Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 May 1989

Vol. 390 No. 2

Ceisteanna-Questions. Oral Answers. - Teilifís trí Ghaeilge.

1. D'fhiafraigh

den Taoiseach cad é an treoir atá tugtha aige d'Údarás na Gaeltachta maidir le tuarascáil i dtaca le seirbhís theilifíse trí Ghaeilge a ullmhú; agus cén dul chun cinn atá deánta go dtí seo.

Tá iarrtha ar Údarás na Gaeltachta scrúdú a dhéanamh faoi na féidireachtaí a bhainfeadh le seirbhís theilifise i nGaeilge a bhunú. Mar a cuireadh in iúl don Teach le déanaí, mar fhreagra ar cheist eile, táim ag súil leis an tuarascáil seo a fháil go luath anois agus déanfar an scéal uile a mheas tuilleadh ansin.

An bhféadfadh an tAire Stáit a chur in iúl an bhfuil an cheist seo pléite ag an Rialtas agus an bhfuil cinneadh cinnte déanta seirbhís theilifís Ghaeilge nó Ghaeltachta a chur ar fáil?

Tá go leor plé déanta ar an cheist seo. Mar atá ráite anseo cheana, tá tuairimí éagsúla faoi céard ba chóir a chur ar fáil. Tá daoine ann a deir go mba cheart go mbeadh stáisiún teilifíse lonnaithe sa Ghaeltacht, agus tá daoine den tuairim go mba cheart breis ama a chur ar fáil ar na stáisiúin atá ann faoi láthair. Tá chuile shórt mar sin á chíoradh, agus an rud is tábhachtaí ar fad, nár cheart dul ar aghaidh le cláracha teilifíse Ghaeltachta gan athbhreith cheart a bheith déanta ar cad ba cheart a chur ar fáil don phobal, mar beidh siad i gcoimhlint le cláracha theilifíse eile agus caithfear a bheith cinnte go mbeidh cibé ábhair a chuirfear amach sásúil agus taitneamhach don phobal agus go mór mhór don aos óg.

An raibh teangmháil ag an Rialtas nó an ndeachaigh an Rialtas i gcomhairle le haon dream eile, mar shampla, Bord na Gaeilge, maidir leis an cheist seo.

Tá moltaí curtha isteach ag dreamanna éagsúla agus thairis sin ní shílim go raibh aon teangmháil le dream ar bith de na daoine sin. Ach tá an tuarascáil faoi réir ag an Údarás faoi láthair agus beimid ag súil le cinneadh air sin roimh dheireadh na míosa?

An féidir linn bheith ag súil le cinneadh ar an tuarascáil roimh dheireadh na míosa?

Beidh moltaí an Údaráis réitithe roimh dheireadh na míosa.

Agus an mbeidh cinneadh roimhe sin?

Braitheann sé ar na moltaí agus ar an chostas atá i gceist. Caithfear gach rud mar sin a phlé.

Barr
Roinn