Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Feb 1988

Vol. 377 No. 9

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Mná Tí sna Gaeltachtaí.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach an mbeidh gá ag mná tí sna Gaeltachtaí uimhir chánach a bheith acu as seo amach de réir na cáinaisnéise agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

Ní mór do gach iarratasóir ar dheontas Stáit feasta a (h)uimhir thagartha cánach a thabhairt maille le deimhniú go bhfuil cúrsaí cánach an iarratasóra in ord leis na Coimisinéirí Ioncaim. Beidh ar mhná tí sa Ghaeltacht a thuilleann deontais ó mo Roinnse faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge an coinníoll sin a chomhlíonadh. Tá scéal dá réir curtha chucu.

Nach bhfuil sé soiléir go dtiocfaidh drochstaid ar an nGaeilge i dtaobh an mholadh seo? Tóg mar shampla fear céile atá ag iascaireacht nó ag feirmeoireacht. Ní rachaidh mná tí isteach sa scéim seo má bhíonn an brú orthu uimhir chánach a chur isteach i leith an deontais fhíorbhig atá siad á fháil i leith scoláirí Gaeilge atá ag fanacht leo i rith an tsamhraidh.

Ní gá go mbeadh siad ag íoc cáin ioncaim de bharr uimhir chánach a bheith acu. Níl anseo ach rud a bhaineann le gach deontas atá á íoc amach ag an Stát. Má tá iarratasóir ag fáil os cionn £500 ón Stát, caithfidh an Roinn Airgeadais a bheith sásta go bhfuil cúrsaí cánach ceart acu, a deirimse, agus nílim ag rá uimhir thagartha i gcomhair deontaisí. Ní gá go mbeadh siad ag íoc cánach de bharr an uimhir thagartha seo a bheith acu.

An féidir leis an Aire Stáit a insint dom cé mhéad a fhaigheann na mná tí? An mbíonn sé níos mó ná £500 i rith an tsamhraidh?

Braitheann sé ar fhad na gcúrsaí agus ar uimhir na scoláirí atá aici i rith an tsamhraidh go léir. Is dócha go mbeadh os cionn £500 le fáil aici.

An nglacann an tAire Stáit leis gur maith an rud é a bheith ag iarraidh ar mhná tí na nGaeltachtaí uimhir chánach a bheith acu ionas go mbeidh siad in ann £3.10 sa lá a fháil de bharr scoláirí atá ag foghlaim Gaeilge a choinneáil sna tithe? An nglacann sé leis freisin go gcuirfidh sé seo isteach go mór ar an scéim sin, go gcuirfidh sé faitíos ar a lán de na mná tí aon bhaint a bheith acu leis an scéim, agus go bhfuil a lán acu chun éirí as má dhéantar é? An aontaíonn sé gur olc ar fad an sórt polasaí é seo agus go ndéanfaidh sé an-damáiste do scéim fhoghlaim na Gaeilge atá ar siúl sa tír seo le fada.

Ní ghlacaim leis go gcuirfidh sé isteach ar mhná tí. Níl ann ach uimhir thagartha. Tá uimhir thagartha ar fhoirm an dole don duine atá ag dul isteach ag tarraingt dole. Ach má bhíonn daoine ag ardú gleo anseo sa Teach faoi, cinnte go gcuirfidh sé faitíos ar na mná tí.

An bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil scanradh ar na mná tí de bharr an dlí seo, agus b'fhéidir go mbeidh deireadh leis na coláistí samhraidh ar fad?

Ní thuigim cén fáth go mbeadh scanradh orthu. Níl anseo ach uimhir thagartha, uimhir thagartha don Roinn agus don Roinn Airgeadais le fáil amach go bhfuil cúrsaí cánach an té atá ag cur isteach ar an deontas seo ceart, agus ní fheicim cad tá mícheart leis sin.

Barr
Roinn