Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 May 1989

Vol. 390 No. 1

Written Answers. - Gaeltacht Housing Grants.

32.

asked the Taoiseach the grants which are available in the Gaeltacht areas for the reconstruction and building of new houses; and if he will make a statement on the matter.

Seo a leanas sonraí faoin gcúnamh atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) 1929 go 1979 chun tithe a thógáil agus a fheabhsú:

1. Tithe Nua Cónaithe

Achar urláir an tí i méadair chearnacha

70 nó níos mó

55 agus faoi 70

40 agus faoi 55

£

£

£

An deontas uasta chun teach a thógáil ina mbeidh córas uisce píopaithe agus séarchais, cúlchoire nó fearas dóite soladbhreosla eile a chuirfidh soláthar uisce ar fáil agus seomra folctha le huisce te.

3,000

2,750

2,500

Beifear ag súil leis na saoráidí a luaitear thuas sa teach de ghnáth ach, mura féidir iad uile a chur ann, laghdófar an deontas cuí thuas.

Mura féidir le hiarratasóir teach a thógáil a mbeidh achar urláir 40m 2 ar a laghad ann breithneofar iarratas uaidh ar dheontas laghdaithe.

2. Tithe Cónaithe a Fheabhsú

(a) Feabhsúcháin

£

(i) Feabhsúcháin riachtanacha ar bhunchreatlach an tí

2,300

(ii) Fuinneoga agus dóirse seachtrachta atá fabhtach a athnuachan. Ní sháróidh an deontais i leith oibreacha faoi 2 (a) (i), 2 (a) (ii), a dhéanfar le chéile suim £2,300

900

(b) Saoráidí Sláintíochta

(i) Córas uisce píopaithe

560

(ii) Córas Séarachais

500

(iii) Seomra folctha le huisce te

800

(iv) Seanchóras uisce agus séarachais a fheabhsú

170

(c) Méaduithe Speisialta do Chuairteoirí

Seomra breise a thógáil a mbeidh achar urláir 12m 2 ar a laghad ann agus a mbeidh báisín láimhe le soláthar uisce te agus fuar feistithe ann.

270

Trí sheomra ar a mhéid a thuillfidh deontas agus is féidir iad a thógáil san aontráth nó i ndiaidh a chéile.

Is le tithe atá ag iarratasóirí a bhfuil gnáthchónaí orthu sna Limistéir Ghaeltachta a sonraíodh ó 1956 i leith a bhaineann na deontais seo.

Ní sháróidh an deontas i leith oibreachta faoi 2, a dhéanfar laistigh de thréímhse trí bliana, suim £3,000.

Barr
Roinn