Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Jan 1988

Vol. 377 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Teilifís Ghaeltachta.

11. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist aige an t-airgead atá curtha ar fáil ón gCrannchur Náisiúnta, le haghaidh scéim theilifíse trí Ghaeilge, a úsáid le tús a chur le teilifís Ghaeltachta; agus má tá, cén uair a bheidh an tseirbhís ar fáil.

Tá an bealach ina gcaithfear an t-airgead sin á mheas go fóill.

Baineann an cheist go direach le airgead a sholáthar do scéim theilifíse sna Gaeltachtaí a chur ar fáil. An bhfuil sé glactha i bprionsabal go mbeidh airgead breise chun an scéim seo a bhunú?

Tá £500,000 curtha ar fáil le scéim phíolóiteach a bhunú agus tá an chaoi a gcaithfear an t-airgead sin á mheas go fóill ag RTÉ, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Cumarsáide. Tá gach iarracht a dhéanamh le cinneadh ceart a shroisint maidir leis an chaoi a chaithtear an t-airgead seo.

Cé hiad na grúpaí seachas Radio Telefís Éireann agus Roinn na Gaeltachta a raibh caint leo, agus an bhfuil sé i gceist ag an Aire Stáit dul i gcomhairle leis an dream atá bunaithe os na Gaeltachtaí chun scéim theilifíse a éileamh agus a fhorbairt? Tuigeann an tAire Stáit an grúpa atá i gceist agam.

Beidh mé sásta dul i gcomhairle le dream ar bith a bheas in ann cuidiú a thabhairt dúinn le cláracha féiliúnacha a chur amach do na Gaeltachtaí. Ach seo rud úr ar fad agus caithfear é a scrúdú i gceart i gcaoi nuair a chuirfear amach é go mbeidh cláracha taitneamhacha a mbeidh glactha leo ag muintir na Gaeltachta agus ag muintir na tíre ar fad. Sin iad na rudaí atá á meas sul a ndéanfar aon chinneadh cinnte maidir leis an teilifís féin.

Barr
Roinn