ag súil le toradh fiúntach san am atá le teacht.

Tá an Ghaeilge faoi ionsaí san am i láthair ag dhá námhaid — na meáin chumarsáide agus dífhostaíocht. Idir na páipéir nuachta, teilifís, raidio agus eile, faigheann an gnáth dhuine sa Ghaeltacht thart ar thrí uair a chloig den Bhéarla gach lá. Ní thig leis sin gan dochar a dhéanamh. Ach olc agus mar atá sin, ba mheasa i bhfad an dochar a dhéanfadh an dífhostaíocht, mar dúirt mé cheana.

Ba mhaith liom agus, tá mé cinnte, leis an mhórchuid de mhuintir na tíre an Ghaeilge agus traidisiúin na Gaeltachta a chaomhnú. Chruthaigh an tUdarás go dtí seo go bhfuil siad ábalta fostaíocht a chothú agus saol na Gaeltachta a fheabhsú agus a fhorbairt ar mhórán dóigheanna. Tá ag éirí go maith leo, agus má táimid i ndáiríre faoin Ghaeilge agus na Gaeltachtaí, ba cheart dúinn — agus molaim go ndéanfaimís — ár dtacaíocht go hiomlán a thabhairt don Bhille seo.

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí a labhair sa díospóireacht, agus táim buíoch díobh mar gheall ar na tuairimí a nocht siad. Ba mhaith liom comhgháirdeas a dhéanamh leis na hurlabhraithe ar fad os na pointí éagsúla a luaigh siad. Is é an trua nach bhfuil siad anseo; caithfidh sé gur tharla rud éigin nach féidir leo a bheith anseo.

Ba mhaith liom tréaslú leis an Teachta Coughlan ar an gcéad uair dí labhairt sa Dáil. Is deas an rud é gur i ndíospóireacht na Gaeltachta a thug sí faoi chaint. Tá a fhios agam go bhfuil suim aici sa Ghaeltacht agus go gcluinfimid i bhfad níos mó uaithi san am atá le teacht maidir le cúrsaí Gaeltachta.

Féachfaidh mé anois le freagraí a thabhairt ar chuid de na rudaí a hardaíodh sa díospóireacht. Luaigh an Teachta Kenny cuid de na seirbhísí a bhí le fáil faoi dheontais ón Údarás, seirbhísí le cuidiú le daoine dul chun cinn agus gnóthaí dá gcuid féin a chur chun tosaigh. Bhí deontais le haghaidh na seirbhísí sin agus aontaím leis gur chuidigh sé le cuid mhaith postanna a chur ar fáil. Má bhí duine nó beirt a bhí sásta tabhairt faoi obair a chuir seirbhís ar fáil sna Gaeltachtaí, bhuel ba mhór an rud é sin, agus sílim ó tharla go bhfuil na Gaeltachtaí scaipthe, go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na deontais seo agus ba mhaith liomsa a fheiceáil go bhféadfadh an tÚdarás, nuair a bheas airgead níos flúirsí, cuid de na deontais a thabhairt ar ais le haghaidh na seirbhísí sin a chur ar fáil. Tá srian ar chaiteachas airgid agus fhad is atá an srian sin ar an gcaiteachas is dócha nach mbeidh sé rófhurasta na seirbhísí sin a thabhairt ar ais, ach bheinn ag súil nach bhfuil deireadh leo ar fad.

Luaigh an Teachta feirmeoireacht éisc agus an méid oibre atá á cothú de bharr na hoibre a rinne an tÚdarás, agus gur mhaith leis go mbeadh páirt níos mó ag daoine de bhunadh na Gaeltachta san fhorbairt sin. Aontaím ar fad leis ansin, agus cé gur breá an rud é comhlachtaí móra a fheiceáil ag teacht isteach ag cur oibre ar siúl sílim go luíonn sé le réasún go mbeadh tábhacht an-mhór san obair a d'fhéadfaí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta iad féin san fhorbairt seo, go bhféadfaí é a úsáid le cuidiú leo saothrú a fháil a thabharfadh slí mhaireachtála dóibh; idir an dá rud, an saothrú a thiocfadh ón fheirmeoireacht éisc agus ó na geadáin talaimh atá acu go mbeadh an leanúnachas a theastaíoinn le pobal Gaeltachta a choinneáil slán, agus ar an gcaoi sin go mbeadh seans níos fearr leis an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chosaint agua a chaomhnú. Tá a fhios agam faoi láthair go bhfuil deacrachtaí dlí maidir le ceadúnais a chur ar fáil do dhaoine le dul i mbun fheirmeoireacht éisc. Tá na rudaí sin fáoi chaibidil i láthair na huaire, agus ceann de na rudaí a bheimid ag súil leo nuair a bheidh Roinn na Mara faoi lánseol ná go mbeifear in ann na cúrsaí sin a chur chun cinn níos tapúla agus nach mbeidh an oiread rannóga Stáit páirteach sna rudaí seo feasta.

Luaigh an Teachta fós an tábhacht atá leis an iascaireacht, an ghnáth iascaireacht a bhfuil taithí againn go léir uirthi, don Ghaeltacht féin. D'aontaigh mé, ar ndóigh, leis sin chomh maith. Go minic bíonn daoine ag caitheamh anuas ar an Stát nach ndéanann siad go leor le tionscal na hiascaireachta a chur chun cinn. Ach nuair a dhéantar mionscrúdú air sin sílim nach fíor é ar fad. Tá, ó cuireadh an Bord Iascaigh Mhara ar bun, go leor dul chun cinn déanta leis an iascaireacht a chur ar aghaidh agus d'éirigh le cuid mhaith de mhuintir na tíre buntáiste maith a bhaint as sin. Caithfimid cuimhneamh ar an traidisiún atá thart faoin chósta. Go minic ní maith le tuismitheoirí a gclann a fheiceáil ag tógáil páirt san obair seo mar go raibh go leor deacrachtaí agus contúirtí ag baint léi san am atá caite. Sílim nár ghlac daoine leis na deontais chomh mór agus ba cheart dóibh san am atá caite agus gurb shin ceann de na fáthanna nach ndeachaigh forbairt na hiascaireachta chun cinn chomh maith agus ba mhian linn san am atá caite.

Is breá a fheiceáil anois go bhfuil daoine sásta infheistíocht an-mhór a dhéanamh san iascaireacht, agus tá cúpla duine de bhunadh na Gaeltachta, cuirim i gcás, a bhfuil aithne agam féin orthu a bhfuil infheistíocht mhór á dhéamh acu. Beidh báid acu ar aon chothrom le báid iascaigh ar bith atá ag teacht chun na tíre seo i mbliana. Beimid ag súil go mbeidh tuilleadh den rud sin le feiceáil san am atá romhainn. Cuideoidh sé sin leis na Gaeltachtaí agus tiocfaidh tionscail dá bharr. Beidh próiseáil éisc agus a leithéid sin ann agus, ar ndóigh, tá sé sin an-tábhachtach dúinn ó thaobh phobal na Gaeltachta agus ó thaobh fostaíochta a chur ar fáil dóibh.

Luaigh an Teachta Kenny chomh maith go mba mhaith leis go mbeadh oifigigh de chuid na Gaeltachta lonnaithe ar fud na nGaeltachtaí le bualadh leis na daoine agus le cur in iúl dóibh céard a bhí ar fáil dóibh maidir le deontais agus cuidiú ón Údarás agus ó Roinn na Gaeltachta. Tá dul chun cinn á dhéanamh ansin agus tá duine fostaithe go lánaimseartha i gContae Mhaigh Eo. Tá na Gaeltachtaí scaipthe ó Thuar Mhic Eadaigh, Acaill, Béal an Mhuirthead agus tá clár leagtha amach dó i gcaoi is go mbeidh sé in ann bheith i láthair sna Gaeltachtaí sin gach seachtain. Sin dul chun cinn. B'fhéidir nach bhfuil sé lán sásúil ach is dul chun cinn é agus beidh an duine seo, nuair a bheas eolas ag na daoine go bhfuil sé le fáil, in ann buaileadh leis agus má tá moltaí ar bith acu nó má tá siad ag iarraidh rud ar bith a chur chun cinn beidh sé in ann a mhíniú dóibh céard atá i gceist, céard iad na deontais atá le fáil agus cén cuidiú a dtig leis an Údarás a thabhairt dóibh.

Tá scileanna ar leith ag muintir na Gaeltachta. Sílim go mba cheart cuidiú leo leis na scileanna sin a chur chun cinn. Tá cuid mhaith á dhéanamh ag an Údarás cheana féin le cuidiú leis na cúrsaí sin. B'fhiú do mhuintir an Tí seo cuairt a thabhairt ar an ionad cheardaíochta atá bunaithe acu sa Spidéal, áit a bhfuil foirgnimh lonnaithe a dtig le daoine dul isteach iontu agus a fheiceáil céard iad na céardanna faoi leith atá á gcur chun cinn ag daoine óga a tháinig ansin. B'fhéidir nach bhfuil go leor fostaíochta ann i láthair na huaire ach sílim ó thaobh na turasóireachta de go mbeidh an-tábhacht leis an ionad cheardaíochta seo. Tig le stráinséirí dul isteach ansin agus a fheiceáil ceard a dtig le haos óg na tíre seo, aos óg na Gaeltachta, a dhéanamh agus cuid den céardaíocht atá le fáil san Ghaeltacht a fheiceáil. Beidh brabach ag teacht chuig na daoine iad féin agus beidh deis ag na stráinséirí seo sampla den dúchas a bhaineann leis an nGaeltacht a fheiceáil agus a thabhairt ar ais leo.

Luaigh an Teachta Kenny chomh maith staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus an brú atá ar an nGaeilge i láthair na huaire agus arís caithfidh mé aontú leis. Tá deacrachtaí ag muintir na nGaeltachtaí mar go bhfuil siad de shíor faoi ag an teilifís, an raidio agus, mar adúirt an Teachta Coughlan anseo, cúrsaí cumarsáide ar fad. San am céanna sílim go bhfuil siad ag seasamh an talaimh agus molaim iad i ngeall ar na hiarrachtaí leis an Ghaeilge a choinneáil slán. Tá tábhacht mhór ag baint leis na cúrsaí samhraidh agus is maith liom a fheiceáil go bhfuil muintir na tíre ag iarraidh lán bhuntáiste a bhaint astu.

Luaigh an Teachta chomh maith an Cairdinéal Ó Fiaich agus sílim go mba chóir dúinn ár mbuíochas a ghlacadh leis anseo sa Dáil i ngeall ar an am a chaith sé anuraidh ag taisteal na nGaeltachtaí ar fad. Shiúl sé chuile Ghaeltacht, bhuail sé leis na páistí a bhí ar na cúrsaí agus ar ndóigh bhí muintir na Gaeltachta an-sásta an Cairdinéal a fheiceáil sna Gaeltachtaí agus bhí na páistí an-sásta chomh maith. Tá mé cinnte gur thug sé misneach doibh uilig maidir leis an nGaeilge, leis an tábhacht a bhaineann le Gaeilge a labhairt agus leanár gcultúr a chosaint agus a chaomhnú. Is breá an rud go raibh an Cairdinéal, cé go bhfuil sé gníomhach agus go leor leor le déanamh aige, sásta an oiread sin ama a chaitheamh maidir le cur in iúl do na páistí an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge. Rud eile de cloisimid go minic ar Raidio na Gaeltachta é agus sin ábhar misnigh chomh maith dúinn an dúthracht atá ann maidir le cúrsaí teangan. Tréaslaímid uilig leis agus ó tharla ag caint mé ar Raidió na Gaeltachta ba mhaith liom tréaslú leosan chomh maith ar an dul chun cinn átá déanta acu agus ar an obair thábhachtach atá á déanamh acu.

Luaigh an Teachta Kenny teilifís Ghaeltachta agus bhí sé ag súil go mbeadh rud éigin le rá againn faoi go luath agus luaigh sé an caiteachas a bhí i gceist. Mar a dúirt mé, táimid ag fanacht ar thuairisc ón gcoiste seo a bunaíodh le fáil amach céard iad na moltaí atá acu ó thaobh cúrsaí teilifíse a chur chun cinn. Is é na smaointe atá agam féin mar gheall air — agus bhí mé ag caint le cúpla duine a aontaigh liom mar gheall ar seo — nach mbeadh an oiread sin costais ag baint le teilifís Ghaeltachta dá mbainfimís úsáid as cuid den am atá ag RTE 2 i láthair na huaire. Mar tús tuigim gur féidir cláracha teilifíse a chur amach ó Ghaillimh, ó Thrá Lí, ó Chorcaí. Ó Leitir Ceanainn. Níl mionscrúdú déanta ar na cúrsaí seo ach sílim go bhféadfaí cláracha a chur amach gan mórán costais. Ar ndóigh is é an rud ar mhaith linn nuair a rachaidh na cursaí sin ar aghaidh ná go mbeadh an bhonn don teilifís sna Gaeltachtaí féin mar a bhí ag Raidió na Gaeltachta. Nuair a thosnaigh Raidió na Gaeltachta tús an bheag a bhí ann ach tá stiuideóanna lonnaithe anois i ngach Gaeltacht ach, faraor, mo Ghaeltacht féin, Gaeltacht Mhaigh Eo. Táimid ag súil nach mbeimid ag fanacht rófhada eile le stiuideó a bhunú ansin. Tosnaíodh le hiarracht a bhí lag go leor ach tá na stiuideóanna seo bunaithe anois ar fud na nGaeltachtaí ar fad ach Gaeltachtaí Mhaigh Eo agus níos mó ama á thabhairt anois do Raidió na Gaeltachta, rud a thaitníonn liom agus an-éisteacht á fháil ag na cláracha ar fud na tíre. Is é an rud a bheas i gceist againn leis an teilifís go dtosnófar air mar chúrsa píolóiteach, agus nach mbeidh an oiread sin caiteachais i gceist nuair a chuirfear ar bun é.

D'iarr an Teachta Kenny chomh maith cén céatadán den Chrannchur Náisiúnta a bheas le fáil ag an nGaeltacht. Ní shílim go bhfuil aon chinneadh dearfa déanta go fóill ar na cúrsaí seo. Ach beimid ag dúil go mbeidh scair mhaith le fáil againn agus sin rud a bheimid ag iarraidh a chur chun cinn.

Labhair an Teachta Molloy faoin chonspóid agus faoin achrann a bhí san Ghaeltacht agus in Udarás na Gaeltachta le cúpla bliain. Níl sé i gceist agamsa labhairt faoi na cúrsaí sin. Tá sé sin caite; sin rud nach mbaineann leis an Rialtas seo agus an fhad is a bhaineann sé liomsa mar Aire agus leis an Rialtas séard a theastaíonn uainn go mbeidh baill Údarás na Gaeltachta, is cuma an iad na baill tofa iad nó na baill a thogh an t-iar-Aire, indeireadh saol an Rialtas atá caite, séard ba mhaith liomsa a fheiceáil go mbeadh na daoine sin ag obair le chéile ar mhaithe leis an nGaeltacht. Beidh mise mar Aire Stáit agus, tá mé cinnte, an Taoiseach agus an Rialtas ag iarraidh an oiread tacaíochta agus is féidir a thabhairt dóibh ar fad le cúrsaí a chur chun cinn sa Ghaeltacht. Ní fheicim go bhfuil maitheas ar bith le hachrann mar a tharla leis an iarAire agus níl mise chun a thuilleadh cainte a dhéanamh faoi sin ach amháin a rá go bhfuilimid ag súil go mbeidh an tÚdarás ag dul chun cinn go maith mar a rinne siad leis na blianta atá caite maidir le fostaíocht agus obair a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Ag caint faoin fheilméireacht éisc luaigh an Teachta Molloy an dul chun cinn mór a rinneadh san Ioruaidh agus bhí sé ag moladh go mbeadh muintir na Gaeltachta páirteach san fheilméireacht éisc. Rinne mé tagairt dó sin cheana agus arís aontáim leis mar a rinne mé i gcás an Teachta Kenny. Bhí sé ag rá chomh maith go mba ceart an sample a thug muintir na hIoruaidh a leanúint agus tá sé i gceist ag cuid de bhaill an Údaráis cuairt a thabhairt ar an Ioruaidh arís i mbliana le fáil amach céard atá ar siúl annsin. Bíonn caint i láthair na huaire faoi dhaoine a théann thar lear agus an caiteachas atá i gceist. Sílim sa chás seo go bhfuil siad ag iarraidh eolas a fháil a rachaidh chun tairbhe don tír agus don Udarás agus nach ceart bheith ag caitheamh anuas orthu. Beidh tairbhe le fáil as an turas seo agus sílim gur fiú tabhairt faoi. Luaigh sé chomh maith an stáisiún taighde atá i gCarna agus an obair atá ar siúl acu agus nach bhfuil mórán airgid le fáil acu. Is fíor go bhfuil an-obair déanta ag an Ollamh Ó Céide agus Ollscoil na Gaillimhe i dtaighde leis na blianta atá caite gan mórán airgid. Is é an trua é má theipeann orthu san taighde atá ar siúl ceal airgead. Tá mé cinnte nach dtarlóidh sé sin. Beidh mise ag súil go mbeidh siad in ann an obair thábhachtach atá ar siúl acu a choinneáil ar aghaidh.

Luaigh an Teachta Molloy chomh maith an tábhacht atá le turasóireacht sa Ghaeltacht agus aontaimid ar fad leis sin. Sin plean atá ag an Údarás faoi láthair, na hacmhainní nadúrtha a fhorbairt agus caithfear turasóireacht a chur san áireamh nuair atáimid ag caint ar fhorbairt ár n-acmhainní nádúrtha. Tá a fhios agam go bhfuil iarratas curtha isteach ag an Údarás chun go mbeidh páirt níos mó acu i dtionscal na turasóireachta. Ach dá gceapfainn gurbh fhéidir leo cuid mhaith a dhéanamh bheinn i bhfábhar aon chuidiú gur féidir a thabhairt sa cheist seo maidir le tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Údarás. Ach tá deacrachtaí ann nuair a fheiceann tú go bhfuil boird réigiúnacha i láthair na huaire faoi Bhord Fáilte ag plé leis na cúrsaí seo. Is é an deacracht atá ann, má bhíonn an iomarca eagras ar siúl go mbíonn siad ag teacht salach ar a chéile, agus cé go n-aontóinn ar fad leo níl a fhios agam an bhfuil sé chomh furasta agus a dhearcann sé cumhachtaí breise a thabhairt dóibh maidir le forbairt na turasóireachta sna Gaeltachtaí ó tharla go bhfuil na boird réigiúnacha ann. Tá an méid seo ann, ar ndóigh, go dtig linn i gcúrsaí tionscail agus mar sin de, mar a luaigh mé faoin aonad ceardaíochta sa Spidéal, thig linn ar an mbealach sin comhshnaidhmiú a dhéanamh idir obair an Údaráis agus obair Bhord Fáilte maidir le turasóireacht a chur chun cinn.

Luaigh an Teachta Coughlan chomh maith an tábhacht atá leis na Gaeltachtaí a chur ar comhchéim le háiteacha eile ó thaobh seirbhísí de. Aontaímid ar fad leis sin agus, ar ndóigh, má theastaíonn uainn go mbeidh tionsclaíocht sa Ghaeltacht agus go mbeidh forbairt tionsclaíochta caithfear cúrsaí cumarsáide a fheabhsú agus caithfear bóithre agus a leithéidí sin a chur chun cinn. Sílim de réir a chéile go bhfuil an dul chun cinn sin ag teacht. Tá cúrsaí teileafóin anois i bhfad níos fearr ná mar a bhíodh agus tá cuid de na Gaeltachtaí a bhfuil aerstráicí bunaithe iontu, agus baintear úsáid astu seo ó am go ham. B'fhéidir nach dul chun cinn anmhór é, ach mar sin féin tá feabhas ag teacht de réir a chéile agus beimid ag súil go leanfar leis sin. Luaigh an Teachta céanna, agus labhraíomar anseo cheana féin, faoin Ghaeilge a bheith faoi ionsaí, agus aontaímid ar fad go mba cheart cuidiú ar gach bealach le cúrsaí na Gaeilge a neartú.

Tá mé buíoch de na daoine ar fad a tháining isteach anseo le labhairt. Ní raibh aon achrann eadrainn. Sílim go dtuigeann gach uile dhuine nach mbaineann an Ghaeilge le páirtí amháin nó le duine amháin. Baineann an Ghaeilge linn uilig, agus táimid ar fad aontaithe faoin tábhacht atá leis an Ghaeilge agus dul chun cinn na Gaeilge. Is breá an rud a fheiceáil go bhfuil ár scoileanna lán-Ghaeilge á mbunú ar fud na tíre. Sílim go dtuigeann ár muintir anois go bhfuil saibhreas acu gur fiú a chaomhnú agus go dtiocfadh linne anseo leanúint ar aghaidh agus cuid den dea-shampla atá ag teastáil a thabhairt ó am go ham. Ní bhíonn an Ghaeilge le cloisteáil, faraor, chomh minic agus ba mhaith linn. Ní bhionn sí le cloisteáil ach amháin nuair a bhíonn díospóireachtaí agus mar sin de ann. Ní ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith atá mé nuair a deirim é seo, mar tá a fhios agam go bhfuil daoine a bhfuil deacrachtaí acu le Gaeilge, agus is maith liom a fheiceáil go bhfuil daoine anseo sa Dáil atá ag déanamh iarrachtaí le Gaeilge a fhóghlaim agus le feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Níl mé ag iarraidh a bheith ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith, mar sílim go millfeadh sé sin an scéal ar fad. Is é an rud atá i gceist agam go mba cheart dúinn ar fad a chur i gcuimhne dúinn féin ó am go ham an tábhacht atá leis an Ghaeilge agus b'fhéidir dea-shampla a thabhairt mar a dúirt mé, agus í a úsáid níos minice anseo i dTithe an Oireachtais agus i dtimpeallacht na Dáil. Tá mé buíoch de gach duine a labhair sa díospóireacht seo.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

Aontaíodh na Céimeanna eile a thógáil inniu.

Cuireadh an Bille tríd an gCoiste, tuairiscíodh é gan leasú ritheadh é.

Is Bille airgid an Bille seo faoi Airteagal 22 den Bhunreacht.

Barr
Roinn