Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 30 Jan 1990

Vol. 394 No. 8

Written Answers. - Scoileanna Lán-Ghaeilge.

Michael D. Higgins

Ceist:

106 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Taoiseach cathain a dháilfear an tsuim airgid a cuireadh in áirithe do na scoileanna lán-Ghaeilge ón gcrannchur náisiúnta i mí na Samhna 1987; agus an bhfuil sé ar a chumas a insint conas a chaithfear an £125,000 a tugadh don Roinn Oideachais chun cuspóirí na nGaelscoileanna a chur ar aghaidh.

Tá an £150,000 a cuireadh ar fáil as Fáltais an Chrannchuir Náisiúnta do scoileanna lán-Ghaeilge dáilithe cheana féin.

Cuireadh £25,000 ar fáil trí Bhord na Gaeilge don eagraíocht Gaelscoileanna agus tuigim go bhfuil an fuílleach de £125,000 íoctha ag an Roinn Oideachais le scoileanna lán-Ghaeilge faoi scéim de chuid na Roinne sin.

Barr
Roinn