Electoral (Amendment) Bill, 1989: Second Stage.

I move: "That the Bill be read a Second Time".

This is a short technical Bill to allow for the holding of the elections to Údarás na Gaeltachta on the same day as the European Parliament elections. The Bill will bring the elections to Údarás na Gaeltachta within the scope of section 91 of the Electoral Act, 1963, which provides for the taking of two or more polls on the same day.

Under existing law, two or more polls in relation to Presidential, Dáil, European Parliament or local elections or referenda may be taken together but the provision does not extend to Údarás elections which are governed by a separate code. This Bill, when enacted, will bring Údaras elections into line with the other types of elections in this regard and will be a permanent provision which may be used in the case of any future Údaras elections.

There has been a trend in recent years towards the holding of two or more polls together whenever this is possible. It effects certain cost savings, mainly arising from employing one set of staff on polling day. A further advantage in holding the polls together is that it will obviate the necessity for closing schools on two different occasions, thereby avoiding unnecessary disruption of the school year. Of course, it also makes for greater convenience for the electors.

The European election date has already been set for 15 June and, in accordance with the law, Údarás elections must be held not later than 17 October of this year. I think the House will agree that the sensible course is to have the two elections run concurrently.

Section 91 of the Electoral Act, 1963, provides for detailed matters in relation to the holding of two or more polls together such as the use of the same official mark on ballot papers for each poll, the use of different coloured ballot papers, and the use of the same, or different ballot boxes for each poll.

The section also gives the Minister power to provide, by direction, order or regulation, for such matters as he considers necessary to facilitate the holding of two or more polls together. A direction, order or regulation made under section 91 may define the powers and duties of returning officers and of any person employed in connection with the polls, and may make such modifications in Acts, orders or regulations relating to the taking of the polls or the counting of votes as may be necessary to facilitate the taking of the polls together.

Section 91 also provides for the apportionment of costs where these fall to be borne by different agencies. As we know, the cost of Presidential, Dáil and European elections are met by the Central Fund; local election costs are defrayed by the local authorities concerned and the cost of Údarás elections by Aire na Gaeltachta.

B'fhéidir go mba chóir dom focal a rá faoi Údarás na Gaeltachta. Mar is eol do Theachtaí, bunaíodh an tÚdarás ar an gcéad lá d'Eanáir 1980, d'fhonn caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn. Trí chomhalta dhéag atá ar an Údarás. Toghann pobal na Gaeltachta seachtar agus ceapann Aire na Gaeltachta seisear eile ar a n-áirítear an Cathaoirleach. Toghcháin dhaonlathacha a bhíonn ann don seachtar ar phrionsabal na hionadaíochta cionúire agus ar mhodh an aonghutha inaistrithe — faoi mar a bhíonn ann do chomhairleoiri contae. Is mar seo a leanas a bhíonn na hionadaithe do na limistéir Ghaeltachta sna contaetha eagsúla:

—beirt do Dhún na nGall

—triúr do Ghaillimh, do Mhaigh Eo agus don Mhí le chéile, agus

—beirt do Chiarraí, do Chorcaigh agus do Phort Láirge le chéile.

Is ar 17 Deireadh Fómhair 1984 a bhí an toghchán is deanaí ann don Údarás agus faoin Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ní foláir toghcháin a chur ar siúl i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana ná nach faide na cúig bliana. Mar sin ní mór an chéad toghchán eile a chur ar siúl idir seo agus lár mí Dheireadh Fómhair seo chugainn. Faoi mar dúradh is é atá beartaithe ná an toghchán don Údarás a chur ar siúl ar an lá céanna le Toghcháin na hEorpa, sé sin ar 15 Meitheamh seo chugainn. Ach an Bille seo a bheith rite déanfaidh Aire na Gaeltachta ordú a shocróidh an lá sin mar an lá votaíochta le haghaidh toghchán Údarás na Gaeltachta.

Molaim an Bille don Dáil.

Faoi mar a dúirt an tAire in a óráid is é an fáth go bhfuil an Bille seo á thabhairt isteach faoi láthair ná chun ceadú don Aire toghcháin Údarás na Gaeltachta a bheith ann an lá céanna a mbeidh toghcháin na hEorpa ann, is é sin an 15ú Meitheamh seo chugainn. An toghchán deireannach do Údarás na Gaeltachta bhí sé ar an 17ú Deireadh Fómhair 1984. Mar sin caithfidh an chéad toghchán eile don Údarás a bheith ann roimh an 17ú Deireadh Fómhair seo chugainn.

De réir Acht Údarás na Gaeltachta féin is féidir na toghcháin a bheith ann aon uair idir ceithre bliana agus cúig bliana tar éis an toghcháin a chuaigh roimhe sin. Mar sin d'fhéadfadh an toghchán a bheith ann aon uair ón 17ú Deireadh Fómhair seo caite. Ó tharla go bhfuil toghcháin na hEorpa ann ar an 15ú Meitheamh agus nach bhfuil fágtha ag na seacht mbaill atá tofa ag muintir na Gaeltachta ach trí mhí in a dhiaidh sin, níl aon rud againn anseo, i bprionsabal, i gcoinne an méid atá a dhéanamh sa Bhille seo. Sílim nuair a bheidh an dá thoghchán ar an lá céanna go mbeidh siad in a gcuidiú ag a chéile agus go n-éireoidh linn b'fhéidir níos mó daoine a thabhairt amach chun páirt a ghlacadh sna toghcháin.

Ceann de na deacrachtaí a bhí againn sna blianta a chuaigh thart le toghcháin na hEorpa ná an líon iseal daoine a tháinig amach ag vótáil. Go minic bhí sé timpeall 50 faoin gcéad nó beagáinín os a cionn agus chomh fada agus a bhaineann sé leis na ceantair Ghaeltachta agus go speisialta leis an cheantar Gaeltachta a bhfuil eolas agam fein air, sílim go gcabhróidh toghcháin Údarás na Gaeltachta le níos mó daoine a thabhairt amach sna Gaeltachtaí ar a laghad agus go gcuideoidh sé leis an uimhir a dhéanann vótáil ar fad.

Tuigim go bhfuil dearcadh eile maidir leis an cheist seo, go bhfuil daoine den bharúil gur chóir go mbeadh toghcháin na Gaeltachta ann lá dóibh féin agus go mbeadh feachtas ar leith fá choinne toghcháin Údarás na Gaeltachta, sa dóigh go mbeadh deis ag na hiarrthóirí, ha heagraíochtaí, na gluaiseachtaí, na cumainn agus na dreamanna ar fad a bhfuil suim acu sa Ghaeltacht plé a dhéanamh ar cheist na Gaeltachta agus ar chúrsaí Údarás na Gaeltachta agus an cás a chiorú go mion.

Nuair a chuimhnítear nach bhfuil fágtha ach roinnt seachtainí idir an dá thoghcháin agus an méid a bhí le rá ag an Aire, tá ciall le é a bheith againn ar an 15ú Meitheamh. Ní shílim gur gá aon fhaitíos a bheith ar aon duine nuair a bheidh an toghchán ar siúl nach ndéanfaidh na hiarrthóirí na ceisteanna a bhaineann leis an Ghaeltacht agus leis an Údarás a phlé go mion agus go minie. Tá sé á dhéanamh cheana féin ar na meáin chumarsaíde agus sílim, i rith an fheachtais sna Gaeltachtaí ar a laghad go mbeidh tús áite ag toghcháin Údarás na Gaeltachta mar go bhfeiceann muintir na Gaeltachta go bhfuil sé níos giorra dóibh ná Parlaimint na hEorpa fiú amháin.

Anseo sa chathair agus pairteanna eile den tír measann na daoine nach bhfuil anseo ach toghchán an-bheag ar fad agus nach bhfuil puinn tábhachta leis. Ach má amharcann tú ar staitisticí ar na daonáir-imh is deanaí, 1986, feicfidh tú go bhfuil beagnach 84,000 duine in a gcónaí sna Gaeltachtaí: 83,430 people, according to the latest census statistics are living in Gaeltacht areas, an increase from 79,502 in 1981. B'fhéidir nach bhfuil 83,000 sa Ghaeltacht anois mar tá an imirce níos measa ansin ná sa chuid eile den tír, ach ar a laghadh tá timpeall 81,000 duine in a gcónaí sna Gaeltachtaí, agus tá sé sin go mór le dáilcheantair a bhfuil ceithre suíochán nó cúig suíochán ann.

Deirtear linn go mbfhéidir go mbeidh toghchán eile ann an lá sin, an fo-thoghchán i Sligeach-Liatroim. Ní shílim go bhfuil aon socrú faoi sin go fóill. Tá mé cinnte go bhfuil tuairimí ag an Aire maidir leis sin. Ach tá toghchán Údarás na Gaeltachta go díreach chomh tábhachtach nó níos tábhachtaí do mhuintir na Gaeltachta ná fo-thoghchán an dáilcheantair sin. Tá an oiread céanna daoine i gceist agus ba mhaith liom an rud seo a chur i gcomhthéacs. Mar a dúirt an tAire, tá trí dháilcheantair Gaeltachta a bhíonn páirteach in Údarás na Gaeltachta. I mo chontae féin, Dún na nGall, tá dáilcheantar amháin in a bhfuil 26,000 duine in a gcónaí. Ansin na dáilcheantair eile, tá Maigh Eo, Gaillimh agus Gaeltacht na Mí. I Maigh Eo tá 13,109; i nGaillimh, 29,614, do réir na bhfigiúirí a bhí againn i 1986. B'fhéidir nach n-aontaíonn an Teachta Higgins nó an Teachta Molloy leis na figiúirí sin ach sin iad na figiúirí a cuireadh ar fáil go hoifigiúil. I nGaeltacht na Mí tá 1,272 agus tá sé de cheart acu trí iarrthóirí a thoghadh do Údarás na Gaeltachta.

Fiú amháin daoine nach bhfuil in a gcónaí sa Fíor-Ghaeltacht.

Sílim go bhfuil conspóid faoin cheist sin. Tá an Teachta in a chónaí sa cheantar agus sílim go mbeadh níos mó eolais aige ar na deacrachtaí sin ná fiú amháin a mbeadh agamsa nach mbíonn i nGailimh chomh minic agus ba mhaith liom. Aon uair a mbím i nGaillimh bainim an-taitneamh as mo chuairt ansin. Tá súil agam go mbeidh mé ann go minic agus go speisialta nuair a bheas an feachtas seo ar siúl.

An tríú dáilcheantar atá againn ná Cúige Mumhan — Corcaigh, Ciarraí agus Port Láirge, agus tá sé de cheart acu sin dhá iarrthóir a thoghadh, is é sin seachtar ar fad, agus beidh na sé ball eile ainmnithe ag an Rialtas.

Is iad na feidhmeanna atá ag an Údarás ná an Ghaeilge, an cultúr agus an traidisiún a chothú agus a chaomhnú, mar a dúirt an tAire in a óráid, agus chomh maith leis sin, fostaíocht, tionsclaíocht agus slí bheatha a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Sílim go bhfuil an obair sin á déanamh chomh maith agus is féidir leis an Údarás nuair a chuimhnimid ar na deacrachtaí atá acu le cúpla bliain anuas, go mór mhór chomh fada agus a théann sé le cúrsaí airgid. Má dhearcaimid ar dtús ar an méid atá le déanamh acu leis an teanga: tá scéimeanna acu chun an teanga agus an cultúr a chur ar aghaidh; scéimeanna soisialta; corr uair bíonn dramaíocht acu agus mar sin de. Tá scéimeanna fiúntacha forbairt pobail acu. Tá a fhios agam, go mór mhór san iarthar go bhfuil an eagraíocht ar a dtugtar Muintearas na nOileán, agus go bhfuil siad ag déanamh an-obair maidir le forbairt soisialta agus oideachais san taobh sin den tír. Tá súil agam nuair a thiocfaidh an chéad Údarás eile i réim go mbeidh siad ábalta leathnú amach agus Gaeltachtaí cosúil le Tír Chonaill agus an deisceart a thabhairt isteach faoin a sciatháin chomh maith. Tá dreamanna againn féin, mar is eol don Aire Stáit, Gael Uladh, atá ag tabhairt faoi chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht ó thuaidh anois, agus ba mhaith linn go mbeadh ceangal eatharthu agus go mbeadh comhoibriú acu len a chéile.

Sul a cuireadh an tÚdarás ar bun i 1979, ba é Gaeltarra Éireann a bhí i mbun forbartha sna ceantair Ghaeltachta. Ar an chéad lá d'Eanáir 1980 ghlac an tÚdarás an cúram sin orthu féin. Sílim go bhfuil dul chun cinn fiúntach déanta sna deich mbliana atá imithe ó shin.

I 1979 bhí beagán os cionn 1,000 duine fostaithe i gceantair Ghaeltachta ag a raibh baint ag Gaeltarra Éireann leo. Faoi láthair, i 1989, tá breis agus 5,000 duine fostaithe i gceantair Ghaeltachta i dtionscail a chuidigh an tÚdarás leo. Ceann de na dul chun cinn móra atá déanta ná go bhfuil eagsúlachtaí tionscal sna Gaeltachtaí anois. Sa sean am bhí na tionscail bunaithe ar chniotáil, éadaigh agus mar sin de, ach tá siad tar éis an bun a leathnú amach. I mo cheantar féin tá tionscal an-nua-aimsearach ag baint le innealtóireacht, earraí leictreonacha, earraí plaisticeacha, agus tá próiseáil bí agus rudaí mar sin ar bun ag an Údarás.

Ceann de na rudaí móra eile atá déanta ag an Údarás, go speisialta le ceithre nó cúig bliana anuas, ná go bhfuil siad mar cheannródaithe ar fheirmeoireacht éisc, agus tá sé ag dul le bheith in a thionscal an-mhór san am atá le teacht. Beidh a lán daoine ag obaiar agus tá na ceantair Ghaeltachtá thar a bheith oiriúnach agus fóirsteanach do thionscail mar sin. Tá na ceantair Ghaeltachta, ar an mór-chuid, in iarthar na tíre, an chuid is mó acu ar chósta farraige agus tá siad anoiriúnach do fheirmeoireacht éisc.

Bhí sé de phribhléid agam cuairt a thabhairt ar chuid de na hionaid seo i gcaitheamh an tsamhraidh anuraidh agus chuir sé iontas orm an obaír fhiúntach atá á déanamh go speisialta in iarthar na Gaillimhe. Is iontach an rud é go bhfuil níos mó bradán á gcur ar fáil sna feirmeacha éisc ansin ná mar atá á bhfáil ag na hiascairí agus iad ag iascaireacht ar an fharraige.

Sin cuid den obair thábhachtach atá á déanamh ag an Údarás agus sin cuid den dul chun cinn atá déanta sna Gaeltachtaí le deich mbliana aruas. Mar sin féin aontaímid uilíg go bhfuil deacrachtaí ag an Údarás le cúpla bliain. Tá gearradh siar ar an méid airgid a cuireadh ar fáil dóibh. Cuir i gcás i mbliana an liúntas caipitil a sholáthraíodh, tá sé 13 faoin gcéad níos lú ná mar a tugadh dóibh anuraidh. Agus an méid a tugadh dóibh anuraidh, tá sé 13 faoin gcéad níos lú ná an méid a fuair siad an bhliain roimhe sin. Sílim go bhfuil maolú, beagán ná morán, ar ghníomhaireacht an Údaráis le bliain anuas. Tá a fhios againn ar feadh beagnach bliana, ón am seo anuraidh go dtí deireadh na bliana nó go dtí mí Eanáir nó Feabhra, gur beag tionscal a cheadaigh an tÚdarás mar nach riabh aon airgead fágtha acu. Ón eolas atá agam féin anois tá liúntas na bliana seo beagnach ídithe cheana féin agus gan leath na bliana imithe go fóill.

Sin ceann de na deacrachtaí móra agus ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun a iarraidh ar an Aire agus ar an Rialtas agus ar an Aire na hachmhainní a thabhairt don Údarás chun fostaíocht a chur ar bun sna ceantair Ghaeltachta chun maolú ar an imirce agus chun na daoine óga a choinneáil sa bhaile agus an teanga a choinneáil beo.

Tá deacracht eile ag an Údarás. Bíonn iomaíocht idir iad féin agus na heagraíochtaí eile a bhíonn ag plé le fostaíocht, an IDA agus SFADCo. Sna blianta a chuaigh thart bhí bunntáistí ag an Údarás. Bhí siad ábalta coinníollacha níos fearr a thairiscint do thionsclóirí a rachadh go dtí na Gaeltachtaí. Tá athrú tar éis teacht air sin. Níl na leibhéil deontais atá an tÚdarás ag tabhairt anois puinn níos fearr ná mar atá á dhéanamh ag an IDA nó SFADCo. Níl sé sin ceart mar tá an tÚdarás ag deileáil le ceantair atá ar imeall na tíre ar fad go bhfuil deacrachtaí móra acu ó thaobh infrastructure de agus cúrsaí cumarsáide. Má tá monarcha le fáil sa Ghaeltacht agus monarcha le fáil in aice le Baile Atha Cliath, tá an claonadh ann i gcónaí go rachaidh an tionsclóir isteach sa mhonarcha níos cóngaraí don phríomh-chathair agus do na margaí ar an mór Roinn ná mar atá siad in iarthar na tíre. Mar an gcéanna, cuir i gcás na monarchana atá ag an Údarás, nuair a chuirtear monarcha amach ar cíos, is é an cíos ar mhonarcha faoi láthair, de réir an Roinn Airgeadais, ná £21.51 an meadar cearnach. Tá an ráta sin náisiúnta agus céacu má tá an mhonarcha anseo i mBaile Átha Cliath nó ar Oileán Árainn, tá an cíos céanna le híoc. Bhí sé de cheart ag an Údarás fordheontas a thabhairt mar "subsidy" ar mhonarchain mar sin, agus bhí sé de cheart acu é a thabhairt ar feadh 15 bliana. De bharr na ngearrthaí siar agus an ghanntanas airgid b'éigean dóibh an téarma sin a ghearradh anuas go dtí deich mbliana. Is féidir leis na heagraíochtaí eile fordheontas a thabhairt ar feadh chúig bliana. Mar sin, tá buntáiste caillte ag an Údarás chomh maith, agus méid an fhordheontais féin, is é sin an méid airgid a thugann siad mar fhordheontas leis an chíos a íoc don mhonarchain, tá sé sin íslithe chomh maith, agus, arís, pé buntáiste a bhí acu tá sé sin imithe. Agus, mar a dúirt mé, caithfimid cuimhneamh i gcónaí go bhfuil an tÚdarás ag plé le forbairt agus cruthú postanna in iarthar na tíre sna ceantair imeallacha.

Caithfimid go léir, agus go speisialta an Rialtas agus Roinn na Gaeltachta, an cheist a athscrúdú, agus na buntáistí a bhí ag an Údarás — ní raibh siad an-mhór ach mar sin féin bhí siad riachtanach — a chur ar fáil dóibh arís sa dóigh is go dtig leo leanúint ar aghaidh leis an dul chun cinn mór a rinne siad sna chéad deich mbliana a bhíi siad ag gníomhú mar eagraíocht a bhí i mbun chruthú fostaíochta sna ceantair Ghaeltachta.

Anois, chomh maith leis sin, agus bím ag caint go minic air, ba cheart cumhachtaí breise a chur ar fáil don Údarás, Agus ceann de na háiteacha a luíonn sé liom a bhféadfaí é sin a dhéanamh ná ar réimse na turasóireachta. Tá sé sin déanta cheana féin. Tuigim go bhfuil freagracht ar SFADCo maidir le cur chun cinn na turasóireachta ina gceantar féin. Agus na ceantair Ghaeltachta ar fad is ceantair thurasóireachta iad. Tá na radharcanna go hálainn agus na tránna agus mar sin de, agus bíonn tarraingt an phobail go dtí na ceantair sin, agus sílim go bhféadfaí smaoineamh ar ról éigin a thabhairt do Údarás na Gaeltachta chun cuar chun cinn na turasóireachta a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta. Níl mé ag rá go bhféadfadh siad dul amach ag margaíocht, ach ar a laghad go bhféadfadh siad áiseanna a chur ar fáil a bheadh fóirsteanach do dhaoine a théann ansin ar a gcuid laethanta saoire.

Tá rud eile a d'fhéadfadh an tÚdarás a dhéanamh, is é sin an cultúr agus an teanga agus an traidisiún a thabhairt chun cinn, mar cuireann a lán daoine, go speisialta na daoine a thagann ón Mhór-roinn, suim sa rud seo, sa chultúr, sa traidisiún, sna mionteangacha, agus nuair a thagann siad anseo déarfainn go bhfuil an-suim acu i gceantair a bhfuil teanga na Gaeilge á labhairt ann, agus cultúr agus traidisiúin na hÉireann. Sin áit gur mhaith liom go n-amharcfadh an tAire agus an Roinn uirthi. Mar is eol do gach duine, tá an Ghaeltacht agus an Ghaeilge féin faoi ionsaí. Tá na meáin chumarsáide uilig i mBéarla, taobh amuigh de Raidió na Gaeltachta féin, agus ó cuireadh ar bun Raidió na Gaeltachta tá cúig bliana déag nó sé bliana déag ó shin ann, tá an-obair déanta acu chun na ceantair Ghaeltachta a thabhairt le chéile agus chun an teanga a labhairt agus a chur ar bhéala na ndaoine.

Tá ré an raidió tábhachtach, ach tá ré na teilifíse anseo anois, agus sílim gur chóir dúinn amharc ar conas mar is féidir bealach teilifíse a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht na Gaeilge ar fud na tíre. Tuigim go bhfuil teagmháil idir an Roinn agus Údarás na Gaeltachta i láthair na huaire maidir le seo a chur ar fáil. Chomh fada agus a bhaineann sé liom féin agus le páirtí Fhine Gael, táimid go mór i bhfábhar go mbeadh rud éigin cinnte déanta ansin agus go gcuirfí seirbhís teilifíse Ghaeilge ar fáil do mhuintir na Gaeltachta agus do na Gaeilgeoirí ar fud na tíre. Taispeánann Raidió na Gaeltachta go bhfuil éileamh ar an chineál sin ruda, agus tá mé cinnte dá mbeadh sé le fáil ar an teilifís go mbeadh sé fiú amháin níos éifeachtaí.

Anois, cúpla pointe eile san am atá fágtha agam. Chaill an Rialtas deis nár áirigh siad an Ghaeltacht mar réigiún amháin nuair a bhí siad ag déanamh amach a bplean forbartha agus á chur ar aghaidh chuig an Eoraip. Tá an Ghaeltacht roinnte suas ina píosaí, tá sí istigh le cúpla réigiún, agus de thairbhe go bhfuil Údarás na Gaeltachta agus Roinn na Gaeltachta ansin is mór an trua ar fad nár cuireadh cás na Gaeltachta mar réigiún amháin agus déileáil léi mar sin. Tá na deacrachtaí céanna sna ceantair Ghaeltachta ar fad. Ag teacht ar ais go dtí an Bille, mar a dúirt mé, is é an príomhphointe atá sa Bhille seo ná an toghchán a bheith ann ar an chúigiú lá déag de mhí Meithimh, agus ó tharla go bhfuil an téarma atá ag na baill tofa beagnach rite sílim go mbeadh muidne ag aontú i bprionsabal leis an rud sin sa Bhille.

Os rud é go raibh baint chomh mór sin agam leis an sórt feachtais a bhí ar siúl chun Údarás na Gaeltachta a bhunú an chéad lá riamh, tá mé cinnte ag an bpointe seo go raibh an ceart againn ag an am go mba chóir údarás den sórt seo a bhunú do na ceantair Ghaeltachta chun iad a chaomhnú agus a neartú chun postanna a chur ar fáil do na daoine a bhí ina gcónaí iontu. Cé go bhfuil dul chun cinn déanta ag an Údarás ó bunaíodh é caithfear a rá go bhféadfaí i bhfad níos mo dul chun cinn a dhéanamh dá dtabharfaí cead a chinn don Údarás an obair a dhéanamh. Creidim go bhfuil an iomarca srian á chur ar obair an Údaráis ag Rialtais le roinnt bheag blianta anuas, agus cé go bhfuil suas le cúig mhíle post sna ceantair Ghaeltachta anois i dtograí a fuair cabhair trí Údarás na Gaeltachta, tá na mílte eile imithe as na ceantair sin agus ag obair thar lear i Meiriceá, san Astráil agus i Sasana, a lán acu, agus is mór an chailliúint é sin don tír seo.

Cheapas féin, nuair a bunaíodh an tÚdarás, go mbeadh cumhacht agus airgeadú ag an Údarás chun i bhfad níos mó dul chun cinn a dhéanamh sa tréimhse atá caite anois. Tá deich mbliana caite ó bunaíodh é. Creidim go raibh sé tábhachtach go mbeadh toghchán ann don Údarás, go mbeadh ionadaithe tofa ag an Údarás, agus go mbeadh siad sa tromlach, agus is de bharr go bhfuil siad ann, ceapaim, atá dul chun cinn déanta ag an Údarás, agus is de bharr go bhfuil siad ann a fheictear do mhuintir na Gaeltachta go bhfuil baint éigin acu le hobair an Údaráis agus nach bhfuil an sórt seanscéal i gceist i gcónaí nó fós, is é sin, go mbeadh daoine a bheadh fostaithe sna Ranna Stáit nó údaráis Stáit ag labhairt síos do dhaoine. Creidim go bhfuil dul chun cinn déanta acu siúd atá ag obair san Údarás, go mbíonn siad ag labhairt leis na daoine in ionad, mar a bhíodh, ag labhairt síos chucu, agus ag tabhairt beagán airde ar na rudaí a bhí ag teastáil ó na daoine iad féin.

Is uafásach an rud é ar fad, dar ndóigh, go bhfuil an méid sin daoine imithe anois as na ceantair Ghaeltachta. Dar ndóigh, tá siad ag imeacht as na ceantair eile chomh maith ar fud na tíre, ach is iad na ceantair Ghaeltachta is mó atá bánaithe de bharr easpa oibre. B'fhearr liom, dá mbeadh sé de rogha agam féin, go mbeadh an toghchán seo ar siúl leis féin, ionas go mbeadh díospóireacht ar siúl, ní amháin sna ceantair bheaga, mar a bheadh anois, ach ar fud na tíre, agus go mbeadh aird na tíre dírithe ar cad a bhí ar siúl sna Gaeltachtaí, cad a bhí déanta ag an Údarás agus cad a d'fhéadfadh sé a dhéanamh, agus go mbeadh díospóireacht iomlán ar fud na tíre faoi agus go mbeadh i bhfad níos mó le cloisteáil faoi ar raidió agus teilifís.

Creidim go bhfuil dainséar ann anois go bhfuil sé beartaithe an toghchán a bheith ar an lá céanna do Pharlaimint na hEorpa, mar atá á mholadh sa Bhille seo anois. Tá an dainséar ann nach dtabharfar mórán airde ar an toghchán é féin agus nach mbeadh páirteach ann ach amháin na daoine atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta, agus gur beag eolas nó suim, b'fhéidir, a bheidh ag na daoine ina gcónaí in áiteacha eile ar fud na tíre sa toghchán. Má tharlaíonn sé mar sin, is dona an rud é. Anois, nílimid ag cur i gcoinne an Bhille, mar ní fiú seasamh ina choinne, os rud é gur chuir Fine Gael in iúl go bhfuil réiteach speisialta éigin déanta acu leis an Rialtas, le baill atá ar an mbord cheana féin a choinneáil, nó rud éigin mar sin. Ach tá sé fógartha ag Fine Gael nach bhfuil siad ag cur ina gcoinne, agus tá formhór mo pháirtí féin den tuairim, os rud é go bhfuil costas i gceist, go mba chóir dúinn dul ar aghaidh leis an rud. Ó mo thaobh pearsanta de, feicim na hargóintí, na buntáistí a bheadh ann dá mbeadh an toghchán fágtha leis féin, ach tar éis an méid sin a rá, nílimid ag cur i gcoinne an Bhille.

Níl aon socrú déanta againn leis an Rialtas.

Nach bhfuil? Tá an ráfla sin ag dul thart go bhfuil socrú éigin déanta ag Fine Gael leis an Rialtas. B'fhéidir go mbeidh tú féin in ann tuilleadh a rá faoi sin. Tá pointí a ba mhaith liom a chur os comhair na nAirí atá anseo anois. Is é sin, mar a dúirt mé, faoin srian atá á chur ar obair an Údaráis ag an Rialtas. Creidim, an méid airgid atá curtha ar fáil sa Mheastachán don bhliain seo don Údarás, go mbeidh sé sin ar fad caite tar éis tréimhse bheag eile. Tar éis an chéad chruinniú eile de Bhord an Údaráis ní bheidh aon airgead fágtha acu chun tograí a airgeadú. Tharla an rud céanna anuraidh, go bhfuil gearradh siar chomh dian sin ar an Údarás nach bhfuil siad in ann brú ar aghaidh le tograí atá ag teacht os a gcomhair, nach bhfuil siad in ann iad a cheadú. Is é an rud a tharla anuraidh ná ag deireadh na bliana chuir an Rialtas trí mhilliún sa bhreis ar fáil trí Mheastachán Forlíontach a chur os comhair na Dála. Ach cuireann sé sin an-bhrú ar obair an Údaráis agus ní thugann sé cead a gcinn dóibh a sárdhícheall a dhéanamh mar a theastaíonn uathu. Cuireann sé deac rachtaí ag brú isteach orthu. Is olc an rud e.

Níl a fhios agam cén fáth go bhfuil an Rialtas ag obair ar an mbealach seo leis an Údarás, nuair a smaoiníonn tú cé chomh tábhachtach is atá sé postanna nua a chur ar fáil sa cheantar. Má tá tograí atá go maith, atá ceadaithe ag an mbord agus a bhfuil an tAire sásta leo, creidim go mba chóir go mbeadh deifir air iad a cheadú in ionad iad a choinneáil siar. Anois, tuigim — agus is féidir leis an Aire é seo a shéanadh nó a fhreagairt nuair a bhíonn sé ag tabhairt freagra ar an díospóireacht seo — nuair a tugadh an trí mhilliún breise don Udarás anuraidh go raibh coinníollacha ag baint leis sin agus gur ceann de na coinníollacha nach gceadódh an tÚdarás feasta deontais seasca a sé agus dhá thrian sa chéad, mar tá sé de chead acu, agus nach bhfuil an tÚdarás anois ag ceadú ach deontais suas le daichead sa chéad, go bhfuil an riail sin i bhfeidhm i gcásanna áirithe atá tábhachtach, agus de bharr na rialach sin tá sé tar éis titim amach anois go bhfuil an IDA in ann deontais i bhfad níos mó ná sin a chur ar fáil do dhaoine a bhfuil tograí acu. Mar atá ráite ag an Teachta McGinley tá SFADCo in ann deontais a thabhairt do dhaoine atá i bhfad níos mó anois ná mar atá an tÚdarás in ann a thabhairt. Má tá sé sin fíor, agus de réir an eolais a fuair mise tá sé fíor, is uafásach an scéal é.

Cad é polasaí an Rialtais ó thaobh na Gaeltachta de? Má tá sé mar a deir siad, go bhfuil polasaí acu fós tionsclaíocht a chur chun cinn, obair a chur ar fáil iontu, agus an tÚdarás mar uirlis chun é sin a bhaint amach, cén fáth go bhfuil na coinníollacha chomh dian seo atá ag cur anuas orthu ionas go bhfuil siad anois ag titim taobh thiar den IDA agus de SFADCo? Cén fáth, de réir pholasaí an Rialtais, go mba chóir go mbeadh na ceantair Ghaeltachta thíos leis? Ní thuigim cén fáth go mbeadh sé mar sin. Creidim chomh maith gur ceann eile de na coinníollacha a bhí ag baint leis an mbreis airgid trí mhilliún punt sin nach rachfaí ar aghaidh a thuilleadh le réamh-mhonarchana a thógáil. Tá an stáid ann anois nach bhfuil réamh-mhonarcha fholamh ar fáil ag Údarás na Gaeltachta ina lán de na ceantair Ghaeltachta, agus go bhfuil a lán réamh-mhonarchana réidh ag an IDA. Mar sin, má tá daoine ag teacht le tograí nua tá rogha iontach le taispeáint dóibh ag an IDA agus, is dócha, ag SFADCo chomh maith seachas mar atá ag Údarás na Gaeltachta.

Tá deacrachtaí faoi leith sna ceantair Ghaeltachta gan tuilleadh deacrachtaí a bhrú anuas orthu. Mar sin, má tá na rudaí seo atá mé ag rá fíor, cuireann sé ceistmharc mór taobh thiar de pholasaí an Rialtais. Cad díreach atá i gceist ag an Rialtas? An bhfuil siad dáiríre faoi pholasaí ceart a bheith acu? Má tá, ní féidir liomsa aon chiall a bhaint as mar atá sé. Cén fáth a mbeadh an tÚdarás thíos ó thaobh an IDA agus ó thaobh SFADCo? Chomh maith leis sin, cloisim go bhfuil an-bhrú ag an Rialtas ar an Údarás anois fo-chomhlachtaí agus scaireanna a dhíol agus iad féin a airgeadú de bharr an teacht isteach a gheobhfadh siad ó na comhlachtaí seo. Credim, i gcásanna áirithe, go mb'fhéidir go mbeadh sé ciallmhar polasaí éigin den sórt sin a bheith ann.

De réir mar a thuigim tá an brú chomh mór sin ag teacht ón Rialtas go bhfuil sé de iachall ar an Údarás anois monarchana nó comhlachtaí a dhíol ar phraghas an-bheag, agus go bhfuil sé chomh beag sin nach bhfuil siad in ann a n-infheistíocht féin a fháil ar ais i gceart ó na praghsanna seo. Luaim dhá chás a raibh socrú éigin déanta fúthu agus is é toradh an ruda, flú amháin an Roinn féin nó an tAire, sa deireadh, nach raibh sé sásta ligean don díolachán dul ar aghaidh. Agus ceistím anseo é, cad tá ag tarlú faoi Europlast? Agus cad tá ag tarlú faoi Spudz agus an réiteach a bhí déanta? Agus cén fáth go bhfuil moill chomh fada sin ag baint leis an dá mhonarcha sin agus an todhchaí dóibh? Creidim chomh maith go bhfuil an infheistíocht a rinneadh in Carrolls le díol. B'fhéidir go bhfuil sé sin go maith, ach cad faoin bpraghas? An bhfuil an praghas ceart? Creidim go bhfuil tionscal teicstíle eile le díol.

Má tá an tÚdarás ag díol monarchana den sórt sin ar phraghas an-íseal, tá ceist éigin le freagairt ag an Aire. Deirtear liom go bhfuil sé i gceist ag Carrolls — agus tá dul chun cinn an-mhaith á dhéanamh acu de réir gach tuairisc — i leith na monarchana agus na "fish-cages" atá lonnaithe acu sna ceantair Ghaeltachta ina bhfuil siad ag tógáil bradán, monarcha próiseála a chur ar bun chun tairbhe agus brabach níos mó a bhaint as na bradáin sin. Ach tá an-seans ann anois go mbunófar cuid de na monarchana próiseála seo taobh amuigh de na ceantair Ghaeltachta, de bharr an difear atá idir na deontais. Creidim go bhfuil Carrolls ag caint le SFADCo le monarcha deataithe bradán a bhunú i gceantar SFADCo. Téim ar ais chuig an gceist a bhí agam níos luaithe: cén chiall atá leis sin? Fiú amháin i ndáilcheantar an Aire é féin tá monarcha mhór tar éis dúnadh síos i mBéal Átha Mhuirthead: Babygro. Bhí céad post ann, agus ba mhór an trua gur theip ar an gcomhlacht sin. Bheadh gach uile dhuine ag súil go mbeadh an tÚdarás ag obair go díograiseach chun monarcha nó tionscal éigin eile nua a chur isteach san fhoirgneamh sin chun fostaíocht a chur ar siúl dóibh siud atá tar éis a bpostanna a chailliúint.

De réir an Mheastacháin i mbliana, de réir an srian atá á ghearradh anuas ar an Údarás ag an Rialtas de bharr na gcoinníollacha a bhaineann le hairgeadú na bliana seo caite, ní bheidh sé ar chumas an Údaráis anois deontas airgid a chur ar fáil, fiú amháin dá mbeadh duine éigin le togra le dul in áit Babygro i mBéal Atha Mhuirthead. Anois, tá suim faoi leith ag an dá Aire atá i gceist agam sa cheist sin, agus tá daoine ar mhaith leo freagraí a chloisteáil uathu.

Tá ceist eile, agus cé go bhfuil na páirtithe a bhíonn sa Fhreasúra ag argóint go mba chóir é seo a dhéanamh, nuair a théann siad isteach sa Rialtas ní dhéanann siad é. Is é sin ná tuilleadh cumhachtaí. Chuala mé an Teachta McGinley ag labhairt faoi. Bhí a pháirtí féin thall ansin mar Rialtas le haghaidh chuid mhaith blianta agus níor tháinig aon athrú mór ar an scéal ó thaobh tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Údarás. Rinneadh tuarascáil ar thionscal na turasóireachta. Cuireadh an taighde ar bun chun a thaispeáint an chaoi a bhféadfadh siad páirt fhiúntach a ghlacadh chun tionscal na turasóireachta a chur chun cinn go díograiseach taobh istigh de na ceantair Ghaeltachta. Ach níor ghlac an Rialtas leis na moltaí, cé gur cuireadh moltaí áirithe, de réir a thuigim, os a gcomhair ag an Údarás. Tá sé dothuigthe agamsa, mar sin ceann de na cumhachtaí breise ba chóir a thabhairt láithreach don Údarás agus d'fhéadfadh siad an-obair a dhéanamh dá mbeadh cumhacht acu turasóireacht a chur chun cinn.

Tar éis an méid seo a rá, bhí mé ag teacht anseo as Gaillimh ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta ar dhíospóireacht a bhí ann ar maidin, díospóireacht anchiallmhar, an-suimiúil, ag cur síos ar cad ab fhéidir a dhéanamh sna Gaeltachtaí ó thaobh na turasóireachta de. Tá sé ráite ag an Rialtas go bhfuil sé mar cheann de na príomhpholasaithe acu tuilleadh postanna a chur ar fáil sa tír seo trí thionscal na turasóireachta. Níl aon chruthúnas le feiceáil, sna ceantair Ghaeltachta ar aon nós, go bhfuil an Rialtas dáiríre faoi seo, nó má tá siad dáiríre níl aon chruthúnas á dhéanamh acu nó go bhfuil sé beartaithe acu aon rud fiúntach a dhéanamh chun cabhrú le tionscal turasóireachta láidir a bhunú sna ceantair Ghaeltachta. An gearán is mó a bhí le cloisteáil ó dhaoine i gConamara a bhí ar an raidió ar maidin ná go dtagann na turasóirí isteach ina gcarranna, tiomáineann siad thart ag breathnú timpeall agus imíonn siad amach as arís sula dtiteann an oíche. Tagann siad isteach, ach níl na háiseanna ann chun iad a choinneáil ann. Tá siad ag dul thar an doras ach níl siad ag fanacht. Sin an gearán is mó a bhí le cloisteáil.

Níl Bord Fáilte gníomhach sna ceantair Ghaeltachta, de réir mar a fheicimse ó thaobh aon leigheas a fháil ar an scéal seo, agus níl aon chumhacht ag na húdaráis áitiúla, ag na comhairlí contae, aon rud a dhéanamh faoi. Braitheann sé ar Bhord Fáilte, agus níl mórán airgid nó níl mórán suime acu aon rud den sórt a dhéanamh, nó níl aon pholasaí nó plean leagtha síos ag an Rialtas chun feabhas a chur diaidh ar ndiaidh ar na háiseanna sna ceantair sin. Mar sin, tá an tÚdarás ann, daoine an-ábalta fostaithe ann agus scileanna iontacha acu. Tá sé cruthaithe go minic go bhfuil an ábaltacht iontu i bhfad níos mó oibre a dhéanamh sna ceantair Ghaeltachta ná mar atá sé ceadaithe acu a dhéanamh faoi láthair.

Ní theastaíonn uaim aon mhoill a chur ar an Teach. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le hÚdarás na Gaeltachta as an méid atá déanta acu. Cé go bhfuil na deacrachtaí atá luaite agam ag brú anuas orthu creidim féin, agus mé ag breathnú orthu agus an dul chun cinn atá á dhéanamh i gcoinne na ndeacrachtaí sin, go bhfuil jab maith déanta acu. Ach creidim chomh maith go mbeadh an ábaltacht acu jab i bhfad níos fearr a dhéanamh dá mbeadh an cead acu é a dhéanamh, dá mbeadh an t-airgead acu é á dhéanamh, dá mbeadh an polasaí ag an Rialtas a gcumhachtaí a leathnú amach agus cead a gcinn a thabhairt dóibh.

Dar ndóigh, ní fhéadfá seasamh suas sa Teach seo nó in áit eile go poiblí in Éirinn ag labhairt faoi cheantair Ghaeltachta gan focal a rá faoi dhrochstaid na mbóithre. Tá siad uafásach ar fad, agus feictear dom, arís, dá mbeadh sé mar pholasaí ag an Rialtas tuilleadh cumhachtaí a thabhairt don Údarás, sin ceann de na cumhachtaí breise ba chóir a thabhairt dóibh. Ba chóir airgead a thabhairt don Údarás chun na bóithre beaga sna ceantair Ghaeltachta a chionneáil i gceart agus tearra a chur orthu, na "potholes" a líonadh isteach agus cúram ceart a thabhairt orthu.

Is é sin mura bhfuil sé mar pholasaí ag an Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi ó thaobh na n-údarás áitiúil. Mar sin, tá an tÚdarás ag baint an méid úsáide agus is féidir as an airgead ón gComhphobal faoi scéimeanna ansin, na "Special Employment Schemes". Ach seachas sin, agus is beag ceann is féidir leo a dhéanamh, tá na bóithre ag titim as a chéile. Tá muintir na Gaeltachta ina gcónaí i dtithe atá ar thaobh bóithre atá ina bpuiteach, agus is cuma leis an Rialtas.

Sin rud eile a chuireann ionadh orm. Ní haon ionadh, is dócha, sa deireadh thiar thall, go bhfuil an t-aos óg ag rith as an áit, go bhfuil na bóithre chomh dona agus easpa oibre sna ceantair. Fiú amháin iad siúd atá ag obair, tá an cháin ioncaim uafásach mór sa tír seo ag brú anuas orthu. Mar sin, tá a lán oibre le déanamh. Tá súil agam go mbeidh aird na tíre dírithe ar an díospóireacht a bheidh ar siúl le linn an toghcháin don Údarás, agus glacaim buíochas leo siúd a d'oibrigh ar Bhord an Údaráis ón toghchán deiridh.

Tá mo pháirtí sásta, tar éis gach taobh den scéal a phlé, glacadh leis an mBille agus tacaíocht a thabhairt don Rialtas chun an Bille seo a chur ar aghaidh ar an ócáid seo. An pointe is mó is cúis leis an seasamh seo ná de bharr an sábháil airgead, mar an chaoi ina bhfuil an tír faoi láthair tá sé ciallmhar aon iarracht is féidir leat airgead a shábháil, úsáid a bhaint aisti. B'fhearr liom mura mbeadh sé mar sin, ach sin mar atá. Mar sin, beimid sásta ar an ócáid seo tacaíocht a thabhairt don Bhille.

Ar an gcéad dul síos, deirim go cuireann sé déistin orm i gcónaí a laghad Teachtaí tofa a thagann isteach go dtí an Teach seo. Ní raibh aon chontúirt ann go mbeadh díospóireacht iomlán Gaeilge ann. Tá sé ar chuid den chur i gcéill atá sa Teach seo le fada. Le déanaí bhí mé ag scríobh píosa faoi scríobh Bhunreacht na hÉireann i 1937, agus labhair an tUasal MacDermot ar an ócáid seo ar a laghad daoine a bhí ann. Fiú amháin, ghlaoigh Éamon de Valera féin orthu a bheith i láthair chun an díospóireacht i nGaeilge a chur ar aghaidh agus, mar a dúirt duine éigin, mar sórt coimre a dhéanamh air, "They folded their tents like Arabs and left when the debate switched to Irish". Cuireann sé déistin orm. Níl sé de nós agam míchompord a chur ar dhaoine, ach bhí mé ag smaoineamh, agus tá mé ag smaoin eamh fós, ar chóir dom iarracht a dhéanamh don díospóireacht seo? Tá sé de dhualgas ar, go háirithe, an Rialtas a bheith dáiríre faoin díospóireacht seo. B'fhéidir gur cheap siad nach mbeadh an díospóireacht seo ann agus go raibh sé socraithe suas le Fine Gael an rud a chur ar aghaidh ar an nod, agus mar sin de. Ach is maith liom a rá agus a dhéanamh soiléir go mbeidh mo pháirtí ag cur i gcoinne an Bhille seo, de bharr cúiseanna áirithe. Ar an gcéad dul síos, tá sé deich mbliana ó cuireadh an tÚdarás ar bun.

Rinne mé féin a lán iarrachtaí a fháil amach an raibh sé ar intinn ag na hAirí Gaeltachta éagsúla a bhí i gcumhacht Bille 1979 a leasú. Tá sé agam anseo, agus an díospóireacht i 1979. Ach bhí sé an-soiléir go raibh míthusicint i gceist. Ar bhealach amháin dúirt, agus is cara dom é, an tAire Stáit faoi láthair ag Roinn an Taoisigh, go minic, nach bhfuair sé aon iarratas ón Údarás roinnt cumhachtaí breise a fháil. Ag an am céanna bhí ball tofa dá pháirtí féin ar Raidió na Gaeltachta ag rá go raibh sé ag fanacht ar an Roinn chun moltaí a chur ag aghaidh cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás. Ar ócáid eile dúirt sé go poiblí go raibh moltaí curtha ar aghaidh ón Údarás faoi chumhachtaí breise.

Cé aige a bhfuil an fhírinne? Ceapaim go raibh an tAire Stáit ionraic nuair a bhí sé ag tabhairt freagraí domsa, agus glacaim leis sin. Ach tá míthuiscint an-mhór ann faoin rud. Chun sórt coimriú a dhéanamh ar an bpointe seo, is rud fíorscannalach é nach mbeadh díospóireacht neamhspleách faoi riachtanais na nGaeltachtaí éagsúla. Tá Gaeltachtaí agus Gaeltachtaí ann, ach má tá tú ag caint faoi na "Gaeltachtaí Oifigiúla", is iontach an rud é nach mbeadh an seans againn na coinníollacha sóisialta eacnamaíochta agus cultúrtha taobh istigh de na Gaeltachtaí sin a phlé. Aon duine atá dáiríre faoin scéal, ba chóir go dtógfadh sé nó sí san áireamh an méid daoine atá anseo faoi láthair ag éisteacht leis an díospóireacht. An gceapann éinne go mbeadh an seans céanna aige bunfhíricí na Gaeltachta a thabhairt chun tosaigh nuair a bheadh an díospóireacht ar siúl do fheachtas na hEorpa? Dáiríre, séard atá i gceist ná sórt straitéise chun na vótálaithe a thabhairt amach. Ar bhealach, lig an Teachta McGinley an cat as an mála nuair a dúirt sé go mbeadh sé i bhfad níos éascaí na vótálaithe a thabhairt amach má tá an dá rud ar siúl ar an lá céanna.

Is iontach an méid atá tar éis tarlú taobh istigh den réimse ama sin a bhfuil an tÚdarás ann, deich mbliana, mar a dúirt mé. Ar an gcéad dul síos, tá an ráta imirce imithe i méid go mór. Ní chuireann sé as don a lán daoine, go háirithe daoine anseo, mar níl aon áit sa tír a bhfuil an cur i gcéill nó an sórt dalladh mullóige atá á chur ar na heagrais éagsúla atá ag plé le hathbheochan na Gaeilge agus na Gaeltachta ná seo. Is féidir a rá, mar shampla, nach bhfuil clóscríobhaí ag an gComhchoiste don Ghaeilge faoi láthair. Nuair atá an rúnaí ag cur fógraí amach caithfidh sé iad a chur amach i lámhscríbhinn mar nach bhfuil éinne ann chun cabhair a thabhairt dó, chun fiú amháin clóscríobhán a úsáid. Mar sin, tá na tuarascálacha go léir ann, ón gcéad chomhchoiste, an dara comhchoiste, go léir i gcló, ag brath ar acmhainní éigin ar chóir iad a chur ar fáil chun na moltaí éagsúla a chur in éifeacht.

Is cuma liomsa cén Rialtas atá i gcumhacht, má tá tú ag caint faoi athbheochan na Gaeilge. Níor dearnadh tada sa Teach seo, agus níl aon chabhair á tabhairt faoi láthair, fiú amháin sa Teach seo, don Ghaeilge. Tá sé de nós, mar shampla, ag an gcuid is mó de na Teachtaí sa Teach seo éirí iontach mífhoighneach ar fad nuair atá tú ag caint Gaeilge. Is cuimhin liom nuair a chuir mé féin ceisteanna síos don Taoiseach, Aire na Gaeltachta, nach labhraíonn go minic i nGaeilge sa Teach seo, agus a thóg cúram na Gaeltachta agus na Gaeilge air féin mar go raibh an grá aige don Ghaeilge chomh mór sin. Tá sé de nós ag daoine rith as an áit, fiú amháin na hiriseoirí. Fanann duine nó beirt. Lá amháin d'fhan ceathrar, rud a chuir iontas orm. Rinneadh stair ar an ócáid sin.

Dá bhrí sin ar bhealach tá sé "consistent" ar fad don Rialtas agus an príomh-pháirtí san Fhreasúra a bheith ar aon aigne faoi gan díospóireacht a ligean le muintir na Gaeltachta faoi láthair ar dí fhostaíocht, imirce, drochbhóithre, mar a luaigh an Teachta Molloy, easpa fhorbairt chalafort, easpa aon chóras pleanála, aon pholasaí cultúrtha, easpa cheartanna, dáiríre. Ní bheadh aon díospóireacht ann, mar nach mbeadh sé áisiúil. B'fhéidir go leanfaidh na baill ainmnithe ar aghaidh go tréimhse bheag eile. Dá mba rud é go raibh ciall ag baint leis an bplean na toghcháin do Údarás na Gaeltachta agus na toghcháin Eorpacha a bheith ar an lá céanna, cén fáth nár cuireadh plean ar bith faoi na Gaeltachtaí don Eoraip? Chuir mé ceist síos faoi. Bhí duine de na hoifigigh as Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú ar an gcoiste comhairle i nGaillimh agus, an coiste comhairle bocht, níor imigh an plean a cheap siadsan ar aghaidh, fiú amháin, don Eoraip. Ach níor dearnadh tada faoi thaighde a dhéanamh do riachtanais na Gaeltachta, leibhéal eacnamaíochta, sóisialta, cultúrtha. Táimid sleamhnaithe siar go dtí an cúpla focal arís, ag tús óráidí, ag deireadh óráidí, nó b'fhéidir chun cúpla focal a rá do na turasóirí. B'fhéidir go labhródh an Taoiseach Gaeilge sa tSeapáin.

Tá agus bhí laigí móra ag baint leis an Údarás ó thús. Ar an gcéad dul síos, seachtar tofa atá ann, seisear ainmnithe, agus tagann an cathaoirleach as an seisear sin. An chéad rud, nach raibh seans ann, mar shampla, neamhspleáchas a thabhairt don chathaoirleach. Cén fáth nach mbeadh an cathaoirleach tofa i measc na mball ar fad, gan a bheith tofa as na daoine ainmnithe. Mar shampla, agus ceapaim go bhfuil an tAire féin, fear ón nGaeltacht féin, báúil don mhéid seo — bhí laige mhór ag baint leis an dualgas agus an chumhacht a bhí ag an Údarás i leith cúrsaí cultúrtha, mar shampla. An chuid den Acht 1979 a bhaineann leis seo tá sé in alt 9 (1):

For the purpose of promoting the economic, social, cultural, linguistic and physical development of the Gaeltacht, an tÚdarás shall have, in addition to the functions specified in this Act, apart from this section, such powers as are conferred on it by order made by the Government.

Dá gcuirfí díospóireacht ar bun, bheadh seans againn na ceisteanna seo a chur: Cad iad na cumhachtaí breise a tugadh don Údarás? Cad iad na cumhachtaí breise a lorgaíodh ón Aire? Cad iad na cumhachtaí breise a bhí á dtairiscint ag an Roinn don Údarás? Cén fáth nár tugadh na cumhachtaí breise, go háirithe i leith cúrsaí cultúrtha?

An deacracht a bhain leis an ghné sin de, in Acht 1979 bhí sé ann ar nós na "social aspirations" i mBunreacht na hÉireann arís: "to cherish all the children of the nation equally", and the other pieces of "guff" which were thrown in for Catholic social teaching of the 1930s padding i mBunreacht na hEireann. Díreach an rud céanna atá in Acht 1979. Níor tugadh an t-airgead don Údarás chun an aidhm seo a bhaint amach, go díreach, mar bhí ceist thíos agam sa Dáil mar gheall air. Fuair mé freagra air agus sheol mé litir chuig an Údaráis féin, agus fuair mé freagra ar an litir sin. Is é a d'fhiafraigh mé ná an raibh sé ar intinn ag an Aire duine a fhostú chun an aidhm a luaitear in alt 9.1. a bhaint amach. Bhí an freagra mar is gnáth "go gcaithfear aidhmeanna ginearálta an Údaráis a bhaint amach i gcomhthéacs an chiste atá curtha ar fáil dóibh ó bhliain amháin go bliain eile" agus mar sin de. Caithfidh an uile rud géilleadh do na deacrachtaí eacnamaíochta atá á bhfulaingt ag an tír faoi láthair. Is é a tharla ná gur déanadh tagairt in alt den Acht agus nár tugadh aon chumhacht chun an aidhm sin a thabhairt i gcrích. D'fhéadfainn samplaí eile a thabhairt daoibh. Tá an cheist amhlaidh maidir le cumhachtaí eile atá de dhíth ar an Údarás.

Tá míthuiscint ann sa mhéid seo. Ní amháin nach bhfuil muintir na Gaeltachta ag fáil a gcearta ó thaobh bun-sheirbhisí de, go háirithe i gcúrsaí tithíochta, ach is é an tuairim atá ag roinnt údarás áitiúla ná nach orthu atá an cúram seo, toisc go bhfuil Údarás na Gaeltachta ann. Mar shampla, níor bhunaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe aon scéim tithíochta i nGaeltacht na Gaillimhe. Cén fáth nár cuireadh aon scéim tithíochta poiblí ar bun leis na blianta? Tá an-chuid daoine san Údarás atá dáiríre faoin obair atá ar siúl acu agus d'iarr siad ar an Roinn agus ar Airí éagsúla cumhachtaí i leith tithíochta a ghéilleadh dóibh faoi Acht 1979. Níl deis againn an cheist seo a phlé, ach oiread.

Do chríochnaigh an Teachta Molloy a chuid cainte ar cheist seo na mbóithre. Ábhar grinn é seo i nGaeltacht Chonamara faoi láthair. Meastar nach fada eile go mbeidh daoine ag dul ag iascaireacht sna "potholes", nuair a cheadófar an caitheamh aimsire seo arís. Bhí mé féin i mo bhall de Chomhairle Chontae na Gaillimhe le blianta agus tugadh an freagra céanna ar an gceist seo i gcónaí, go gcaithfear na bóithre go léir a dheisiú as an méid airgid a fhaightear ón Roinn, nach bhfuil aon chiste speisialta ann do bhóithre na Gaeltachta.

Tá daoine ag magadh faoi mhuintir na Gaeltachta faoi láthair agus á maslú nuair a deir an mhuintir sin go mbeidh cothromáiocht acu i ndíospóireacht ar bith faoi chúrsaí Eorpacha agus faoi chúrsaí Gaeltachta. Luafaidh mé sampla eile. In Imleabhar Oifigiúil 309, go h-áirithe idir cholúin 35 agus 38 luaigh an Teachta Horgan ag an am go mba fiú smaoineamh ar chúram cúrsaí oideachais, mar shampla, laistigh den Ghaeltacht a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta.

Rinne an Teachta McGinley tagairt don obair atá ar bun ag Muintearas na nOileán i Litir Mealláin agus na téacsleabhair atá á gcur ar fáil acu. Níl siollabas na gcúrsaí nua ar fáil trí Ghaeilge fós sna scoileanna. Ní amháin nach bhfuil na leabhair ann do na daltaí, go háirithe ag an dara leibhéal ach deir na clódóirí go bhfuil a lán de na leabhair as cló agus nach bhfuil aon ullmhúchán déánta chun leabhair a chur i gcló ina n-áit. Ach níl siollabas ar fáil go fóill agus mar is gnách, tá sí ina chúis achrainne idir an Roinn agus an curriculum board maidir le cé acu an bhfuil an cúram seo orthu. An t-aon toradh atá air seo, ná nach bhfuil an siollabas ar fáil ag na Gaeilgeoirí oifigiúla — masla eile do mhúinteoirí, do scoileanna, do pháistí agus do mhuintir na hÉireann agus do aon duine eile a bhfuil suim aici nó aige i dteagasc na Gaeilge.

Is féidir liom é seo a dhearbhú mar tá an fhianaise agam féin. Tá triúr de mo chlann féin ag freastal ar scoil lán-Ghaelach agus tuigim go maith a bhfuil le fulaingt acu toisc nach bhfuil a gcearta ó thaobh oideachais de, ar fáil dóibh sna scoileanna—polasaí scannalach, leisciúil bréan, mí-dhleathach, chun an fhírinne a rá. Os rud é go bhfuil suim ar leith ag an Aire sa cheist seo beidh sé spéisiúil freagra a fháil ón Aire Rialtas Áitiúil atá i mbun an Bhille seo. An bhfuair sé comhairle ón Eoraip an dá rud a reachtáil ar an lá céanna, agus an bhfuil siad ansásta leis an seift?

Nár hiarradh nuair a bhí na bunullmh-úcháin ar siúl do thoghcháin na hEorpa, nach mbeadh aon toghchán eile ar siúl ar an lá céanna? Ghlac baill eile an Chomhphobail leis sin ach is féidir linne a rá leo go bhfuil toghcháin eile ar siúl ach nach bhfuil morán tábhachta ag baint leo; baineann siad le muintir na Gaeltachta. Is fiú freagra a fháil ar an mionphointe dlí sin. Ar ndóigh, amach anseo, beidh sé de cheart ag muintir na Gealtachta dul go cúirt na hÉorpa chun a gcearta a bhaint amach. Tá fear óg i Loughan House faoi láthair toisc gur dhiúltaigh sé fineáil a gearradh air a íoc, de bharr staid na mbóithre. Sin mar a chaitear i gcónaí le muintir na Gaeltachta. Iarradh orthu, sa seanchóras polaitíochta, a bheith sásta glacadh le bun riachtanaisí ar bhonn deonach. Bheidís i dtuilleamaí na bpolaiteoirí éagsúla. Ach tá bunchearta acu, ó thaobh oideachais agus tithíochta de.

Fillfidh mé ar laige eile in Acht 1979. Cá háit, san Acht sin, a dtugtar cúram don Údarás córas pleanála ceart a bhunú? Deirtear ann go bhfuil sé de cheart ag an Údarás comhairle a thabhairt agus tá daoine ainmnithe ann chun labhairt ar son an Rialtais agus bíonn na hoifigigh ann chun an scéal a thabhairt ar ais, ar eagla go dtárlódh rud ar bith. Thairis sin, cén córas pleanála atá ann? An mó duine atá fostaithe faoi láthair ag plé le cúrsaí pleanála san Údarás? Céard a tharla do na moltaí a sheol ceardchumainn an Údaráis chuig na hAirí éagsúla leis na blianta ag lorg athstructúrú ar an Údarás? An bhfuair siad freagra? Mar shampla, ní rabhadar ró-shásta leis an gcaoi ina raibh eolas ag sleamhnú amach ón Údarás, go minic trí bhéal na mball tofa éagsúla. Dúirt lucht bainistíochta liom ar ócáid amháin nach féidir aon rud a dhéanamh, mar ar láimh amháin bhí na pleananna ag sleamhnú amach agus ar an láimh eile ní raibh cead acu aon rud a dhéanamh. Cén sórt boird a cheapfá in aon chor a bheith ann? Is cuimhin liom, i 1979, nuair a rinneadh comparáid idir an Highlands and Islands Board agus údaráis mar iad. An bhfuil cúrsaí chomh sona sásta go nglacaimid ag an bpointe seo dul ar aghaidh leis na toghcháin agus gan aon díospóireacht a bheith againn ar na pointí a luaigh mé? Sin an chéad chúis go bhfuil muidne i gcoinne na toghcháin a chur ar aghaidh ar an lá céanna.

Ceapaim, agus ceapann Páirtí an Lucht Oibre, go bhfuil cúrsaí na Gaeltachta á gcur faoi cheilt, go bhfuil siad á múchadh, nach mbeidh seans ag gnáthmhuintir na Gaeltachta a dtuairimí a nochtadh faoi na hábhair a luaigh mé. Tá áiteacha taobh istigh den Ghaeltacht a bhfuil eolas agam féin fúithi, is í sin Gaeltacht Chonamara, agus tá siad beagnach bánaithe faoi láthair le himirce. Aon sampla beag amháin de chúram an oideachais dá mba rud é go raibh sé ag an Údarás, Gairmscoil Cholmcille in Indreabhán, tá ar na páistí sa scoil dara leibhéal sin dul thar an mbóthar sé nó seacht nó ocht n-uaire sa lá chun freastal ar dhá mhonarcha atá ar léas ag an VEC ó Údarás na Gaeltachta do chuspóirí oideachais. Deirtear go minic go bhfuil siad anois ag barr an liosta. Sin an rud atá ag tarlú faoi láthair — togha scoile; tá na torthaí ann, tá na daoine an-fhial don chóras atá ann; tá na múinteoirí den chéad scoth, agus mar sin de. Caithfidh siad dul thar an mbóthar. Níl aon seomra don fhoireann teagaisc. Níl aon áit le haghaidh chaitheamh aimsire agus mar sin de. Tá an trealamh go léir acu chun éargna a mhúineadh ach níl aon spás acu san fhoirgneamh atá ann.

An botún is mó rinne muintir Indreabhán agus muintir na Gaeltachta i gcoitinne go rabhadar ró-fhial don sean-dream. Arís, bhí cruinniú mór acu i bhFaiche Mhór na Gaillimhe cúpla seachtain ó shin. Labhair duine den Údarás, ball tofa de chuid Fhianna Fáil. Sheas sé suas agus ar seisean, "Tá mise ag troid i gcónaí ar an Údarás chun córas farantóireachta ceart a chur ar fáil ó Oileán Árann do chathair na Gaillimhe". Níl aon chumhacht ag an Údarás tada a dhéanamh. Bhí an tAire Stáit amuigh in Oileán Árann mí roimhe sin agus dúirt sé, "Is féidir liomsa an méid seo a gheallúint daoibh, tá an rud seo á chur isteach faoi láthair don Structural Fund". Cúpla bliain ó shin tháinigdeus ex machina, an Taoiseach féin as héalacaptar, agus dúirt sé leo, “Beidh córas taistil ceart agaibh”. Cathain a thiocfaidh stop leis an sórt magaidh seo ar mhuintir na Gaeltachta?

Luaigh an cainteoir romham, an Teachta Molloy, na rialtais áitiúla. Tá sé an-suimiúil. Bunfhoirmeacha atá ag teastáil chun gnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge, níl siad ar fáil ach ó rialtas áitiúil amháin, Comhairle Chontae an Chláir. Níor lean na rialtais áitiúla eile sampla Chontae an Chláir, agus tá siad ag cur foirmeacha amach i mBéarla do dhaoine atá ina gcónaí sna Gaeltachtaí agus, níos measa fós, tá siad ag aistriú ainmneacha daoine ón leagan Gaeilge go dtí an leagan Béarla. Níl de cheart agat sa tír seo, sna Gaeltachtaí, fiú amháin do ainm a bheith agat go hoifigiúil ó roinnt rialtas áitiúil ar fhoirm Ghaeilge. Nach iontach an dul chun cinn atá déanta againn. B'fhéidir gur maith an rud é; beimid ag gearradh síos ar na costais más rud é go mbeidh na toghcháin ar siúl ar an lá céanna. Bille beag atá i gceist. Rud beag atá déanta.

An chéad fáth, mar a dúirt mé, go bhfuil muidne i gcoinne an Bhille seo náan gá atá le díospóireacht iomlán do chúrsaí na Gaeltachta. An dara rud, is aisteach an rud é gur bhuail an taom isteach i gceann an Aire timpeallachta, is é sin, ón Roinn Comhshaoil. Why this sudden inspiration? Tá sé de cháil aige go dtagann smaointe uafásacha chuige go minic. Ach cén fáth nach raibh an méid seo ciallmhar cúpla mí ó shin? Cén fáth go bhfuil sé ag tarlú anois? Is ceart gan a cheapadh gurb é an sórt cuspóra atá leis ná an vóta, mar a dúirt an Teachta McGinley, dealagáid de Fhine Gael, chomh maith, an vóta a tharraingt amach. "Winkle them out for the Údarás and European elections at the same time." That's what is all behind it.

Ceist bheag eile. Ó thaobh an méid ama a bheadh ar fáil ar raidió agus teilifís, dá mba rud é go raibh tú mar ghnáthdhuine, mo dhála féin, sa dá fheachtas, agus dá mba rud é go raibh sé ag teastáil uaimse argóintí a chloisteáil do thoghchán Údarás na Gaeltachta, cá mhéad clár a thabhairfaí do thoghchán Údarás na Gaeltachta ar theilifís, ar raidió? Cá mhéad colún sna páipéir nuachta? Is fiú an cheist sin a chur.

Céard faoin bhfeachtas don Eoraip? Is féidir a rá go mbeidh an sórt fealsúnachta ag baint leis an bhfeachtas don dá rud. Más fíor sin, cén fáth nach ndearnadh tada do riachtanais na nGaeltachtaí a luadh sa bhunphlean a cuireadh ar aghaidh go dtí an Bhruiséil? Agus cén fáth nach bhfuil iarrthóirí don Eoraip, agus tá eisceachtaí ann, ag caint i nGaeilge sa Ghaeltacht? Tá an Teachta Molloy ann. Bhí sé ag caint ag cruinnithe i ndáilcheantar Ghaillimh Thiar don Eoraip. Tá iarrthóirí Pháirtí an Lucht Oibre sásta Gaeilge a labhairt. An mbeidh seans ag muintir na Gaeltachta na hiarrthóirí a chlos i nGaeilge? Beidh sé suimiúil eolas a fháil ina dtaobh. B'fhéidir go bhfuil saintréith ar leith ag na hiarrthóirí atá ag seasamh don Eoraip sa mhéid nach dteastaíonn uathu éisteacht le muintir na Gaeltachta.

Ba mhaith an rud dá mbeadh spreagadh eacnamaíochta buan i gceist agus go bhféadfaí réiteach fiúntach a fhail ar fhadhb na dífhostaíochta, ar fhadhb na himirce, ar fhadhb an bhochtanais, ar fhadhb na mbunstructúr, ar fhadhb an easpa tithíochta agus ar an bpraiseach atá déanta d'oideachas ar gach leibhéal; dá mbeimís i ndáiríre faoi cheartanna a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta ionas nach mbeidís dá gcur i bpríosún nuair nach bhfuil siad sásta faoin méid atá á fháil acu; fiú amháin dá mbeimís sásta ceist córas cumarsáide don Ghaeltacht a phlé. Tá díospóireacht ann maidir le soláthar scéim teilifíse Ghaeilge nó scéim teilifíse Ghaeltachta agus creidim go bhfuil a lán daoine, fiú amháin sa Rialtas, i ndáiríre faoin gceist seo. Measaim féin go bhfuil na hargóintí is treise ar thaobh scéim teilifíse Ghaeltachta, ach ní bheidh an t-ábhar seo á phlé.

Cad iad na leasuithe a ba chóir a dhéanamh ar Acht 1979 maidir le cúrsaí cumarsáide? Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar phointe dlí freisin, maidir le Acht 1979. Ní raibh mé soiléir riamh faoi phointe bunreachtúil amháin a bhaineann leis an Acht seo, maidir le sainmhíniú na Gaeltachta. Tá dualgaisí áirithe ar an Roinn Comhshaoil maidir leis an mBunreacht agus i dtaobh na nAchtanna um thoghcháin ach tá sé beagáinín doiléir. Abair go dtabharfaí cás os comhair na cúirteanna idir bheirt; duine amháin acu a cheap go raibh sé ina chónaí i nGaeltacht oifigiúil agus duine eile a cheap go raibh sé ina chónaí i bhfíor-Ghaeltacht, áit a raibh Gaeilge á labhairt sna teaghlaigh. Arbh fhéidir an dá sórt ceartanna a chur i gcomhréir?

I Namibia, fiú, tá iarracht á dhéanamh le go mbeadh an modh cláruithe soiléir agus macánta. Dúirt an Teachta Gallagher faoin Acht 1979 go raibh sé sásta seans a thabhairt do na breac-Ghaeltachtaí. Ba mhaith liom a bheith an-bheacht sa mhéid a deirim — Gaeltachtaí bréaga atá i gceist agamsa. Cén fáth nár tugadh deis roimh na toghcháin chun na treoracha a mheas arís agus chun léarscáil ceart a chur ar fáil? Is féidir fíor-Ghaeltachtaí agus breac-Ghaeltachtaí agus Gaeltachtaí eile a bheith ann, ach níl baint ag aon tír eile leis an cur i gcéill a deireann gur de bharr cúiseanna tíreolaíochta, stairiúla agus polaitiúla atá Gaeltachtaí ann nach bhfuil Gaeilge á labhairt iontu. Níor pléadh é seo.

Ní bheidh deis againn arís díospóireacht a bheith againn i dtaobh Acht 1979. Ní bheidh deis againn ach oiread cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha a phlé. Ní bheidh fáil againn ar na meáin chumarsáide ach chomh beag. Ní bhfuaireamar seans éisteacht leis na codanna sin den tír ina bhfuil an ráta dífhostaióchta agus an ráta imirce i bhfad níos airde ná an meán náisiúnta.

Tá a lán daoine ag ullmhú do thoghcháin Údarás na Gaeltachta. Tá sé ar intinn ag Páirtí an Lucht Oibre iarrthoirí a chur ar aghaidh don chéad uair. Ní dhearnamar an uair dheiridh é toisc gur chreideamar go mba chóir go dtiocfadh na hiarrthoirí ón nGaeltacht féin. Ach is iontach an dearcadh atá ar fáil ar an Údarás, maidir le buntáistí agus míbhuntaistí atá ag gabháil leis, ó nuachtáin agus Raidió na Gaeltachta, agus ó ráitisí ó ionadaithe neampspleácha ar nós Peadar Ó Tuathail as Cumhacht.

Tuigeann na hoibrithe go léir laistigh den Údarás an rud atá ag teastáil. Tá tuarascáil an-fhiúntach curtha le chéile ag an ceardchumann is mó. Bhí moltaí ann i dtaobh bhunstructúr an Údaráis fhéin, faoi fheidhmeannaigh nua, agus déanadh trácht ar laigí an Údaráis. Níor tugadh aird ar bith air, faraor. Tá ualach agus cúram an fheidhmeannais ar na daoine seo ach ní thugtar seans dóibh rud ar bith fiúntach a dhéanamh. Bhí súil acusan leis, le díospóireacht. Níl sé ar intinn ag aon tír na toghcháin a reachtáil ar an lá céanna. Thar aon ní eile, tá sé scannalach agus maslach gan an deis a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta agus dóibh siúd a bhfuil suim acu in athbheochan na Gaeilge, díospoíreacht neamhspleách a bheith acu. Is ar an gcúis seo atá baill Pháirtí an Lucht Oibre ag cur in gcoinne an Bhille seo.

Aontaím leis an Teachta Higgins nach cóir an dá thoghchán a reachtáil ar an lá céanna. Is trua gur shocraigh an Rialtas, le déanaí is dócha, é seo a dhéanamh. Mar a dúirt an Teachta Molloy, bheadh sé niós fearr do mhuintir na Gaeltachta a dtoghchán féin a bheith acu leis féin ar lá áirithe. Bheadh aird na tíre dírithe orthu dá bharr agus i bhfad níos mó bolscaireachta le fáil acu i dtaobh chúrsaí Ghaeltachta agus i dtaobh Údarás na Gaeltachta. Faoi mar atá, beidh meoin na tíre dírithe ar an mBruiséal in ionad ar an nGaeltacht. Níor mhiste, ach oiread, a thuilleadh díospóir-eachta a bheith againn i dtaobh cúrsaí an Údaráis.

Is soiléir, mar a dúirt gach Teachta den Fhreasúra a labhair inniu, nár éirigh leis an Údarás cosc a chur le bánú na Gaeltachta. Tá an imirce níos measa ná mar a bhí riamh. Ní féidir an milleán a leagan ar an Údarás sa chás seo, agus is iomaí cúis atá leis, ar ndóigh. Go bunúsach, dar liomsa agus le mo pháirtí, ní foláir don Udarás a bheith in ann feidhmiú go héifeachtach mar bhord neamhspleách daon-lathach, agus neart cumhachta aige chun modhanna pleanála agus forbartha a thionscnú leis an nGaeltacht a neartú agus a shlánú. Ní mar sin atá, faoi láthair. Muna bhfuil an Rialtas sásta féachaint chuige go mbeidh Údarás den chineál seo ann, a chuireas bunáiseanna na fichiú haoise, i gcúrsaí eacnamaíochta, sóisialta, oideachais agus mar sin de ar fáil sna Gaeltachtaí, níl ciall le bheith ag trácht ar an nGaeltacht a bheas ann laistigh de dheich mbliana eile.

Le blianta fada, bhí Fianna Fáil agus Fine Gael ag imirt cluichí polaitiúla leis an nGaeltacht agus leis an mhuintir ann agus ar ndóigh, tá an cluiche céanna ar siúl acu anois san Udarás. Níl morán aird a thabhairt acu ar riachtanaisí na Gaeltachta mar ionad, ná ar an dteanga ná ar an gcultúr atá níos giorra do bhás anois ná mar a bhí le fada an lá. Bíonn greim daingean docht ag cibé Rialtas a bhíonn i gcumhacht ag an am, ar an Údarás, toisc seisear den Údarás a bheith le hainmniú ag Aire na Gaeltachta. In a theannta sin, éirionn le duine, nó beirt, nó triúr dá bPáirtí sna toghcháin. Mar sin bíonn an tUdarás faoi smacht an Rialtais i gcónaí agus ní bhíonn ar a gcumas feidhmiú go neamhspleách nó go raidiciúil. Tá lán-fhostáiocht don tír iomlán mar aidhm ag Pairtí na nOibrithe. Ar ndóigh ba chóir an aidhm chéanna a bheith againne agus ag an Údarás don Ghaeltacht.

Ní féidir é seo a thabhairt i gcrích sa Ghaeltacht gan Údarás a bhfuil sé de chúram air, aire iomlán a thabhairt d'fhorbairt na Gaeltachta. Chuige sin, tá géarghá le plean forbartha don Ghaeltacht ó Údarás ar bith, agus na cumhachtaí cuí chun leas a bhaint as na hacmhainní nádúrtha maraon le airgead agus institiúdí eacnamaíochta an Stáit. Ní foláir Roinn ar leith a bhunú in Údarás ar bith chun cúram a ghlacadh de thurasóireacht sa Ghaeltacht agus Roinn eile a cheapfadh polasaí iompair, go háirithe maidir leis na hoileáin. Is é atá ag teastáil, dar le Páirtí na nOibrithe, ná Údarás a chuirfidh plean iomlan forbartha eacnamaíochta, airgeadais agus fostaíochta ar fáil do mhuintir na Gaeltachta, idir oileáin agus eile. Údarás cumhachtach neamhspleách atá ag teastáil le foinsí leathana airgid aige agus a ghlacfaidh cúram iomlán na Gaeltachta chuige.

Léirigh Raidió na Gaeltachta, le blianta beaga anuas go bhfuil éileamh ar sheirbhís dá leithéid ó na Gaeltachtaí uile agus go bhfuil dianghá le seirbhís teilifíse a d'fhreastalódh ar an bpobal céanna, agus ar an bpobal Iasmuigh den Ghaeltacht, chomh maith leo, a bhfuil bá ar leith acu leis an nGaeilge agus le fealsún-acht agus cultúr na Gaeltachta. Ní seirbhís chúng Ghaeltachta atá uainn ach seirbhís arbh fhéidir a sheoladh thar tír amach agus a d'aithneodh pobail bheaga eile thar sáile; seirbhís a mbeadh fáilte roimh a dearcadh neamhspleách. Táim ag smaoineamh go háirithe ar na pobail sin a chruthaigh iad féin trína seasamh daingean in aghaidh an impiriúlachais.

Is é Raidió na Gaeltachta an t-aon áis sa tír a d'eascair ón nGaeltachta agus go nglacann muintir na Gaeltachta leis gur leo féin é. Cén fáth nach gcuirfimis ar a gcumas seirbhís theilifíse a sholáthar dóibh féin ar an dóigh chéanna? Níor mhiste na cumhachtaí cuí a thabhairt don Údarás le go gceapfaí mar rialtas áitiúil ar an nGaeltacht é. Bheadh cumhachtaí sa bhreis ag an ngnáth rialtas áitiúil i gceist anseo chun go rachadh an tÚdarás i ngleic le cúrsaí turasóireachta, pleanála, bóthair, sóisialta agus oideachais. Ní dheiseofar na bóithre, mar shampla, muna dtugann an tÚdarás faoi. Ní mór bóithre a bheith ann le go mbunófaí tionscail sa cheantar. Ní foláir chomh maith scrúdú a dhéanamh ar na deontaisí do thionscail sna ceantair Ghaeltachta, féachaint an bhfuil siad feiliúnach do na ceantair atá i gceist.

Ní leor tionsclóir a mhealladh isteach ar bhonn eacnamaíochta gan riachtanaisí an réigiúin sin a chur san áireamh. Ní mór go rachadh an tionscal chun leas an cheantair, mar aonad eacnamaíochta agus mar aonad sóisialta. Caithfidh an tUdarás a bheith in ann na mionseirbhísí laethúla idir sheirbhísí sóisialta agus eacnamaíochta a chur ar fáil go héifeachtach trí mheán na Gaeilge do phobal na Gaeltachta. Ní deonú thar na bearta atá á éileamh ag muintir na Gaeltachta, tar éis an tsaoil, ach cearta sóisialta. Is é dualgas an Údaráis ná a chinntiú nach gcaitear le muintir na Gaeilge mar shaoránaithe den dara grád mar is amhlaidh a dhéantar i láthair na huaire.

Glactar leis go forleathan go bhfuil meath ag teacht ar an nGaeltacht. Tá cuid den locht ar an gcóras oideachais ach is acu atá cuid den leigheas freisin. Tá an-chuid airgead Stáit á chaitheamh ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ach muna ndéantar beart go luath ní fada eile go mbeidh airgead á dhíriú ar chóras oideachais na Gaeltachta mar chóras eisceachtúil agus ní mar ghné bheag den chóras náisiúnta.

Ar an ábhar sin, is iad cumhachtaí agus airgead is mó atá de dhíth ar an Údarás. Maraon le neamhspleáchas, is iad na gnéithe seo is mó atá in easnamh ar an Údarás go dtíseo. Ní mór dúinn an uain seo a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Údarás, tar éis dó a bheith i mbun oibre ar feadh deich mbliana. Ba cheart an t-athbhreithniú seo a dhéanamh roimh na toghcháin in ionad ina ndiaidh. Bheadh neart ama againn é seo a dhéanamh i rith an tsamhraidh agus an toghchán a reachtáil i mí Meán Fómhair nó idtús mí Dheireadh Fómhair.

The Electoral (Amendment) Act, 1989, allows us to reflect upon the value of the decision to set up Údarás na Gaeltachta in 1980 and to look at their performance, at the constrictions and restrictions imposed on the authority and to evaluate their progress towards the future.

I am glad to see that there are two Deputies on the Government benches — two Ministers from my own constituency. It is fair to say that in this instance the constituency of Mayo West is well represented in the Chamber.

I do not have any real objection to the Údarás elections being held on the same day as the European elections. Too many people who take the view that these elections should be held singly do not appreciate the geographical extent of many of our Gaeltacht areas. For those involved on a party political basis, it is more appropriate to do the two jobs together on 15 June than to have to call those forces into action again in September or October when the elections for the Údarás would normally be due. So, I think the suggestion is sensible.

From experience I know that in the Gaeltacht areas those who support candidates for the Údarás find that the Údarás election will in many cases take precedence over the European election. I have heard candidates of various parties in past elections asking people to give them their number one vote and reminding people of the candidate in the European campaign also. I believe that that will apply in Gaeltacht areas on this occasion also.

It is important to look at the question of whether Údarás na Gaeltachta have been a success since inception. There was a great deal of soul searching and speech making with various theories being put forward prior to the adoption of the specific programme for the Údarás. By and large, the balance was almost correct. Every Deputy here would have grouses or complaints about various aspects of the way the Údarás are operated.

By and large the concept of having an authority to deal with a specific area of the country, in so far as the Irish language, promotion of the Irish culture and determination of a way of life for people living in the Gaeltacht areas is concerned, has been a success. That concept was further enhanced by the fact that a certain proportion of the board was to be appointed by the Minister of the day and the remaining proportion was to be elected by the ordinary members of the Gaeltacht areas. That is a valuable aspect of democracy. On the other hand, from a political and a traditional point of view, many people in the Gaeltacht areas have supported the Government party. The election within the Gaeltacht areas by the people, together with the appointments of the Minister, amounted to a very weighty board in favour of the Government.

Is it fair to ask questions as to whether Údarás have been a success and whether that success can be measured? Are they now empowered and enabled to do the job that was set out in the 1980 Act under which that body were set up? Having said that the concept of that kind of body was proper, in the past number of years the imagination of those involved in Údarás na Gaeltachta has been strangled by the Government decision not to give them sufficient funds. It is entirely appropriate that the Minister for the Gaeltacht should demand the highest level of performance from officials of Údarás na Gaeltachta and should constantly call them before him to determine their targets and to see how they are operating in so far as meeting those targets is concerned but, on the other hand, it is unfair of the Government not to give those officials and that body the resources to meet the targets and to implement good ideas.

It is very obvious that in recent times, with the reduced number of industrialists coming from abroad to set up here, there has been an invasion of the Gaeltacht areas by SFADCo and the IDA. That was all right some years ago when a broad selection of potential industrialists was available and the IDA could tell them they could set up certain industries in Donegal, Mayo, Galway or wherever they wished.

I am glad the Taoiseach who is at present in Japan has made an announcement about doubling the number of Japanese firms investing in our country. He said a commission is to visit Ireland to look at the investment prospects in that regard. It is obvious that Japan has become an extremely important political and economic force on the world stage. The Japanese own 52 per cent of the state of Hawaii and 48 per cent of the state of California. I wonder how many of these Japanese investment firms will set up in Gaeltacht areas? Will we see Japanese firms in Carratigue or Aughleam within the next five years? I would like to think that the IDA, having set up this tour for the Taoiseach and having done a good deal of the background work, will not decide to take unto themselves all the glory in terms of the setting up of these industries. It is important that the people in the Gaeltacht areas be given some of the credit also.

I was a member of the committee of Coiste na Gaeilge which visited the Kerry Gaeltacht last year and I was certainly impressed by the operation in so far as telecommunications is concerned, the operation of information through computer systems and the modern technology in that regard. That does away to a great extent with the difficulties, in terms of distance, the quality of roads and so on. Difficulties are encountered by long distance truck drivers in travelling from Dublin to Aughleam, Carratigue or to the far west points of the Galway Gaeltacht. It is the equivalent of driving from London to Glasgow on a highway. These are practical difficulties and time means money for firms of that nature. The technological changes that have been brought about have obviated to a certain extent some of the difficulties that have been experienced in that regard.

I hope the IDA, being the body who have received the most Government funds and Government attention in the past number of years, will attract these potential investors to areas other than mainline city areas. As Deputy McGinley has pointed out, if an industrialist who wishes to set up business here is offered the option of locating in a Gaeltacht area, that option will not be taken up first if the grants are not higher than those offered by the IDA and, secondly, if the site is not within distance of third level education institutions or near the mainline markets these people demand.

If Údarás na Gaeltachta cannot give greater incentives than those on offer from the IDA or some other such body, then the Gaeltacht areas will continuously lose out, unless there is an enormous increase in the number of ideas promoted in the Gaeltacht areas. As I have said, it is not very fair that everybody should demand the highest standard from Údarás if, on the other hand, they are not given a sufficient budget to carry out their work, to meet their targets and so on. My understanding is that the money allocated to Údarás na Gaeltachta in 1989 will run out within the next two months. That will obviously mean that pressure will be put on Government Deputies and on the Minister to provide more money. Because of a lack of funds, approvals that have been awarded to industrialists will not be met. If these people do not get the money they will not set up their businesses in the Gaeltacht areas but will move some place else where the IDA will give them funding. I would like to think that as the Taoiseach is Minister for the Gaeltacht and his Minister of State is from my own constituency he will see to it that Údarás are given the financial resources to do what they say they are capable of doing. Their work should be monitored strictly by the Minister who should demand the highest level of performance from them.

A difficulty has arisen in my constituency which has been referred to by Deputy Molloy. I notice he is taking a keener interest in the affairs of County Mayo recently. The people there will probably be demanding of him that he deliver the RTC in Castlebar out of the Structural Funds. I will take the example that was mentioned of the Babygro plant in Belmullet which eventually closed on Christmas Eve last. The officials in Údarás did what they could in that regard and met different people in relation to setting up a replacement industry but the only outcome is that meetings have taken place and there is a possibility that a replacement industry might be set up. If that is so, a new industrialist will demand further training grants from the Government but will that finance be readily available? That is the kind of response that is necessary from the Government if people are to stay in the Gaeltacht areas rather than be forced to sign on the dole or to emigrate. Many of the people in these areas actually returned to Ireland in the early seventies to set up business here.

The build-up of inherent resources has been mentioned on many occasions. Tourism is a word that has been bandied about to a great extent in the past number of years. A meeting took place today in the Royal Hospital Kilmainham involving 600 people from the tourist industry to discuss the launch of their plan and the concept of doubling the number of tourists coming into the country over the next few years. If these tourists are attracted here and they feel safe in so doing, do we have the accommodation to cater for them? What is the level of accommodation in the Gaeltacht areas or will it be sufficient to cater for tourists if the number coming here is doubled? My understanding is that no grant assistance will be given for accommodation under the Structural Funds. In the next couple of years, up to 1992, the carrot of the Structural Funds probably will be dangled in front of every community and every group in the country.

The Minister, the Government and Údarás na Gaeltachta will face a number of practical problems. For instance, the Gaeltachtaí of Counties Mayo, Galway and Meath are all in the one group. County Donegal is on its own as are the Counties of Cork, Kerry and Waterford. In the sub-regions set up under the national plan, Counties Mayo and Galway are a different sub-region to County Meath. County Donegal is in a different sub-region again as is the Munster Gaeltacht. Therefore the elected Údarás representatives from those Gaeltacht areas will have to deal with representatives from different sub-regions, with very complex plans for each of those sub-regions. This will create major problems for Údarás representatives, both appointed and elected. I do not know how these may be overcome.

Because of their lack of resources, it seems that Údarás are staggering from one crisis to another and are hoping the evil day will not come when they have to announce another industry has gone down the drain. They are not being given the resources by the Government to do what they say they are capable of doing. As I said, I back the concept of a Minister being able to pressure the officials of Údarás to deliver on the accepted targets they themselves set. They must be given the resources to do this. There have been political rows within Údarás and during the years various matters have been raised in this House. Allegations and charges in regard to the activities of Údarás have also been made, but be that as it may, it is also fair to say that in the making of decisions there may well be closer alliances on a county rather than on a political basis. It seems that Údarás deem it important that there be as much representation as possible from the various counties on the board. It often comes down to a decision being decided upon on that basis.

I am not quite sure if the Minister when replying will state if all of the existing members of the present board who have still two years to serve will be reappointed or whether the board will be abolished.

If they stand, they are capable of being re-elected.

I am not quite sure if the Minister is going to abolish the board and have a whole new board elected.

One of the main aims of Údaras na Gaeltachta when set up in 1980 was chun caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus chun forbairt na Gaeltachta a chur chun chinn. I think in many ways the language is being treated as a complete joke and, on the other hand, I feel that a greater number of people in ordinary walks of life have more Irish than the previous generation, and are not afraid to use it, even though they may not have a very good vocabulary. It is fair to say that the scoileanna lán Ghaelach have awakened a new interest in Irish, Irish culture, dancing, music and so on, in younger children. While they receive biased treatment from the Department of Education in terms of teachers and transport, that is a matter to be considered whether it is fair or not.

If no leadership is given by the leaders of society in terms of speaking the language on each and every occasion, then those who are not very fluent in the language will feel a bit cúthaileach, shy, about using it and will tend not to use it. It probably would have been as appropriate for the Taoiseach on the visit of the Soviet President, to speak solely in Irish at Shannon because the Soviet President does not understand either English or Irish. If the Taoiseach had done so, foreign journalists would have appreciated that we too have our own language, a unique heritage in many ways. The leader or our country should have made his welcoming address, brief though it was, in his native tongue in the knowledge that the Soviet President could not speak either English or Irish. If he had done so, it would have been a lesson in diplomacy in one sense for foreign journalists who expect English to be spoken at all times.

As I said, I have no objection to the election taking place on 15 June and I hope that as many as possible of those left in the country will turn out to vote. In conclusion, I would like to refer to the relevance of the population figures for the Gaeltacht areas. While there has been heavy emigration in recent years, the population in many of the Gaeltacht areas is increasing. For example, the 1981 figure for Galway was 26,444 while the 1986 figure was 29,614. Obviously many of those live in Galway city — well known to Deputies Molloy and Higgins. I do not know how many of those have or speak Irish — the Deputies probably know more about that. Perhaps there is a need to take a look at where the boundaries for the fíor-Ghaeltacht and the breac Gaeltacht lie. This morning on Raidió na Gaeltachta I heard an official say they were going to update the lists of those looking for employment in Gaeltacht areas and that these lists have not been revised since 1981. Obviously a great number of those from the Connemara and Mayo west areas who had been registered in 1981 have now left the country.

As I said, I hope that as many people as possible turn out on this occasion and use this opportunity to protest at some of the activities of the Government which directly affect them. What is happening at present falls very far short of the príomh-aidhm of Údarás na Gaeltachta which was to have Gaeilge as the príomhmheán cumarsáide chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn.

Ba mhaith liom ar dtús mo bhuíochas a ghabháil lei an Dáil as ucht glacadh leis an mBille. Ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl freisin do na Teachtaí a bhí páirteach sa díospóireacht as ucht an méid a bhí le rá acu. Ní chuireann sé isteach ormsa gur as Gaeilge nó as Béarla a deinedh an díospóireacht sin. Mar a dúirt mé i dtús báire, sé an cuspóir atá leis an mBille ná chun a chur ar ár gcumas na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reachtáil ar an lá céanna is a bheidh na toghcháin do Phairlimint na hEorpa ar siúl. Agus mar a mhínigh mé, tiocfaidh laghdú beag ar chostas na dtoghchán de bharr sin agus beidh an socrú níos sásúla i mo thuairim féin do na toghchóirí agus ní bheidh sé i gceist na scoileanna sa Ghaeltacht a dhúnadh ar ócáid éigin eile idir é seo agus Mí Dheireadh Fómhair seo chugainn le haghaidh na dtoghchán don Údarás.

Mar is eol don Dáil, tá dualgas reachtúil ann na toghcháin seo a chur ar siúl roimh Dheireadh Fómhair na bliana seo.

Ba mhaith liom tagairt bheag a dhéanamh do chuid des na rudaí a bhí á bplé ag na Teachtaí. Aontaím leis an Teachta McGinley gur rud ciallmhar atá á mholadh againne maidir leis an dá thoghcháin seo a bheith ar siúl ar an lá céanna. Aontaím leis freisin go bhfuil tábhacht faoi leith ag na toghcháin seo do mhuintir na Gaeltachta. Tá an ceart aige nuair a deireann sé nach bhfuil ach roinnt seachtainí fágtha ag an Údarás go dtí go mbeidh sé riachtanach orainn toghcháin a chur ar siúl.

Mar is eol do chuile dhuine, ba mhaith linn níos mó daoine a mhealladh amach agus páirt a ghlacadh sna toghcháin Eorpacha, agus ma chuidíonn an mhír seo atá á plé againn faoi láthair chun é sin a chur i bhfeidhm, cuirim fáilte roimhe sin. Beidh deis, ní amháin ag na daoine a bheidh páirteach sna toghcháin Eorpacha, ach acu siúd i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta, níos mó úsáid a bhaint as na meain chumarsáide chun a bpolasaithe a nochtú agus an díospóireacht a chur ar aghaidh.

Bhí cuid mhaith le rá ag an Teachta McGinley maidir leis na deacrachtaí infrastruchtúir atá sna Gaeltachtaí. Tá deacrachtaí i ngach áit sa tír maidir le cúrsaí struchtúir, ach tá dul chun cinn déanta agus tá cuid mhaith airgid bhreise curtha ar fáil againne le tamaillín anuas chun feabhas a chur ar chuid de na rudaí sin agus chun an t-infrastruchtúr a neartú, ní amháin sna Gaeltachtaí ach thart timpeall na tíre ar fad. Aontaím leis na Teachtaí a bhí ag rá go raibh míbhuntáistí ag dul do áiteacha iargúlta agus táimid ag déanamh ár ndian-díchill, agus chun ár ndian-dícheall a dhéanamh táimid ag cur níos mó airgid le polasaí chun infrastruchtúr a neartú sna háiteacha sin.

Tá buntáiste ann freisin ag dul leis an nGaeltacht, agus ní raibh mórán tagairtí do na buntáistí atá ag dul leis na háiteacha sin. An timpeallacht an rud is mó atá ar intinn agamsa, agus de réir a chéile tá tábhacht níos mó ag gabháil le cúrsaí timpeallachta sa tír seo. Tá an timpeallacht thar barr agus tá sí glan agus gach uile rud i gceart sna háiteacha thart ar imeall na tíre. Tá dul chun cinn mór déanta ag Údarás na Gaeltachta maidir le tionscal turasóireachta a chur chun cinn, agus tionscal foraoiseachta agus tionscal fheirmeoireacht éisc, na tionscall go léir atá bunaithe ar na hacmhainní nádúrtha.

Bhí a lán rudaí á bplé ag an Teachta Molloy nach bhfuil baint acu ar chor ar bith leis an mBille atá os ár gcomhair, agus níl sé i gceart, ar ndóigh, agamsa cuidiú leis an gcaint sin atá as ordú. Ach b'fhéidir focal nó dhó chun an Teachta Molloy a cheartú, ar eagla go gcreidfeadh duine ar bith an drocheolas atá á scaipeadh aige sa Dáil maidir le cúpla rud. An chéad rud ar mhaith liom tagairt a dhéanamh dó ná níl aon socrú ar bith déanta ag an Rialtas nó ag an Aire Comhshaoil le Teachta ar bith ar an taobh eile den Teach seo, agus níl aon ghá le droch-abairtí mar sin a bheith á scaipeadh ag an Teachta, mar níl aon fhírinne iontu.

Dúirt mé sin.

Dúirt. Gabh mo leithscéal. Ba mhaith liomsa é a chur ar an "record" freisin. Ní raibh aon socrú agam le héinne maidir leis an mBille seo atá os ár gcomhair. Caithfidh mé freisin a chur in iúl do gach uile dhuine nár cailleadh aon phost sa Ghaeltacht, i mo thuairim féin, de bharr easpa airgid le tamaillín anuas. Ba thrua gur cailleadh na postanna a bhí ann in Babygro thíos i mBéal Átha an Mhuirthead, agus níl aon rud le rá agamsa maidir leis an scéal sin ach go bhfuilim cinnte go mbeidh togra nua ann chun fostaíocht a thabhairt sa cheantar sin go luath. Tá iarrachtaí faoi leith á ndéanamh ag mo chomhleacaí, an tAire Stáit, an Teachta Gallagher, i dtaobh togra nua agus chun fostaíocht a chur ar fáil, agus tá súil agam go mbeidh an t-ádh leis.

Is iontach a bheith ag éisteacht leis an Teachta anois ag caint maidir le heaspa airgid le haghaidh bóithre agus rudaí mar sin. Chaith sé féin tréimhse sách fada mar Aire Comhshaoil, tamaillín ó shin, agus ní dhearna sé tada le cúrsaí bóithre nó céanna nó tionscail nó aon rud eile. Cén fáth, mar sin, a bhfuil sé ag cur an droch-íomhá orainne agus muidne ag déanamh ár ndíchill chun feabhas a chur ar an scéal i ngach áit sa tír maidir le bóithre ach go háirithe?

Dúirt an Teachta Molloy go mbeidh airgead an Údaráis ídithe i gceann tamaillín. Caithfidh mé a rá nach bhfuil sé sin fíor ar chor ar bith. Leis an airgead ón Stát agus an teacht isteach ón díol socmhainní beidh dóthain airgid ag an Údarás chun íocaíocht deontais a thioc-faidh chun aibíochta idir seo agus deireadh na bliana airgeadais. Sin mar is eol domsa agus sin é an fhírinne atá os mo chomhair anois.

Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt rudaí a bhí á rá ag an Teachta Higgins agus a chuir díomá orm. De ghnáth, nuair a bhíonn seisean ag caint, ní amháin ar chúrsaí na teanga ach ar chúrsaí eile freisin, bíonn rudaí neartúla agus rudaí misniúla le rá aige maidir le cúrsaí. Ach inniu bhí sé an-chiniciúil maidir le gach uile rud agus ag scrios gach uile rud os a chomhair. An rud a bhí á dhéanamh aige inniu ná iarracht misneach agus meon phobal na Gaeltachta a bhriseadh, i mo thuairim féin. Cén fáth a bhfuil sé ag brú síos ar a mhuintir féin mar sin? Agus cén fáth a bhfuil an drochthuairimíocht maidir le rudaí, díreach.

Cad iad na háiseanna atá curtha ar fáil don Teach seo do dhaoine atá ag iarraidh Gaeilge a labhairt?

Cén fáth a bhfuil tú chomh diúltach sin inniu? Is iad na rudaí atá ag teastáil, i mo thuairim féin, sa Teach seo, i leith cúrsaí Gaeilge agus tionscail le haghaidh na Gaeltachta, ná tuairimí éifeachtúla agus tuairimí tairbheacha agus fiúntacha a bheith á bplé againn. Sin é an gnáthrud a bhíonn le cloisteáil ón Teachta nuair a bhíonn sé ag caint. Cén fáth go bhfuil athrú cainte air inniu?

Deir an Teachta Higgins nach bhfuil sé i bhfábhar an dá thoghchán a bheith ann ar an lá céanna, agus dhealródh sé go bhfuil an Teachta Molloy idir dhá chomhairle maidir leis an scéal. Tá mise sásta go mbeidh díospóireacht cheart ann faoi chúrsaí Gaeltachta agus an toghchán seo a bheith ar siúl. Chomh fada agus a bhaineann sé le mo pháirtí féin, tá sé ar intinn againne iarrthóirí fiúntacha a chur sa choimhlint sa toghchán don Údarás agus féadfaidh sibh a bheith cinnte go mbeidh siad lán-ábalta an bhéim agus caoi a chur ar cheist a bhaineann leis na Gaeltachtaí, agus tá súil agam go ndéanann na páirtithe eile amhlaidh. Tá an dalladh mullóige ar an Teachta Higgins ar phointe beag amháin. Níl foriail ar bith sna Stáit Eorpacha a choisceann an ballstát ó thoghchán eile a reachtáil ar an lá céanna le toghchán Pharlaimint na hEorpa. Is ceist í seo don bhallstát féin, agus chomh fada agus is eol domsa beidh olltoghchán ar siúl i dtír amháin ar a laghad ar an lá céanna leis an toghchán Eorpach. Caithfidh mé é sin a rá.

Bhí an Teachta Mac Giolla agus an Teachta Kenny ag caint maidir leis an easpa airgid atá ann, agus ba mhian leo breis cumhachtaí a thabhairt don Údarás, agus rudaí mar sin. Níl baint ag na rudaí sin leis an méid atá faoinár lámha faoi láthair agus mar sin, beidh lá eile chun na polasaithe sin a phlé.

It is a sensible Bill and has been seen as such by the vast majority of the Members of the House. I thank them for their contribution and their willingness to say that. However, I am a little disappointed with some of the contributions. It is important that those who have something useful to say should get an opportunity to speak, but they should not be negative so far as the Gaeltacht and the Údarás are concerned. What we want is a good constructive díospóireacht sa Teach seo.

Good constructive PR. The Minister should get the Taoiseach to speak Irish an odd time for a start. Why does he not speak Irish in the House?

Tá neart Gaeilge ag an Taoiseach agus baineann sé úsáid as aon uair a bíonn deis aige. Ní ceart don Teachta bheith ag caint mar sin. Cad mar gheall ar a cheannaire féin? Níor chloiseadh focal Gaeilge riamh uaidh sin. Ná bí ag caint mar sin. Tá an ceart ag an Taoiseach nó ag an Aire Comhshaoil caint as Gaeilge más mian leis. Cén fáth a bhfuil an Teachta ag cur an brú síos ar dhaoine sa díospóireacht seo maidir le cúrsaí mar sin? Ní hé sin an gnáth rud a bhíonn á rá aige gach lá.

We are not living in Haiti. This is a democracy and we are entitled to offer an opinion.

This is not going to interfere with the European elections and it is going to give an opportunity to us to save a little money and to be less troublesome so far as the closure of schools is concerned.

The people generally will appreciate that. I should like to thank those who see it from that point of view. I am satisfied that the people in Gaeltacht areas will get an adequate opportunity to discuss na míreanna go léir, agus na polasaithe go léir a bhaineann le cúrsaí Gaeltachta agus cúrsaí teanga. They have one great advantage that we might not have in other parts of the country — they have a very efficient Raidió na Gaeltachta. Tá sin le cloisteáil i ngach áit san tír agus tá cuid mhaith daoine ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta faoi láthair, ní amháin ins na háiteacha ins na Gaeltachtaí fhéin, ach taobh amuigh de sin freisin. Cloistear Raidió na Gaeltachta ag cuid mhaith thar timpeall na tíre faoi láthair agus aontaím leis an bhforbairt sin. I am satisfied that those who are interested in Gaeltacht and Údarás matters, particularly those who will be voting in the elections, will get a super opportunity between now and 15 June to make their case. All I can say is that I wish those who seek election to the Údarás well. Ba mhaith liom mar fhocal scoir mo bhuíochas arís a chuar in iúl do chuile duine a bhí páirteach ins an díospóireacht seo.

Question put.
The Dáil divided: Tá, 76; Níl 15.

  • Abbott, Henry.
  • Ahern, Bertie.
  • Ahern, Dermot.
  • Ahern, Michael.
  • Andrews, David.
  • Aylward, Liam.
  • Barrett, Michael.
  • Brady, Gerard.
  • Brady, Vincent.
  • Brennan, Matthew.
  • Brennan, Séamus.
  • Browne, John.
  • Byrne, Hugh.
  • Calleary, Seán.
  • Clohessy, Peadar.
  • Colley, Anne.
  • Collins, Gerard.
  • Conaghan, Hugh.
  • Connolly, Ger.
  • Coughlan, Mary T.
  • Cowen, Brian.
  • Cullen, Martin.
  • Daly, Brendan.
  • Davern, Noel.
  • Dempsey, Noel.
  • Dennehy, John.
  • Ellis, John.
  • Fitzgerald, Liam.
  • Fitzpatrick, Dermott.
  • Flood, Chris.
  • Flynn, Pádraig.
  • Foley, Denis.
  • Gallagher, Denis.
  • Gallagher, Pat the Cope.
  • Geoghegan-Quinn, Máire.
  • Gibbons, Martin.
  • Harney, Mary.
  • Hilliard, Colm Michael.
  • Hyland, Liam.
  • Jacob, Joe.
  • Kennedy, Geraldine.
  • Kirk, Seamus.
  • Kitt, Michael P.
  • Kitt, Tom.
  • Lawlor, Liam.
  • Lenihan, Brian.
  • Leonard, Jimmy.
  • Leyden, Terry.
  • McCarthy, Seán.
  • McCoy, John S.
  • Molloy, Robert.
  • Mooney, Mary.
  • Morley, P.J.
  • Moynihan, Donal.
  • Nolan, M.J.
  • Noonan, Michael J.
  • (Limerick West).
  • O'Dea, William Gerard.
  • O'Donoghue, John.
  • O'Hanlon, Rory.
  • O'Keeffe, Batt.
  • O'Keeffe, Ned.
  • O'Kennedy, Michael.
  • O'Leary, John.
  • O'Malley, Desmond J.
  • O'Rourke, Mary.
  • Power, Paddy.
  • Quill, Máirín.
  • Reynolds, Albert.
  • Roche, Dick.
  • Smith, Michael.
  • Swift, Brian.
  • Treacy, Noel.
  • Walsh, Joe.
  • Walsh, Seán.
  • Wyse, Pearse.

Tellers: Tá, Deputies V. Brady and Browne; Níl, Deputies Howlin and M. Higgins.

    Question declared carried.

    Bell, Michael.Gregory, Tony.Higgins, Michael D.Howlin, Brendan.Kavanagh, Liam.Kemmy, Jim.McCartan, Pat.

    Mac Giolla, Tomás.O'Sullivan, Toddy.Pattison, Séamus.Quinn, Ruairí.Sherlock, Joe.Spring, Dick.Stagg, Emmet.Taylor, Mervyn.

    I am now obliged to put the question in accordance with the order of An Dáil of this day in respect of the Electoral (Amendment) Bill, 1989, item No. 3, that sections 1, 2 and 3 and the Title are hereby agreed to in Committee and the Bill is hereby reported to the House without amendment; that Fourth Stage is hereby completed and that the Bill is hereby passed.

    Question put and declared carried.