Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Dec 1988

Vol. 385 No. 4

Ceisteanna — Questions. Oral Answers. - Polasaí i leith na Gaeilge sa Chóras Oideachais.

2. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici (a) go leathnófaí Rialacha na Roinne i leith buncháilíochtaí múinteoirí Gaeilge sna pobalscoileanna chuig gach scoil/coláiste den chóras iarbhunscoile (b) go bhfógróidh a Roinn nach n-aithneofar feasta mar mhúinteoirí Gaeilge ach iad siúd a bhfuil oiliúint shásúil i múineadh an dara teanga faighte acu mar chuid dhílis de cibé cúrsa Teastais Múinteoireachta atá bainte amach acu (c) go n-éileoidh a Roinn feasta go mbeidh oiliúint shásúil i múineadh tríd an dara teanga ar fáil mar chuid den Ard-Teastas san Oideachas agus go mbeidh a leithéid, ar a laghad, riachtanach dóibh siúd a bheidh ag múineadh trí Ghaeilge agus (d) d'fhonn timpeallacht na scoileanna a bheith mar chabhair ag múinteoirí na Gaeilge, go mbeidh teagasc ar fáil do mhúinteoirí i gcoitinne sna cúrsaí éagsúla oiliúna, agus trí chúrsaí inseirbhíse, i modhanna cuí chun tacú le múinteoireacht na Gaeilge, mar shampla, tríd an gceol.

16. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhféachfaidh sí chuige go dtabharfaidh an córas monatóireachta cruinneolas don Roinn agus don phobal faoi líon na ndaltaí atá ag déanamh lán-chúrsa Gaeilge de réir rialacha na Roinne agus atá ag dul go dáiríre faoi na scrúduithe poiblí.

17. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta a chinntiú go mbeidh aon trealamh ríomhaireachta a chuirfear ar fáil feasta do scoileanna ar chostas an Stáit, in oiriúint d'úsáid na Gaeilge agus lena úsáid trí Ghaeilge.

23. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta a chinntiú go mbeidh ábhar amháin ar a laghad, de bhreis ar an nGaeilge, á mhúineadh trí Ghaeilge i ngach bunscoil agus iarbhunscoil sa tír.

25. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici, ó thaobh an tríú leibhéal den chóras oideachais, go nglacfaidh a Roinn tosaíocht i mbunú aonaid pleanála, ar a mbeidh ionadaíocht ag a Roinn, ag an Údarás um Ard-Oideachas, ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais, ag Bord na Gaeilge agus ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, de bhreis ar na hinstitiúidí tríú leibhéal féin, chun soláthar sásúil de chúrsaí trí Ghaeilge a chur ar fáil.

33. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici go seolfar dhá chineál cúrsa inseirbhíse do múinteoirí Gaeilge (a) cúrsaí 4-5 lá sa mhodheolaíocht agus (b) cúrsaí athnuachana sa Ghaeilge féin a mhairfeadh i bhfad níos faide ná sin.

40. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist go ndéanfar leasuithe ar shiollabais na Gaeilge sna hiarbunscoileanna in am don scoilbhliain 1989-90 chun féachaint chuige— (i) go mbeidh cumas fónta i labhairt na Gaeilge ar a laghad ag gach dalta ar fhágáil na scoile dó/di; (ii) go mbeidh aitheantas á thabhairt don réimse leathan daltaí atá ag freastal ar an iarbhunscoil sa lá atá inniu ann, mar shampla, daltaí a bhfuil sé i gceist acu leanúint ar aghaidh go dtí oideachas ar an tríú leibhéal, daltaí a fhágann an córas ag aois a 15, daltaí sa Ghaeltacht agus i scoileanna lán-Ghaeilge, daltaí a bhfuil luí acu le hacadúlacht agus daltaí nach bhfuil, daltaí cathrach agus daltaí tuaithe; (iii) go mbeidh na cúrsaí léinn agus na modhanna teagaisc oiriúnach chun (i) thuas a bhaint amach, agus go mbeidh siad tarraingteach agus éifeachtach do na daltaí ar a bhfuil siad dírithe, i bhfianaise (ii) thuas; (iv) go mbeidh na scrúduithe agus na modhanna monatóireachta eile ag feidhmiú chun leas na n-aidhmeanna thuasluaithe; agus (v) go gcuirfear réamhoiliúnt agus oiliúint inseirbhíse ar fáil do mhúinteoirí a chuirfidh ar a gcumas feidhmiú go héifeachtach sa chóras leasaithe.

42. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí chun siollabais Ghaeilge do na scoileanna náisiúnta agus na hiarbhunscoileanna a chomhordú d'fhonn leanúnachas a chinntiú ó aois a 4 go haois a 18.

47. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici na rialacha a athrú ionas go mbeidh sé riachtanach do gach mac léinn i gcoláistí oideachais lán-chúrsa sa nGaeilge a dhéanamh gach bliain den chúrsa agus caighdeán sásúil ann a bhaint amach; agus an ndéarfaidh sí cén bhliain a gcuirfear tús leis an riail nua seo.

48. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta ó thaobh mhúineadh na Gaeilge de go leagfaí síos aidhmeanna cinnte grádaithe insroichte do gach bliain tríd an dá chóras, bunscoil agus iarbhunscoil, d'fhonn a chinntiú go mbeidh bunchumas cumarsáide ar a laghad i labhairt na Gaeilge, ag daltaí uile an Stáit.

50. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sé i gceist aici go lorgófar caighdeán lán-inniúlachta sa Ghaeilge ó iarrthóirí ar áiteanna sna coláistí oideachais sa bhliain 1989/1990.

51. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta anois siollabais Ghaeilge a chur ar fáil do na gnáthscoileanna náisiúnta a fhreagródh don timpeallacht ina maireann na daltaí.

52. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta a dhearbhú go poiblí go bhfeidhmeoidh a Roinn le mórdhúthracht bhreise d'fhonn a chinntiú go mbeidh bunchumas cumarsáide ar a laghad i labhart na Gaeilge ag daltaí uile an Stáit agus go mbeidh a Roinn freagrach i leith fheidhmiú an pholasaí seo.

58. D'fhiafraigh

den Aire Oideachais an bhfuil sí sásta buan-aonad pleanála agus monatóireachta a bhunú a bheadh freagrach do Rúnaí na Roinne agus a mholfadh pé leasuithe ba ghá chun aidhm an pholasaí faoi labhairt na Gaeilge a bhaint amach agus ag a mbeadh gléas éifeachtach monatóireachta.

Tá sé ar intinn agam freagra a thabhairt ar Cheisteanna 2, 16, 17, 23, 25, 33, 40, 42, 47, 48, 50, 51, 52 agus 58 le chéile. Tugaim faoi ndeara go bhfuil na ceisteanna sin go léir bunaithe ar éilimh a dhein Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge leis an Aire sa phlean a d'ullmhaíodar tamall ó shin.

Phléigh an tAire an plean seo le lucht na Comhdhála le déanaí agus chuir sé in iúl dóibh go bhfuil sé sásta na moltaí i gcoitinne a chur i bhfeidhm de réir mar is cuí áit nach bhfuilid i bhfeidhm cheana féin. Go ginearálta, tá na moltaí ag teacht le polasaí na Roinne faoi láthair. Ar bhealach, is é sin freagra ar na ceisteanna a cuireadh ach is féidir liom tagairt do na poinntí ar leith de réir a n-ord sa phlean ag an gComhdháil. Glacaim leis gurb é bunchumas cumarsáide an chéad chuspóir ba chóir a bheith le múineadh na Gaeilge.

Maidir le pleanáil, tá meitheal oibre sa Roinn, a bhfuil ionadaíocht air ó bhrainsí éagsúla na Roinne, i leith cur chun cinn polasaithe faoin nGaeilge. Tá comhchoiste ann freisin idir an meitheal oibre sin agus Bord na Gaeilge agus tá fochoiste ann den gcomhchoiste úd chun pleanáil a dhéanamh i leith scolaíochta trí Ghaeilge.

Tá Rúnaí na Roinne ceapaithe ag an Aire cun polasaí i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Beidh sé faoi cúram ag an Rúnaí polasaí Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge a cur chun cinn.

Ó thaobh líon na ndaltaí ag déanamh lánchúrsa Gaeilge de réir rialacha na Roinne, bunaítear eolas na Roinne ina thaobh sin ar dhearbhú foirmeálta na scoileanna.

Beidh ceist riachtanais na scoileanna Gaeltachta agus na scoileanna lán-Ghaeilge agus freisin an gá go bhfreagródh an siollabas do thimpeallacht na ndaltaí dá gcur san áireamh ag an gCoiste um Aithbhreithniú Curaclam na Bunscoile atá ag obair leo faoi láthair.

Nuair bhí an siollabas nua don Teastas Sóisearach dá ullmhú, tugadh treoracha soiléire don gcoiste siollabais faoi chomhordú le siollabas Gaeilge na bunscoile. Maidir le haidhmeanna cinnte grádaithe insroichte, tá sé seo lárnach don siollabas nua don Teastas Sóisearach agus beidh sé ina n-aigne freisin ag an gCoiste um Aithbhreithniú Curaclam na Bunscoile. Mar is eol do chách anois, tá siollabas nua Gaeilge don dTeastas Sóisearach nua fógraithe anois do na scoileanna iarbhunoideachais le tosnú an bhliain seo chugainn. Is é cumas cainte agus cumarsáide a bheidh mar phríomhaidhm i gcumadh na siollabas go léir. Tá sé i gceist cúrsaí inseirbhíse a chur ar fáil le deimhniú go bhfuil tuiscint cheart ar na siollabais nua ag múinteoirí.

Tacaíonn an Roinn áit is féidir é le scoileanna chun go múinfear ábhair trí Ghaeilge.

Tá grád C ar pháipéar onóracha na hArdteistiméireachta riachtanach le haghaidh an chomórtais iontrála do na Coláistí Oideachais, maraon le pas ag scrúdú béil. Is gá go ndéanfadh gach macléinn sna Coláistí Oideachais cúrsa proifisiúnta Gaeilge d'fhonn iad a ullmhú le teagasc na Gaeilge agus le teagasc trí Ghaeilge sa bhunscoil.

Tá na cáilíochtaí acadúla atá riachtanach do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna cuimsitheacha agus i ngairmscoileanna ar aon dul i gcoitinne leis na cáilíochtaí i bpobalscoileanna. I gcás meánscoileanna is í an Chomhairle Chláraitheachta, eagras neamhspleách atá curtha ar bun go reachtúil, a leagann síos na cáilíochtaí atá riachtanach chun clárú mar mhúinteoir.

Tuigtear go bhfuil aonad amháin san Ard-Teastas Oideachais ar fáil trí Ghaeilge sna Coláistí Ollscoile faoi scáth Ollscoil Náisiúnta na hÉireann.

Bíonn aithbhreithniú leanúnach ar sholáthar cúrsaí tríú leibhéal trí Ghaeilge ar siúl idir mo Roinn-se, an tÚdarás um Ard-Oideachas agus Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais. Bíonn sé á phlé chomh maith i gcomhthéacs pleananna de chuid Bhord na Gaeilge agus, mar a mhínigh mé, tá socruithe ann a chuireann ar chumas mo Roinne dul i gcomhairle leis an mbord ar bhonn leanúnach.

Is féidir le heagraíochtaí eile ar nós Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge a mbarúla a chur in iúl do cheann ar bith de na dreamanna atá agam.

Measaim gur leor na socruithe seo agus nach gá aonad foirmeálta mar a luaitear sa cheist a chur ar bun.

Cé nach dtugann an córas feidhmithe i ngach ríomhaire an "síneadh fada" san áireamh, tá bogearraí chuí ar fáil leis an áis seo. Mar sin, beidh aon trealamh ríomhaireachta a chuirfear ar fáil feasta do scoileanna ar chostas an Stáit in oiriúint lena úsáid trí Ghaeilge.

Tá dosaen ceist ar an gclár inniu ag baint le cúrsaí Gaeilge, is dóigh liom, sa chóras oideachais trí chéile. An bhfuil an tAire sásta a ghlacadh le dosaen ceisteanna breise dá réir? Seo an chéad cheist atá agam: an bhfuil an tAire sásta go bhfuil caighdeán sásúil á bhaint amach ag ábhair mhúinteoirí sna coláistí ullmhúcháin agus sna coláistí ollscoile, nó an bhfuil sé ar eolas aige, as líon na gcéimithe a tháinig amach as Coláiste na hOllscoile i gCorcaigh i mbliana bhí níos lú ná ocht faoin gcéad de na céimithe sin go raibh Gaeilge mar phríomh-ábhar acu? Bhí breis is 280 céimí a tháinig amach le teastas acu, agus ón líon sin ní raibh ach níos lú ná ocht faoin gcéad go raibh Gaeilge mar ábhar speisialta acu. An bhfuil aon pholasaí faoi leith ag an Aire anois chun an scéal sin d'athrú nó chun aon leigheas a chur ar an scéal sin? Sin an chéad cheist.

B'fhéidir go bhfuil an dá cheist déag sa cheist sin, a Cheann Comhairle. Ar dtús, glacaim leis an méid atá á rá ag an Teachta faoin méid daoine atá ag déanamh Gaeilge mar phríomh-ábhar anois. Tá sé soiléir go bhfuil i bhfad níos lú daltaí ag tógáil Gaeilge mar phríomh-ábhar, ar ndóigh, mar ábhar ar bith, ná mar a bhí cúpla bliain ó shin, agus sin rud a bhfuil imní ar gach duine faoi. Mar gheall ar an gcaighdeán, caithfidh mé a rá go bhfuilimid sásta leis an gcaighdeán atá ag na daltaí atá ag teacht amach as na hollscoileanna. Ar ndóigh, tá sé soiléir go bhfuil an-obair á déanamh sna ranna Gaeilge sna coláistí ollscoile i gcaoi is go bhfuil an caighdeán chomh maith agus atá sé.

An cheist eile a luaigh an Teachta faoin gcaighdeán sa teanga féin; is é an fáth go bhfuil an polasaí seo curtha suas ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an fáth go bhfuil glactha leis ag an Aire, agus, ar ndóigh, tá sé mar aon le polasaí na Roinne faoi láthair, ná go bhfuilimid ag iarraidh an caighdeán a chur chun cinn agus an teanga Ghaeilge agus an teanga labhartha go háirithe, a spreagadh i bhfad níos mó ná mar atá sí ag an am seo. Mar gheall ar an gceist faoin gcaighdeán sna coláistí oideachais, arís caithfimid a rá go bhfuil an caighdeán go maith, ach aontaím leis an Teachta go mba chóir dó a bheith níos fearr. Sin é an fáth go bhfuil an-obair á déanamh sa Roinn agus ar na húdaráis eile ag an am seo, chun dul chun cinn níos fearr a dhéanamh.

Ní hé polasaí Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge atá á phlé againn inniú ach polasaí an Rialtais agus polasaí na Roinne Oideachais ach go háirithe. Ach an cheist seo: deir an tAire liom go bhfuil a fhios aige go bhfuil an scéal mar atá sé ráite agam, agus más mar sin atá an scéal, an féidir leis a insint dom anois díreach cad é an polasaí dearfa atá ag an Roinn Oideachais nó ag an Aire Oideachais chun leigheas a chur ar an scéal faoi mar atá sé faoi láthair? Creidim go bhfuil a fhios ag an Aire nach féidir an siollabas nua, mar shampla, a chur i bhfeidhm sna meánscoileanna. Mura mbíonn Gaeilge agus mura mbíonn caighdeán áirithe ag na múinteoirí ní bheidh sé ag na mic léinn. Tá mé ag iarraidh ar an Aire anois, cad é an polasaí atá ag an Rialtas faoi láthair chun an Ghaeilge agus caighdeán na Gaeilge d'ardú sna coláistí ullmhúcháin agus sna coláistí ollscoile, agus go háirithe sa chúrsa Higher Diploma in Education. Sin é an rud atá i gceist agam, ach go háirithe.

Bhí mé cúig nóiméad ag léamh amach an polasaí atá ag an Roinn. Sin an freagra is faide a thug mé amach sa Teach seo ó tháinig mé isteach go dtí an Dáil. Mar a dúirt mé sa bhfreagra sin, go ginearálta tá na moltaí atá ag teacht ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge mar aon le polasaí na Roinne ag an am seo, agus táimid ag obair i gcoitinne le haghaidh na polasuithe sin a chur i bhfeidhm.

(Limerick East): Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as ucht an fhreagra fhada a thug sé dúinn. Tá súil agam go bhfaighfimid breis tuarastail de dheich faoin gcéad um Nollaig as bheith ag cur ceisteanna trí Ghaeilge. Ag tagairt do Cheist a 2, tá súil agam nach bhfuil sé ar intinn ag an Aire nach n-aithneofaí choíche múinteoirí atá ag teagasc Gaeilge go sásúil leis na blianta ach nach bhfuil oiliúint fhoirmeálta acu i múineadh tríd an dara teanga, agus nach bhfuil sé ar intinn aige deireadh a chur leis an scéim sin agus go leanfaí ar aghaidh léi. Is é atá ar intinn agam, tá múinteoirí ann go bhfuil céimeanna in ábhair eile acu; níl oiliúint fhoirmeálta acu i dteagasc na Gaeilge ach tá siad ag múineadh Gaeilge go sásúil le blianta anuas. Tá súil agam nach bhfuil ar intinn ag an Aire deireadh a chur leis sin.

Ar ndóigh, is í an aidhm atá againn ná go mbeadh níos mó múinteoirí in ann teagasc trí Ghaeilge agus tá iarracht faoi leith á déanamh sna coláistí an rud sin a chur chun cinn ag an am seo. Is í an aidhm is mó atá sa Roinn ag an am seo ná go gcuirfear an teanga labhartha chun cinn agus go mbeidh an chuid is mó de na múinteoirí in ann an Ghaeilge a labhairt agus an Ghaeilge a úsáid, agus go mbeidh gach seans ag na daltaí a bheith in ann an teanga labhartha a chur chun cinn.

Mar a dúirt an tAire, tá na ceisteanna seo go léir bunaithe ar an phlean a chuir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge os comhair an Rialtais agus is dócha go dtuigeann an tAire go bhfuil glactha go fonnmhar ag na páirtithe go léir sa Teach seo leis an phlean sin. Dhá cheist a ba mhaith liom a chur: dúirt an tAire Stáit ina óráid fhada go bhfuil meitheal oibre ar bun sa Roinn, nó fochoiste, chun na plean a chur i bhfeidhm. An bhfuil sé ar intinn tuarascáil a chur ar fáil gach bliain maidir leis an dul chun cinn atá á dhéanamh? Agus an dara pointe a ba mhaith liom a dhéanamh, an deacracht is mó atá le hoideachas sa bhunchóras agus san iarbhunchóras ná easpa téacsleabhar. Cad é go díreach atá ar intinn agaibh a dhéanamh maidir leis an bhfadhb sin?

Téacsanna sa bhunscoil, an ea?

Sa bhunscoil agus san iarbhunscoil.

An bhféadfainn a fhiafraí den Teachta cén easpa atá i gceist?

Tá na múinteoirí atá ag teagasc Gaeilge thar a bheith míshásta le heaspa téacsleabhar. Níl téacsleabhair oiriúnacha ar fáil do gach ábhar, nó fiú amháin i nGaeilge.

Cheapas go raibh tú ag labhairt faoi na téacsleabhair sa Ghaeilge í féin. Faoi na hábhair eile atá ar Teachta ag labhairt? Ar an gcéad dul síos, beimid ag cur ar fáil tuairisc ó na daoine atá ag obair sa Roinn, an meitheal atá sa Roinn ag an am seo, agus tá súil agam go mbeimid in ann é sin a chur ar fáil i bhfad níos luaithe ná bliain o anois agus is é an rud is tábhachtaí atá bunaithe ag an Aire ná go bhfuil Rúnaí na Roinne anois ceaptha chun na polasuithe i leith na Gaeilge a chur i bhfeidhm. Déarfainn gur rud maith é sin, mar beidh an dul chun cinn ceart a dhéanamh, ós rud é go bhfuil an Rúnaí ag tabhairt na hoibre seo faoin a chúram féin. I dtaca leis na téacsanna de, aontaím leis an Teachta go bhfuil deacracht sna hábhair eile, taobh amuigh den Ghaeilge, le téacsanna trí Ghaeilge, agus sin ceann de na rudaí atá sa pholasaí, an méid oibre atá le déanamh againn chun an fhadhb sin a chur i gceart.

Ba mhaith liom ceist a chur faoi chúrsaí téacsleabhar toisc go bhfuil mé mar chathaoirleach ar an fhochoiste den Chomhchoiste don Ghaeilge sa Teach seo atá ag plé le cúrsaí téacsleabhar faoi lábhair. On mhéid a dúirt an tAire, ba mhaith liom an cheist a chur air, an bhfuil sé ar eolas aige go bhfuil a lán de na bunleabhair riachtanacha atá ag teastáil don ardteistiméireacht, fiú amháin nach bhfuil leabhar amháin i gcló i gcuid de na hábhair, agus go bhfuil bearna thar daichead faoin gcéad de na leabhair reifrinn sna hábhair sin ag an dara leibhéal; go bhfuil a lán de na bunleabhair sa bhunleibhéal as cló agus nach bhfuil aon socrú déanta chun na leabhair sin a chur ar fáil?

Aontaím, mar a dúirt mé, leis an Teachta go bhfuil an fhadhb sin ann, agus tá sé mar obair ag an meitheal seo teacht ar ais chugainn le moltaí chun an fhadhb faoi na téacsleabhair a chur i gceart.

As an méid ceisteanna atá curtha le chéile ba mhaith liom ceist a 17 a thógáil. Baineann sí seo le cúrsaí ríomhaireachta. Mar shampla, ba mhaith liom ceist dhíreach a chur ar an Aire Stáit, an bhfuil sé i gceist aige glacadh le moltaí ón gcúigiú tuarascáil den Chomhchoiste don Ghaeilge sa Teach seo, is é sin go mbeadh bunchaighdeán ann i leith chúrsaí ríomhaireachta. Is é sin, d'aimsigh muid sa tuarascáil sin, toisc gur cuireadh litreacha amach ón Roinn Airgeadais, nach raibh a lán de na gléasanna ríomhaireachta a cuireadh isteach sna scoileanna, in oiriúint do úsáid na Gaeilge. Mar sin, an bhfuil sé i gceist aige an moladh sin a chur i gcrích? Agus, ó tharla i mo sheasamh mé, ba mhaith liom ceist ghearr eile a chur, agus baineann seo le ceist a 40, faoi chúrsaí inmheánacha. An bhfuil sé i gceist ag an Aire seans a thabhaiart do na múinteoirí dífhostaithe Gaeilge — agus tá a lán acu dífhostaithe faoi láthair — ag a bhfuil cumas na Gaeilge acu freastal ar na cúrsaí inmheánacha, nó an bhfuil siad nó dírithe ar na múinteoirí atá ag obair?

Tá a lán ceisteanna ar an gclár agus caithfimid dul ar aghaidh go ceisteanna eile.

Mar gheall ar an deacracht leis na ríomhairí, cúpla bliain ó shin ní raibh aon bhogábhar á chur ar fáil do na ríomhairí a bhí sna scoileanna, ach, mar is eol don Teachta, tá an bogábhar á chur ar fáil anois. Níl sé ceart a rá go gcaithfidh tú an ríomhaire é féin a chaitheamh amach. Is féidir an bogábhar a fháil agus is í an cheist atá againne ná gur féidir i bhfad níos mó de na ríomhairí atá sna scoileanna úsáid a bhaint as an mbogábhar sin, agus ní dóigh liom go mbeidh aon deacracht ann. Ní bheimid in ann dul ar ais agus na ríomhairí sin nach bhfuil in ann an Ghaeilge a úsáid a chaitheamh amach. Is é a dúirt mé sa bhfreagra, gach ríomhaire atá á chur isteach anois, beidh sé in ann, leis an mbogábhar atá ag dul leis, an Ghaeilge a úsáid.

Barr
Roinn