Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Mar 1988

Vol. 378 No. 7

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Daonra na Gaeltachta i nGaillimh.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cé mhéad de dhaonra na Gaeltachta atá lonnaithe i gcaithair na Gaillimhe; agus an bhfuil na daoine seo (a) i dteideal na ndeontaisí speisialta Gaeltachta (b) i dteideal vótáil i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta agus (c) i dteideal an deontais i leith scoláirí a chur ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht faoi Scéim na gColáistí Samhraidh.

Tuigim ón bPríomhOifig Staidrimh go raibh cónaí ar 5,226 duine sa chuid sin de Chontaebhuirg na Gaillimhe atá sa Ghaeltacht (mar a shonraítear í in Orduithe na Limistéar Gaeltachta 1956-1982).

Tá daoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht sa chontaebhuirg sin i dteideal (i) deontais a íocann mo Roinnse sa Ghaeltacht ach na coinníollacha a bhaineann leo a chomhlíonadh; agus (ii) vótáil i dtoghcháin d'Údarás na Gaeltachta ach iad a bheith ar an liosta toghthóirí.

Tá tairbhe na ndeontas a íoctar faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge i leith daltaí a dhéanann freastal ar choláistí samhraidh sa Ghaeltacht teoranta d'iarratasóirí a bhfuil cónaí orthu lasmuigh de na limistéir Ghaeltachta. Sna cúinsí sin níl scoláirí a bhfuil cónaí orthu i nGaeltacht Chontaebhuirg na Gaillimhe i dteideal tairbhe na scéime sin.

Nach n-aontaíonn an tAire Stáit go bhfuil deacracht ann, is é sin, go bhfuil an Ghaeltacht á deimhniú faoi chúrsaí spáis in ionad faoi chúrsaí teaghlaigh? Tá daoine nach bhfuil Gaeilge acu ina gcónaí sna háiteanna seo a luaigh sé, agus níl na deontais ar fáil dóibh a gclann a chur go dtí na Gaeltachtaí faoi scéim na ndeontas. Nach n-aontaíonn sé go bhfuil deacracht ann?

Caithfidh na daoine atá ag fáil deontas Gaeilge na coinníollacha a chomhlíonadh, agus níl aon neart ag mo Roinnse ar na cúrsaí sin. Tá rialacha daingne ag baint le cé leis a n-íocfar deontais, agus mura mbíonn na coinníollacha comhlíonta ní féidir na deontais a íoc.

Nach n-aontaíonn an tAire Stáit nach ndéanann sé ciall ar bith go mbeadh daoine ina gcónaí in áit faoi dheimhniúchán na Gaeltachta nach bhfuil Gaeilge acu, agus níl seans acu faoi na rialacha agus na coinníollacha faoi láthair a gcuid gasúr a chur go dtí an Ghaeltacht chun an Ghaeilge a fhoghlaim? Agus fiú amháin tá daoine ann atá ag déanamh iarrachta trí Ghaelscoileanna a bhunú agus mar sin de. An bhfuil sé ar intinn aige aon mholtaí a chur ar aghaidh chun na coinníollacha a athrú ionas go dtabharfaí cead do na daoine seo, do na teaghlaigh seo, a gclann a chur go dtí na Gaeltachtaí i rith an tsamhraidh mar is féidir le duine ar bith a dhéanamh?

Níor mhaith liomsa go gcuirfí constaic ar bith in aghaidh daoine a dhul chuig na Gaeltachtaí le Gaeilge a fhoghlaim. Tá an scéal sin fíor faoi cheantair Ghaeltachta ar bith. Tá ceantracha Gaeltachta a bhfuil daoine ann nach bhfuil aon Ghaeilge acu, agus ní féidir leo, cuirim i gcás, fiú má tá siad i gcroí na Gaeltachta, buntáiste a bhaint as na scéimeanna mar atá na rialacha i láthair na huaire. Bheadh sé iontach deacair na rialacha a athrú le teacht i gcabhair arna daoine seo atá á lua ag an Teachta.

An mbeadh an tAire Stáit sásta féachaint ar na rialacha agus b'fhéidir moltaí a thabhairt ar aghaidh chun an deacracht seo a shárú?

Sílim go dtuigeann an Roinn na deacrachtaí atá ann agus gur thuig muid céard a bhí i gceist ag an Teachta nuair a chuir sé an cheist seo os ár gcomhair, ach i láthair na huaire ní fheicim gur féidir mórán a dhéanamh.

Barr
Roinn