Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 29 Nov 1988

Vol. 384 No. 8

Ceisteanna—Questions Oral Answers - Tionscnaimh Nua do Cheantair Ghaeltachta.

6. D'fhiafraigh

den Taoiseach cén uimhir de thionscnaimh nua atá pléite agus ceadaithe ag Údarás na Gaeltachta ó mhí an Mheithimh 1988 go dáta; cad iad na ceantair Ghaeltachta ina bhfuil siad; agus cé mhéid post nua i ngach ceann acu.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gur ceadaíodh trí thogra tionsclaíocha i gContae na Gaillimhe agus dhá cheann i gContae Dhún na nGall ó 1 Iúil 1988 ar aghaidh le sprioc fostaíochta measta de 43 phost lánaimseartha agus 70 post séasúrach iontu.

An bhféadfadh an tAire insint an tionscnaimh nua ar fad a bhí iontu seo nó an leanúint nó forbairt ar thionscnaimh a bhí cheana féin faoi lán seol?

Ní thig liom a rá go beacht. Sin an méid eolais atá agam, gur cuireadh na postanna úra seo ar fáil, 43 lánaimseartha agus 70 séasúrach.

An bhféadfaidh an tAire a rá cá mhéid tionscnamh atá sna leabhair ag Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire atá ag fanacht le cinneadh, le cead a dhul ar aghaidh?

Ní thig liom a rá anois, ach tig liom an t-eolas a fháil don Teachta.

Barr
Roinn