den Aire Oideachais an bhfuil aon athrú déanta ar na coinníollacha maidir le bunú bunscoileanna lán-Ghaelacha.
Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Bunscoileanna Lán-Ghaelacha.
Níl sé i gceist ag mo Roinn aon athrú a dhéanamh ar na coinníollacha faoinar féidir aitheantas a bhronnadh ar bhunscoileanna lán-Ghaelacha nuabhunaithe.
An bhféadfadh an tAire Stáit a rá, an ceann de na coinníollacha go gcaithfidh Gaeilge a bheith mar theanga teaghlaigh ag na tuismitheoirí sula nglactar leis na daltaí i scoil lán-Ghaelach?
Níl a fhios agamsa go bhfuil aon choinníollacha mar sin. Níor chuala mise riamh faoi aon bhac atá ar dhaoine nach bhfuil an Ghaeilge acu féin a bpáistí a chur go dtí na scoileanna lán-Ghaelacha.
Tá áthas orm é sin a chloisint, mar tá imní ar thuismitheoirí atá ag déanamh gach iarracht scoileanna lán-Ghaelacha a chur ar fáil go bhfuiltear chun riail mar sin a chur i bhfeidhm. An dtuigim ón Aire anois nach coinníoll é go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ag na tuismitheoirí.
Gan dabht.
Go raibh maith agat.