An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1989: An Dara Céim.

Tairgim: "Go léifear an Bill an Dara hUair."

Ar dtús ba mhaith liom leithscéal a ghabháil libh toisc nach bhfuil ar chumas an Aire Stáit ag Roinn na Gaeltachta, an Teachta Pat the Cope Gallagher bheith i láthair anseo inniu. Is amhlaidh go raibh air imeacht gan choinne agus ní raibh neart aige air.

Is é cuspóir an Bhille ghairid seo ná an uasteorainn £60 milliún atá leagtha síos san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1987, do na hairleacain as an Phríomh-Chiste chun Údarás na Gaeltachta a mhéadú go dtí £80 milliún. Tá an uasteorainn do £60 milliún sroiste ó mhí an Mheithimh seo caite agus tá sé fíor-thábhachtach mar sin go n-ardófar í gan mhoill le go bhféadfar tuilleadh airleacan a chur ar fáil don Údarás. Léiríonn an Bille seo cé chomh dáiríre is atá an Rialtas maidir le tacaíocht a thabhairt don Údarás ina gcuid iarrachtaí chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn agus caighdeán maireachtála a muintire a fheabhsú.

Cuirtear soláthar caipitil ar fáil don Údarás ar dhá bhealach: deontas-i-gcabhair trí Vóta Roinn na Gaeltachta — caipiteal vótáilte a ghlaotar air sin; agus airleacain inaisíoctha ón Phríomh-Chiste — caipiteal neamh-vótáilte a ghlaotar air sin.

Úsáidtear caipiteal vótáilte chun deontais a íoc mar chabhair chun tionscail nó scéimeanna táirgiúla fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht. Caitear airleacain ar mhon-archana a thógáil, ar scaireanna a cheannach i bhfochuideachtaí agus i gcomhchuideachtaí agus chun maoin a cheannach. Sa bhliain reatha tá suimeanna caipitil mar seo a leanas údaraithe don Údarás: caipiteal vótailte £4.8 milliún; agus airleacain £3.3 milliún.

Bhí deacrachtaí áirithe ag an Údarás i 1988 maidir le íocaíochtaí a dhéanamh i leith iarratas ar dheontais a tháinig chun aibíochta le haghaidh íocaíochta, ach leis an £3 mhilliún breise a cuireach ar fáil don eagraíocht anuraidh réitíodh an fhadhb sin. Leis an teacht isteach méadaithe a bheidh ag an Údarás i mbliana ó shócmhainní a dhíol le cur leis an teacht isteach ón Stát agus ó fhoinsí eile, mar shampla, ó Chiste Sóisialta an Chomhphobail Eorpaigh, tá mé sásta nach mbeidh fadhb ar bith mar sin ann i mbliana.

Maidir le poist a chruthú, tháinig méadú arís eile — don 7ú bliain as a chéile — ar líon na ndaoine a bhí fostaithe go lánaimseartha i dtionscail sa Ghaeltacht faoi scáth an Údaráis ag deireadh 1988. Ar 31 Nollaig 1988 bhí 5,134 dhuine fostaithe go lánaimseartha sna tionscail sin i gcomparáid le 4,946 dhuine ag deireadh 1987, i.e., méadú de 188 bpost. Ar ndóigh, theip ar roinnt tionscal i rith 1988 agus cailleadh 825 phost, rud a chuir as go mór ní amháin don Údarás ach do na pobail áitiúla inar tharla na teipeanna sin. Ar an taobh eile den scéal, áfach, cruthaíodh breis agus míle post nua agus is ábhar dóchais agus tógáil chroí dúinn uilig é sin. Tá moladh tuillte ag an Údarás dá bharr agus tá mé dóchasach go leanfaidh an dul chun cinn sin sna blianta atá romhainn. Léiríonn na torthaí atá bainte amach ag an Údarás maidir le poist a chruthú go bhfuil an borradh agus an fhorbairt atá le feiceáil ar fud na tíre anois le haithint sa Ghaeltacht fosta.

Le go leanfaí le tairbhe a bhaint as an bhorradh seo chinn an Rialtas cúpla mí ó shin cead a thabhairt don Údarás méid na ndeontas a cheadófaí i mbliana a dhú-bailt ón tsuim £4.5 mhilliún a bhí aontaithe go dtí £9 milliún. Is cinnte go gcuideoidh sé sin go mór leis an Údarás chun tograí a thiocfaidh chun tosaigh a cheadú ach caithfidh an eagraíocht féachaint chuige, oiread agus is féidir, trí fheidhm a bhaint as dianchritéir roghnaithe, gur tograí fiúntacha a chuirfidh fostaíocht shochrach ar fáil a cheadófar. Is beag is fiú don Ghaeltacht agus don tír tionscnaimh a bhunú nach mairfidh ró-fhada.

Tá an tÚdarás ag brú ar aghaidh leis an obair cheannródaíochta atá ar siúl acu le blianta beaga anuas i dtaca le hacmhainní nádúrtha na gceantar Gaeltachta a fhorbairt. Tá torthaí an tsaothair sin le feiceáil anois go háirithe i gcás an tionscal fheirmeoireacht éisc. Tagann céatadán mór de tháirgeadh náisiúnta bradán na tíre seo ó fheirmeacha ar chósta na Gaeltachta. I 1988 táirgeadh 2,182 tonna bradán ó na feirmeacha sin i gcomparáid le 1,109 tonna i 1987 agus 776 tonna i 1986. Meastar go méadóidh an táirgeadh ó na feirmeacha Gaeltachta go dtí 7,000 tonna faoin bhliain 1992, i.e., 50 faoin gcéad den táirgeadh measta náisiúnta.

In éineacht le tacaíocht a thabhairt d'fheirmeoireacht bhradán féin, tá cuidiú nach beag á chur ar fáil ag an Údarás leis an tionscal phróiseáil bradán, i.e., pacáil, grádáil agus deatú, a fhorbairt sa Ghaeltacht. De réir a chéile, beidh táirgí breisluacha á gcur chun cinn de réir mar a bheidh an táirgeadh bradán ag dul i méid agus muinín ag fás sa tionscal. Ciallóidh sé sin, ar ndóigh, go gcuirfear deiseanna fostaíochta breise ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.

Tá straitéis fhorbartha don tionscal sliogéisc sa Ghaeltacht ullmhaithe ag an Údarás. Is é príomh-bhunaidhm na straitéise sin ná tionscal inmharthana ar scála idirnáisiúnta a fhorbairt ar mhaithe le fostaíocht a chruthú agus cúrsaí geilleagair sa Ghaeltacht a chur chun cinn. Beidh deacrachtaí móra le sárú leis an aidhm sin a bhaint amach agus caithfear cur chuige ar mhodh eagraithe. Tá mé cinnte nach dteipfidh ar an Údarás ón taobh sin de.

Le tamall anuas tá an tÚdarás ag díriú go speisialta ar thionscnaimh straitéiseacha a bhunú sa Ghaeltacht. Is mian leis an eagraíocht agus liomsa, mar Aire Stáit na Gaeltachta, go mbeidh páirt iomlán ag pobal na Gaeltachta i gcur chun cinn tograí nua-aimseartha a rachaidh i gcion ar thodhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge. Is ceart go mbeidh an Ghaeltacht ar chomhchéim iomaíochta le ceantair eile sa tír i réimsí infheistíochta nua-theicneolaíochta. Chomh maith leis sin, tá an tÚdarás ag cur béime nach beag ar thograí ceadúnais agus aistriú teicneolaíochta go háirithe i gcás cuideachtaí ó na Stáit Aontaithe a bheidh ag díriú ar 1992 agus ar mhargaí chomhaontaithe na hEorpa. Fáiltím roimh na tionscnaimh sin go léir agus roimh chinn eile nach iad a léiríonn fuinneamh agus díogras Údarás na Gaeltachta ina gcuid iarrachtaí chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn.

Molaim don Dáil glacadh leis an mBille gairid seo.

Ba mhaith liom, ar son urlabhraí Fhine Gael ar chúrsaí Ghaeltachta, an Teachta McGinley, nach bhfuil anseo inniu, cuidiú leis an rún atá molta ag an Aire Stáit anseo i leith an Bhille ghairid seo. Déanaim comhghairdeas leis an Aire Stáit as ucht an chaoi a raibh sé ar a chumas an scriopt a léamh. Tá sé an-deacair tuiscint ar bith a chur ar chuid de na scriopteanna seo. Ní bhíonn mórán cleachta ag an Aire Stáit ar chúrsaí Ghaeltachta, cé go bhfuil an Ghaeltacht is mó sa tír ina dháilcheantar féin, agus sílim go ndearna sé jao sách maith faoi. Níl a fhios agam an bhfuil morán suime acu siúd atá ar deoraíocht i Sasana nó i Meiriceá sa Bhille ghairid seo atá tugtha isteach anseo inniu. Tá sé fíorthábhachtach go mbeidh an méid airgid atá le caitheamh ag an Údarás ardaithe ó £60 milliún go £80 milliún punt. Sílim go bhfuil sé thar am go mbeadh sé ar a gcaoi ag an Udarás é sin a dhéanamh.

Ag an am céanna, na mílte atá i Sasana agus i Meiriceá, níl a fhios acu siúd inniu go bhfuilimid ag caint faoin Bhille seo, agus céard a dhéanfaidh sé dóibh siúd. An mbeidh sé ar chumas Údarás na Gaeltachta tionscail a bhunú, jabanna a chur ar fáil, fostaíocht a chur ar fáil dóibh agus dá gclann taobh istigh de limistéar a gceantracha féin. Sin an rud atá fíor-thábhachtach, agus go deimhin a bhí ar intinn gach rialtais le blianta anuas. Is fíor go bhfuil gach uile Ghaeltacht sa tír bánaithe leis an imirce faoi láthair. Ó thaobh chúrsaí foirne peile de agus ó thaobh chúrsaí sóisialta de, tá an t-aos óg imithe ó iarthar na tíre, agus go mórmhór ó gach ceantar Ghaeltachta. Tá teipthe ar an Rialtas seo agus ar an iar-Rialtas cosc a chur leis an taoide sin atá ag imeacht as an tír seo. Tá súil agam go mbeidh sé ar chumas an Údaráis obair a dhéanamh ón taobh sin de.

Tá neart deacrachtaí ag foireann an Údaráis faoi láthair. Bhí, agus is dócha go mbeidh. Níl a fhios agam an bhfuil iarratas curtha isteach ag Údarás na Gaeltachta chuig an Rialtas chun go mbeadh cumhachtaí breise tugtha don Údarás i dtreo is go mbeadh siad in ann leanúint leis an sórt oibre atá á déanamh acu faoi láthair agus go mbeidh sé ar a gcumas athrú a dhéanamh sna blianta atá le teacht. Mura bhfuil iarratas curtha isteach ba cheart go mbeadh, agus má tá ba cheart go mbeadh an Rialtas an-tógtha le hiarratas ar bith den sórt agus go mbeadh siad báúil don iarratas sin. Má tá tionsclóir ar bith ag teacht go hÉirinn atá tógtha le háit ar bith Ghaeltachta agus atá tógtha le ceantar ar bith Ghaeltachta, sílim go bhfuil níos mó airgid le fáil aige ón IDA agus ó áiteacha eile, i bhfad níos mó ná mar atá le fáil aige ó Údarás na Gaeltachta chun tionscail a bhunú, agus más é sin an cás is fíor a rá go mbeadh sé i bhfad níos éasca, agus go mbeadh sé i bhfad níos báúla don tionsclóir sin a chur ar bun gar do na mórchathracha agus do oirthear na tíre ná tionscal a thosú sna ceantracha iargulta san iarthar.

Tá Údarás na Gaeltachta faoi láthair ag obair leis an míbhuntáiste seo an-trom orthu i leith an IDA agus na gcomhlachtaí eile atá ag obair sa cheantar sin. Sílim go bhfuil gcomhlachtaí eile ag teacht isteach sna ceantracha Gaeltachta, cosúil le SFADCo, agus tá siad siúd ag déileáil le cúrsaí turasóireachta agus mar sin de. Sna blianta atá le teacht is fíor a rá go bhfuil cúrsaí tuarasóireachta ag ardú go mór agus ag dul i gcumhacht go mór agus i bhfad níos mó béime curtha ar chúrsaí turasóireachta agus mar sin de agus go mbeidh as seo amach. Sílim go mbeidh cumhacht agus buntáiste ag an Údarás le cúrsaí turasóireachta a fhorbairt agus a phlé taobh istigh de na limistéir agus dá gceantracha féin. Tá sé sin fíor-thábhachtach — os rud é go bhfuil polaitíocht na "Greens", mar a déarfá, linn faoi láthair agus go mbeidh as seo amach — ó thaobh chúrsaí pleanála de, ó thaobh chúrsaí fhorbairt turasóireachta de, go mbeadh sé ar chumas an Údaráis pleanáil cheart agus pleanáil láidir, mar a déarfá, a dhéanamh do na ceantracha Gaeltacha sna blianta atá le teacht. Ó thaobh chúr-saí fostaíochta de, seo an rud céanna atá scríofa agus atá curtha amach ag beagnach gach uile Aire Gaeltachta sa Dáil anseo le blianta anuas, ach amháin go bhfuil athrú ar na figiúirí. Níl ann ach go bhfuil an tUdarás ag déanamh a ndíchill agus go bhfuil an Rialtas sásta go mbeidh níos mó fostaíochta curtha ar bun sna Gaeltachtaí. Tá sé sin go breá. Ach mar a dúirt mé, tá gach uile cheantar Gaeltachta bánaithe leis an imirce faoi láthair. Tá siad ag imeacht as an tír gach uile mhaidin ó Chnoc Mhuire agus áiteacha mar sin. Níl a fhios agam an mbeidh siad ag léamh faoi seo sanIrish Post thall i Nua-Eabhrac nó sa Bhreatain no áiteacha mar sin.

Mar sin, céard táimid ag déanamh? Séard atá mise ag rá gur cheart go mbeadh sé ar a gcumas ag Údarás na Gaeltachta rud dearfach láidir a dhéanamh ó thaobh fostaíocht a chur ar bun sna ceantracha Gaeltachta. Go deimhin, ó thaobh fheirmeoireacht éisc agus an sórt sin tá, mar a dúirt an tAire Stáit, ceannródaíocht déanta ag an Udarás le cúpla bliain anuas, agus sílim gur cheart go mbeadh sé ar a gcumas ag an Údarás leanúint ar aghaidh leis an gceannródaíocht sin. Anois, tá deacrachtaí ag teacht le feirmeoireacht éisc ar fud na tíre faoi láthair. Tá imní ar chuid de na daoine agus na heagrais atá ag plé leis faoi, mar shampla, substaint a chuirtear ar na héisc chun iad a ghlanadh. Ag breathnú le déanaí ar Albain, tá a lán deacrach-taí tar éis tarlú ar na lochanna ansin, agus ba cheart go mbeadh an tÚdarás ag breathnú go géar air seo agus gan sul isteach le tromlach fheirmeoireacht éisc a chur ar bun in áit-eacha, b'fhéidir, nach mbeadh ró-oir-iúnach chun an sórt sin oibre a dhéanamh. Aontaím leis an Aire Stáit go bhfuil sé ceart go mbeadh an tionscnamh strait-éiseach curtha ar bun agus airgead tugtha don Údarás chun é sin a dhéanamh freisin. Tá mé buíoch den Údarás o thaobh na cheannródaíochta atá déanta acu i mo dháilcheantar féin le tionscal a bhí le cur ar bun ó thaobh fhorbairt postanna de. Ní raibh sé ar a gcumas ag an tionsclóir an rud a chur le chéile i gceart, ach bhí Údarás na Gaeltachta anbháúil don cheannródaíocht sin.

Sílim gurb shin an sórt tionscal ar cheart go mbeadh baint ag an Údarás leo. Tá sé i bhfad níos deacra orthu a bheith ar comhchéim leis an IDA ag déileáil leis na seantionsclóirí agus an sórt oibre a bhíodh ar siúl acu siúd. Tá mé ag caint mar eolas don Aire Stáit faoin fhorbhairt a deineadh i nGaoth Sáile ar na portaigh thíos ansin. Níl sé ar siúl ag an am seo, ach tá súil agam nuair a bheidh na díospóireachtaí atá ar siúl faoi láthair thart agus críochnaithe go mbeidh sé ar chumas an tionsclóra é sin a chur ar ais ar siúl. Mar a dúirt mé, tá mé báúil don Údarás as ucht an chabhair agus an fháilte a chuir siad roimh an tionscal sin, agus, go deimhin, as an airgead a chuir siad ar fáil dó.

Tá a fhios ag gach uile dhuine go bhfuil Raidió na Gaeltachta fíorthábhachtach do na ceantracha Gaeltachta, agus cé nach dtagann sé go díreach faoi chumas an Údaráis ba mhaith liom go mbeadh staidéar curtha ar bun faoi cad é an difríocht atá déanta faoi láthair ag na stáisiúin nua raidió atá díreach taobh amuigh de na ceantracha Gaeltachta agus atá ag craoladh i mBéarla amháin tri na limistéir Ghaeltachta. Níl a fhios an bhfuil athrú ag teacht as ucht na n-imeachtaí sin ar chúrsaí Raidió na Gaeltachta. Más rud é go bhfuil Údarás na Gaeltachta le dul a fhorbairt sna blianta atá le teacht sílim go bhfuil tábhacht ag baint leis sin. Ag éirí as sin, Teilifís na Gaeltachta freisin, níl a fhios agam an bhfuil airgead le fáil ó Roinn na Gaeltachta i mbliana dó sin. Tá díomá orm toisc nár cheadaigh an Rialtas anseo go fóill an t-ordú a chuir Pairlimint na hEorpa i leith, mar a déarfá, IAS — impact analysis surveys — a chur ar súil. Má táimid chun níos mó forbairt ó thaobh feirmeoireacht éisc a chur ar bun agus cúrsaí turasóireachta, cumhachtaí breise, cúrsaí pleanáil bóithre agus mar sin de sílim go bhfuil sé fíor-thábhachtach chun forbairt cheart agus pleanáil cheart a chur ar bun ó thaobh na Gaeltachtaí de go mbeadh sí riachtanach an t-ordú sin a chur i bhfeidhm. Mar fhocal scoir ba mhaith liom a rá go n-aontaím leis an Bille ghairid chun an méid airgid atá le fáil don Údarás a ardú ó £60 milliún go dtí £80 milliún. Ní leor é áfach. Ba chóir go mbeadh sé ar ghuailne an Taoisigh mar, is é Aire na Gaeltachta féin é, go mbeadh i bhfad níos mó spéise aige i gcúrsaí Gaeltachta agus go dtabharfadh seisean don Údarás na cumhachtaí breise atá iarrtha acu le go mbeidh sé ar a gcumas acu sna blianta atá le teacht forbairt cheart agus pleanáil cheart le fostaíocht a chur ar bun do mhuintir na Gaeltachta, i dtreo is nach mbeidh orthu imeacht arís ar deoraíocht agus dearmad a dhéanamh ar chúrsaí na tíre seo.

Aontaím leis an méid a dúirt an Teachta Enda Kenny agus an fáilte a chuir sé roimh an Aire Stáit as teacht isteach anseo chun an ráiteas seo a thabhairt. Ní beag an misneach a bhí aige nuair a bhí sé ag obair le habairtí agus tearmaí ar nós "obair ceannrodaíochta" agus an bhrí atá leis sin ná "pioneering work". Agus ceann eile agus ba mhaith liom mo leithscéal a ghábháil mar nuair a luaigh sé tionscnaimh stratéiseacha cheap mé gurbh é a dúirt sé ná "tionscnaimh slat iascaireachta". Shíl mé go raibh rud réabhlóideach tar éis tarlú i ngan fhios dúinn go léir. Ach dar ndóigh tionscnamh a raibh an Teachta Kenny ag caint faoi cheapfadh éinne go raibh sórt monarchain nua i gceist. I ndáiríre séard atá i gceist ná aistriúchán uafásach ar "strategic initiative". Is cuma faoi sin, níl tábhacht ag baint leis. Ach bíonn deacrachtaí ar leith ag baint le daoine a líonann bearna le úsáid téarmaí mar sin.

Nílim chun cur i gcoinne an Bhille seo atá ag ardú an teora ó £60 milliún go £80 milliún. Níl deacracht ag Páirtí an Lucht Oibre leis sin. Rud a chuir iontas orm ná nach ndearnadh aon tagairt san ráiteas don bhun Acht atá i gceist, Acht 1979. Tá sé fíor a rá go bhfuil an tAcht leasaithe 1987 ann. Ach is san bhun Acht atá na cumhachtaí go léir dlite. Bhí sé beagáinín ait nach ndearnadh aon tagairt do Acht 1979. Ach caithim seo a rá, agus tá sé an-tábhachtach, tá me féin bréan de bheith ag cur ceisteanna síos go dtí an Taoiseach san Dáil seo ag iarraidh air an bhfuil sé ar intinn aige cumhachtaí breise a thabhairt do Údarás na Gaeltachta, nó atheagrú a dhéanamh ar an Údarás ionnas go mbeadh sé in ann na haidhmeanna atá liostáilte san bhun Acht a bhaint amach. Arís tá Acht ag teacht dúinn tráthnóna Déardaoin agus níl ach cúpla líne ann. Anois tá sé fíor a rá go ndearna na ceard-chumainn taobh istigh den Údarás staidéar ar an chaoi ina bhfuil an tÚdarás eagraithe agus chuir siad moltaí ar aghaidh chun an tÚdarás a dhéanamh níos éifeachtaí, ionas go mbeidís in ann na haidhmeanna atá acu faoin dlí a bhaint amach. Níor tugadh aon aird ar na moltaí sin. Arís nuair a cuireadh ceisteanna sa Dáil atá imithe agus leis na blianta, ar chuir Údarás na Gaeltachta féin aon mholtaí go dtí an Taoiseach nó Aire na Gaeltachta chun cumhachtaí breise a fháil tá sé ráite ar Raidio na Gaeltachta ag na daoine atá curtha ar an Údarás ag páirtí an Rialtais — an páirtí is mó taobh istigh den chomhrialtas, chun a bheith ceart, lucht Fhianna Fáil — Tá sé ráite ag daoine ar nós Seán Ó Neachtain gur chuir siadsan moltaí ar aghaidh go dtí an tAire. Tá sé ráite domsa san Teach seo ag na hAirí éagsúla nár cuireadh aon mholtaí ar aghaidh. Caithfidh duine éigin an fhírinne a rá uair éigin dúinne a bhfuil suim againn i gcúrsaí na Gaeltachta.

An bhfuil sé ar intinn ag an Aire aon rud a dhéanamh faoin Acht — leasuithe a chur isteach nó aon rud eile a dhéanamh. Dar ndóigh nílimid chun é sin a fháil amach inniu. Tá cúpla nithe eile tábhachtach. Na deacrachtaí a bhaineann le hÚdarás na Gaeltachta, ní bhaineann siad amháin leis na cumhachtaí nach bhfuil acu. Baineann siad chomh maith leis na cumhachtaí atá acu agus atá ag oibriú mar chonstaic do chaiteachas atá riachtanach do mhuintir na Gaeltachta, mar shampla, tá sé rí-shoiléir go bhfuil na húdaráis áitiúla ag caitheamh a ndóthain ar chúrsaí tithíochta, toisc go gceapann siad, go mí-cheart, go bhfuil cúrsaí tithíochta faoi bhráid an Údaráis. Tá an rud ceanann céanna fíor faoi chúrsaí bóthair.

Rud eile, tá an aidhm tugtha do Udarás na Gaeltachta nithe áirithe a dhéanamh faoi úsáid na Gaeilge féin a chur chun cinn. Níl pingean rua tugtha don chospóir sin leis na blianta. Mar sin, tá géar-ghá le leasuithe ar bhun struchtúr an Údaráis féin. Ag an am céanna tá cumhachtaí breise ag teastáil uathu go mór mhór, mar a luaigh mé, i gcúrsaí tithíochta agus infra-struchtúir go ginearálta, mar shampla, bóithre agus mar sin de.

Nuair a bhí mé ag éisteacht leis an scéal go raibh 188 duine níos mó ag deireadh 1988 ag obair sna Gaeltachtaí ná mar a bhí ag deireadh 1987, bhí mé ag smaoineamh ar an chaoi in a bhfuil cúrsaí faoi láthair, cuir i gcás i gContae na Gaillimhe, go bhfuil ocht ndroichead atá contúirteach faoi láthair agus tá ceithre cinn díobh sin i nGaeltacht na Gaillimhe. Mar sin, faoin infrastruchtúr bunúsach táimid ag méadú ar an leibhéal atá ceadaithe don Údarás a thabhairt, mar shampla, ar dheontais agus mar sin de.

Cuireadh an díospóireacht ar athló.