Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Jun 1987

Vol. 373 No. 2

Written Answers. - Deontais Tithíochta Gaeltachta.

42. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad iad na ceantair i gContae Phort Láirge atá sa Bhreac-Ghaeltacht; agus cad iad na coinníollacha faoina gcáilíonn daoine sna ceantair sin do dheontais tithíochta Gaeltachta atá fós i bhfeidhm.

Tá na ceantair i gContae Phort Láirge a shonraítear mar Ghaeltacht chun críche deontais tithíochta luaite sa Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Gaeltacht), 1929, arna leasú ag Acht na dTithe (Gaeltacht), (Leasú), 1959.

Chun deontas a thuilleamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929-1979, ní mór d'iarratasóir an Roinn a shásamh gurb í an Ghaeilge gnáth-theanga a theaghlaigh agus go bhfuil gnáthchónaí air sa Ghaeltacht.

I gcás iarratasóra ar dheontas i leith tí nua i gceantar Gaeltachta atá lasmuigh de na limistéirí a shonraítear in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1926-1982, ní mór an Roinn a shásamh freisin go bhfuil cónaí ar an iarratasóir sin i sean teach atá neamhoiriúnach ar fad chun cóiríocht cheart shláintiúil a thabhairt dó féin agus dá chúram agus go mbeadh i gceist an teach nua a thógáil in ionad an tseantí sin.

Barr
Roinn