Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 3 Jun 1987

Vol. 373 No. 2

Written Answers. - Feidhmeannach do Ghaelscoileanna.

43. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén fáth ar chuir Bord na Gaeilge deireadh leis an socrú a bhí aige le hÚdarás na Gaeltachta trínar íoc an tÚdarás tuarastal agus costaisí d'fheidhmeannach lán-aimseartha a bhí fostaithe ag Gaelscoileanna chun aidhm na gluaiseachta úd a chur chun cinn.

Tuigim gurb é Gaelscoileanna a chinn ar dheireadh a chur leis an socrú sin. Ní raibh aon bhaint ag Bord na Gaeilge leis an scéal.

Barr
Roinn