Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Jan 1988

Vol. 377 No. 1

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Deontais do Threimhseacháin/ Nuachtáin.

13. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta go bhfuil go leor ó thaobh léitheoireacht trí Ghaeilge ar fáil sna tréimhseacháin/nuachtáin a fhaigheann deontas ón a Roinn, a d'fheilfeadh don ghnáth-léitheoir sna Gaeltachtaí.

14. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard iad na tréimhseacháin/nuachtáin a fhaigheann cúnamh deontais ón a Roinn, cén áit ina bhfoilsítear iad; agus cén díolaíocht a bhíonn acu ar an meán.

Tógfaidh mé Ceisteanna 13 agus 14 le chéile.

Ba bhreá liom dá mbeadh glaoch níos fearr sa Ghaeltacht agus lasmuigh de ar na tréimhseacháin i gceist. Táim sásta go ndéanann na foilsitheoirí iarracht chun an díolaíocht a mhéadú ach ní fóláir nó go bhfuil tuairimí éagsúla ann faoin chur chuige is fearr chun an aidhm sin a bhaint amach.

Tá scéim á reachtáil ag mo Roinnse nach mbaintear úsáid as de réir mar ba mhaith liom. Faoin scéim sin is féidir cúnamh a thabhairt do choistí Gaeltachta chun irisí áitiúla Gaeilge a fhoilsiú go tráthrialta. D'fháilteoinn roimh iarratais faoin scéim sin.

Tá an t-eolas i dtaobh na bhfoilseachán ar leith i bhfoirm tábla agus cuirfear timpeall é sa Tuairisc Oifigiúil.

Tábla

Foilseachán

Áit fhoilsithe

Meándíolacháin an eagráin

Agus

Corcaigh

720

An Gael Óg

Baile Átha Cliath

12,000

Anois

Baile Átha Cliath

5,040

An Sagart

Máigh Nuad

1,200

An Timire

Baile Átha Cliath

1,800

An tUltach

Béal Feirste

1,300

Comhar

Baile Átha Cliath

1,700

Feasta

Corcaigh

640

Tír na nÓg

Baile Átha Cliath

10,000

Ar tugadh aon treoir le déanaí do na nuachtáin i gceist faoin iarracht atá ar siúl faoi láthair; an leor an iarracht agus ar cuireadh aon chiorclán amach ó Roinn na Gaeltachta do na heagarthóirí i gceist?

Níl a fhios agam go díreach céard atá i gceist ag an dTeachta. Ní bhíonn mórán plé ag an Roinn le cuid de na daoine atá ag cur amach na foilseacháin taobh amuigh de Anois. Ach labhair mé féin le Gael-Linn maidir leis sin agus bhí an cheist ann i gcónaí faoin méid nuachta a bhain leis an Ghaeltacht a bhí sa pháipéar sin, agus deineadh moltaí leo faoi nuacht níos mó a chur amach do mhuintir na Gaeltachta sna hirisí atá á bhfhoilsiú acu. Ní raibh aon teangmháil leis na daoine eile atá ag cur irisí Gaeilge amach faoi láthair.

Nach nglacann an tAire Stáit gur chóir go mbeadh teangmháil idir an Roinn agus daoine atá ag fáil deontas chun seirbhís a chur ar fáil do na daoine sin a bhfuil Gaeilge ag teastáil uathu; agus nach nglacann sé nach ionann an iarracht atá déanamh? Tá nuachtáin ann agus tá siad ag déanamh iarracht maith; tá nuachtáin eile ann agus ní leor an iarracht atá ar siúl acu faoi láthair.

Na daoine atá ag plé leis na cúrsaí seo, níl aon bhrabach á fháil acu ar an obair. Tá siad á dhéanamh mar go bhfuil grá acu don Ghaeilge agus is beag a fhaigheann siad mar dheontais ó Roinn na Gaeltachta leis an obair sin a chur chun cinn. An chuid is mó de na hirisí atá á gcur amach, is cinn míosúla iad. Tá iarracht mhaith á déanamh acu leis an Ghaeilge a fhorbairt agus gan mórán airgid á fháil acu chuige sin.

An mbeidh sórt achoimre ar siúl nuair a bheidh an scéim fograíochta tosaithe, is é sin, an mbeifear ag scrúdú na nuachtán éagsúla, go háirithe na cinn i mBeárla a bhfuil colúin acu chun a aimsiú an leor na colúin atá acu, an bhfuil siad ag déanamh iarracht maith, nó an féidir an scéim a scaipeadh do na nuachtáin sin nach bhfuil focal Gaeilge acu.

D'aontóinn leis an Teachta nach bhfuil sé sásúil go bhfuil páipéir laethúla nach dtugann colún ar bith don Ghaeilge. Ba dheas an rud é dá mbeadh colún i nGaeilge i ngach páipéar laethiúil. Sílim nach ceart gur gá do Roinn ar bith a chur in a luí ar na nuachtáin an tábhacht atá leis sin. Muna síleann siad féin go bhfuil buntáiste agus tábhacht ann, níl morán maith domsa nó don Roinn é sin a dhéanamh.

An aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil sé scannalach a laghad iriseoirí a fhanann sa Teach nuair a bhíonn cúrsaí Gaeilge agus ceisteanna faoin Ghaeilge agus an Ghaeltacht á bplé.

Níor mhaith liomsa bheith ag caitheamh anuas ar iriseoirí ar bith. Tá a bpostanna féin le déanamh acu, ach, mar atá ráite anseo cheana, ba dheas an rud é dá mbeadh poiblíocht le fáil ag daoine a bhaineann usáid as Gaeilge sa Teach nuair a bhíonn Gaeilge á plé anseo.

Barr
Roinn