Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Mar 1988

Vol. 378 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Bord na Gaeilge.

3. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé sásta le hobair Bhord na Gaeilge go dtí seo; cathain a bheidh an dara plean gníomhaíochta á fhoilsiú ag an mbord; agus cén tacaíocht a bheidh le fáil ón Rialtas chun an plean a chur i gcrích.

4. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéid airgid a bheidh le fáil ag Bord na Gaeilge i 1988 chun a gcuid oibre a chur i gcrích.

: Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 3 agus 4 le chéile.

Tá mé sásta go bhfuil obair fhiúntach déanta ag Bord na Gaeilge ó bunaíodh é. Tá suim £1,125,000 á cur ar fáil don bhord don bhliain seo.

Tá an Dara Plean Gníomhaíochta don Ghaeilge faighte ón mbord agus tá sé á scrúdú faoi láthair.

An féidir leis an Aire a rá nach bhfuil an Rialtas le deireadh a chur le Bord na Gaeilge? Bhí ráflaí ag dul thart timpeall le cúpla seachtain faoi sin. An féidir leis a insint dom cathain a rinneadh an cinneadh faoi airgead a thabhairt do Bhord na Gaeilge? Agus freisin, sílim go bhfuil tacaíocht eile le fáil ón mbord faoi áiseanna agus mar sin de atá ag teastáil uathu. Má chuireann siad iarratas isteach chugat an mbuailfidh tú leo nó an mbeifí fábhrúil don iarratas a bheas ag teacht isteach faoi na hacmhainní atá ag teastáil uathu ionas go mbeidh siad in ann a gcuid oibre a dhéanamh i gceart i mbliana?

Níl a fhios agam an bhfuil aon eolas ar leith ag Bord na Gaeilge go bhfuil an rud atá ráite ag an Teachta ag teastáil uathu, ach tá mise sásta bualadh le dream ar bith a dteastaíonn uathu teacht le moltaí ar bith a rachaidh leis na cúraimí atá le comhlíonadh acu.

Ba mhaith liom a iarraidh ar an Aire an mbeadh sé ar chumas Bhord na Gaeilge suimeanna airgid a chur ar fáil chun na bearnaí atá ann faoi láthair a líonadh maidir le téacsleabhair atá ag teastáil agus nach bhfuil ar fáil, mar shampla, don ardteistiméireacht. An mbeadh siad in ann deontais a thabhairt chun na téacsleabhair sin a fhorbairt agus a ullmhú?

Braitheann sé sin ar an Roinn Oideachais níos mó ná ar Bhord na Gaeilge. Tá deontais ar leabhair Ghaeilge le fáil ag Bord na Leabhar Gaeilge agus íoctar na deontais de réir mar a chuirtear isteach orthu. Is é an trua nach mbíonn éileamh níos mó ar dheontais le haghaidh leabhair Ghaeilge, agus tuigim an rud atá i gceist ag an Teachta, go bhfuil easpa leabhair Ghaeilge le haghaidh na gcúrsaí Gaeilge sna coláistí dara leibhéil.

An bhfuil sé ar chumas Bhord na Gaeilge páirt fhiúntach a ghlacadh san fheachtas fógraíochta i leith na Gaeilge, nó an mbeadh airgead breise ar fáil chun páirt fhiúntach ghníomhach a ghlacadh san fheachtas?

Mar atá a fhios ag an Teachta, tá £400,000 leagtha amach ag an Rialtas le feachtas poiblíochta a chur ar bun don Ghaeilge. Níl sé socraithe go fóill cén leagan amach go díreach a bheas air sin. Is dócha go mbeidh a gcuid tuairimí tábhachtach.

Barr
Roinn