Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Oct 1989

Vol. 392 No. 1

Written Answers. - Saoráidí do Mhuintir na n-Oileán.

19. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil sé i gceist aige gníomhú maidir leis na héilimh atá déanta ag Comhdháil na nOileán faoi (i) ionadaíocht a bheith ag na hoileáin Ghaeltachta ar Bhord Udarás na Gaeltachta (ii) chóras taistil idir na hoileáin agus an mórthír (iii) chéibheanna a thógáil agus a fheabhsú ar na hoileáin; agus an bhfuil sé i gceist aige socrú a dhéanamh leis an Aire Leasa Shóisialaigh chun córas saorthaistil idir na hoileáin agus an mórthír a chur ar fáil do dhaoine le cártaí leighis agus do phinsinéirí seanaoise a bhfuil gnáthchónaí orthu ar na hoileáin le ligean dóibh freastal ar chomhairleoirí leighis agus ar an ospidéal nuair is gá dóibh.

20. D'fhiafraigh

den Taoiseach an bhfuil aon mholtaí faighte aige ón Ministerial Islands Committee; agus, má tá, an bhféadfaidh sé a insint céard iad na moltaí ón choiste sin atá i gceist aige a mholadh dá chuid Airí a fheidhmiú.

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 19 agus 20 le chéile.

Faoi mar is eol don Teachta, tá níos mó ná oileáin Ghaeltachta faoi chaibidil sna ceisteanna seo ach is do na cinn Ghaeltachta is mó a bheidh mise ag tagairt os iad atá de chúram ormsa.

Maidir le hionadaíocht ar Údarás na Gaeltachta, táim ag glacadh leis gur comhalta arna ainmniú ag an Aire (seachas comhalta tofa) atá i gceist ag an Teachta. Cuirfear cás na n-oileán Gaeltachta san áireamh nuair a bheidh comhaltaí le ceapadh ar Údarás na Gaeltachta arís.

Tá an córas taistil go dtí Oileán Chléire, Contae Chorcaí, ag fáil chúnaimh bhliantúil ó mo Roinnse agus is í a d'íoc go hiomlán as an mbád nua a cuireadh ar fáil don tseirbhís roinnt blianta ó shin. Sheas Údarás na Gaeltachta costas iomlán an bháid atá in úsáid ar an tseirbhís ó thír-mhór go dtí Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.

Aontaím nach bhfuil cúrsaí sásúil maidir le seirbhís farantóireachta go dtí na hOileáin Árann, Co. na Gaillimhe — seirbhís a thagann faoi scáth CIE agus an Aire Turasóireachta agus Iompair — agus tá mé i dteagmháil leis an Aire sin féachaint an féidir teacht ar réiteach na faidhbe.

Thar na blianta tá an-chuid airgid caite ag mo Roinnse ag feabhsú agus ag deisiú na saoráidí calaíochta ar na hoileáin éagsúla Ghaeltachta. Tá roinnt tograí eile faoi mo bhráid i láthair na huaire agus tá scrúdú á dhéanamh agam orthu féachaint conas is fearr tabhairt futhu agus iad a airgeadú.

Maidir le saor-thaisteal ó oileáin go tírmhór do phinsinéirí agus do dhaoine ag freastal ar dhochtúirí agus mar sin de tuigim ón Aire Leasa Shóisialaigh go bhfuil saor-thaisteal ar fáil do dhaoine cáilithe ar na seirbhísí farantóireachta a dhéanann freastal ar na hoileáin seo a leanas: Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall; na hoileáin Árann, Contae na Gaillimhe; Cléire agus Inis Arcáin, Contae Chorcaí. Beidh an tAire sin sásta breithniú ar iarratais ó dhreamanna a reachtáileann seirbhísí príobháideacha farantóireachta chuig oileáin eile chun bheith páirteach sa scéim shaor-thaisteal.

Maidir leis an gCoiste Airí do na hoileáin, réitigh an coiste sin tuarascáil tamall ó shin a léirigh na bunriachtanais atá de dhíth ar na hoileáin éagsúla timpeall an chósta. Tá na ceisteanna éagsúla a ardaíodh sa tuarascáil sin á meas sna Ranna cuí, Roinn na Gaeltachta san áireamh, féachaint conas is fearr is féidir teacht ar réiteach na bhfadhbanna atá aitheanta sa tuarascáil — go háirithe i gcomhthéacs aon chúnaimh a bheadh ar fáil ó na Cistí Structúrtha de chuid an Chomphobail.

Barr
Roinn