Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Mar 1988

Vol. 378 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Údaras na Gaeltachta.

5. D'fhiafraigh

den Taoiseach céard iad na cumhachtaí breise a d'iarr Bord Údarás na Gaeltachta faoin Acht a bhunaigh an tÚdarás; agus ar tugadh na cumhachtaí sin don Údarás.

Táim ag glacadh leis gur cumhachtaí breise faoi alt 9 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, atá i gceist ag an Teachta. Sula bhféadfaí iarratas mar sin a chur faoi bhráid an Rialtais bheadh sé riachtanach don Údarás cás iomlán a leagan amach — na lochtanna sa chóras, na bealaí chun iad a leigheas, an costas a bheadh i gceist agus mar sin de. Go dtí seo níor leag an tÚdarás cás amach d'aon chumhachtaí breise faoin alt sin.

An bhfuil sé intuigthe ón bhfreagra atá tugtha ag an Aire Stáit nach bhfuil aon iarratais curtha isteach go foirmiúil ó Údarás na Gaeltachta chun na cumhachtaí a leathnú, más féidir, faoi Acht 1979?

Chuir siad litir isteach i Márta 1983, gearrlitir nár leag amach aon chuspóirí a fhéadfaí a chur os comhair an Rialtais ag an am. Ní raibh ann ach litir agus níor chuir muid os comhair an Rialtais í. D'iarr said airgead breise uair amháin do na bóithre, le caitheamh ar bhóithre sna Gaeltachtaí. Ach níor tháinig ón Údarás go dtí seo aon phlean nó leagan amach a bhféadfaí a chur os comhair an Rialtais.

Tá mé buíoch den Aire as ucht an eolais atá sé ag tabhairt don Teach. Ach ar ghlac sé ar ball le hiarratais, mar shampla, cumhachtaí atá ag na húdaráis áitiúla, go háirithe an chomhairle chontae, faoi láthair, a aistriú go Údarás na Gaeltachta; agus, an rud is tábhachtaí ar fad, b'fhéidir, faoi chúrsaí bóithre ach go háirithe faoi chúrsaí tithíochta, os rud é go bhfuil na húdaráis áitiúla i gceist — níl siad ag tógáil tithe faoi láthair in áiteanna Fíor-Ghaeltachta — an bhfuil sé chun cúram tithíochta a thabhairt do Údarás na Gaeltachta? An mbeadh sé báúil do mholadh mar sin?

De réir an Achta tá deis ag an Údarás moltaí a chur os comhair an Rialtais faoi chumhachtaí breise a shíleann siad a chuideodh leo i riaradh na Gaeltacht. Ach caithfidh siad iarratais inmholta a chur isteach agus chaithfí gach gné den iarratas sin a phlé go cúramach sula bhféadfaí tabhairt faoi an chumhacht bhreise seo a chur ar fáil dóibh. Tá an t-alt ansin le feidhm a bhaint as, ach níor bhain an tÚdarás aon fheidhm as go dtí seo leis na cumhachtai breise seo a iarraidh.

Barr
Roinn