den Taoiseach an bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le feabhsú na saoráidí calaíoctha ag An Lochán Beag, Indreabhán, Contae na Gaillimhe; agus má tá, cén uair is féidir bheith ag súil go dtosófar ar an obair feabhsúcháin.
Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Saoráidí Calaíochta do Indreabhán (Contae na Gaillimhe).
Níl ar chumas mo Roinnse an togra seo a airgeadú, ag an bpointe seo, ag féachaint do na gealltanais troma atá uirthi i ndáil le hoibreacha den chineál sin cheana féin agus an tsuim theoranta airgid atá ar fáil chun freastal orthu.
Cén dáta ar cuireadh an t-iarratas isteach agus cén chéim ag a bhfuil an t-iarratas faoi láthair?
Scrúdaíodh an togra seo i 1985, agus tá £340,000 ar fáil le haghaidh muiroibreacha i mbliana. I 1985 a cuireadh an t-iarratas isteach.
Cén chéim ag a bhfuil an t-iarratas faoi láthair agus cén seans a bheidh ag an conraitheoir dul i mbun na hoibre atá i gceist?
Thug mé an t-eolas sin san chéad chuid den bhfreagra. Níl an t-airgead ann i láthair na huaire chun tabhairt faoi obair den chineál sin. Sin an deacracht atá ann.
An bhfuil sé intuigthe ó fhreagra an Aire Stáit nach mbeidh an togra breise ar fáil do dhaltaí na scoile don bhliain seo chugainn? Cathain a mbeidh na daltaí in ann úsáid a bhaint as an togra breise atá i gceist?
Tá cuid mhaith muiroibreacha le déanamh, agus táimid ag cur béime faoi láthair ar fhreastal ar chuid de na hoileáin nach bhfuil céanna cearta acu. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá go leor airgid i gceist nuair atáthar ag caint faoi mhuiroibreacha, agus is ar éigean go mbeimid in ann tabhairt faoin obair seo sa bhliain seo chugainn.