Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 Nov 1988

Vol. 384 No. 8

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Irish Language Programming Report.

3.

asked the Taoiseach the decisions which have been taken upon the report of the working group on Irish language programming; when these decisions will be implemented; and the groups whose decisions on the report he has considered to date.

Tá ábhar na tuarascála sin fós á mheas i gcomhar le moltaí éagsúla atá faighte. Ní miste a lua go bhfuil ceist na tuarascála fite fuaite anois le ceist an airgid a ceadaíodh ó fháltais an chrannchuir náisiúnta ar mhaithe le teilifís trí Ghaeilge agus go bhfuil an dá cheist á meas i dteannta a chéile.

Is ó RTÉ amháin a lorgaíodh tuairimí go foirmiúil ar an tuarascáil agus tá an scéal fós faoi chaibidil leo. Fuarthas moltaí ó Údarás na Gaeltachta agus ó ghrúpa i gConamara, chomh maith le roinnt daoine aonaracha, agus tá an méid a bhí le rá acu uile á chur san áireamh.

Déanfar cinneadh a luaithe is féidir maidir le moltaí na tuarascála.

Cuireadh an cheist seo síos don Aire Cumarsáide, mar ní bhaineann sí leis an nGaeltacht amháin. Bhíos ag caint faoi RTÉ, ach cuireadh chuig Aire na Gaeltachta í. Mar sin, níl an tAire in ann an cheist ina hiomlán a fhreagairt. Nach bhfuil sé sin ceart? Níl an tAire ach ag caint faoi Theilifís na Gaeltachta. Níl sé ag caint faoi RTÉ agus níos mó Gaeilge a bheith ar na cláracha ar RTÉ.

Cuir mé in iúl san fhreagra go bhfuil an rud á phlé le RTÉ maidir le tuilleadh Gaeilge a chur ar fáil, go bhfuil moltaí ar leith acu maidir leis an tseirbhís seo. Tá sé sin ráite agam anseo ó fuaireadh an tuarascáil. Níl a fhios agam an bhfuil ábhar ar bith atá pléite chomh minic sa Teach seo le tamall anuas.

Sílim gurb é an tAire Cumarsáide a fuair an tuarascáil anuraidh, bliain ó shin anois, 1987 sílim, agus níl faic socruithe go fóill idir ceachtar acu, an tAire Cumarsáide nó an tAire féin. Níl aon rud socruithe go fóill. An é sin an rud atá á rá aige? Níl sé socruithe an mbeidh Teilifís na Gaeltachta ann nó an mbeidh níos mó cláracha Gaeilge ar RTÉ. Cathain a bheidh socrú déanta faoi sin?

Sin an rud atá ráite agam sa bhfreagra, go bhfuil an rud á phlé le RTÉ agus le daoine eile ón nGaeltacht, le daoine aonaracha agus le grúpaí áirithe ón nGaeltacht, agus nach bhfuil cinneadh deimhnithe déanta go fóill.

Ba mhaith liom a rá go bhfuil sí á meas le os cionn bliana anois. An bhfuil a fhios ag an Aire go ndúirt an Taoiseach anuraidh gur mhaith leis siúd Teilifís na Gaeltachta a chur ar fáil ach nár cheap sé go mbeadh sé in ann í a chur ar fáil i 1987? Sin an rud a dúirt an Taoiseach. Anois tá an tAire ag rá nach mbeidh sí againn i 1989. An é sin an scéal.

Is ceist an-mhór an rud seo, agus mar atá ráite anseo agamsa cheana, ní féidir dul ar aghaidh le rud mar seo gan gach uile shórt a bheith scrúdaithe i gceart. Ní maith ar bith seirbhís de chineál éigin a chur ar fáil mura mbíonn glacadh ag pobal na tíre nó ag muintir na Gaeltachta léi agus caithfimid cuimhneamh, cibé rud a chuirfí ar siúl, go mbeidh sé seo ag cur in aghaidh cláracha eile atá ar an teilifís i láthair na huaire. Sin an fáth go gcaithfimid a bheith cinnte nuair a rachaidh an rud amach go mbeidh cruth ceart air.

Barr
Roinn