Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 Nov 1988

Vol. 384 No. 8

Written Answers. - County Donegal New Industries.

61.

asked the Taoiseach the efforts which have been made or are being made to attract new industries to factories formerly occupied by GPE Teo. and Finglass Teo., at Annagry and Fintown, County Donegal.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil togra á phlé acu faoi láthair d'iarmhonarcha GPE Teo. agus go bhfuiltear ag súil le cinneadh a dhéanamh sa chás go luath; agus go bhfuiltear i gcomhairle le cuideachta áirithe maidir le tionscnamh nua a lonnú sa mhonarcha i mBaile na Finne atá luaite sa cheist ach go bhfuil sé róluath go fóill a rá cén toradh a bheidh ar an chomhráite.

62.

asked the Taoiseach if is attention has been drawn to the fact that, due to lack of funding for Údarás na Gaeltachta, jobs and industries are being lost and put in jeopardy in County Donegal; if he intends to increase the funding available for Údarás; and if he will make a statement on the matter.

Anuas ar an tsuim de £5.5m i Leabhar na Meastachán tá socraithe ag an Rialtas £3m breise a chur ar fáil d'Údarás na Gaeltachta i mbliana mar chaipiteal vótáilte. Úsáidfear an t-airgead breise sin chun éilimh ar dheontais atá tagtha chun aibíochta agus a thiocfaidh chun aibíochta idir seo agus deireadh na bliana a íoc. Ar ndóigh caithfear roinnt den airgead i gceist ar thionscnaimh éagsúla i nGaeltacht Dhún na nGall ar mhaithe le fostaíocht a chruthú inti.

Barr
Roinn