den Taoiseach cad é an cúnamh airgid atá le fáil ó Roinn na Gaeltachta ag iascairí chun a gcuid bád a cheannach; an eol dó nach gcáilíonn iascaire don deontas seo muna gceannaítear an bád trí BIM; agus an bhfuil aon socrú déanta chun an deontas a íoc nuair nach mbíonn airgead ag BIM i mbliain áirithe ach gur féidir le iascaire bád a cheannach trí chomhlacht airgeadais.
Written Answers. - Deontas do Iascairí.
41. D'fhiafraigh
Is deontas forlíontach anuas ar dheontas ó Bhord Iascaigh Mhara atá iníoctha faoi Scéim na mBád Iascaigh atá á reachtáil ag Roinn na Gaeltachta agus ní féidir an deontas sin a íoc nuair nach bhfaigheann iarratasóir bundeontas ón mBord sin. £5,000 an deontas uasta atá ar fáil faoin scéim.