Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 21 Oct 1987

Vol. 374 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údarás na Gaeltachta.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas aon chumhachtaí breise a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Táim ag glacadh leis gur cumhachtaí breise faoi alt 9 den Acht Um Údarás na Gaeltachta, 1979, atá i gceist ag an Teachta. Sula bhféadfaí iarratas mar sin a chur faoi bhráid an Rialtais bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tÚdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoin alt sin.

Tá a fhios ag an Aire gur tugadh cumhachtaí breise do SFADCo le déanaí ó thaobh chúrsaí turasóireachta de agus mar sin. Agus tá a fhios againn go léir go bhfuil an tÚdarás ina gceannródaithe ó thaobh fheirmeoireacht éisc de. Anois, dá mba rud é go gcuirfí iarratas isteach chuig an Aire an mbeadh sé báúil do chumhachtaí breise a thabhairt don Údarás sa chás sin?

Go dtí seo tá an tÚdarás ag plé le forbairt eacnamaíochta na Gaeltachta. Tá siad ag cur tionscal ar fáil. Tá siad, mar a dúirt an Teachta, ag plé le cúrsaí feirmeoireacht éisc agus go deimhin tá siad ina gceannródaithe ar an obair sin. Ach níl aon chosúlacht i láthair na huaire go bhfuil siad ag iarraidh aon chumhachtaí le dul i bhfeidhm do mhuintir na Gaeltachta.

An bhfuil an tAire sásta go mbeidh an tÚdarás in ann a ndualgaisí a chomhlíonadh leis an méid airgid atá molta dóibh i mbliana, do 1988, ó thaobh tionscal agus fostaíochta de?

Mar a tharla i ngach rannóg eile, tá giorrúchán i gceist, agus baineann sé le Roinn na Gaeltachta agus leis an Údarás, ach táimid ag súil go mbeidh siad in ann fónamh go maith ar mhaithe le muintir na Gaeltachta as an méid airgid a bheas acu i mbliana.

An féidir leis an Aire a aimsiú an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas ag an am seo cumhachtaí le pleananna réigiúnacha a thabhairt don Údarás? Is é sin má ghlacann an Rialtas leis an Hume report ar leibhéal na hEorpa an bhfuil sé mar straitéis go ligfidh an Rialtas do Údarás na Gaeltachta pleananna cuimsithe réigiúnacha a chur os comhair an Chomhphobail díreach, agus na cumhachtaí a aistriú ón Roinn Airgeadais?

Ní shílim go mbaineann sé sin go díreach leis an gceist. Ach mar sin féin, tá forbairt iomlán na Gaeltachta faoi chúram an Údaráis agus is dócha gurb shin rud an-tábhachtach don Ghaeltacht más rud é go gcuirtear an dlí i bhfeidhm san Eoraip san am atá le teacht.

An féidir leis an Aire a chur in iúl dúinn an bhfuil cruinniú socraithe aige le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta nó le Bord Údarás na Gaeltachta chun na deacrachtaí ata ag éirí as na giorruithe atáthar á gcur i bhfeidhm sa bhliain 1988 a phlé?

Buailim le baill an Údaráis go féiltiúil agus tá eolas maith agam ar gach uile shórt atá ar siúl san Údarás. Ní raibh mé ag caint leo ó tugadh amach na Meastacháin i gcomhair na bliana seo, ach tá sé i gceist agam labhairt leo chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn