Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Feb 1988

Vol. 377 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Cábla-Carr do Inis Bigile (Acaill).

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil socrú déanta fós faoin gceist go gcuirfí cábla-charr ar fáil do mhuintir Inis Bigile, Acaill, Contae Mhaigh Eo, agus an ndéanfaidh sé ráiteas faoi.

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teachta cheana is gá togra costasach mar seo a mheas go cúramach. Tá an togra fós á scrúdu agus déanfar cinneadh ina leith a luaithe is féidir.

An bhfuil a fhios ag an Aire gur thug sé an freagra céanna dom cúpla mí ó shin? An féidir leis a insint dom cathain a bheidh an socrú déanta agus cathain a bheidh an cinneadh déanta faoin meastachán atá á dhéanamh aige faoin gcábla-charr seo?

Níl aon eolas breise le tabhairt agam faoi. Tá an meastachán á mheas go fóill. Tá cuid mhaith airgid i gceist agus táimid ag iarraidh a theacht ar réiteach a bheas sásúil do mhuintir an oileáin.

An féidir leis an Aire a insint dom an mbeadh an moladh sin oiriúnach do airgead a fháil ón gCiste Réigiúnach?

Sílim gurb é an gnás atá ann maidir leis an gCiste Réigiúnach, chun airgead a chur ar fáil, ná go dtiocfadh sé sa cháinaisnéis.

An féidir leis an Aire a rá go mbeidh cinneadh déanta roimh dheireadh an tsamraidh faoi?

Mar is eol don Teachta — ní gá dom é seo a lua leis — tá sé i mo dháilcheantar féin agus beidh mise ag déanamh mo dhíchill é a bhrú chun cinn agus toradh a fháil chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn