Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Feb 1988

Vol. 377 No. 6

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Úsáid na Gaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach an dtuigeann sé go bhfuil fíorchontúirt ann nach mbeidh an Ghaeilge dhá húsáid mar ghnáth-theanga labhartha pobail i bhfad eile agus an bhfuil aon ghníomhaíocht speisialta beartaithe aige maidir le húsáid na Gaeilge i measc aos óg na Gaeltachta a neartú.

Cé gur maith liom go mbainfí i bhfad níos mó úsáide as an nGaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht, ní aontaím go bhfuil an scéal chomh dona agus a deireann an Teachta.

Tá caomhnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra mar bhun-aidhm ag na scéimeanna éagsúla atá á reachtáil ag mo Roinnse, agus ag Údarás na Gaeltachta, sna ceantair Ghaeltachta agus tá mé sásta tríd is tríd go bhfuil ag éirí leo san aidhm sin.

Mar is eol don Teachta, tá soláthar speisialta £500,000 curtha ar fáil ón gcrannchur náisiúnta le haghaidh scéim phíolóta do theilifís Ghaeilge agus tá an cheist á meas faoi láthair, i gcomhairle le saineolaithe éagsúla, d'fhonn teacht ar an mbealach is éifeachtaí chun an t-airgead sin a chaitheamh. Is cinnte go dtabharfar aird ar leith do riachtanais an óige ó thaobh cláracha teilifíse i nGaeilge de in aon socruithe a dhéanfar agus, tríd is tríd, ní foláir nó gurbh fhearrde go mór í an Ghaeilge a leithéid de sheirbhís a bheith á soláthar.

An bhfuil Aire na Gaeltachta sásta go bhfuil go leor á dhéanamh ag Udarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chothú sna Gaeltachtaí?

Tá scéimeanna ar leith ar siúl ag Udarás na Gaeltachta. Tá siad ag tabhairt cabhrach do chlubanna, thart ar chúig cinn ar fhichead, agus ag tabhairt deontaisí dóibh. Agus tá siad ag plé le cúrsaí sóisialta atá ag cabhrú leis an Ghaeilge. Ach braitheann sé ar mhuintir na nGaeltachtaí iad féin iarratais a chur isteach leis an chabhair sin a fháil. Go minic ní bhíonn iarratais dá leithéid á gcur isteach chuig an Udarás.

Nach bhfuil a fhios ag an Aire nár caitheadh ach 2 faoin gcéad, den iomlán a thug an Stát do Údarás na Gaeltachta le cúpla bliain anuas — 2 faoin gcéad — chun an Ghaeilge a neartú?

Tá feabhas mór tagtha ar chúrsaí san Údarás ó thaobh cheist na Gaeilge, mar an chuid is mó de na daoine atá ag obair anois sna monarchana is de bhunadh na Gaeltachta iad agus níl siad ag brath ar strainséirí níos mó le bheith ina mbainisteoirí agus le bheith i bhfeighil cúrsaí sna monarchana. Agus sílim gur féidir a rá go bhfuil dul chun cinn an-mhór déanta ag an Údarás ó thaobh an Ghaeilge a chur chun cinn sna Gaeltachtaí.

An féidir leis an Aire a rá liom, ó tharla go bhfuil na Gaeltachtaí bánaithe ar fad leis an imirce, cé mhéad faoin gcéad de dhaltaí i nGaeltachtaí i gcoitinne atá ag fáil an deontas deich bpunt faoi láthair? Agus freisin, an féidir leis a insint dom cathain a bheas an Dara Plean de Bhord na Gaeilge ag teacht amach, ó thaobh oideachas trí Ghaeilge agus forbairt labhairt na Gaeilge de?

Tá laghdú tagtha ar uimhreacha na bpáistí atá ag fáil an deontas £10. Níl na figiúirí do 1987 le fáil go fóill ach tá laghdú le feiceáil. B'fhéidir go bhfuil laghdú ar an daonra chomh maith, agus má thógtar é i gcomhthéacs an laghdaithe sin b'fhéidir nach bhfuil a oiread sin de laghdú tagtha ar uimhir na bpáistí atá ag fáil an deich bpunt.

Cathain a bheidh Plean Bhord na Gaeilge ar fáil?

Tuigim go bhfuil sé beagnach réidh, ach níl aon socrú deimhnithe go fóill faoi cén dáta a bheas sé á chur ar fáil.

Barr
Roinn