Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Mar 1988

Vol. 379 No. 3

Díospóireacht ar an Athló. - Mná Tí na Gaeltachta.

Ar dtús be mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil as ucht cead a thabhairt dom an cheist seo faoi mhná tí na Gaeltachta a ardú ar athló na Dála; agus freisin ba mhaith liom cuid den am atá agamsa a thabhairt don Teachta McGinley, más féidir liom é sin a dhéanamh.

Ceart go leor.

An t-aitheasc a thug an tAire Airgeadais ar an gcáinaisnéis an 27 Eanáir sa Dáil, nuair a dúirt sé go mbeadh sé riachtanach do gach uile dhuine a bhí ag fáil deontais ón Stát uimhir chánach a lua agus a chruthú go bhfuil a chúrsaí cánach in eagar, is as an aitheasc sin a thagann an fhadhb seo. Dúirt sé go mbeadh sé socraithe go luath agus go mbeadh eolas tugtha do na húdaráis i gceist faoi. Ach de réir cheist Dála a chuir mé féin síos chuig an Taoiseach tamall beag ina dhiaidh sin thug an tAire Stáit atá anseo againn anocht le fios dúinn nach raibh i gceist anseo ach uimhir thagartha chánach a lua. Agus freisin nach mbeadh cáin ar bith le híoc ar dheontas a bheadh le fáil ag duine a bheadh níos lú ná £500.

Níl mé ag easaontú ar chor a bith leis an mbunphrionsabal go mbíonn ar dhaoine cáin a íoc ar ioncam, ach sílim gur eisceachtúil an fhadhb atá againn anseo. Leis na blianta anuas, ar fud na tíre agus ag na cruinnithe poiblí, bhí sé le rá ag páirtí Fhianna Fáil gurb iad páirtí na Gaeilge agus go raibh agus go mbeadh sé mar phríomh-aidhm acu an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú. Aontaím go hiomlán leis an airgead a chuir an Rialtas ar fáil le déanai ón gcrannchur náisiúnta i leith fhorbairt na Gaeilge. Ach sílim, ó thaobh na gcoláistí samhraidh de, go bhfuil cinneadh uafásach déanta anseo. Cuirfear deireadh leo, agus is mór, go deimhin, an drochthoradh a thiocfaidh as seo ó thaobh chaomhnú agus forbairt na Gaeilge de. Sílim gur fíor a rá, ag éirí as na cruinnithe poiblí a bhí ar siúl ar fud na nGaeltachtaí, go bhfuil imní an-mór tagtha ar mhná tí na Gaeltacha ina leith seo. Leis an bhfírinne a rá is é an rud atá i gceist acu ná go bhfuil an-fhaitíos orthu agus ar na fir chéile go mbeidh an dole atá siad ag fáil ón Roinn Leasa Shóisialaigh bainte díobh nó gearrtha siar. Tá aithne agam féin ar gach uile dhuine a chaill an dole ar feadh tamaill bhig as ucht iniúchtha a rinne an Roinn Leasa Shóisialaigh ag éirí as na mná tí ag coinneáil scoláirí i rith an tsamhraidh, agus leis an bhfírinne a rá tá faitíos an-mhór orthu ina leith sin.

Is áiteanna iargúlta iad na Gaeltachtaí, atá bánaithe leis na blianta anuas, agus is cúis bhróin agus imní, mar a dúirt mé, ar na mná tí é seo. Ní leanann na cúrsaí seo ar aghaidh ach ar feadh tamaill ghairid agus ní mór an brabús a bhaineann na mná tí as seo, agus tá rialacha an-diana leagtha síos faoin scéim. Caithfidh siad, mar a déarfá, áit na dtuismitheoirí a thógáil, trí bhéile sa lá a chur ar fáil do na scoláirí de réir bhia an chláir atá leagtha síos, agus go ginearálta bíonn orthu cúram a thabhairt dóibh. Oibríonn siad go han-dian, agus ag deireadh na gcúrsaí is beag airgead a bhíonn acu as.

Is ar mhaithe na Gaeilge, ar mhaithe na scoláirí agus ar mhaithe chultúr na tíre ar fad a dhéanann siad an obair seo. Tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil 85 coláistí samhraidh ann, agus anuraidh, de réir cheist Dála a thug an tAire Oideachais dom ar 3 Nollaig 1987, tá a fhios againn gur íocadh níos mó ná £347,000 leis na coláistí samhraidh anuraidh, agus is mór an t-airgead é sin agus tá an-ghá leis sna Gaeltachtaí. Tugann an scéim seo airgead atá an-tábhachtach sna háiteanna iargúlta seo, agus mar a dúirt mé, áiteanna atá bánaithe leis na blianta anuas.

Tá an-imní ar na daoine atá ina gcónaí ansin faoi céard atá i ndán dóibh faoin scéim seo, faoi céard atá i ndán do na coláistí samhraidh agus mar sin de. Tá sé ráite, ag éirí as na cruinnithe poiblí atá ar siúl ar fud na tíre, go gcuirfear deireadh leis na coláistí samhraidh ar fad agus nach líonfaidh na mná tí isteach na foirmeacha atá curtha amach ón Roinn. Tá a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil coláistí samhraidh inár nDáilcheantair féin, ceann acu thíos in Eachléim, agus cuireadh isteach tuairim is £7,000 ansin anuraidh do na mná tí. Ach ag deireadh an tsamhraidh, de réir tuismitheoirí ag teacht agus ag caint leis na scoláirí, agus mar sin de, is fiú £100,000 don áit sin scéim na gcoláistí samhraidh, agus bheadh an-bhrón ormsa agus sílim go mbeadh sé tubaisteach ar fad dá mba rud é go gcuirfí deireadh leis na coláistí seo.

Mar sin, iarraim ar an Rialtas breathnú go géar air seo le go ndéanfaidh siad eisceacht, mar a rinne an Taoiseach féin cúpla bliain ó shin nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais, i leith na scríbhneoirí de. An nglacfaidh sé leis go bhfuil obair an-tábhachtach i leith chultúr na teanga ar siúl ag na mná tí seo agus an ndéanfaidh sé eisceacht de, mar sin, ó thaobh an Achta atá leagtha síos? Freisin, bhí mé ag léamh an leathanaigh ar an bpáipéar sin Anois faoin socrú a luaitear atá déanta ag an Roinn Airgeadais agus ag Roinn na Gaeltachta leis, le Coiste na gColáistí Samhraidh. Is é an rud atá luaite ansin, agus tá mé á léamh:

Iad siúd atá ar an dól nó a bhfuil a nuachair ar an dól ní ghearrfar cáin ar aon bhean tí a bhfuil teacht isteach níos lú ná £7,000 aici ó na cúrsaí samhraidh ar fad idir dheontas Roinn na Gaeltachta agus íocaíochtaí ó choláistí. Freisin, iad siúd a bhfuil ioncam inchánaithe acu ní ghearrfar cáin ach ar 10% den mhór theacht isteach (deontas Roinn na Gaeltachta móide íocaíochtaí ón gcoláiste). Beidh an cháin iníoctha ag pé ráta atá á íoc cheana féin — 35%, 48% nó 58% agus freisin ní mór uimhir chánach árachais a sheoladh chuig Roinn na Gaeltachta mar a iarradh . . .

Agus leanann sé ar aghaidh leis, agus ag deireadh an phíosa — tá mé ag léamh arís:

Tá na socruithe anseo thuas glactha agus aontaithe ag Comhchoiste na gColáistí Samhraidh, na Coimisinéirí Ioncaim, Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Airgeadais.

Ba mhaith liom dá dtabharfadh an tAire Stáit soiléiriú dúinn faoi seo. Iarraim, ar mhaithe na Gaeilge de, go gcuirfí deireadh leis seo, nó mura ndéantar é sin cuirfear deireadh leis na coláistí samhradh agus tabharfar buille marfach don Ghaeilge bheo mar theanga bheo bhríomhar.

Ar dtús ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt don Teachta Kenny as a chuid ama a roinnt liom agus deis a thabhairt dom labhairt ar an ábhar an-tábhachtach seo chomh fada agus a bhaineann sé leis na Gaeltachtaí ar fud na tíre agus go speisialta le mná tí na nGaeltachtaí agus leis an Ghaeilge i saol na tíre, mar sílim gur sin an rud atá i gceist. Agus caithfidh mé a rá, éinne againn a bhfuil cónaí orainn sa Ghaeltacht nó in aon Dáilcheantar a bhfuil Gaeltacht ann, go bhfuil imní agus éadóchas mór ar na mná tí i láthair na huaire faoi na rialacha úra atáthar á gcur i bhfeidhm i mbliana maidir leis na coláisti Gaeilge. Sílim go bhfuil dhá chuid sna rialacha chomh fada is a bhaineann siad le cáin ioncaim: (1) Go gcaithfidh gach bean tí uimhir chánach a chur ar fáil don Roinn roimh dheireadh na míosa seo sula mbeidh cead aici aon dalta a choinneáil i rith an tsamhraidh agus (2) — agus tá sé seo thar a bheith tábhachtach freisin — go bhfuil teorainn i mbliana, den chéad uair ó bunaíodh an Stát, den chéad uair ó cuireadh na coláistí Gaeilge ar bun, leis an uimhir daltaí ar féidir leo freastal ar na coláistí sin, is é sin, nach féidir aon duine breise a chur go dtí na coláistí i mbliana thar mar a cuireadh anuraidh.

Anois, ba mhaith liom tagairt don phointe sin ar dtús, mar sílim gur céim ar gcúl mhór ó thaobh pholasaí athbheochan na Gaeilge é, go gcuirfí srian agus teorainn leis na daltaí, na buachaillí agus na cailíní a bhfuil fonn orthu dul chun na Gaeltachta agus an teanga a fhoghlaim. Is é an cuspóir agus an aidhm agus an rún atá ag gach páirtí sa Teach seo ná athbheochan na Gaeilge, agus tá fhios agaibh uilig gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta agus tá polasaí athbheochana againn ó bunaíodh an Stát. Sílim go mbeadh sé an-deacair a mhíniú agus níos deacra fós a thuiscint cén fáth a bhfuilimid ag cur teorann le daoine a bhfuil fonn orthu dul go dtí an Ghaeltacht agus aithne agus eolas a chur ar an teanga agus ar mhodh labhartha na teanga.

Ba mhaith liom tagairt speisialta a dhéanamh do dhá choláiste i mo chontae féin, Coláiste Theileann agus Coláiste Uladh Ghort an Choirce, ceann de na coláistí is sine sa tír, a cuireadh ar bun fiú sular cuireadh an Stát ar bun, coláiste ar thug Pádraig Mac Piarais agus Ruairí Mac Easmainn agus laochra móra eile na tíre cuairt air, agus de thairbhe deacrachtaí a bhí acu anuraidh bhí na figiúiri aníseal. Bhí 76 acu. Tharla an rud céanna i dTeileann. Ní raibh acu ach 100. Is é an moladh ba mhaith liom a dhéanamh maidir leis an dá choláiste sin ná go ndéanfaí eisceacht ann agus go dtabharfaí an mheánuimhir dóibh a bhí acu lena trí nó ceathair de bhlianta agus ba mhaith liom go ndéanfadh an tAire Stáit — agus tá mé ag déanamh go bhfuil sé i láthair anseo — agus an tAire Stáit sa Roinn Airgeadais, a bhfuil baint mhór aige leis an gceist seo, go ndéanfadh siad scrúdú agus machnamh ar an mholadh sin. Sílim go mbeidh deacrachtaí móra ar an dá choláiste sin mura dtugtar cead dóibh na huimhracha a ardú thar mar a bhí anuraidh.

Is é an pointe a bhfuil an chaint uilig ina thaobh ná an cheist chánach. Sílim gur seo droch-am amach is amach le cáin a chur ar mhná tí a bhíonn ag coinneáil scoláirí Gaeilge. Mar le cúpla bliain anuas níor tugadh aon ardú do na mná tí agus ní shílim go dtuigeann gach éinne sa Teach nach bhfuil na mná tí ag fáil ó Roinn na Gaeltachta ach trí phunt agus deich bpingne sa lá as coimeád gach dalta dá bhfuil acu. Faoi choinne an airgid sin agus an méid a fhaigheann siad ó údarás an choláiste, is é sin £6 sa lá, tá siad ag iarraidh ar na mná tí ceithre bhéile sa lá agus leaba don oíche a chur ar fáil. Anois, níl a fhios agam cén aít eile a mbeifeá ag súil le béile amháin air sin, ní áirím ceithre bhéile agus leaba. Ní bhfuair siad aon ardú le cúpla bliain; tá an costas maireachtála ag dul suas, tá an t-airgead mar an gcéanna agus, fiú amháin, ní fhéadfadh scéim dá leithéid a thabhairt isteach ag aon am ba mheasa ná i láthair na huaire.

Tá eolas agam agus tá a fhios agam go bhfuil eolas ag an Aire Stáit é féin, mar go bhfuil coláiste Gaeilge ina Dháilcheantar féin — ar an obair an-tábhachtach a dhéanann na mná tí. Ní amháin go gcuireann siad tithe agus leaba ar fáil do na daltaí seo ach bíonn siad mar mháthair acu. Bíonn siad ansin le comhairle a thabhairt dóibh, bíonn said ansin le comhrá leo, bíonn siad ansin le iad a chur ina luí agus iad a chur ina suí ar maidin. Tá siad cosúil le máthair ag na daltaí seo, agus is céim ar gcúl é a leithéid de mholadh a thabhairt isteach ag an bpointe seo. Anois, de réir mar a thuigimid — agus níl againn go fóill ach na tuairimi atá ag na páipéir ag an deireadh seachtaine — tá socrú de chineál éigin idir na Coimisinéirí Ioncaim agus na Ranna maidir leis an cháin, agus deirtear nach mbeidh ach 10 faoin gcéad den airgead a fhaigheann na mná tí i mbliana inchánaithe; b'fhéidir 20 faoin gcéad an bhliain seo chugainn, agus cén áit a bhfuil sé chun stad?

Rud eile, ní shílim, sna comhráite seo a bhí ag dul idir Comhchoiste na gColáistí Samhraidh agus na Ranna, gur míníodh an scéal sin i gceart do na mná tí. Bhí mé féin agus an tAire Stáit, An Teachta Pádraig Ó Gallchóir, ag cruinniú de mhná tí i dTír Chonaill Dé Domhnaigh seo caite, agus tá siad sa dorchadas ar fad. Níl a fhios acu cad é atá ag dul ar aghaidh. Níl a fhios acu cé bheidh ag tabhairt cuairt orthu, níl a fhios acu cad é an cur isteach a dhéanfaidh sé seo ar liúntas leasa shóisialaigh nó aon liúntas eile atá á fháil acu. Chomh fada agus a bhaineann sé leis an chomhchoiste, dúirt siad go mbeidh 10 faoin gcéad inchánaithe. Má tá an fear ag obair, an gcaithfidh an bhean cáin a íoc ar an iomlán? Má tá an fear ag fáil liúntas leasa shóisialaigh, an gcaithfear an 10 faoin gcéad a chur san áireamh mar ioncam agus an gcaillfidh siad dá réir? Agus sílim gur uafásach an rud é sin, mar a dúirt me. Níl na mná seo ag coinneáil na ndaltaí ar mhaithe le hairgead. Dá mbeadh siad á dhéanamh ar mhaithe le hairgead ní dhíolfadh sé iad ar £6 sa lá. Anois tá traidisiúin fada sa tír. Téann na coláisti Gaeilge siar sular bunaíodh an Stát agus an t-airgead a chaitheann Roinn na Gaeltachta. Agus dúirt an Teachta Kenny anseo £347,000. Sílimse gurb é sin an t-airgead is fearr a chaitheann an Roinn ná aon airgead a chaitheann siad ar scéim eile, gurb é an t-airgead is mó a bhfuil toradh air. Mar níl aon rud go bráth agus níl aon rud a thugann níos mó sásaimh do éinne a bhfuil suim aige sa Ghaeilge nó cur chun cinn na Gaeilge ná na mílte de dhaoine óga as Baile Atha Cliath agus cathracha eile na tíre a fheiceáil ag rith ar fud na Gaeltachta i rith an tsamhraidh agus an Ghaeilge ar a dteanga acu. Agus is iomaí duine a casadh orm féin, agus tá mé cinnte go bhfuil sé mar a gcéanna leis an Aire Stáit, a chuimhníonn ar na laethanta brátha a chaith siad sa Ghaeltacht agus na cúpla focal a d'fhoghlaim siad agus an fonn a bhíonn orthu a dhul ar arís agus arís eile.

Sílim má théann muid ar aghaidh leis an scéim seo go bhféadfadh sé deireadh a chur leis na coláistí Gaeilge. Mar tá na mná tí i láthair na huaire ag seasamh le chéile agus níl fonn orthu agus ní shílim go líonfaidh siad na formeacha seo. Mar sílfidh siad go bhfuil sibh ag teacht anuas orthu i bhfad ró-láidir. Anois, tá scéimeanna sa tír seo — cuir i gcás an deontas £10 a gheibh na páistí scoile. Chomh fada agus is eol dom ní áirítear é sin mar theacht isteach faoi choinne cúrsaí cánach agus mar sin de.

Tá an t-am beagnach caite ag an Teachta anois.

Nóiméad amháin eile. Ba mhaith liom go ndéanfadh sibh eisceacht de. Is rud cultúrtha é. Déanaimid eisceacht de scríbhneoirí agus lucht ealaíne a thagann isteach sa tír seo agus a chuireann litríocht agus ealaín ar fáil. Cad é an litríocht is mó ná an teanga labhartha? D'iarrfainn oraibh an ciorclán a tharraingt siar agus ligean do na coláistí Gaeilge a dhul ar aghaidh leis an obair bhreá atá á déanamh acu ó bunaíodh iad.

Tá mé buíoch an deis seo d'fháil le mí-thuiscint a bhaineann le h-íocaíochta i gcás iarrataisí ó mná tí i gcomhthéacs na rialacha atá anois leagtha síos maidir le deontaisí ón Stát agus dheontaisí ó eagraisí poiblí a réiteach. Tugadh isteach an scéim, i ndiaidh gealluínt sa cháin aisnéis i 1987 agus 1988 agus sa chlár Athslánaithe Eacnamaíochta an Náisiúin go mbeadh ceangal idir íocaíocht deontaisí d'iarrathóirí ar dheontaisí ón Stát agus eagraisí poiblí. Bhí na moltaí céanna sa cháinfhaisnéis a bhí dhá mholadh ag an Rialtas deiridh ar 20 Eanáir 1987. Séard atá deánta ag mo Roinnse ná ciorclán a chur chuig gach Roinn den Rialtas agus gach eagras Stait leis na moltaí a chur i bhfeidhm ar 1 Márta 1988.

Níl i gceist sa scéim taobh amuigh d'eisceachtaí áirithe, ach go mbeadh uimhir cánach ag iarratasóiri le haghaidh deontaisí agus íocaíochtaí eile os cionn £500 agus faoi £10,000, lena chinntiú go bhfuil a gcuid cúrsaí cánach in ord mar ba cheart. Is leor uimhir cánach céile an iarratasóra, más rud é nach bhfuil uimhir cánach aige nó aici fein. Baineann an chuid is mó de na heisceachtaí le híocaíochtaí a bhaineann le cúrsaí leasa shóisialagh nó le híocaíochtaí a thagann faoi rialacha nó treoracha ó Chomhphobail na hEorpa.

Sé an fath nár cuireadh deontaisí ó Chomhphobail na hEorpa san áireamh go fóill na go bhfuil gá le tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh maidir leis an scéim a chur i bhfeidhm ó thaobh cearta an té atá i dteideal deontaisí a fháil ó scéimeanna atá dhá reachtáil ag Comhphobail na hEorpa. Tá an scrúdú seo a dhéanamh agus táimid ag súil go mbeidh na deontaisí seo dhá gcur san áireamh feasta.

Beidh ar iarratasóirí a mbeidh íocaíocht thar £10,000 ag dul dóibh, teastas glan a chur ar fáil do na Coimisinéiri Ioncaim. Ba mhaith liom a chur ina luí ar an bpobal gurb é an rud atá sa scéim ná deis le teastas glan cáin ioncaim a chruthú agus nach bhfuil aon bhaint aige le cáin ioncaim breise a ghearrú ar dhaoine atá istigh ar dheontaisí.

Faigheann mná tí Gaeltachta deontaisí do chúrsaí samhraidh i nGaeilge ó Roinn na Gaeltachta. Tuigim gur deontas £3.10 sa lá do gach páiste atá i gceist agus go mbeadh an méid a bheadh le n-íoc le mná tí ó na mic léinn agus Roinn na Gaeltachta idir £500 agus £10,000. Dá bhrí sin, tagann na híocaíochtaí ó Roinn na Gaeltachta taobh istigh do théarmaí an chiorcláin agus tá na mná tí curtha ar an eolas maidir leis seo.

Ó tharla go mbeadh tús dá chur le nós nua a bhunú, maidir leis an gcaoi a dhéanfaí íocaíocht ar dheontaisí i rannóga eile agus do dhaoine aonaracha, níl mé sásta eisceacht a dhéanamh i gcás na mná tí. Chuirfeadh géilleadh den chineál seo isteach ar an iarracht atá dhá dhéanamh le cinntiú go bhfuil cúrsaí cánach gach duine atá ag fáil deontaisí ón Stát in eagar cheart. Mar atá ráite agam cheana ghlac an Rialtas deiridh, sé sin an Comhrialtas Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre leis an bprionsabal seo.

Tuigim gur bhuail ionadaithe ó Chomhchoiste na gColáistí Samhraidh, a bhí ag feidhmiú thar ceann na mná tí leis na Coimisinéirí Ioncaim, agus gur cuireadh in iúl dóibh de réir na scéime go mbeadh gá le huimhreacha tagartha cánacha. Shocraigh an dá dhream, le teacht i gcabhair ar na mná tí, go mbeadh réiteach mar seo a leanas i gcás daoine a bheadh i dteideal uimhir cánach a bheith acu ach nach mbeadh i dteideal cáin ar bith a íoc: (1) Má tá a fear céile ag obair nó má tá uimhir cánach aige cheana, gur leor sin; i gcás na mná tí a bhfuil a gcuid fear ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh agus go bhfuil an t-iomlán a fhaigheann siad in íocaíocht deontaisí do na mic léinn £7,000 nó níos lú, tá sé socraíthe go gcuirfeadh na coláistí Gaeilge liosta na n-ainmneacha ar aghaidh chuig na cigirí cánach áitiúla le huimhreacha a dáileadh. Ní bheadh aon ghá le foirmeacha i gcomhar cáin ioncaim a líonadh sna cásaanna sin; agus (3) i ngach cás eile, caithfidh na mná tí nó a gcuid fear iarratas a líonadh le huimhir canách a fháil.

Ba mhaith liom a dhearbhú arís nach bhfuil sé i gceist sna rialacha seo cáin a ghearrú ar dhuine ar bith. Séard atá i gceist ná a chinntiú nach mbeidh daoine ag fáil deontaisí on Stát agus san am céanna nach raibh siad ag íoc cánach a raibh sé de cheart acu bheith íoctha acu.

Dá réir sin, caithfidh na mna tí glacadh leis na téarmaí atá leagtha amach i gciorclán mo Roinne. San am gcéanna, tá réiteach sásúil déanta i gcás mná tí na Gaeltachta. Tuigim go n-aontaíonn Comhchoiste na gColáistí Samhraidh leis an leagan amach seo.

Tá sé an-éasca dearmad a dhéanamh ar shocruithe Rialtas Fhine Gael nó ar shocruithe an Chomhrialtais. Ní féidir an dá thrá a fhreastal. Agus de réir an Rialtais seo tá sé comhairithe go han-mhaith roimhe seo gur cuireadh £4 mhilliún ar fáil ar son na teanga náisiúnta. Tá Teachtaí Fhine Gael ag iarraidh dallamullóg a chur ar dhaoine agus réabhlóid a chur ar bun sna Gaeltachtaí. Níl sé sin ceart agus níl sé sin ag déanamh faic ar son na teanga ná aon mhaitheas ar chor ar bith do mhuintir na Gaeltachta.

The Dáil adjourned at 11 p.m. until 10.30 a.m. on Wednesday, 23 March 1988.

Barr
Roinn